2015-10-23

May Wilson

May Wilson
maidin dé luain
cac madra . . .
foirfe ar gach uile bhealach
monday morning
the dog's turd . . .
perfect in every conceivable way
月曜の朝
犬の糞
無難なり

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
monday mornin
the dug's tuird . . .
perfit in ilka wey

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2015-10-22

Fógra: behind the yew hedge


behind the yew hedge

Haiku and senryu by Gabriel Rosenstock
Drawings by Mathew Staunton
Hardback
44 pages
28 x 21.6 x 0.6 cm
Published by The Onslaught Press
Publication date: 7 Sept. 2015
Language: English and Irish
ISBN-13: 978-0-9927238-8-0
Price: £15.00
Distributors: Gardners, Bertrams, Ingram
Can be ordered directly from Onslaught at mathew.staunton@gmail.com
07580751990
Spontaneous haiku and senryu in Irish and English by world-renowned poet and haiku master Gabriel Rosenstock in response to black and white drawings by Oxford-based illustrator and printmaker Mathew Staunton.


Haiku agus senryu spontáineacha ag freagairt do líníochtaí dubh is bán le Mathew Staunton
.

2015-10-21

Wie Melodien zieht es mir/ Mar cheolta sí ag teacht chugam

File: Klaus Groth
Cumadóir: Johannes Brahms
Wie Melodien zieht es
Mir leise durch den Sinn,
Wie Frühlingsblumen blüht es,
Und schwebt wie Duft dahin.

Doch kommt das Wort und faßt es
Und führt es vor das Aug',
Wie Nebelgrau erblaßt es
Und schwindet wie ein Hauch.

Und dennoch ruht im Reime
Verborgen wohl ein Duft,
Den mild aus stillem Keime
Ein feuchtes Auge ruft.

Mar cheolta sí ag teacht chugam

Mar cheolta sí ag teacht chugam
I m’aignese go séimh,
Mar bhlátha earraigh úra
Go cumhra tríd an aer.

An briathar beireann greim air
Is tugtar é don tsúil,
Is imíonn is gan feidhm leis
Mar anáil nó mar dhrúcht.

Fós féin sa dán tá fáil air
Mar chumhracht ina rún,
Ag éalú as na blátha
Ar ghlaoch ón deoir sa tsúil.

2015-10-20

Yuko Otomo: idir dhá theanga, idir dhá chultúr





Is féidir haiku le Yuko Otomo a léamh ag an nasc anseo, na bunleaganacha Béarla chomh maith le leaganacha Gaeilge agus leaganacha Bhéarla na hAlban. Tá agallamh fíorspéisúil léi anseo chomh maith.

2015-10-19

Aisling Mheiriceánach

Aisling Mheiriceánach


Níor theastaigh óm shin-seanathair ach an Phortaingéil a fhágáil
agus seoladh trasna an Atlantaigh.
Sa deireadh shocraigh sé ar América a thabhairt ar a chéad iníon.

Sonho Americano

O meu bisavô queria apenas passar por Portugal
e depois atravessar o Atlântico.
Mas teve de se contentar com chamar América à primeira filha.


David Teles Pereira  (1985 - )

2015-10-18

Otto Eckmann (1865 -1902)

Otto Eckmann (1865 -1902)
teacht na n-ealaí
ina gceann is ina gceann ...
as an bhfo-chomhfhios
swans arriving
one by one ...
from the subconscious
白鳥到来
一羽また一羽・・・
潜在意識から

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
swans winnin in
yin bi yin...
frae the mind's deepth

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2015-10-17

Issachar Ber Ryback

Issachar Ber Ryback: as Shtetl, My Destroyed Home: A Remembrance (1922)
an domhan seo trína chéile againn -
bíonn gá ag an ngabhar fiú
le scíth
this topsy-turvy world of ours -
even a goat
needs a rest
この錯綜した世界
山羊すら
休息必要とす

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
in this heelster-gowdie warl
e'en a gait
needs a rist

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2015-10-16

T.H. O'Sullivan

T.H. O'Sullivan: (The Getty's Open Content Programme)
saighdiúirí ar lár . . .
cath eile á phleanáil
ag na ginearáil
fallen soldiers ...
generals are planning
the next battle
斃れし兵士・・・
将軍は 次の戦を
企みぬ

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
faw'n sodgers...
generals'r ployin
the neist stour

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2015-10-15

MINDSHIFT - seans deiridh

Tá lacáiste ag baill Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge anois do gach cúrsa agus imeacht de chuid Áras Scríbhneoirí na hÉireann.

