2015-12-08

Dornán Dánta le Jeong Ho-Seung (An Chóire)

Aimsithe in List: Books from Korea, Iml. 29, Fómhar 2015

 

Báisteach Earraigh

Lá amháin
thochlaíos
m’ucht lofa.
Bhí roinnt ithreach fágtha.
Chuireas síolta bláthanna san ithir sin.

Lá amháin,
agus mé an-fhiosrach
faoi m’ucht inar chuireas
na síolta bláthanna
thosnaíos á thochailt.
Thit báisteach earraigh ansin agus d’eiríos as.
 

An tAer

Agus mo Mháthair ag fuáil
priocann sí an t-aer leis an tsnáthaid.
Púscann fuil as.
Deisíonn mo Mháthair an t-aer leis an tsnáthaid
chun léine bháis a dhéanamh.

Aingil

Tá súile ag aingil ar a ndearnana
tá súile acu ar an mbonn coise
tá súile acu ar an gclár éadain
súil is ea an cholainn ar fad

Bláth in Uisce

Bláthaíonn bláth
in uisce fiuchaidh.
Piocaim an bláth sin
chun bláthfhleasc a dhéanamh
do dhuine aonair.
Chun nach mbeadh eagla air
roimh an ngrá
fréamhaíonn an bláth
é féin arís
in uisce fiuchaidh.

Scáthán

Uaireanta nuair a fhéachaimse sa scáthán
bím á rá liom féin an aghaidh deamhain atá ann
agus stánaim orm féin ar feadh i bhfad.
Uaireanta
déanann an scáthán
smidiríní ar fad
de m’aghaidh.