2016-02-29

Haiku le Issa ón mbliain 1819

Íomhá: Yayoi Kusama

ar an gcarn bruscair sin
féach! saolaíodh
féileacán beag

.塵塚にあんな小蝶が生れけり

chirizuka ni anna ko chô ga umare keri

2016-02-27

Ophelia an Phiarsaigh

An tAthair Tom Jones

Ophelia an Phiarsaigh

‘We knew her well, and she was the most nobly planned of all the women we have known.’     An Piarsach
Bhí an fhoirmle ag an Athair Tom
an chantaireacht
na briathra is na frásaí
an tslí cheart chun iad a rá
is aige a bhí an phaidir
an rithim agus an tuinairde chuige
pé rud a thabharfá air
ortha is dócha
nó an mantra a bhí ann?
bhí ar a chumas an t-anam
a ghlaoch ar ais
ar ais i gcolainn Eibhlín
Ophelia an Phiarsaigh
Eibhlín chaomh Nic Niocaill
mo chreach, Eibhlín bhocht
a bádh is í ar cuairt ar an mBlascaod
ní fhéadfadh sé é a dhéanamh
ní dhéanfadh
ní thiocfadh na focail chuige
níor thánadar
ní thiocfaidís óna bhéal
ó bhíodar aige ambaist
an tAthair Tom – Asarlaí –
na siollaí suairce sin a mheallfadh anam
Eibhlín Nic Niocaill
an spiorad íonghlan aici á chuimilt ar ais ina corp goirt
le cogarnaíl ársa
bhí fhios ag cách é
bhí fhios ag an domhan mór go rabhadar aige
ach is faoi ghlas istigh ann a bhíodar

ní balbh a bhí na mná caointe:
        mo ghraidhn thú, a Eibhlín,
    mo ghraidhn do mháthair,
mo ghraidhn go brách í!

abair liom an fhoirmle
atá in ann cor a chur sa stair!
thug an tAthair Tom chun na huaighe leis é mar rún

Gabriel Rosenstock

Pearse’s Ophelia

‘We knew her well, and she was the most nobly planned of all the women we    have known.’ P. H. Pearse
Father Tom had the formula
the chant
the words and phrases
the exact way to utter them
he had the prayer
the rhythm and pitch of it
the tone
whatever it was
the charm
incantation
was it a mantra
he could have called the soul
calling it back
back into the body of Eibhlín
Pearse’s Ophelia
Eibhlín Nic Niocaill
alas, poor Eibhlín
drowned on a visit to the Blaskets
he couldn’t do it
wouldn’t do it
couldn’t say the words
they wouldn’t come to him
wouldn’t come out of his mouth
oh he had them alright
Father Tom – Conjuror –
every precious syllable to snare the soul
of Eibhlín Nic Niocaill
massaging the pure spirit back into her briny body
with ancient whisperings
everyone knew it
everyone knew he had them
but they were locked inside him
frozen

keening women found words to wail her:
        mo ghraidhn thú, a Eibhlín,
    mo ghraidhn do mháthair,
mo ghraidhn go brách í!

What is the formula
that can change history?
Father Tom brought his cold secret with him to the grave.

Gabriel Rosenstock


Pearse’s Ophelia


Faither Tam had it in haun
the chaunt
the wurds
the perfeck wye tae mou thaim
he hud the guid wurd
the stot'n tuin o't
the souch
whitivver it wis
the chairm
cantrip
wis't a mantra
he micht hae cried the sowl
cryin't back
back intae the bodie o Eibhlín
Pearse's Ophelia
Eibhlín Nic Niocaill
waes me pair Eibhlín
droont veesitin the Blaskets
he cudnae dae't
widnae dae't
cudnae threep the wurds
they widnae cum tae'm
widnae leave's mou
och he hud thaim a'richt
Faither Tam - mageecian -
the precious syllab tae fankil the sowl
o Eibhlín Nic Niocaill
straikin the pure spreit back intae'r sautit bodie
wi auncient fusperins
awbodie kent
awbodie kent he hud thaim
bit they wir sneckit inby'm
jeelt

girnin weemen fund wurds tae pewl fir'r:
                mo ghraidhn thú, a Eibhlín,
             mo ghraidhn do mháthair,
         mo ghraidhn go brách í!
       