Mindshift mar chuid den fhéile litríochta IMRAM

Dé Sathairn 17 Deireadh Fómhair, 10.30am – 3.45pm

Táille: €25 / €20

 Tá áiteanna ar fáil go fóill do MINDSHIFT - seisiúin forbartha gairme do scríbhneoirí Gaeilge, nua agus seanbhunaithe, chomh maith leo sin atá ag foilsiú sa Ghaeilge.

Beidh sé dírithe ar dheiseanna maoinithe agus tacaíochta, scéimeanna scríbhneoirí cónaithe agus ar ghnó an aistriúcháin. Tabharfaidh sé léargas fosta ar staid na foilsitheoireachta Gaeilge faoi láthair.

Ná caill an deis eisceachtúil seo do dhaoine atá gafa le litríocht na Gaeilge do údair ghníomhacha agus gach duine atá rannpháirteach i dtionscadal na leabhar.

I measc na gcainteoirí beidh: Eibhlín de Paor (Ealaín na Gaeltachta), Seán Tadhg Ó Gairbhí (An Chomhairle Ealaíon), Lochlainn Ó Tuairisg (Chló Iar-Chonnacht), Muiris Ó Raghallaigh (An Gúm), Gréagóir Ó Dúill agus Anna Heussaff.

Cathal Póirtéir atá ag eagrú na hócáide.

Le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge

C.P. Cavafy & Sean Connery: ITHAKA

Ithaka


As you set out for Ithaka
hope the voyage is a long one,
full of adventure, full of discovery.
Laistrygonians and Cyclops,
angry Poseidon—don’t be afraid of them:
you’ll never find things like that on your way
as long as you keep your thoughts raised high,
as long as a rare excitement
stirs your spirit and your body.
Laistrygonians and Cyclops,
wild Poseidon—you won’t encounter them
unless you bring them along inside your soul,
unless your soul sets them up in front of you.

Hope the voyage is a long one.
May there be many a summer morning when,
with what pleasure, what joy,
you come into harbors seen for the first time;
may you stop at Phoenician trading stations
to buy fine things,
mother of pearl and coral, amber and ebony,
sensual perfume of every kind—
as many sensual perfumes as you can;
and may you visit many Egyptian cities
to gather stores of knowledge from their scholars.

Keep Ithaka always in your mind.
Arriving there is what you are destined for.
But do not hurry the journey at all.
Better if it lasts for years,
so you are old by the time you reach the island,
wealthy with all you have gained on the way,
not expecting Ithaka to make you rich.

Ithaka gave you the marvelous journey.
Without her you would not have set out.
She has nothing left to give you now.

And if you find her poor, Ithaka won’t have fooled you.
Wise as you will have become, so full of experience,
you will have understood by then what these Ithakas mean.
 

~ C.P. Cavafy ~

(Collected Poems, Translated by Edmund Keeley and Philip Sherrard)


