2016-11-29

Milseacht na Doircheachta

Nuair is tuirseach atá do shúile
is tnáite a bheidh an domhan leis.

Nuair a thréigfidh d’fhís thú
níl aon chuid den domhan a thiocfaidh ort.

Tá sé in am dul isteach sa doircheacht
áit a bhfuil súile ag an oíche
chun a comh-neacha a aithint.

Is féidir a bheith siúráilte inti
nach lastall den ghrá ataoi.

Beidh an oíche mar bhroinn agat
anocht.

Tabharfaidh an oíche léaslíne dhuit
atá níos sia ná d’amharc.

Ní mór duit rud amháin a fhoghlaim
cruthaíodh an domhan le bheith saor ann.

Caith uait gach domhan eile
seachas an domhan a bhaineann leat.

Uaireanta bíonn gá leis an doircheacht agus cuing
mhilis d’aonaránachta
chun a fháil amach

Éinne ná aon ní
nach chun do dhúiseachta iad

táid róbheag duit.Nuair is tuirseach atá do shúile
is tnáite a bheidh an domhan leis.

Nuair a thréigfidh d’fhís thú
níl aon chuid den domhan a thiocfaidh ort.

Tá sé in am dul isteach sa doircheacht
áit a bhfuil súile ag an oíche
chun a comh-neacha a aithint.

Is féidir a bheith siúráilte inti
nach lastall den ghrá ataoi.

Beidh an oíche mar bhroinn agat
anocht.

Tabharfaidh an oíche léaslíne dhuit
atá níos sia ná d’amharc.

Ní mór duit rud amháin a fhoghlaim
cruthaíodh an domhan le bheith saor ann.

Caith uait gach domhan eile
seachas an domhan a bhaineann leat.

Uaireanta bíonn gá leis an doircheacht agus cuing
mhilis d’aonaránachta
chun a fháil amach

Éinne ná aon ní
nach chun do dhúiseachta iad

táid róbheag duit.


Sweet Darkness

When your eyes are tired
the world is tired also.

When your vision has gone
no part of the world can find you.

Time to go into the dark
where the night has eyes
to recognize its own.

There you can be sure
you are not beyond love.

The dark will be your womb
tonight.

The night will give you a horizon
further than you can see.

You must learn one thing:
the world was made to be free in.

Give up all the other worlds
except the one to which you belong.

Sometimes it takes darkness and the sweet
confinement of your aloneness
to learn

anything or anyone
that does not bring you alive

is too small for you.

~ David Whyte ~
(House of Belonging)

Γλυκό Σκοτάδι

Όταν τα μάτια σου είναι κουρασμένα
ο κόσμος είναι και αυτός κουρασμένος.

Όταν το όραμά σου σου σε έχει εγκαταλείψει
κανένα κομμάτι του κόσμου δεν μπορεί να σε βρει.

Kαιρός να μπεις μες στο σκοτάδι
όπου η νύχτα έχει μάτια
να αναγνωρίζει το δικό της.

Εκεί μπορείς να είσαι σίγουρος
δεν είσαι πέρα από την αγάπη.

Το σκοτάδι θα είναι η μήτρα σου
απόψε.

Η νύχτα θα σου δώσει έναν ορίζοντα
πιο πέρα από όσο μπορείς να δεις.

Πρέπει να μάθεις ένα πράγμα:
ο κόσμος φτιάχτηκε για να είσαι ελεύθερος.

Παράτα όλους τους άλλους κόσμους
εκτός από αυτόν στον οποίο ανήκεις.

Καμιά φορά χρειάζεται σκοτάδι και η γλυκιά
φυλακή της μοναξιάς σου
για να μάθεις

όποιος ή ό, τι
δεν σε κάνει πιο ζωντανό

είναι πολύ μικρό για σένα.


Leagan Gréigise Sarah Thilykou

2016-11-28

TEA WI THE ABBOT/ TAE I dTEANNTA AN ABA

TRÁTHNÓNA HAIKU i mBÉARLA NA hALBAN AGUS i nGAEILGE NA hÉIREANN i dTEANNTA NA MÁISTRÍ HAIKU JOHN McDONALD & GABRIEL ROSENSTOCK

LÉIRIÚ AGUS SEOLADH LEABHAIR

BAILE ÁTHA CLIATH
7.00pm, Déardaoin 8 Nollaig 2016
Poetry Ireland/ Éigse Éireann,
11 Cearnóg Parnell Thoir, Baile Átha Cliath 1
Saorchead Isteach

BÉAL FEIRSTE
7.30pm, Dé hAoine 9 Nollaig 2016
Turas, The Skainos Centre, 241 Bóthar Bhaile Nua na hArda, Béal Feirste
Saorchead Isteach

‘Above all else, a haiku must be very simple and free of all poetic trickery and make a little picture and yet be as airy and graceful as a Vivaldi pastorelle,’ a scríobh Jack Kerouac, máistir haiku atá curtha i láthair i nGaeilge cheana ag IMRAM. Tá na cáilíochtaí sin a luaigh Kerouac ar fáil go fial sa leabhar aoibhinn seo Tea wi the Abbot. Tae i dTeannta an Aba. Déanann tírdhreacha an mháistir Albanaigh ceiliúradh ar an gcathair agus ar an tuath araon agus is cruinn agus is gonta mar a bheireann sé ar mhóimintí áille neamhbhuaine.

