2016-08-31

Graifití an Lae

D'arán laethúil a thuilleamh, obair bhrónach, obair mhaslach. Cumann daoine bréaga beannaithe mar gheall ar a gcuid oibre. Níl ann ach íoladhradh lofa de shaghas eile, an bata a bhuaileann é á lí ag an ngadhar: obair!

Luther Blissett

2016-08-27

Smaoineamh an Lae

Níl a fhios ag éinne cé mé féin nó cad a bhíonn ar siúl agam. Níl a fhios agam féin fiú.

Don Juan Matus sa leabhar Journey to Ixtlan le Carlos Castaneda

2016-08-26


Féinmharfóir Rac ’Ról / Rock 'N Roll Suicide

Gal tógtha ag an am, cuirtear í id’ bhéal,
Ag tarrac ar do mhéar, is ansin méar eile, is ansin an ghal
An falla ag glaoch ar fhalla, moillíonn sé, an chuimhne mall,
Óhó ó, féinmharfóir rac ’n ról thú

Róshean lena chailliúint, ró-óg le roghnú
Is feitheamh fada an chloig ar an amhrán
Siúlann tú thar chaife, ach ní íosfá toisc tú bheith róshean
Ó ó go deo, féinmharfóir rac ’n ról thú
  
Drannann coscáin Chev, i ndiaidh do mhullaigh trasna an róid
Abhaile leat ansin, an ghrian ina rós
Ná lig don ghrian isteach id’ scáil
An flóta bainne i do mheon
Tá tú nádúrtha, an croí ionat ag feo

Ó, a ghrá! Níl tú leat féin
Ag faire ort féin, ach ní mar is cóir
Is tá do cheann curth’ in aimhréidh
Dá bhféadfainn tú a chasadh im threo

Ó, a ghrá! Níl tú leat féin
Is cuma cé nó cad a bhís
Is cuma cad a chonaicís
Gach aon scian isteach i d’inchinn á sá
Is eol dom é, cabhródsa leat led’ chrá
Níl tú leat féin
Bíodh leathar againn, ní bheidh tú leat féin
Fíor-chraiceann againn, ní bheidh tú leat féin
Tabhair dom do lámh’, tá tú go hiontach
Tabhair dom do lámh’, tá tú go hiontach
Ó tabhair dom do lámh’.


Rock 'N Roll Suicide

Time takes a cigarette, puts it in your mouth
You pull on your finger, then another finger, then your cigarette
The wall to wall is calling, it lingers, then you forget
Ohhh, you're a rock 'n' roll suicide

You're too old to lose it, too young to choose it
And the clock waits so patiently on your song
You walk past a cafe but you don't eat when you've lived too long
Oh, no, no, no, you're a rock 'n' roll suicide

Chev brakes are snarling as you stumble across the road
But the day breaks instead so you hurry home
Don't let the sun blast your shadow
Don't let the milk float ride your mind
You're so natural, religiously unkind

Oh no love! You're not alone
You're watching yourself but you're too unfair
You got your head all tangled up
But if I could only make you care

Oh no love! You're not alone
No matter what or who you've been
No matter when or where you've seen
All the knives seem to lacerate your brain
I've had my share, I'll help you with the pain
You're not alone

Just turn on with me and you're not alone
Let's turn on with me and you're not alone
Gimme your hands 'cause you're wonderful
Gimme your hands 'cause you're wonderful
Oh gimme your hands

2016-08-25

Grianghraf: Navid Baraty, 2014

A nAinm

Glaoimse
as a n-ainm iad -
an t-ainm a thugaimse dóibh
an ghrian, grian
an mhuir, muir
mise, tusa
tusa, mise
sinne, dhá aghaidh
na spéire
scoilt inti
í ag dorchú

Sarah Thilykou


THAIR NEM

A cry theengs
bi thair nem -
the nems a gie thaim
the sin, sin
the sea, sea
me, you
you, me
baith o's: twa nebs
o the lift
gin it crecks
gin it derkens

Leagan Béarla na hAlban John McDonald


2016-08-24

Ní Thig Liom Gach Aon Ní 'Thabhairt Uaim

[Véarsa 1]
Is eol dom nithe a bheith ar strae
Na hamhráin úd ón lá inné
An meirfean is bé na mbláth
Cad tá an bhlaosc sa bhróg á rá.