Iteaca


Agus tú ag triall ar Iteaca
bíodh súil agat le haistear fada,
lán d’eachtraí is d’iontais.
Na Laistraigónaigh is Cioclóp,
Poseidón na feirge – ná lig dóibh eagla a chur ort:
ní bheidh aon ní mar sin sa bhealach romhat
fad is atá na smaointe agat in airde,
agus sceitimíní neamhchoitianta
ar d’anam agus ar do cholainn.
Na Lastraigónaigh is Cioclóp,
Poseidón na feirge – ní thiocfaidh tú orthu
mura dtugann tú leat iad i d’anam istigh,
mura n-ardaíonn d’anam os do chomhair iad.
Bíodh súil agat le haistear fada
is le maidineacha samhraidh
nuair a bhainfidh tú caladh amach den chéad uair –
an pléisiúr, an ríméad
is tú ag stopadh ag stáisiún trádála Féiníceach
chun earraí só a cheannach,
néamhann is coiréal, ómra is éabann,
cumhrán céadfach de gach sórt
an méid cumhrán céadfach agus is féidir;
agus go dtuga tú cuairt ar scata cathracha Éigipteacha
chun stór eolais a bhailiú ó na scoláirí iontu.
Coinnigh Iteaca romhat i gcónaí.
Sé do chinniúint é Iteaca a bhaint amach.
Ach ná bíodh deifir dá laghad ort ar an ród.
B’fhearr dá mairfeadh sé ar feadh blianta
agus go mbeifeá sean sula mbainfeá amach an t-oileán,
saibhreas na slí agat,
gan a bheith ag súil go ndéanfadh Iteaca saibhir thú.

Iteaca faoi ndeara aistear na n-iontas.
Murach í ní bheadh aon aistear ann.
Níl faic anois aici le tabhairt duit.

Agus más dóigh leat í bheith bocht, ní bob atá buailte aici ort.
Lán de ghaois a bheidh tú, lán de thaithí
agus fhios agat go maith faoin am sin cad tá laistiar de na hIteacaí go léir.
 

Gabriel @ Cló Draíochta IMRAM

Póstaer spreagtha ag an dán Gaza atá mar chuid den taispeántas Cló Draíochta 5 de chuid IMRAM. Gliogáil ar na pictiúr len iad a mhéadú.
An póstaer ar Sráid Richmond (1)
An póstaer ar Sráid Richmond (2)
An póstaer ar taispeáint
An dearthóir Nola Mellon  ⁊ Gabriel
An póstaer ar Sráid Richmond (3)
Os mo chomhair amach
ar an bhfuinneog
cuileog gafa i líon damháin alla
chomh soiléir le grian an mheán lae

an líon nach mór dofheicthe
cá bhfuil a thús
a dheireadh

ní fheicim ach streachailt na cuileoige
cosa beaga ar mire
sciatháin á ngreadadh go faon

Cén fhaid a mhairfidh sé seo?
Ar feadh na síoraíochta?

2015-10-14

Takahashi Shotei

Takahashi Shotei
nuair a stadann feithidí
dá gcantaireacht -
an binn leo an ciúnas?
when insects
stop singing -
do they enjoy the silence too?
虫たちも
歌い終わりて
静けさ愛でてか

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
whan beasties
gie ower chirmin -
dae they lou the quate

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2015-10-13

Saoire Fhada/ The Long Vacation

Saoire Fhada


Beidh siad ag filleadh ón scoil gan mhoill.
Líonfar an tigh le spórt is greann,
Ó mhaidin go hoíche beidh cipeadraíl –
Is le hóg-mhacaoimh beidh na bóithre teann.

Seo é an t-am – níl siad tagtha fós;
Seasann máithreacha sa tairseach go fann;
Is seasfaidh i bhfad eile gan aon agó.
Níl rian den bhaicle aerach ann.

Chomh trom le luaidhe a gcosa, is domhain a luí.
Na máithreacha ag faire an bhóthair go fuineadh gréin’;
Ní fhillfidh na gearrcaigh abhaile ainneoin a nguí;
Bóithre na cruinne – na flaithis is críoch leo go léir.

The Long Vacation

Katharine Tynan
This is the time the boys come home from school.
Filling the house with gay and happy noise,
Never at rest from morn till evening cool –
All the roads of the world bring home the boys.

This is the time – but still they are not come;
The mothers stand in the doorway listening long;
Long, long they shall wait ere the boys come home.
Where do they tarry, the dear, the light-heart throng?

Their feet are heavy as lead and deep their rest.
The mothers watch the road till set of sun;
But nevermore the birds fly back to the nest.
The roads of the world run Heavenward every one.