Is é a deir Alan Titley faoin leabhar neamhghnách seo: “Osclaítear do shúile! Osclaítear do chluasa! Osclaítear d’anam leamh laethúil! Sin é is brí leis na miondánta móra seo. Mura gcuireann siad dealg ionat, tá craiceann mós tiubh agat. Mura músclaíonn siad do chéadfaí uile is cuma nó marbh tú. Mura gcuireann siad dinglis trí lár do dhrólainne is cuma nó cuntasóir thú. Nasc álainn iad seo idir dhá theanga eile Shruth na Maoile, is an taoide sin eatarthu.”

Tá breis is ceithre scór haiku de chuid  McDonald curtha i láthair phobal na Gaeilge sa tsraith Haiku na Seachtaine ar an nuachtán Tuairisc.ie agus seo cnuasaithe anois é sa leabhar aoibhinn seo, maisithe ag Mathew Staunton.




John McDonald
Saor cloiche ar scor é John McDonald agus cónaí anois air i nDún Éideann. Tháinig sé ar haiku i lár na nóchaidí agus thug gean mór don seánra. I mBéarla na hAlban a scríobhann sé, ceann de theangacha dúchais na tíre sin i dteannta Ghaeilge na hAlban. Tá lucht leanúna idirnáisiúnta ag an mblag aige:
http://zenspeug.blogspot.com


voor sinsheen –
bummer waukens me
dunnerin at the winnock

     grian earraigh –
     dúisíonn beach mé
     ag cnagadh ar an bhfuinneog


Gabriel Rosenstock
File, fear tanka agus fear haiku é Gabriel, údar-aistritheoir breis agus 180 leabhar. I measc na dteideal is déanaí uaidh tá Óró na Circíní, athinsint ar scéalta ón Afraic (An Gúm) agus cnuasach haiku dátheangach Judgement Day (The Onslaught Press).

Enda Reilly
Amhránaí, giotáraí agus cumadóir amhrán é Enda.I measc na dtionscadal a tháinig ón mBaile Átha Cliathach tréitheach seo tá New Songs In Irish/Amhráin Nua i nGaeilge. Tá seanaithne ag lucht leanúna IMRAM air. Sheinn sé le leithéidí John Spillane, Kila, Liam Ó Maonlaí, Rónán Ó Snodaigh agus John Prine chomh maith le Ceolfhoireann Shiansach RTÉ. Albam nua uaidh is ea Whorls, dánta de chuid W B.  Yeats agus ceol curtha aige leo.


Margaret Lonergan
Is comhairleoir deartha neamhspleách agus maisitheoir í Margaret. Bíonn saothar léi sa phreas náisiúnta (go háirithe san Irish Times) agus ba chomhdhuaiseoir í leis an Society of Newspaper Design Award for Excellence as obair mhaisithe don Sunday Tribune. Tá fís-radhairc cruthaithe aici d’imeachtaí IMRAM, ina measc le fíordhéanaí Réaltneach/Starman: Tionscadal David Bowie


TUILLEADH EOLAIS
Déan teagmháil le do thoil le  Liam Carson, Stiúrthóir, IMRAM Féile Litríochta Gaeilge.
Guthán: 00-353-87-2912797
Ríomhphost: liamog62@mac.com


 

souch throuch
the abbey ruinage
...chauntin

leoithne trí
fhothrach na mainistreach
 . . .cantaireacht

John McDonald

TEA WI THE ABBOT/ TAE I dTEANNTA AN ABA

IMRAM, in association with The Onslaught Press, Turas and Poetry Ireland/ Éigse Éireann, are delighted to announce two special multi-media haiku performances with John McDonald and Gabriel Rosenstock to mark the publication of their bi-lingual Scots and Irish haiku collection Tea wi the Abbot/Tae i dTeannta an Aba. These performances in Belfast and Dublin will feature music by acclaimed guitarist Enda Reilly, and beautiful on-screen projections by artist and designer Margaret Lonergan.



THE PERFORMANCES

DUBLIN
7.00pm, Thursday 8 December 2016
Poetry Ireland/ Éigse Éireann, 11 Parnell Square East, Dublin 1
Admission free

BELFAST
7.30pm, Friday 9 December 2016
Turas, The Skainos Centre, 241 Newtownards Rd, Belfast BT4
Admission free

TAE WI THE ABBOT

‘Above all else, a haiku must be very simple and free of all poetic trickery and make a little picture and yet be as airy and graceful as a Vivaldi pastorelle,’ wrote Jack Kerouac. The haiku in Tea wi the Abbot exhibit all these qualities. John McDonald’s haiku celebrate both rural and urban landscapes, and are marked by their precision in capturing fleeting moments of beauty.

Alan Titley has commented: ‘These poems in the Scots language are an invitation to see more clearly, to hear more sharply, to feel more soulfully...These verbal explosions echo in the chambers of wisdom’. The poems have been translated into graceful Irish by Gabriel Rosenstock, Ireland’s foremost practitioner of haiku and tanka.

