2015-04-05

haiku le Issa ón mbliain 1823

Bíonn éifeacht an haiku ag brath go minic ní ar íomhá aonair éigin ná, go deimhin, ar an dara híomhá ann ach mar a mheascann siad lena chéile, an teannas eatarthu nó an chontrárthacht. Tá rud éigin an-mhistéireach ag baint leis an haiku seo, rud éigin neamhshaolta, braithim.
as glafarnach
an mhadra allta, leis,
ceo ag éirí

.山犬や鳴口からも霧の立

yama inu ya naku kuchi kara mo kiri no tatsu