2015-10-12

Masahide

an scioból
dóite go talamh -
feicim an ghealach anois

Barn's burnt down --
now
I can see the moon.

Masahide (1657? - 1723)
English version by Lucien Stryk and Takashi Ikemoto
from Zen Poetry: Let the Spring Breeze Enter, Translated by Lucien Stryk / Translated by Takashi Ikemoto

2015-10-10

The Lost Heifer/ An Bearach ar Strae

The Lost Heifer

by Austin Clarke


When the black herds of the rain were grazing,
In the gap of the pure cold wind
And the watery hazes of the hazel
Brought her into my mind,
I thought of the last honey by the water
That no hive can find.

Brightness was drenching through the branches
When she wandered again,
Turning sliver out of dark grasses
Where the skylark had lain,
And her voice coming softly over the meadow
Was the mist becoming rain.

An Bearach ar Strae


Tréada dubha na báistí ar iníor
I mbearna na gaoithe fuaire
Is ceobhrán uisciúil na cnóchoille
A thug sise chun mo chuimhne,
Smaoiníos ar an mil dheireanach cois uisce
Nach dtiocfadh coirceog uirthi choíche.

Bhí an ghile á sileadh trí ghéaga
Nuair a chuaigh sí arís ar fán
Is airgead á iompú sna féara
Áit a neadaíonn an fhuiseog go lá,
Is a géimneach go séimh sa mhóinéar
Mar fhearthainn sa cheobhrán.

2015-10-09

Odilon Redon

Odilon Redon
níos sciobtha ná an ghaoth -
nuair a bheidh an tsaighead réidh
scaoilfear
swifter than the wind -
when it's ready
the arrow releases itself
風より疾く
つがえた瞬間
矢は離れ

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
swither nor the wund -
whan it's free
the arra lowses itsel

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2015-10-08

White Owl/ Ulchabhán Bán.... Mary Oliver

White Owl Flies Into and Out of the Field


Coming down out of the freezing sky
with its depths of light,
like an angel, or a Buddha with wings,
it was beautiful, and accurate,
striking the snow and whatever was there
with a force that left the imprint
of the tips of its wings — five feet apart —
and the grabbing thrust of its feet,
and the indentation of what had been running
through the white valleys of the snow —
and then it rose, gracefully,
and flew back to the frozen marshes
to lurk there, like a little lighthouse,
in the blue shadows —
so I thought:
maybe death isn't darkness, after all,
but so much light wrapping itself around us —
as soft as feathers —
that we are instantly weary of looking, and looking,
and shut our eyes, not without amazement,
and let ourselves be carried,
as through the translucence of mica,
to the river that is without the least dapple or shadow,
that is nothing but light — scalding, aortal light —
in which we are washed and washed
out of our bones.
 

~ Mary Oliver ~

(House of Light)


Eitlíonn Ulchabhán Bán Isteach Sa Ghort is Amach Arís


Ag teacht anuas ón spéir reoite
As duibheagán solais,
Mar aingeal, nó mar Bhúda sciathánach,
B’álainn é agus ba chruinn,
An sneachta á bhualadh aige is pé ní a bhí ann
Le fórsa a d’fhág cló
Bharr a chuid sciathán – cúig troithe óna chéile –
agus snapadh an chroibh,
móide rianú an ní a bhí ag rith
trí ghleanntáin bhána an tsneachta –
is in airde leis ansin go grástúil
gur eitil ar ais go dtí an riasc reoite,
faoi scáth, mar a bheadh tigín solais ann,
sna scáileanna gorma –
is seo ag machnamh mé:
samhlaigh nach dorchadas é an bás tar éis an tsaoil
ach an solas ár gclúdach ar fad –
chomh bog le clúmh –
agus i bpreab na súl is tinn den fhéachaint sinn
 dúnaimid na súile, ní gan alltacht é,
is ligimid dúinn féin seoladh
ar thréshoilseacht míoca
go dtí an abhainn sin nach bhfuil breactha ag scáth,
nach bhfuil inti ach solas – solas dearg te aortach –
ina nitear sinn arís is arís eile
as ár gcnámha