John McDonald
John is a retired stone-mason living in Edinburgh who came to haiku in the mid-nineties and fell in love with the genre. He writes in Scots, one of the two languages native to Scotland (the other being Gaelic). His bi-lingual web blog attracts an international readership: http:/zenspeug.blogspot.com 
Over 80 of John's haiku have featured in the weekly column Haiku na Seachtaine in the online newspaper Tuairisc.ie. Some of these, along with new haiku, will feature in the Dublin and Belfast shows:

alane nou
the bodach sterts
tae reek o pish

            leis féin anois
            boladh múin
            ag teacht ón seanóir

Gabriel Rosenstock
Gabriel is a poet, tankaist and haijin. He has written or translated over 180 books and edited and contributed to books of haiku in Irish, English, Scots and Japanese. He is a prolific translator into Irish of international poetry (including Seamus Heaney and Rabindranath Tagore) and songs (including Bob Dylan, Van Morrison, David Bowie, Leonard Cohen and Kate Bush). 


Enda Reilly

Enda is a singer, guitarist and songwriter from Dublin whose projects include New Songs In Irish/Amhráin Nua i nGaeilge. He has worked with many Irish language poets through IMRAM.  He has played concerts with John Spillane, Kiía, Liam Ó Maonlaí, Rónán Ó Snodaigh and John Prine amongst others and has performed with with The RTÉ Concert Orchestra. He has recently released his latest album, Whorls, a selection of W. B.  Yeats’s poetry set to music.

Margaret Lonergan

Margaret is a freelance design consultant and illustrator. Her work has been published regularly in the national press (most frequently in the Irish Times), and she shared in a Society of Newspaper Design Award for Excellence for illustration work with the Sunday Tribune. She has create visuals for numerous poetry and music projects curtaed by IMRAM, including most recently Réaltneach/Starman: The David Bowie Project.

FURTHER INFORMATION

Contact Liam Carson, Director, IMRAM Irish Language Literature Festival.
Phone: 00-353-87-2912797
Email: liamog62@mac.com

Graifítí an Lae

An bhfuil gá againn le hairm chun cogaí a throid? Nó an bhfuil gá againn le cogaí chun margaí a chruthú d'airm?

Arundhati Roy

2016-11-27

Tanka le Toki Zenmaro (1885-1980)

tá sé dainséarach
cónaí a bheith ort sa tSeapáin
agus a rá
i dteanga na tíre sin
   cad atá ar d'aigne

2016-11-26

Mantra chun an dainséar a sheachaint




Nuair a shalaítear na lámha, na cosa agus an cholainn
glanfaidh uisce an salachar dínn.
Nuair a shalaítear ár gcuid éadaigh
déanfaidh gallúnach glan arís iad

Ach nuair a fhágann an peaca smál agus truailliú ar an aigne
níl aon ní a ghlanfadh é ach Grá don Ainm Naofa

Ní ag brath ar fhocail amháin atá suáilce agus duáilce
gníomhartha a dhéantar arís is arís eile, greantar ar an anam iad

Mar a chuirfeas tú a bhainfeas tú

Ó, a Nanak, ar ordú Dé tagaimid is imímid san athionchollú.

2016-11-25

Cúpla Tanka (Dánta 5-líne)

gealach cheoch sa bhfómhar
fuaim na gcnónna capaill ag titim
as spéir fholamh
bailím do chuid earraí
i mboscaí do na boicht

Margaret Chula
Portland, Oregon


ag breathnú uirthi agus duilleoga na Samhna
á scuabadh suas aici
táim corraithe ag an ngrá  . . .
a colainn ag gluaiseacht nach mór
mar a ghluais is sinn óg

George Knox
Riverside, California

2016-11-24

Graifítí an Lae

Sinne "sinn" fhéin. Níl ach cine amháin ann, an cine daonna - is aon speiceas amháin sinn. An coincheap sin 'cine' is uirlis é a chruthaigh bodaigh mhóra na huasaicme chun nach mbeadh pobail faoi chois in ann a gcruachás comónta a aithint agus teacht le chéile d'fhonn an dream a bhí i gceannas a chur as cumhacht.


Rob Los Ricos (san iris Feral: a journal towards wildness)

2016-11-23

AN GIOLLA DONN


O ho ro, ’ille dhuinn
’Ille dhuinn bhòidhich
O ho ro, ’ille dhuinn


Ó hó ró, a ghiolla dhoinn
’Ghiolla dhoinn bhóidhigh
Ó-hó-ró, ‘ghiolla dhoinn

Ó nach mise atá go brónach
Ualach orm brat Sheoirse

Gura mis’ tha fo mhulad
Giùlan cular Rìgh Deòrsa


Mé ag iompar an ghunna
Mé i gComplacht an Choirnéil

Mi bhith giùlan a’ ghunna
Ann an Cuideachd a’ Chòirneil


Tugadh ordú dúinn máirseáil
Go sráid na gcéim comh n-ard

Fhuair sinn òrdugh bhith màrsadh
Gu sràid nan ceum còmhnard


Go sráid na gcéim socair
Gan dochar dár mbróga

Gu sràid nan ceum socrach
Nach dochainn ar brògan


Lucht na ndeargchótaí rua
Iad á gcur i ndea-ordú

Luchd nan còtaichean ruadha
Gan cur suas an deagh òrdugh


Lucht na gcótaí gearra
Iad á gcur 'dtí an Ollainn

Luchd nan còtaichean gearra
Gan cur thairis don Òlaind


Ar thráthnóna Dé Sathairn
Chuamar sa chath go deonach

Gur h-ann feasgar Disatharn’
Thug sinn cath a bha deònach


Is iomaí bean bhí gan chéile
Ag éirí Dé Domhnaigh

B’ ioma tè bha gun chèile
’N àm èirigh Didòmhnaich


Soir uaim soraidh thar mhóinteach
Go Muile na mórbheann

Thoir uam soiridh thar mhonadh
Gu Muile nam mòr-bheann


Áit a gcanann an chuach
Ar gach  mullach roimh Bhealtain’

Far an goireadh a’ chuthag
Anns gach bruthach ron Bhealltainn


Thoir uaim soraidh dom mháthair
Sí do thóg mé is mé go hóg ann.