[Curfá]
Ní thig liom gach aon ní
Ní thig liom gach aon ní
‘Thabhairt uaim
Ní thig liom gach aon ní
‘Thabhairt uaim

[Véarsa 2]
Braithimse i bhfad níos lú
Táim ag iarraidh gan diúltú
Ní raibh aon ní eile uaim
B’in an tuairisc ‘chuir mé chugat

[Curfá]
Ní thig liom gach aon ní
Ní thig liom gach aon ní
‘Thabhairt uaim
Ní thig liom gach aon ní
‘Thabhairt uaim

Ní thig liom gach aon ní
Ní thig liom gach aon ní
‘Thabhairt uaim
Ní thig liom gach aon ní
‘Thabhairt uaim

[Ceangal]
Is eol dom nithe a bheith ar strae
Na hamhráin úd ón lá inné
An meirfean is bé na mbláth
Cad tá an bhlaosc sa bhróg á rá.

[Curfá]
Ní thig liom gach aon ní
Ní thig liom gach aon ní
‘Thabhairt uaim
Ní thig liom gach aon ní
‘Thabhairt uaim

Ní thig liom gach aon ní
Ní thig liom gach aon ní
‘Thabhairt uaim
Ní thig liom gach aon ní
‘Thabhairt uaim



I CAN'T GIVE EVERYTHING AWAY

[Véarsa 1]
I know something is very wrong
The post returns for prodigal songs
With blackout harks with flowered muse
With skull designs upon my shoes

[Curfá]
I can't give everything
I can't give everything
Away
I can't give everything
Away

[Véarsa 2]
Seeing more and feeling less
Saying no but meaning yes
This is all I ever meant
That's the message that I sent

[Curfá]
I can't give everything
I can't give everything
Away
I can't give everything
Away

I can't give everything
I can't give everything
Away
I can't give everything
Away

[Ceangal]

I know something is very wrong
The post returns for prodigal songs
The blackout harks with flowered muse
With skull designs upon my shoes

[Curfá]
I can't give everything
I can't give everything
Away
I can't give everything
Away

I can't give everything
I can't give everything
Away
I can't give everything
Away

2016-08-23

Dhá Bhéar

le Hafiz

Lá amháin
tar éis dóibh bheith ag tóraíocht bia go dian
shuigh dhá bhéar le chéile ina dtost
agus radharc breá acu
ar dhul faoi na gréine;
is iad a bhí buíoch
as a bheith beo

ina dhiaidh sin is uile, tar éis tamaill
thosaigh comhrá suimiúil eatarthu
agus chromadar ar cháil
a phlé.

Arsa béar díobh:
"An gcualaís  i dtaobh Rustam?
Tá an-cháil air
is é ag taisteal ó chathair go cathair
i gcás órga

Bíonn sé ag damhsa do na céadta
dá gcloisfeá an gáire is an bualadh bos
is é i mbun
gliogram cos."

Dhein an béar eile a mhachnamh
seal
is thosnaigh
ag gol

TWA BEIRS


Yince
Efter a rouch day's reengin
Twa beirs hunkert quately thegither
On a bonnie ootleuk
Tentie o the sin gaun doon
An feelin muckle gratefu
Fir life.

By'n by
A thochtfu collogue stertit
Whilk turnt tae the speak o
Fame.

Yin bier threepit,
'Did ye hear the news aboot Rustam?
He's cum weill kent
An traivels frae ceetie tae ceetie
In a gowden cage;


He maks a show o's sel
Afore hunners o fowk whae lauch'n ruff
It his carnival ongauns'


The ither beir thocht
A whilie
Syne stertit
Greitin

Leagan Béarla na hAlban John McDonald


2016-08-22

Dán le Rumi agus Deoiginéas á Mholadh Aige

Deoiginéas le Johann Heinrich Wilhelm Tischbein
Inné ghabh saoi na saoithe
agus laindéar lasta ina ghlac aige
faoi sholas an lae
isteach faoin mbaile, á rá
táimse bréan de na hainmhithe
is de na brúideanna go léir
fíordhuine atá á lorg agam.

Lorgaíomar go léir é
ach faraor géar
ar siad
níl a leithéid ann.