2015-10-07

Xu Beihong (1945)

Xu Beihong (1945)
géarchéim tithíochta -
tigín maith á lorg
ag luch
housing crisis -
a mouse looking
for a good home
家の危機―
ネズミ探しぬ
佳き家を

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
hoosin shortcome -
a moose leukin
fir guid ludgins

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2015-10-06

Like a silkworm weaving/ Ar nós an tseiriceáin

Like a silkworm weaving

le Akka Mahadevi (12ú hAois)

Leagan Béarla: A. K. Ramanujan

Like a silkworm weaving
her house with love
from her marrow,
                              and dying
in her body's threads
winding tight, round
and round,
                              I burn
desiring what the heart desires.

Cut through, O lord,
my heart's greed,
and show me
your way out,

O lord white as jasmine.

-- from Speaking of Siva, by A K Ramanujan




Ar nós an tseiriceáin


Ar nós an tseiriceáin
is a teach á fhí aici
as a cuid smeara,
        agus í ag éag

i snáitheanna a colainne
fáiscthe go teann, timpeall
is timpeall,

               táim trí thine
ag mianta mo chroí istigh.

A thiarna,
gearr tríd an tsaint atá im chroíse,
léirigh do shlíse
amach,

a thiarna atá chomh geal le seasmain

2015-10-05

An Eoraip ar an Dé Deiridh?

Hans Baluschek, Die Auswandernden
Leabhar dátheangach sa Ghearmáinis agus sa Bhéarla é Woher ich nicht zurückkehren werde/From where I shan’t return. Tá cumha sa teideal sin, nach bhfuil, cumha a thuigeann Gaeil go maith.

Géarchéim na dteifeach a spreag an leabhar seo.  Buntáiste amháin a bhaineann leis an ré dhigiteach ina mairimid (tá míbhuntáistí ag baint léi chomh maith) ná gur féidir le foilsitheoirí agus scríbhneoirí freagairt go grod do chúinsí éagsúla agus leabhar ábhartha a fhoilsiú laistigh d’achar gearr.

    An bhfuil a mhacasamhail de dhíolaim á pleanáil faoi láthair ag foilsitheoir Gaeilge ar bith nó an bhfuilimid fós i ré an pharóisteachais?

    Dánta, gearrscéalta agus aistí atá sa díolaim seo agus iad ag plé le cás na dteifeach agus lucht iarrtha tearmainn. Féile Idirnáisiúnta Litríochta Bheirlín i gcomhar leis an Heinrich Böll Stiftung a thiomsaigh. Is dócha, nuair a chuimhním air gur teifigh de shaghas áirithe ab ea mo thuismitheoirí féin. Theith mo mháthair go Geirsí le bheith ina banaltra ann. Ní raibh dóthain deiseanna di sa tír seo ag an am, ná ag na mílte eile. Theith m’athair go hÉirinn mar nach raibh sa Ghearmáin ag an am ach créacht oscailte iar-chogaidh.

    Tá haiku curtha ar fáil agam don leabhar seo, haiku atá ag freagairt do phictiúr de chuid Hans Baluschek (1870 -1935), pictiúr a chorraigh go mór mé:
uaireanta
ní bhíonn faic eile sa saol
ach capall bréige
Marxach ab ea Baluschek. Chuir na Naitsithe faoi chois é. Sa phictiúr seo, feictear teaghlach agus iad ag feitheamh leis an traein. Ní dócha go bhfeicfidís a mbaile go deo arís, pé hiad féin nó n’fheadar cá raibh a dtriall ag an am? Tá cóir taistil á lorg ag a macasamhail inniu, bád, traein, bus, guaillí athar.