Thoir uam soiridh gum mhàthair
’S gur h-i dh’ àraich glè òg mi


Soraidh eile dom’ dheirfiúr
Sí tá cumhach is brónach

Soiridh eile gum phiuthair
Tha i ’m chumha gu brònach


Is an tsoraidh seo dom’ leannán
Beidh mé chuici más beo dhom

Is an t-soiridh-s’ gum leannan
Thèid mi dhachaigh mas beò dhomh


Ní fios cé chum

2016-11-22

Holocaust Haiku

Artwork: Käthe  Kollwitz

prátaí dubha
croíthe dubha
Cótaí Dearga ag máirseáil gach áit
black potatoes
black hearts
Redcoats everywhere on the march

A haiku in memory of the Irish Genocide (known as the Great Hunger) during which food was exported from Ireland under the supervision of 67 British Regiments.
Centuries earlier, the colonial poet Edmund Spenser recommended that the savage Irish be starved into submission and their language eradicated:
"So that the speech being Irish, the heart must needs be Irish; for out of the abundance of the heart, the tongue speaketh".

2016-11-21

Haiku le SHINKICHI (1901-1987)

Thar gach aon ní beo
práta milis a bheadh ionam
nua-thochailte


Ó thaobh na Gaeilge de, an rud is spéisiúla faoin haiku seo ná an focal 'ionam': is ionann 'ionam' agus práta Spáinneach (yam), nó práta milis!

2016-11-20

Drochamhrán Tíre

Bad Folk Song

Elaine Equi


It ain’t bad
living in a
bad folk song.

The people
are friendly,

and the weather
is nice.

Drochamhrán Tíre


Níl sé ródhona
cónaí bheith ort
i ndrochamhrán tíre

Tá na daoine ann
cairdiúil,

is tá an aimsir
go deas.


KΑΚΟ ΦΟΛΚ ΤΡΑΓΟΥΔΙ


Δεν είναι κακό
να ζεις σε ένα
κακό φολκ τραγούδι.

Οι άνθρωποι
είναι φιλικοί,

και ο καιρός
είναι καλός.

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou


2016-11-18

Dán le Charlie Donnelly

Charlie Donnelly

Stasis

Charlie Donnelly

1
The silent light descends
Like a cloth over me
Here under the trees
Whose presence has infolded on itself
And the monotone
Of the afar-falling waters pours over my mind.
The rising thoughts level before it
And as seeds borne by the wind
Are borne away from me.
Thoughts go. Thoughts bend, break, float away.

2.
This is a sleeping place,
a cast shell
Of the snail of the world,
A thing left in a crevice.
 

Gan Chorraí

1.
Mar cheirt anuas orm
An solas ciúin
Anseo faoi na crainn
A láithreacht infhillte uirthi féin
Agus aonton na n-uiscí i gcéin
Á dhoirteadh ar m’aigne.
Ar aon leibhéal leis na smaointe ag éirí
Agus mar shíolta ar an ngaoth
Beirtear uaim chun siúil iad.
Imíonn smaointe. Smaointe á lúbadh, á mbriseadh, ar snámh uaim.

2.
Ball suain é seo,
Blaosc chaite
De sheilmide an domhain
Iarmharán i mbearna.
 

2016-11-17

Sliocht as An Rúraíocht

‘Ná tarraing deabhaidh dhian anuasal ort féin. Ná bí díscir doicheallach díomsach. Ná bí eaglach tobann ainmhianach. Ná bíodh ceann faoi ort trí eagla do chreachta le meisce. Ná bí i do dhreancaid mhillte coirme tigh ruire. Ná hiaigh iubhaile ar éagóir dlí. Téitear i gcomhairle lucht seanchuimhne i dtaobh comharbaí críche. Ceistítear seanchaithe na seanaimsire i d’fhianaise mar is fíor agus is fiú. Faightear breithiúna briathra is brugh. Leantar de na géaga ginealaigh de réir mar a ghintear na leanaí. Glaoitear daoine beo le chéile agus ar a mbriathrasan beoitear na háiteanna ina raibh na mairbh ag treabhadh. Tugtar saibhreas do chomharbaí mar is dual de réir dlí. Téadh ainbhinte dá ndionna faoi choimirce an té atá láidir. Ná labhair go huaibhreach. Ná tabhair faisnéis go glórach. Ná déan magadh. Ná déan fonóid. Ná bí ag mealladh seanóirí. Ná smaoin go holc i dtaobh aon duine. Ná cuir geasa diana ar aon duine. Coinnigh dlí na haoise agus dlí an diúltaithe agus dlí an aisig. Bí umhal sa mhúineadh a thugtar duit ó dhaoine eagnaí. Bí cuimhneach ar an gcosc a chuirtear ort ó dhaoine is sine ná thú. Coimeád riail an tsinsir. Ná bí fuarchroíoch le cairde. Bí gusmhar le do naimhde. Ná bí dúilmhear i ndeabhaidh nuair a bhír i gcomhthionóil. Ná bí scéalach achasánach. Ná fáisc. Ná taisc an ní nach tairbheach. Ceartaítear de thromaíocht na drochdhaoine ina ngníomhartha. Ná bíodh dúil agat i gcuid na comharsan a ghabháil, ar eagla go mbeadh aithrí ort. Ná bí imreasach ar eagla go mbeadh mioscais chugat. Ná bíodh leisce ort ar eagla go mbeifeá meirbh. Ná bí ró-éasca ar eagla go gceapfaí gur dhuine den daoscarshlua thú.’