Go deimhin
ar seisean
ach táimse sa tóir
ar an té
nach féidir a fháil

(As an Divani Shams Ghazal #441 de chuid Rumi, aistrithe go Béarla ag Nader Khalili sa leabhar Rumi, Fountain of Fire)


2016-08-21

Haiku le Issa ón mbliain 1821

Cad atá san fhuaim sin 'pachi-pachi'? Fuaim na gcnónna capaill ag titim nó fuaim na báistí? Iad araon is dócha ós minic dhá tharlú ceangailte dá chéile sna haiku is fearr.


clagarnach
na gcnónna capaill . . .
oíche bháistí

    .ぱしぱちは栗としらるる雨夜哉


    pachi-pachi wa kuri to shiraruru amayo kana


2016-08-20

Fuaim is Fís/Sound and Vision



An aon ionadh leat iad
Mar fhuaim is mar fhís
Gorm, gorm, aibhléis-ghorm
Sin é dath mo sheomra
Im' chónaí ann
Gorm, gorm

Dallóg’ síos don lá
Faic le déanamh, tada le rá
Gorm, gorm

Is suífidh mé síos
Ag feitheamh leis an mbua fuaim’ is fís’
Is canfaidh mé, ag feitheamh leis an mbua fuaim’ is fís’,
Ar fán isteach san uaigneas dom
‘tá os mo chionn
An aon ionadh leat iad
Mar fhuaim is mar fhís

2016-08-19

Stáisiún go Stáisiún/ Station to Station




Tá an diúc tanaí bán ar ais, dairteanna i súil’ leannán
Táimid ann sa mhóimint dhraíochtach seo
Sin é an stuif as a bhfitear brionglóidí
Fuaim i lúb
’Dreideáil an aigéin, caillte im’ chiorcal,
Táimse ann
Níl dath ag lonrú, sa seomra ard, is tá radharc ar an aigéan
Táimid ann sa ghluaiseacht dhraíochtach seo ó Cheitear go Málcút
Tá tú ann
Ag tiomáint mar dheamhan ó stáisiún go stáisiún

Tá an diúc tanaí bán ar ais, dairteanna i súil’ leannán
Tá an diúc tanaí bán ar ais, dairteanna i súil’ leannán
Tá an diúc tanaí bán ar ais, cinnteoidh gach smál bán

Tráth do bhí sléibhte ar shléibhte
Is tráth bhí éin ghréine ag guairdeall
Bhí tráth ann nach bhféadfainn bheith thíos
Lean leis an tóraíocht i gcónaí
Is ó, cén rud a gcreidfidh mé ann is cé tá mar nasc leis an ngrá?
N’fheadar cé n’fheadar cé is cathain
’Raibh tú sa tóir ar an ór ag éalú
Sláinte na bhfear ’tá ’na sciatha geal’ dúinn
Ól ól, ól na dí 
Bí á diurnú.
Ní fo-iarmhairtí é ag an gcócaen
Mo thuairimse: sé seo an grá
Ródhéanach le haghaidh buíochais
Ródhéanach bheith ródhéanach féin
Ródhéanach le bheith nimhneach
Canóin mhór na hEorpa i dtír
An bhfuilim buailte is go dona
Bhfuil solas ait ag teacht óm ghnúis?
Ródhéanach le haghaidh buíochais
Ródhéanach bheith ródhéanach féin
Ródhéanach le bheith nimhneach
Canóin mhór na hEorpa i dtír

2016-08-18

Dán: BOWIE

'Dá ísle a bhraitheann an duine is ea is cóngaraí dá nádúr féin é agus don Chruthaitheoir' (An Talmúd)


Tá an dán seo
i bhfíseán de chuid Bowie
ó luaith go luaith
(nó d’fhéadfadh a bheith)
físeán mílítheach
seinn siar duit féin é
theastódh cócaon a dó a trí
labhair i nguth domhain
nó i nglór cailín
is tú ar snámh
i ndú-uiscí d’anama
spotsolas ort sa chúinne
cois na mara duibhe

Athchruthaigh tú féin de shíor
nach saghas caimileoin é Dia
is bróga dearga air/ uirthi
rincimis san Astráil
le Bundúchasach cosnochta
nó le Síneach lomnocht
ag damhsa ar na sráideanna
laoch aon lae

