2015-05-22

haiku le Issa ón mbliain 1793

Glacaim leis gur ag caitheamh na hoíche i dteach aíochta a bhí Issa bocht agus gur thosaigh strainséir ag baint díoscáin as a fhiacla!

Is ait an rud é ach tarlaíonn haiku nuair a bhíonn gach rud i gceart, is é sin nuair a thagann gach rud le chéile. Dá mba oíche bhreá shamhraidh a bhí ann, ní dócha go mbeadh haiku ann. É a bheith dúisithe ag díoscán na bhfiacla agus an oíche a bheith fuar, sin iad na comhábhair a bhí ag teastáil.

táim dúisithe
ag díoscán na bhfiacla aige . . .
oíche fhuar

.歯噛みする人に目覚て夜寒哉
hagami suru hito ni mezamete yozamu kana