2016-11-16

Haiku le Ozaki Hōsai: 尾崎 放哉

蟻を殺す殺すつぎから出てくる

ari o korosu korosu tsugi kara dete kuru


maraím seangán
ceann eile ceann eile
de réir mar a nochtann siad

Ozaki Hōsai

2016-11-15

Graifití an Lae

As ifreann na mbochtán a chruthaítear parthas na mboc mór.

Victor Hugo

2016-11-14

Dán agus Pictiúr le Paul Klee

Stütze Dich auf mich


Stütze Dich auf mich
und folge mir,
wenn unten die Gründe gähnen,
schließ die Augen.

Vertraue meinem Schritt
und dem eisig hohen Geiste.
Dann sind wir zu zwei
wie Gott.
 

Lig do mheáchan ormsa


Lig do mheáchan ormsa
is lean mé,
nuair a bheidh na bearnaí móra romhat
dún do shúile.

Cuir do mhuinín im’ choiscéimse
is in ardspiorad an oighir.
Is beimid beirt araon ansin
mar Dhia.

2016-11-13

Haiku le Issa ón mbliain 1822

muisiriún
á scríobadh aníos
ag an gcearc

.鶏のかき出したる茸かな
niatori no kaki-idashitaru kinoko kana

2016-11-12

Tanka

John William Waterhouse
cad iad na briathra iad sin
ó bhéal na síréana
teanga ársa
a caitheadh i dtraipisí
ar mhaithe leis an mBéarla

what words are these
the siren sings
a tongue of old
abandoned now
for English

τι είναι τα λόγια
που τραγουδά η σειρήνα
μια γλώσσα παλιά
παρατημένη τώρα
για χάρη της αγγλικής

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou
 

2016-11-11

Tanka

Tanka (dán cúig líne) ag freagairt do shaothar ealaíne de chuid Anna Ancher.

ligimid ár scíth
ar philiúr clúmhach
ní bhuaireann
saothar daoine eile
ár mbrionglóidí suanmhara

Leagan Béarla na hAlban le John McDonald

we rist oor heid
on feddery doun
oor drames
nivver fasht
bi ither fowk's struissle

2016-11-10

Smaoineamh an Lae

San Oirthear, caitear filí isteach i bpríosúin uaireanta - is moladh de shaghas é sin, mar cuireann sé in iúl go bhfuil rud éigin déanta ag an údar, ar nós gadaíocht a dhéanamh, éigniú nó réabhlóid. Anseo áfach, ligtear d'fhilí rud ar bith a fhoilsiú - saghas pionóis é sin dáiríre, príosún gan bhalla, gan mhacalla, gan bheatha inmhothaithe - ríocht scáthach an chló, nó na smaointeoireachta teibí - domhan gan phriacail, gan eros.


Hakim Bey


2016-11-09

STAIR le Charles Simic

Scanrúil greannmhar iad scéalta ár mbeatha
Mar aghaidh fidil a chaitheann páistí Oíche Shamhna
Agus iad ag dul ó dhoras go doras
Greim láimhe acu ar na rudaí beaga
I gcomharsanacht éigin a leagadh fadó,

Áit a n-itheadh daoine dinnéar
I dtost feargach nó ag argóint os ard,
Is tháinig cnag ar an doras,
Cnag ciúin a dhéanfadh garsún cúthail
Gléasta in éide a dhein a mháthair.

Cad atá á chaitheamh agat, a gharsúin?
Agus cá bhfuairis an masc sin?
Chuir sé sin gach éinne againn anseo ag gáire
Agus tusa id' sheasamh ag stánadh orainn,
Faoi mar b’eol duit cheana go mba stair sinn.

History

Our life stories are scary and droll,
Like masks children wear on Hallowe'en
As they go from door to door
Holding the little ones by the hand
In some neighborhood long torn down,

Where people ate their dinners
In angry silence or quarreling loudly,
When there was a knock on the door,
A soft knock a shy boy makes
Dressed in a costume his mother made.

What's this you're wearing, kid?
And where did you get that mask?
That made everyone laugh here
While you stood staring at us,
As if you knew already we were history.

Charles Simic

The Paris Review

Fómhar, 2016



HISTORY

The tales o oor lives'r fearsum'n paukie,
Lik fause faces bairns weir it guisin tyme
As they stravaig frae door tae door
Haudin the peerier yins bi the haun
In sum backlans lang dung doon,

Whaur fowk supped thayr brose
In a dour quate or argifeein loodly,
Whan thayr cam a chap it the door,
A saft chap a blate laddie maks
Cleedit in an ootrig his mither wrocht.