whit's the wye o't
thit'll chynge history?
Faither Tam cairrit his cauld saicret wi'm tae's lair

John McDonald


2016-02-26

Smaoineamh an Lae


Cad a dhéanfaimid feasta gan adhmad
Tá deireadh na gcoillte ar lár:
Níl trácht ar Chill Chais ná a teaghlach
Is ní chluinfear a cling go brách ...

2016-02-25

Haiku le Geert Verbeke, Pléimeannach, as an leabhar YELLOW

(c) Geert Verbeke.
le linn na hoilithreachta
labhraíonn an Máistir Hung Chou
leis an spéir fholamh


cloig an tráthnóna
á mbualadh
sa sneachta ciúin


fuaim na bpaitíní
ar an droichead mór adhmaid
i bhfad tar éis mheán oíche


[paitín= bróg mhaide]
Íomhá (c) Jenny Ovaere

2016-02-24

Haiku le Issa

Haiku corraitheach é an haiku seo. Ní fios bliain a chumtha ach is eol dúinn go raibh sé anonn sna blianta nuair a scríobhadh é. Tá brosna bailithe aige chun tine a adhaint ach níl ar a chumas a thuilleadh an brosna a bhriseadh lena ghlúin. Níl fuinneamh an óigfhir ann níos mó. Téann mo chroí amach dó.

cromtha le haois -
gan ar mo chumas brosna a bhriseadh
lem' ghlúin
 

.おとろへやほた折かねる膝頭

otoroe ya hota orikaneru hizagashira

Fuil ar an Rós/ Blood on the Rose -­ Poems of 1916

B'aoibhinn le

Guthanna Binne Síoraí/Everlasting Voices

sibh a fheiceáil nuair a sheolfaidh

Ardmhéara Bhaile Átha Cliath Críona Ní Dhálaigh 

an dlúthdhiosca

Fuil ar an Rós/ Blood on the Rose -­ Poems of 1916 

Filíocht ó ré na laochra á haithris, á haistriú agus á gcanadh ag na hoirfidigh a leanas

Gabriel Rosenstock,
Cathal Quinn,
Geraldine Plunkett,
Síle Denvir,
Enda Reilly,
Sadhbh Ní Fhloinn,
Oisín Mac Diarmada,
John Blake,
agus Tristan Rosenstock 

Déanfar léiriú ar chuid de na míreanna ón dlúthdhiosca

The Workman's Club,
10 Cé Wellington, BÁC 2 |
Dé Céadaoin, 2 Márta 2016 @ 6.30pm


RSVP roimh an Aoine, Feabhra 26 chuig: everlastingvoicesperformance@gmail.com Nó 086 6090974


 

2016-02-23

An Bealach Isteach Chuig Campa Reagan

Tar éis don Sos Cogaidh teacht i bhfeidhm
bhí rath ar an sráidbhaile ag geataí Champa Reagan
in Pocheon, dúiche Gyeonggi,
mar bhaile drúthlainne do na saighdiúirí.
A luaithe is a tréigeadh an campa
thit an baile as a chéile.

Ceannaire striapacha an bhaile
ab ea Rita Kim,
nó Kim Ok-suk mar a thug a máthair uirthi.

D’fhriotháil sí ar chúpla céad saighdiúir geal
agus ar chúpla céad saighdiúir gorm
agus ba ghearr go raibh sí ina ceannasaí
ar cheardchumann na meirdreach,
ina húr-labhraí thar ceann striapacha uile
dhúiche Pocheon.
Bhí na ballaí aici clúdaithe le teastais mholta
agus litreacha buíochais ó mhiontaoisigh an cheantair:
‘As a bhfuil déanta agat chun cruth nua-aimseartha
a chur ar an tír . . .’