Níorbh é Bowie in aon chor é
ach David Jones
mac spioradálta Little Richard
tonn rac’nról
á rialú ón spás
ag an ngealach
smideadh na gealaí
sméideadh na gealaí
is na míme
smideadh taobh istigh amuigh
is na hamharclannaíochta Noh
gach smaoineamh ina mhana
gach mana ina mhantra
domhan eile is ea Briostó
domhan eile is ea an domhan seo
spéaclaí gréine air
spéaclaí gealaí
gealach eile is ea an ghealach
grian eile is ea an ghrian
duine eile is ea tusa
blianta eile ab ea na seascaidí
scréacha eile
éadaí eile
drugaí eile
caidrimh eile
albaim eile
ilphearsantachtaí
ag éalú uathu féin
mar aon fhéileacán
amháin
is beoldath air
ziggímé ziggítú
ziggísé sí
ziggísinn
ziggísibh
ziggísiad
ziggímis
ziggífréinia
féinchanablacht
i bpunc i bhfunc
junc
Nua-Eabhrac Beirlín
ja na hochtóidí ja
cá bhfuil mo mhasc
mo lucht éisteachta
mo lucht féachana
mo ról
fan! tá plean i bhfad níos fearr agam
i ndeireadh na dála
níl ann ach ceol

Na nóchaidí
eagla
deir gach éinne ‘haigh’

Mo chuid fabhraí áille!

Tá sé in am
an bás a fhoghlaim
an bás a chleachtadh
an bás a chanadh
an bás a léiriú – beo

Cá bhfuilimid anois?

2016-08-17

Dúréalt /Blackstar

>


Thall i mbailtín úd Ormen, thall i mbailtín úd Ormen
Coinneal aonair ina seasamh, á, á, á, á
Is istigh ina croílár, is istigh ina croílár
Do shúil’.
Is ar lá a gcur chun báis, is ar lá a gcur chun báis
Mná ag gáire, ar a nglúin’, á, á. á, á
Is istigh ina chroílár, is istigh ina chroílár
Do shúil’
Do shúil’.
A á á
Á a á
Thall i mbailtín úd Ormen, thall i mbailtín úd Ormen
Coinneal aonair ina seasamh, á, á, á, á
Is istigh ina croílár, is istigh ina croílár
Do shúil’
Do shúil’

Tharla eachtra nuair a cailleadh é
D’ardaigh spiorad de mhéadar is sheas ‘leataobh
Duine eile a thóg a áit, ba chalma a éamh:
(Táim im’ dhúréalt, táim im’ dhúréalt)

An dtiteann aingil an t-am ar fad
Is cad é líon na mbréag, in áit labhairt amach os ard?
Ar thalamh naofa ‘shiúil, is lig liú isteach sa slua
(Táim im’ dhúréalt, táim im dhúréalt, seachas drongadóir)

Ní déarfad cén fáth (táim im dhúréalt)
Tar liomsa anois (ní réalt scannán mé)
Táimse id’ thionlacaí (táim im’ dhúréalt)
Beir leat do phas, do bhróg’ (nílim im’ phopréalt)
Is do thámacháin, bú (táim im dhúréalt)
Gal soip atá ionat (nílim im’ Marvel-réalt)
Mé an mé féin mór (táim im’ dhúréalt)

Táim im’ dhúréalt, an-ard, ó, ‘stóirín, táim sa ghéim
Feicim dubh is bán le lán mo chroí i bpéin
Tá fiolair uaim i m’aisling, diamaint i mo shúil’
(Táim im’ dhúréalt, táim im’ dhúréalt)

Tharla eachtra nuair a cailleadh é
D’ardaigh spiorad de mhéadar is sheas ‘leataobh
Duine eile a thóg a áit, ba chalma a éamh:
(Táim im’ dhúréalt, taim im’ réalt-réalt, táim im’ dhúréalt)

Ní déarfad cén fáth (ní drongadóir mé)
Ach neosfad duit an tslí (nílim im’ flam-réalt)
Saolaíodh sinn bunoscionn (táim im’ réalt-réalt)
Saolaíodh ciotach mé (nílim im’ bhán-réalt)
(Táim im’ dhúréalt
Ní drongadóir mé
Táim im dhúréalt, táim im’ dhúréalt
Nílim im phorn-réalt, agus ní réalt ar fán mé)
Táim im’ dhúréalt, táim im’ dhúréalt

Thall i mbailtín úd Ormen coinneal aonair ina seasamh, á, á, á, á
Is istigh ina croílár do shúil’.
Is ar lá a gcur chun báis, mná ag gáire, ar a nglúin’,
á, á. á, á
Is istigh ina chroílár, do shúil, do shúil’.
A, á, á.