Whit's this ye're cleedit in, laddie?
An hou cam ye bi this fause face?
Thit gart awbodie lauch here
While ye stood gaupin it us,
As if ye kent awready we war history.

Leagan Béarla na hAlban: John McDonald

 

Παρελθόν


Οι ιστορίες της ζωής μας είναι τρομακτικές και κωμικές,
Όπως οι μάσκες που φορούν τα παιδιά στο Χάλοουιν
Καθώς πηγαίνουν από πόρτα σε πόρτα
Κρατώντας τα πιο μικρά από το χέρι
Σε κάποια γειτονιά από καιρό γκρεμισμένη,

Όπου οι άνθρωποι έφαγαν το βραδινό τους
μέσα σε θυμωμένη σιωπή ή καβγαδίζοντας δυνατά,
Όταν ακούστηκε ένα χτύπημα στην πόρτα,
Ένα σιγανό χτύπημα που κάνει ένα ντροπαλό αγόρι
Ντυμένο με ένα κοστούμι που έφτιαξε η μητέρα του.

Τι είναι αυτό που φοράς, μικρέ;
Και που τη βρήκες αυτή τη μάσκα;
Αυτό τους έκανε όλους να γελάσουν τώρα
Ενώ εσύ στεκόσουν κοιτάζοντάς μας επίμονα,
Σαν να γνώριζες ήδη πως ήμασταν παρελθόν.  

Leagan Gréigíse: Sarah Thilykou

2016-11-08

Graifítí an Lae

I Meiriceá, d'fhéadfadh éinne a bheith ina Uachtarán. Sin í an fhadhb.

George Carlin


2016-11-06

haiku le Issa ón mbliain 1814

an chéad lampróg  . . .
spéir smúitiúil
os cionn Kyoto


.はつ蛍都の空はきたないぞ

hatsu-botaru miyako no sora wa kitanai zo

2016-11-05

Cúlra

Inis dom beagán faoi do chúlra.
Níl aon chúlra agam.
Tá cúlra ag gach éinne!
Dáiríre?
Sé sin le rá, rugadh thú. Ceart?
Mícheart.
 

Background


Tell me a little bit about your background
I have no background.
Everybody has a background
Really?
I mean, you were born, right?
Wrong.

2016-11-04

Uaigneas Ruda - Willem M. Roggeman

Anois agus an chóisir thart
is suaithinseach mar a thiteann tost
ar an uile ní atá fágtha
níos troime ná roimhe sin.
Anois agus gach éinne imithe abhaile
suíonn ansin leis féin, gan mhaith.
Gan éinne thart a thuilleadh chun breathnú air,
méar a leagan air, é a úsáid,
a áilleacht nó a gháifeacht a mheas.

Tá a áit uathúil féin ag an uile rud
agus éiríonn ceanúil uirthi le himeacht ama.
Ach nuair a fhágtar leis féin é cailltear
a bhrí is a ghus, bíonn sé ar nós
cuma liom, gan luail.

Fágtar leis féin é i gcúl ama,
tréigthe i spás
an tseomra seo, gan tábhacht
go dtí go n-ardaítear arís é,
cuspóir nua á thabhairt dó,
a ainm á rá,
á athbheochan sa tslí sin, gan mhilleadh.

Níl aon ní chomh huaigneach
le rud iarmhair.
Braitheann an uile rud beo orainne.
Nuair a fhéachaimid orthu, is ann dóibh.
Nuair a dhúnaimid ár súile, ní hann.

Ní beo ach don ní is léir dúinn.
An uile ní a bhraithimid
ullmhaíonn sé é féin i gcomhair an uaignis
atá ag feitheamh leis.

THE LONELINESS OF AN OBJECT


Now that the party’s over
it’s conspicuous how silence falls
on every object left behind
heavier than ever before.
Now that everyone’s left for home
it sits there, alone and useless.
No one still around to look at it,
to touch it or to use it,
find it beautiful or gaudy.

Each object has its unique place
to which it grows attached in time.
But when it’s left alone its meaning
disappears, it’s robbed of potency,
impassive and incapable of motion

Left behind in time,
alone and abandoned in the space
of this room, without significance
until someone lifts it up again,
gives it renewed purpose,
calls it by its name
and thus restores it, makes it pristine.

There’s nothing quite as lonely
as an object left behind.
All things depend on us for their existence.
When we look at them, they’re there.
When we close our eyes, they’re not.

Only what we see exists.
And everything we touch or hold
prepares itself , gets ready
for the loneliness awaiting it.

(Aistrithe go Béarla ag Brian Doyle)


Η ΜΟΝΑΞΙΑ ΕΝΟΣ ΑΝΤΙΚΕΙΜΕΝΟΥ


Τώρα που το πάρτυ τέλειωσε
είναι φανερό πώς πέφτει η σιωπή
σε κάθε αντικείμενο αφημένο πίσω
βαθύτερη από ποτέ.
Τώρα που όλοι έφυγαν για το σπίτι
κάθεται εκεί μόνο και άχρηστο.
Κανείς δεν είναι κοντά για να το κοιτάξει,
να το αγγίξει ή να το χρησιμοποιήσει,
να το βρει όμορφο ή κακόγουστο.

Κάθε αντικείμενο έχει τη μοναδική του θέση
όπου μεγαλώνει δεμένο στον χρόνο.
Αλλά όταν μένει μόνο το νόημά του
χάνεται, είναι στερημένο από δύναμη,
απαθές και ανίκανο για κίνηση.