Nuair a bhailigh na Meiriceánaigh leo, bhog saighdiúirí na Cóiré isteach.
D’imigh na striapacha
is ní raibh fágtha den bhaile ach cúpla siopa beag.
Ina haonar di, chuaigh Kim Ok-suk in aois
i bpreab na súl is d’éirigh tinn.
Ní chloisfeá a thuilleadh aon chaint ghraosta uaithi –
‘Fir! Níl iontu ach plibíní.’


Ko Un

2016-02-22

TAO

Bain amach folús IOMLÁN

Cloígh go dlúth le ciúnas
Tuig an rud coitianta

Osclaíonn an aigne

Músclaítear atrua san aigne oscailte

Músclaíonn atrua uaisleacht
Músclaíonn uaisleacht neamh
Músclaíonn neamh TAO

Maireann TAO

Cailltear an cholainn

Ní baol

Lao Tzú

2016-02-21

Haiku dofheicthe

Glenn Ligon - Untitled
(I am an invisible man), 1991
duine dofheicthe
haiku dofheicthe -
teanga dhofheicthe
invisible man
invisible haiku -
invisible language
見えぬ人
見えぬ俳句や
見えぬ言語

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
unveesible chiel
unveesible haiku -
unveesible leid

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
unsichtbarer mensch
unsichtbares haiku
unsichtbare sprache

Leagan Gearmáinise Michael Augustin
nich to sehn de minsch
nich to sehn dat haiku
nich to sehn de spraak

Leagan Plattdeutsch Michael Augustin
nevidljivi čovjek
nevidljivi haiku -
nevidljivi jezik

Leagan Cróitise: Helena Peričić

2016-02-20

Haiku le Fujimoto Kazuyuki (藤本 一幸)

Ohara Koson
níl faic níos fearr
ná breathnú ar bhlátha silíní
le clapsholas
 

此の世より薄暮の桜眺めおり


2016-02-19

Tsuchiya Kōitsu

Tsuchiya Kōitsu
santaíonn giúis
bua na cainte -
Tóiceo faoin mbáisteach
a pine tree longs
for the gift of speech -
Tokyo in the rain
松つなぐ
歩き話や
江戸の雨

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
the fir langs
tae threep -
Tokyo in the weet


Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2016-02-18

Haiku le Issa ón mbliain 1805

Jamie Wyeth
an doircheacht chéanna
ar dhreach daoine  . . .
sliabh san fhómhar

  人顔も同じ夕や秋の山

hito-gao mo onaji yûbe ya aki no yama

2016-02-17

Ná Bí ag Súil le Faic

Ná Bí ag Súil le Faic


Ná bí ag súil le faic. Mair go tíosach
ar iontas.
Bíodh an trua agus an gá léi
ina strainséir
Nó, má dháiltear an chomhbhá
 go fial
ná glac le níos mó ná do dhóthain
ná téir i mbun achainí
ach an fonn sin a ghlanadh dhíot.

Ná bíodh súil agat le haon ní
atá níos mó ná do chroí beag féin
ná an réalta sa spéir;
ceansaigh an díomá allta
le barróg neamhchorraithe agus fuar
déan parca anama
di.
Ná bí ag súil le faic.

Faigh amach cén fáth
a bhfuil a leithéid de fhríd daonna
ann sa chéad áit
faiteach neamhghaoismhear
ach ná bí ag súil le faic. Mair go tíosach
ar iontas.

Expect Nothing


Expect nothing. Live frugally
On surprise.
Become a stranger
To need of pity
Or, if compassion be freely
Given out
Take only enough
Stop short of urge to plead
Then purge away the need.

Wish for nothing larger
Than your own small heart
Or greater than a star;
Tame wild disappointment
With caress unmoved and cold
Make of it a parka
For your soul.

Discover the reason why
So tiny a human midget
Exists at all
So scared unwise
But expect nothing. Live frugally
On surprise.
 