2016-08-16

Tionscadal Bowie: Tine a Múchadh

(as an scannán Cat People)


Féach, an tsúil nach glas
D’fhéadfainn stánadh ‘feadh míle bliain,
Fuaire ná an ré,
Bhuel, is fada a bhí

Braith an fíoch san fhuil
Tá eagla orm go gcaillfinn thú
‘Eol duit cé mé féin,
Bhuel, is fada a bhís

Is tá tine agam á múchadh le gásailín
Féach, an tsúil nach dearg
Dufair ‘tá ‘na lasair gheal
Is má bhím ‘na ngaobhar
Tarraingíonn siad na dallóg’
Is fada a bhí

Cuislíonn fós an oích’
An buille croí is plá é
Fan liom féin go ciúin
Ach ní chreidfeadh sé ‘leath dár ghabhas-sa tríd
Is fada a bhís,
Bhuel, is fada a bhí

Tá tine agam á múchadh le gásailín
Tine agam á múchadh
Le gásailín

Féach, na deora nach gorm
An croí síoraí is gan leigheas ar fáil
Ní thriomóidh an deoir
Breithiúnas ceart beidh ann go brách.

Féach, an tsúil nach glas
D’fhéadfainn stánadh ‘feadh míle bliain,
Fan liom féin go ciúin
Ní chreidfeá a leath dár ghabhas-sa tríd
Bhuel, is fada a bhís
Is fada a bhí
Is tá tine agam á múchadh le gásailín
Tine á múchadh le gásailín
Tine á múch’
Tine againn á múch’
Bhuel, is fada a bhí, go deo go deo
Sea is fada a bhí, go deo go deo
Tá tine agam á múch’ (is fada a bhí, go deo, go deo)
Tá tine agam á múch’ (is fada a bhí, go deo, go deo)
Yé, yé, tine á múch’ (fada a bhí, go deo, go deo)
Tine agam á múch’ (fada a bhí, go deo, go deo)
Yé, tine á múch’(fada a bhí, go deo, go deo)
Tine á múch’ (fada a bhí, go deo, go deo)
Is fada a bhí (fada a bhí, go deo, go deo)
Is fada a bhí (fada a bhí, go deo, go deo)
Tine agam á múchadh (fada a bhí, go deo, go deo)

2016-08-15

David Bowie: Luaith go Luaith/ Ashes to Ashes


An cuimhin leatsa seans an leaid a bhí
San amhrán úd fadó
Do chuala ráfla ó Ground Control
Ó bhó, an fíor an scéal

Do fuair siad tuairisc ó The Action Man
“Táim sona. Tá tú sona leis?
Le grá. Ní raibh uaim ach: grá.
Sonraí lofa chughaibh ar ball”

 Tá screadaíl an fholúis dom’ mharúsa
Cailíní ón tSeapáin ina sintéis
Is gan aon phingin rua ’gam, is gan aon ribe gruaig’
Mé ar tí éirí as ach tá’n pláinéad ag lonrú

Luaith go luaith, func go funcaí
Major Tom bocht ina juncaí
Lastall dá bhfuil sa spéir
Íseal ar fad, mo leo!

Á rá im’ chluais, ar mé liom féin:
Beidh mé glan anocht
Ach tá roithíní glas’ do mo shíorleanúint
Ó bhó, ní arís.

Mé sáite le cara ionúin
“Táim sona. Tá tú sona, leis?”
Is feicim scal
Ach níl gal ó ghunnán

Níor dheineas dea-ghníomhartha
Níor dheineas drochghníomhartha
Níor dheineas-sa gníomhartha gan ullmhú
Tua uaim le haghaidh an oighir
Caithfidh mé teacht anuas.

 Luaith go luaith, func go funcaí
Major Tom bocht ina juncaí
Lastall dá bhfuil sa spéir
Íseal ar fad, mo leo!

Sé dúirt mo Mham: “Ó bharr go bun
Is fearr fanacht glan ar Mhajor Tom.”