     Meabhraítear dúinn in aiste le Ralf Fücks anseo nach mbeadh an Wirtschaftswunder ann in aon chor, is é sin an mhíorúilt eacnamaíoch a tharla sa Ghearmáin sna 1960í agus sna 1970, murach oibrithe dheisceart na hEorpa agus na hAnatóile. Earcaíodh mar spailpíní iad, d’fhéadfá a rá, ach d’fhan na milliúin díobh sa Ghearmáin. Bhíodar sásta obair mhaslach a dhéanamh, obair nár theastaigh ó na Gearmánaigh féin a dhéanamh níos mó. (Tharla an rud céanna in Éirinn nuair a bhí a chac ar an Tíogar Ceilteach: cé a ghlanfaidh suas ina dhiaidh?).

     Theith a thuilleadh daoine chun na Gearmáine le linn Chogaí na hIúgslaive agus tá siad ar na bóithre arís, muintir na hAfganastáine, na Libia, na Siria, na hIaráice, Muintir an Chian-Oirthir, muintir an Mheán-Oirthir, muintir na hAfraice – agus cé a thógfadh orthu é agus a bhfuil de shuaitheadh ar siúl sna críocha sin le fada, go háirithe ó chuir na Sasanaigh agus na Meiriceánaigh cor ina gcinniúint – agus comhghuaillithe na nAngla-Mheiriceánach san áireamh, sinn féin, gan dabht, mise agus tusa a lig don rialtas árfort a dhéanamh d’Aerfort na Sionainne.

    An lucht iarrtha tearmainn nó ionróirí iad na teifigh seo go léir? Sin í an cheist a chuireann Ota Filip orainn anseo. Tá meath tagtha ar an Eoraip, a deir sé, agus táimid mar a bhí an Chathair Shíoraí fadó agus na Barbaraigh ar tí sinn a chreachadh is a mhilleadh. Dheineamarna, Críostaithe geala, dúshaothrú ar bharbaraigh an lae inniu, táimid á dhéanamh leis na cianta, a deir sé, agus tá siad tagtha chugainn anois agus fonn díoltais orthu. “Tá siad tagtha chun a bhfuil goidte againn uathu a fháil ar ais!”

Tá an leabhar ar fáil anseo:

2015-10-04

Ar fáil anois/ Just published

Antlered Stag of Dawn

100 haiku in Irish and English by Gabriel Rosenstock with tranlations into Scots and Japanese by John McDonald and Mariko Sumikura
 
Illustrated with linocuts by Mathew Staunton
 
Paperback
244 pages
14 x 21.6 cm
 
Published by The Onslaught Press
 
Publication date: 23 September 2015
 
Languages: Irish, English, Japanese, Scots, and Scottish Gaelic
 

ISBN: 978-0-9927238-9-7
Price: £13.50
Distributors: Gardners, Bertrams, Ingram
Can be ordered directly from Onslaught at
mathew.staunton@gmail.com
00447580751990
 
100 sensuous and humourous haiku (inspired by a photo of the Very Venerable Chögyam Trungpa in Highland Regalia) by Irish poet and master haikuist Gabriel Rosenstock. Oscillating between Scottish moors and Tibetan mountaintops, Rosenstock guides us through landcape and history, introducing heroes, villains, and Irish monks; pointing out the beasts and birds and insects in the hedgerows in a tour de force of modern haiku writing. This edition includes translations into Japanese by Mariko Sumikura and into Scots by John McDonald, as well as ‘proverbial pauses’ in Scottish Gaelic illustrated with linotypes by Mathew Staunton.

2015-10-03

foirmiú oighir -

Íomhá Ron Rosenstock
foirmiú oighir -
eaglais dhia gan
trócaire
ice formation -
the church of god
the merciless
氷のなりたち
神の教会
非情なり


Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
glaister furmation -
the kirk o the almichtie
the unbowsome


Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2015-10-02

oighear spiacánach

Íomhá Ron Rosenstock
oighear spiacánach -
scread an fhiaclóra
uaignigh
jagged ice -
the scream of a lonely
dentist
ぎざぎざ氷
寂しい叫び
歯科医かな


Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
pikie glaister -
the skelloch o a lanely
dentist


Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2015-10-01

Haiku le Issa ón mbliain 1822

 "tús an fhómhair"
   braithim fuar
   agus mé á rá

.秋立といふばかりでも寒かな

aki tatsu to iu bakari demo samusa kana