~ Alice Walker ~

 (Anything We Love Can Be Saved)

 

2016-02-16

Haiku

Grianghraf Robert Doisneau
aois an pháiste
bhí cuma dhifriúil ar an gcruinne ...
bhí sí difriúil

2016-02-15

Smaoineamh an lae: Bímis dílis d’idéil 1916!

Tomás Mac Síomóin


I mbliain seo chomóradh Éirí Amach 1916 cluinfear moltaí á dtabhairt go fuíoch ag boic na bunaíochta do laochra na Cásca. Ach tá ard-chuspóirí na laoch céanna tréigthe, is faoi their, ag na boic chéanna le fada an lá. Ní chluinfear teagasc sóisialach Shéamais Uí Chonaíle á mholadh óna mbéala siadsan, ar ndóigh. Bíodh spléachadh againn ar chuid de cháipéisí bunúsacha ghluaiseacht na saoirse le méid na feille seo a thomhas. 

Léigh an chuid eile anseo san Socialist Voice...



2016-02-14

Catsúil dá dtug Semiramis orm

Dá mbeadh cumha ort
I ndiaidh do cheantair dhúchais
I measc na sléibhte
Planda i ndiaidh planda chumhra a chuirfinn,
Bláth i ndiaidh blátha,
Crainn agus fíniúnacha ar na hardáin –
Bríce ar bhríce
Cloch os cionn cloiche,
Gairdíní Crochta na Babalóine a thógfainn
Duitse, a Bhanríon Semiramis!
D’fhairfinn do shiúlóid
Gach aon tráthnóna,
An ré i gcéin
Phógfadh leathleiceann leat,
Réaltaí an alltair ag déanamh iontais
De loinnir do dhá shúl,
Cumhracht na mbláthanna is an fhraoigh
Ag éirí aníos
A bhainfeadh díot an chian
Ionas go ndéanfá glandearmad
Den chathair seo
Ar imeall gaineamhlaigh shíoraí.
Catsúil uaigneach dá dtugais orm lá
A bhanríon
A rinne saor díom:
Thógfainn is d’atógfainn anois duit is go brách
Ceann de Sheacht nIontas an Domhain –
Níl ionam, ámh, ach Scríobhaí,
Fear taifeadta éachtaí

2016-02-13

Edition Rugerup

Am 24.2. lesen Übersetzer und Dichter der Edition Rugerup in der Lettrétage in Berlin Kreuzberg. Hans-Christian Oeser und Margitt Lehbert stellen irische Dichter vor, die zu den Besten ihrer Generation gehören: Derek Mahon, John Montague, Gabriel Rosenstock und Patrick Pearse. Nach einer kurzen Pause dann Ulrich Schacht und Sabine Lange, die Gedichte aus ihren in der Edition erschienenen Lyrikbänden vortragen.


2016-02-12

Graifítí an Lae

    
    Pavel Filonov
Ní cóir go mbeadh ar éinne obair a dhéanamh. Obair is cúis leis an gcuid is mó d'ainnise an tsaoil. Pé olc a ritheann leat, obair is cúis leis an gcuid is mó de, nó a bheith beo i ndomhan atá leagtha amach le haghaidh oibre. Chun deireadh a chur le fulaingt, caithfear éirí as a bheith ag obair. Ní hionann sin is a rá go gcaithfimid éirí as nithe a dhéanamh. Ciallaíonn sé go mbeidh orainn teacht ar shlí nua le bheith beo, bunaithe ar spraoi.
 