Do you remember a guy that's been
In such an early song
I've heard a rumour from Ground Control
Oh no, don't say it's true

They got a message from the Action Man
"I'm happy. Hope you're happy, too.
I've loved. All I've needed: love.
Sordid details following."

The shrieking of nothing is killing me
Just pictures of Jap girls in synthesis
And I ain't got no money and I ain't got no hair
But I'm hoping to kick but the planet is glowing

Ashes to ashes, funk to funky
We know Major Tom's a junkie
Strung out in heaven's high
Hitting an all-time low

Time and again I tell myself
I'll stay clean tonight
But the little green wheels are following me
Oh, no, not again

I'm stuck with a valuable friend
"I'm happy. Hope you're happy, too."
One flash of light
But no smoking pistol

I never done good things
I never done bad things
I never did anything out of the blue,
Want an axe to break the ice
Wanna come down right now

Ashes to ashes, funk to funky
We know Major Tom's a junkie
Strung out in heaven's high
Hitting an all-time low

My mama said, "To get things done
You'd better not mess with Major Tom."

2016-08-14

IMRAM SPÁIS/ SPACE ODDITY


Ground Control chuig Major Tom
Ground Control chuig Major Tom
Tóg do phiollaí agus cuir do chlogad ort
Ground Control chuig Major Tom
 (deich, naoi, ocht, seacht, sé)
Táimid ag comhaireamh, innill air
(cúig, ceathair, trí)
Adhaint a sheiceáil, agus Dia dod’ bheannú
(dó, aon,éirí)

Seo é Ground Control chuig Major Tom
Is tú is fearr ar domhan
Is na nuachtáin 'fiafraí cad a chaitheann tú
Munar mhiste leat anois fág an capsúl

"Seo é Major Tom chuig Ground Control
Thar tairseach liom óró
Táim ar foluain tá sé an-aisteach go deo
Is tá réaltaí neimhe thuas ar fad gan cheo
Mar táim
Anseo, neadaithe i gcanna
‘Bhfad os cionn an domhain
Tá ár bpláinéad gorm
Is níl cíos ná cathú orm

Bíodh go bhfuilimse na mílte i gcéin
Mothaímse an-chiúin
Agus fios a slí is dóigh liom ag mo bhád
Cuir in iúl dom’ chéile caoin faoi mhéid mo ghrá”

“Ground Control chuig Major Tom
An ciorcad marbh, rud éigin cearr
An gcloisir, a Mhajor Tom
An gcloisir, a Mhajor Tom
An gcloisir, a Mhajor Tom

An gclois- “Táim anseo, ar foluain im’ channa
’Bhfad os cionn na ré

Tá ár bpláinéad gorm
Is níl cíos ná cathú orm.”



Ground Control to Major Tom
Ground Control to Major Tom
Take your protein pills and put your helmet on
Ground Control to Major Tom (ten, nine, eight, seven, six)
Commencing countdown, engines on (five, four, three)
Check ignition and may God's love be with you (two, one, liftoff)

This is Ground Control to Major Tom
You've really made the grade
And the papers want to know whose shirts you wear
Now it's time to leave the capsule if you dare
"This is Major Tom to Ground Control
I'm stepping through the door
And I'm floating in a most peculiar way
And the stars look very different today
For here
Am I sitting in a tin can
Far above the world
Planet Earth is blue
And there's nothing I can do

Though I'm past one hundred thousand miles
I'm feeling very still
And I think my spaceship knows which way to go
Tell my wife I love her very much she knows
Ground Control to Major Tom
Your circuit's dead, there's something wrong
Can you hear me, Major Tom?
Can you hear me, Major Tom?
Can you hear me, Major Tom?
Can you "Here am I floating 'round my tin can
Far above the moon
Planet Earth is blue
And there's nothing I can do"

2016-08-08

2016-08-07

Graifití an Lae

Ní dhéanann an náisiúnachas faic ach múineadh dúinn conas gráin a bheith agat ar dhaoine nár bhuail tú riamh leo agus a bheith bródúil as eachtraí nach raibh lámh ná páirt agat féin iontu.

Doug Stanhope

2016-08-05

Smaoineamh an Lae

Feiceann an máistir a bhfuil lastall den domhan follasach. Feiceann sé an ní dofheicthe, braitheann an ní dobhraite, cloiseann an ní nach gcloistear. Féachann sé laistíos den dromchla agus lorgaíonn an rud atá ceilte agus tagann sa tslí sin ar mhórbhuille chroí na Cruinne. Gáireann sé, mar tá a fhios aige gurb é buille a chroí féin é, buille do chroíse, buille chroí an uile dhuine.    