Αφημένο πίσω στον χρόνο
μόνο και παρατημένο στον χώρο
αυτού του δωματίου, δίχως σημασία
μέχρι που κάποιος το ζωντανεύει ξανά
του δίνει ένα νέο σκοπό,
το καλεί με το όνομά του
και έτσι το αποκαθιστά, το κάνει καινούργιο.

Δεν υπάρχει τίποτε πιο μόνο
από ένα αντικείμενο αφημένο πίσω.
Όλα τα πράγματα εξαρτώνται από εμάς για την ύπαρξή τους
Όταν τα κοιτάμε, είναι εδώ.
Όταν κλείνουμε τα μάτια, δεν είναι.

Μόνον ό,τι βλέπουμε υπάρχει.
Και καθετί που αγγίζουμε ή αγκαλιάζουμε
προετοιμάζεται,
για τη μοναξιά που το περιμένει.
 

Sarah Thilykou a chuir Gréigís air

2016-11-03

Cloch - Charles Simic

Cloch


Dul isteach i gcloch
Sin an rud a dhéanfainnse.
Ligimis do dhuine eile a bheith ina cholmán
Nó gníoscarnach a bhaint as fiacla tíogair.
Táimse sásta a bheith im' chloch.

Ón dtaobh amuigh is mistéir í an chloch:
Níl a réiteach ag éinne.
Ach caithfidh gur fionnuar ciúin í ina croí istigh
Fiú má leagann bó iomlán a meáchain uirthi,
Fiú má chaitheann leanbh san abhainn í;
Síos leis an gcloch go mall, ar nós cuma liom,
Go grinneall na habhann
Go dtagann na héisc is cnagann uirthi
Is éisteann.

Tá splancacha feicthe agamsa
Nuair a cuimlíodh dhá chloch dá chéile,
Mar sin, seans nach dorcha atá sé in aon chor istigh;
D'fhéadfadh solas a bheith ag teacht ó ré
Áit éigin, mar a bheadh laistiar de chnoc -
Díreach dóthain léis chun na scríbhinní aite
Á dhéanamh amach, cairteacha réaltaí
Ar na fallaí istigh.

Stone


Go inside a stone
That would be my way.
Let somebody else become a dove
Or gnash with a tiger’s tooth.
I am happy to be a stone.

From the outside the stone is a riddle:
No one knows how to answer it.
Yet within, it must be cool and quiet
Even though a cow steps on it full weight,
Even though a child throws it in a river;
The stone sinks, slow, unperturbed
To the river bottom
Where the fishes come to knock on it
And listen.

I have seen sparks fly out
When two stones are rubbed,
So perhaps it is not dark inside after all;
Perhaps there is a moon shining
From somewhere, as though behind a hill—
Just enough light to make out
The strange writings, the star-charts
On the inner walls.
 

~ Charles Simic ~

(The Voice at 3 A.M.)


Stane

Gae inby a stane
Yon wad be ma wey.
Lat anither becum a doo
Or chirk wi a teeger's tuith.
A'm fain tae be a stane.

Frae the ootside the stane's a riddle:
Naebodie kens the repone tae't.
Yit inby, it maun be cuil'n quate
E'en gin a coo tramps on't wi aw'ts wecht,
E'en gin a bairn flings it i the watter;
The stane slumps, slaw, yaukin lik
Tae the watter's boddom
Whaur fush cum tae chap on't
An hearken.

A hae gliskit sperks flee oot
Whan twa stanes'r chappit thegither,
So aiblins it's no sae derk inby efter aw;
Aiblins thayr's a muin sheenin
Frae sum airt, as tho ahint a brae -
Juist eneuch licht tae mak oot
The eldritch scrievins, the stern-chairts
On the wa's inby.

John McDonald a chuir i mBéarla na hAlban

ΠΕΤΡΑ


Μπες μέσα στην πέτρα.
Αυτός θα ήταν ο τρόπος μου.
Άς γίνει κάποιος άλλος περιστέρι
Ή ας τρίζει τα δόντια του σαν τίγρης.
Εγώ θέλω να είμαι μια πέτρα.

Από έξω η πέτρα είναι αίνιγμα:
Κανείς δεν ξέρει πώς να το λύσει.
Όμως μέσα, θα είναι μάλλον δροσερή και ήσυχη
Αν και μια αγελάδα την πατά με όλο της το βάρος,
Αν και ένα παιδί την πετά στο ποτάμι.
Η πέτρα βουλιάζει, αργή, ατάραχη
Στον πάτο του ποταμού
Όπου τα ψάρια χτυπούν πάνω της
Και ακούνε.

Έχω δει σπίθες να ξεπηδούν
'Οταν τρίβονται δυο πέτρες,
Ίσως δεν είναι σκοτεινή μέσα
Ίσως λάμπει ένα φεγγάρι
Από κάπου, λες και πίσω από ένα λόφο --
Φως αρκετό μόλις για να να διακρίνεις
Τις παράξενες γραφές, τους χάρτες των άστρων
Πάνω στα εσωτερικά τοιχώματα.

Sarah Thilykou a chuir i nGréigís

   

 

2016-11-02

Graifítí an Lae

Tá MUZAK ann chun hiopnóis a chur orainn agus sinn a rialú - is féidir an t-innealra atá aige a bhascadh.
Hakim Bey

2016-11-01

An Áit a gCruthaítear Scamaill

An Dr. Ofelia Zepeda
I.

Sé an scéal céanna gach lá é.
Tagann sé abhaile.
Insíonn sé di ina thaobh.
Agus é ag caint, comhdhlúthaíonn an t-aer os comhair a ghnúis.
Leanann sise i mbun a gnó;
gach re seal caitheann sí súil air.
Ní chloiseann sí a ghuth.
Feiceann sí an ceo bog atá ag fás ina luan.
Tá a fhios aici go bhfuil sé fós ag caint faoin áit sin.
Ní éireodh sé tuirseach de go deo (mar a éiríonn sise).
Ar laethanta samhraidh amháin, an t-aer meirbh
agus an taise fós tamall fada ag teacht,
iarrann sí air insint di faoin áit sin.
Suíonn sí os a chomhair amach.
Ag feitheamh leis na neamhstadanna guthacha,
an t-aer á bhrú óna bheola.
Insíonn sé di faoin áit a dtagann scamaill ar an saol.
Is saibhir í taise fhionnuar a ghutha.
Ar lá tirim i mí an Mheithimh fiú
an taise ina drúchtíní ar a haghaidh
is eisean ag caint go díreach léi.
Gach fuaim shéimhithe ina pléascán sámh fionnuaire.
“Inis dom arís ina thaobh, inis dom arís,” ar sí ag spochadh as.
Dá mbeadh a fhios aige nach raibh uaithi ach faoiseamh
ón teas, seachas an scéal, stopfadh sé ag caint.
Tosnaíonn sé, “An chéad uair a leagas súil ar an áit
a bhfoirmítear scamaill ná
ó fhuinneog traenach  . . .”
Uair eile níorbh ann ach seachmall
lasmuigh de Tucson, brothall.
Uair eile fós mheas sé go bhfaca sé an áit
i solas tirim na réaltaí.
An chuimhne is fearr atá aige ar an mball sin
ná é a fheiscint i súile mná
a raibh comhrá aige léi.
Tar éis dó é a thabhairt faoi deara
cheil sise é trína súile a ísliú.
Ar ball lig sí dó féachaint uirthi gan bhac.
Ó am go chéile d’oscail sí a súile go leathan
agus fuair sé radharc iomlán.
Uaireanta d’fheiceadh sé an triomach ina súile
is é ina ghal lá samhraidh.
Uaireanta eile ba mhéith le taise í.
Tháinig na scamaill ceann i ndiaidh a chéile.
Mhaolaigh ar scáileanna an domhain.
“Tá’s agat an daichead lá
is daichead oíche?
Bhíos-sa ann.
Beidh mé ann nuair a tharlóidh sé arís,”
ar sí agus leath-mheangadh ar a béal.
Ar nós páiste, theastaigh uaidh féachaint isteach
ina súile gach uile dheis a fuair sé.
Dá mbeadh sé in ann, chrochfadh sé dá logall súile,
ag gliúcaíocht isteach,
ag déanamh iontais dá léiriú.

II

Lá níos fuaire ná mar ba ghnách a bhí ann aimsir na Nollag;
lorgaíonn néalta is ceobhrán sólás i gcainneoin na Sléibhte Santa Catalina.
Fionncheo ag bogadh go ciúin i measc na gcachtas.
Is beag dúil eile, go deimhin, seachas néal, gaoth is báisteach
atá in ann dul i bhfeidhm ar an saguaró ó bhun go barr.
Beag beann ar dhealga is spíonta.
Craiceann rubarúil timpeall air, séimhithe ag na dúile.
Teas na samhraí go léir is cuimhin leis stóráilte i dtruicir theagmhála.
Deora taise ag rolladh ar aghaidh, níl aon stop leo.
Ón gcathair thíos feicimid
ceobhrán ag éirí, ceobhrán ag éirí.

III

Suímid gar dá chéile i gcábán na trucaile.
Tá an aimsir fuar fliuch lasmuigh.
Rólábach chun seasamh isteach
ag feitheamh le bus scoile.
Tá trucail m’athar deas teolaí istigh,
ó thosaigh sé ag obair ar 4.a.m.
Is suaimhneach é glór an innill,
an teasaire broidiúil.
Níl gíocs uainn sa chábán.
Níl gá againn le teanga.
Éistimid le crónán rialta an innill,
rithim na gcuimilteoirí gaothscátha,
báisteach bhog ar an mboinéad.
Aird againn ar an aer fuar
thart ar ár bhfothain shealadach.
Féachaimid amach ar na goirt
áit a gcloíonn ceo leis an gcré.
Anois is arís cuimlíonn sé an gaothscáth
le cúl a láimhe a bhfuil miotóg uirthi.
“Bhfuil aon radharc air?”
Suíonn an triúr againn go ciúin,
Néalta á n-análú againn.
Comhdhlúthaíonn néalta
nuair a theagmhaíonn le fuaire na bhfuinneog.
Aer á análú ag m’athair de réir dealraimh
agus an teocht cothrom.
Ní chruthaíonn sé néalta.
Breathnaíonn sé orainn.
Ceo bog liath á análú againne i gcónaí
ag feitheamh leis an mbus scoile.

The Place Where Clouds Are Formed

le Ofelia Zepeda

Where Clouds Are Formed

(University of Arizona Press, 2008)