 Bob Black

2016-02-11

Dán an Fholúis

Konoshima Okoku
Níl faic de dhíth ar Shean-Ph’ang.
Tá sé folamh ann féin, níl cathaoir aige fiú
Folús ar fad ar fud an tí,
Nach folamh atá sé gan ciste ar bith!
Nuair a éiríonn an ghrian, siúlann sé tríd an bhFolús,
Le fuineadh gréine, codlaíonn sé san Fholús;
Ina shuí san Fholús, canann sé a chuid amhrán folamh,
Agus cloistear macalla na n-amhrán folamh san Fholús:
Ná cuireadh an Folús seo atá folamh amach is amach aon iontas ort,
Mar is ar an bhfolús a shuigh gach Búda a bhí riamh ann;
Muintir an domhain seo go léir ní thuigeann siad an Folús
Ach is é an Folús an fíorchiste:
An té a déarfadh nach bhfuil Folús ar bith ann
Is mór an masla do na Búdaí é.
                     

P’ang do chan.

2016-02-10

Gulammohammed Sheik

Deilí


Os cionn an daingin mar a bheadh builín briste ann solas na gréine chomh géar le raidis.
Féar is clocha ina luí
i bhfothrach Tughlaqabad.

Scáileanna sna háirsí: áirsí faoi scáth: Khirki Masjid.  Céimeanna ina sraith ag imeacht tríd an tsúil mar shnáthaid
Ag Jama Masjid.
An Qutb ina cholgsheasamh, ón bhfréamh go scornach.
Bolaithe i ngach ball:
Bia, feoil, fuil, príosúin agus páláis,
Ó inné, ó na cianta anall.
An anáil gafa agus greamaithe sa mhóimint seo,
An tsúil beo, ar fan tríd an am atá thart
Go ngabhann isteach trí na scoilteanna i dtuama Ghalib,
Cnámha calctha Khankhanan á lorg aici,
Ag imeacht ó thuama go tuama
Le dán guagach Jahan Ara.

Dusta is ceo i gcónaí
Faic idir feoil is cloch i gcónaí.

Gabhann ga gréine
Trí phit an choilm sin
Ina codladh ar áirsí thiar an Daingin Dheirg
Is tollann mo shúil.
Fós ina mhaidneachan.
Cúplálann taibhrimh leis an réaltacht
Cén dreach a bheidh ar ghnúis na maidine?
 

Delhi


Over the fort like a broken loaf
sunshine sharp like radishes.
Grass and stones nestling in the ruins
of Tughlaqabad.


Shadows within arches: arches shadowed: Khirki Masjid.
Steps in rows fleeting through the eyes like a needle at Jama Masjid.
The Qutb erect, stretching from root to throat.
Smells all around,
of food, flesh, blood, prisons and palaces,
yesterday’s, centuries’.
Breath caught and fixed to this moment,
the eye alive, wheeling through the past
enters the cracks in Ghalib’s tomb,
seeking Khankhanan’s fossilsed bones,
wanders from tomb to tomb
with the restless fate of Jahan Ara.

Still, dust and mist
still, nothing separates flesh and stone.

A sunbeam
slipping through the vagina of a dove
asleep upon the western arches of the Red Fort pierces my eye.
Still, dawn.
Dreams mate with reality
what will be the face of morning?

 

(1973  Aistrithe go Béarla ón nGúiseráitis ag Mala Marwah agus an file)

2016-02-09

Zen agus an Aigne Dhaingean

Konoshima Okoku
Ba mhaith leat Zen Yung-ming a thuiscint?
Féach ar an loch os comhair an gheata.
Nuair a shoilsíonn an ghrian, tagann gile uaidh
Nuair a thagann an ghaoth, bíonn cuilithíní is tonnta ann.
 

Yung-ming Yen-shou (永明延壽  904-975)

2016-02-08

Visuddimagga

Neamhleithleas


Is ann don ainnise amháin, ní hann don ainniseoir
Ní hann don ghníomhaí; is ann don ghníomh amháin
Is ann do Nirvâna, ach ní don té atá á lorg
Is ann don Chonair, ach ní don té atá á siúl

Visuddhimagga

2016-02-07

Ná coinnigh chugat féin é


Ná coinnigh chugat féin é

le Rabindranath Tagore (1861-1941)


Ná coinnigh chugat féin é, rún do chroí
a mhaoin!
Abairse liomsa é, mise amháin, faoi rún.
A aoibh shéimh
abair liom i gcogar sámh,
mo chroíse a chloisfidh
is ní mo chluasa.