Wei Wu Wei

2016-08-04

Sanchayanam

le K. Satchidanandan


(Deasghnáth pioctha na gcnámh is brí leis an teideal. Tógann sé trí lá orthu go minic corp a chréamadh san India agus ar an tríú lá tógtar na cnámha amach as an mbreocharn le caitheamh san fharraige nó in abhainn bheannaithe).

Piocaim cnámha mo mháthar amach as an luaithreach
agus teas na colainne fós iontu
an cholainn a theannas lem' chroí is mé fá shuan im leanbh:
an uair seo deinim deimhin de nach ngortóidh mé í.

Tráth den saol, d'iompair na cnámha seo mise iontu.
Ghabh arraing tríothu chun aoi eile
a thabhairt gan chuireadh gan iarraidh
isteach sa saol solasmhar seo a bhí lán d'ocras.

Anseo, an duine nach réitíonn fós lena ghnáthóg ghlas
fiú i ndiaidh na gcianta, cuimhní bána
dá bhreith dhubh á bailiú aige.

Cnámh amháin ón gcloigeann:
gean pianmhar na baintrí seo a chuir
bláthanna deilgneacha ina blaosc istigh.

Cnámh amháin ón ngualainn:
ídíodh na slinneáin
agus an teaghlach á thógaint aici léi féin.

Cnámh amháin ón gcromán:
lúbadh cnámh a droma agus connadh á chnuasach aici
chun tine a lasadh sa chistin gach lá.

Ar chnámh seo an bhrollaigh a luigh meáchan
an domhain go léir is é ina coinne.
Bhí príosún ag preabadh istigh ann ag taibhreamh
faoi sciatháin órga ónar sceith bainne milis
dá leanaí óga, agus i gcreat seo na n-easnacha
bhí an t-ocras mífhoighneach ag siúl síos suas
ag liú os ard, a mhoing ina colgsheasamh.

Cnámh amháin as na troithe:
i ngach cnámh de na cosa seo bhí achair
nach bhféadfadh sí a chur di go deo.

Fuaraímse na cnámha seo anois iad glan-nite
ag tine ag bainne is ag grá.
A mhuir, a mháthair an uile ní,
glac léi i do chliabhán, can suantraí di
mar a chan don chéad bheatha ar domhan.
As na cnámha seo cruthaigh Éabha nua
le ceann neamhchromtha agus siúl gan scáth.
Líontar talamh is muir lena bainne cíche
agus lig do chine nua teacht ar an bhfód,
fear nua, bean nua,
a thuillfidh go maith gean ó Mháthair an Domhain

2016-08-02

2016-08-01

TIONSCADAL BOWIE: CHINA GIRL/ AN BHÉ ÓN tSÍN


D’fhéadfainn éalú ón mothú le mo Bhé ón tSín
Braithim im’ phraiseach gan mo Bhé ó mo Bhé ón tSín
Cloisim a croí ag bualadh mar thoirneach
Feicim tuairt réaltaí

Táim ar strae gan mo Bhé ó mo Bhé ón tSín
Dúisímse ar maidin, cá bhfuil mo Bhé bheag ón tSín
Cloisim a croí ag bualadh mar thoirneach
Feicim tuairt réaltaí ’nuas.

Táim tragóideach i mo Marlon Brando
Ag amharc dom ar mo Bhé ón tSín
Is d’fhéadfainn ligean orm nach raibh brí leis mórán
Ag amharc dom ar mo Bhé ón tSín

Seo mé faoin mbaile isteach, nach mé tá naofa im’ bhó,
Físeanna svaistící im’ cheann
Pleananna do chách
I ngealacán mo dhá shúl

A Bhé bheag ó ón tSín
Ná bí ag méiseáil liom
Mar scriosfaidh mé gach aon chuid díot
Is gheobhair uaim teilifíseán
Is gorm ’bheidh do shúil’
An duine a dteastaíonn uaidh an domhan ’rialú.
Is nuair a bheidh mé tógtha
Sé deir mo Bhé bheag ón tSín
A stóirín led thoil éist do bhéal
Ar sí  . . . f- f-fuist