2016-10-12

Cív, An Úcráin, Aibreán 1980

le Dilip Chitre


Tá sé go léir measctha suas: Vladimir, Yaroslav,
Creatlacha na manach sa séipéal faoi thalamh,
Na Tartaraigh, na Cosacaigh, na Gearmánaigh, na Stailínigh, lucht ár linne féin,
An droichead ar an Dnieper, leac oighir is greallach ar an tsráid.
Gruaig órga, súile gorma, an cóta mór
Seanmhná ag ceannach aráin, an t-eagarthóir sotalach,
An criticeoir buartha, an file stuama.



  As: Shesha: Selected Marathi Poems (1954–2008)
Foilsitheoir: Poetrywala, Mumbai