Tá an oíche seo dorcha
an tigh breá ciúin
nead na n-éan faoi bhrat an tsuain.
Labhair liom
idir dhá dheoir
idir dhá mheangadh gáire
trí náire mhilis is trí arraing –
nocht rún do chroí!

2016-02-06

Mein Herz ist wie ein See so weit/Chomh leathan leis an loch mo chroí

File: Nietzsche
Reacaire: Fritz Stavenhagen
(Tá ceol curtha ag Carl Orff leis seo, ach níl teacht ar ar líne)

Mein Herz ist wie ein See so weit

Mein Herz ist wie ein See so weit,
Drin lacht dein Antlitz sonnenlicht
In tiefer süßer Einsamkeit,
Wo leise Well' an Well' sich bricht.

Ist's Nacht, ist's Tag? Ich weiß es nicht,
Lacht doch auf mich so lieb und lind
Dein sonnenlichtes Angesicht
Und selig bin ich wie ein Kind.

Chomh leathan leis an loch mo chroí

Chomh leathan leis an loch mo chroí,
Is gáireann ann do ghrian-ghnúis
In uaigneas milis domhain síoraí
Is tonn ar tonn ag teacht go ciúin.

An oíche, lá? Ní heol dom é,
Ní heol dom ach do gháire geal
Ag taitneamh ormsa go séimh –
Nach sona atáim im pháiste seal.

2016-02-05

Gentile da Fabriano

Gentile da Fabriano
farraige cháite
ní ghéilleann éinne do mhíorúiltí . . .
éinne
stormy seas
no one believes in miracles . . .
no one
嵐の海
奇跡の信奉者
誰ひとり居ず

Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)
blowstery seas
naebodie trowes in meericles . . .
naebodie

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

2016-02-04

TAGORE: Lá i ndiaidh lae, a Thiarna an Domhain

 

Lá i ndiaidh lae, a Thiarna an Domhain,
an seasfaidh mé romhatsa aghaidh ar aghaidh?
Mo lámha fillte, a Rí na nDúl,
an seasfaidh mé romhatsa aghaidh ar aghaidh?

Faoid’ spéirse fhairsing i m’aonar is i dtost,
is le croí umhal
an seasfaidh mé romhatsa aghaidh ar aghaidh?

Sa domhan a chruthaís lán de bhroid
ag streachailt de shíor leis an gcruatan,
i measc sluaite go leor
an seasfaidh mé romhatsa aghaidh ar aghaidh?

Is nuair ‘bheidh mo shaotharsa curtha i gcrích
a Dhé,’Ardrí,
an seasfaidh mé romhatsa aghaidh ar aghaidh?

2016-02-03

comhrá san Ind

Íomhá le Sasikumar Ramachandran ar pinterest

mo bheannacht ort, a Chríost!
mo bheannacht ortsa, Ganesh!
comhrá san Ind

Gabriel Rosenstock
sainins on ye, Christ!
an sainins on you, Ganesh!
Indian twa-haundit crack

John McDonald

2016-02-02

Graifítí an Lae

Braithimid go bhfuilimid saor mar nach bhfuil an teanga againn chun ár n-easpa saoirse a chur in iúl.


Slavoj Žižek

2016-02-01

Haiku le Issa ón mbliain 1818

Ohara Koson
guthanna ag glaoch
    thall is abhus . . .
        an lampróg cráite

.あちこちの声にまごつく蛍哉

achi kochi no koe ni magotsuku hotaru kana

Creidtear sa tSeapáin gurb é atá sa hotaru (lampróg) anam an tsaigjhdiúra a cailleadh ar pháirc an áir. Canann daoine Hotaru no Hikari (fonn "Auld Lang Syne") ag ócáidí ceiliúrtha, céimeanna ollscoile á mbronnadh agus mar sin de. Má thaitníonn karaoke leat, can amach os ard anois é: