2016-12-31

Oíche na Scairpe

Is cuimhin liom an oíche ar chuir scairp
cealg im’ mháthair. Deich n-uaire an chloig
de shíorbháisteach a thiomáin isteach í
gur ghabh faoi mhála ríse.

Scar sí lena nimh – dhealraigh
a ruball diabhalta sa seomra dorcha
is amach arís faoin mbáisteach léi.

Tháinig muintir na tuaithe ina scaoth cuileog
ainm Dé céad uair acu ina dhordán
chun pairilis a chur ar an Deamhan.

Bhí coinnle acu is laindéir
is caitheadh scáileanna scairpe
ar na fallaí dóibe
is iad á lorg gan teacht uirthi.
Cliceanna á ndéanamh lena dteanga.
Le gach cor ón scairp, ar siad,
gluaiseann an nimh i bhféitheacha mo Mháthar.

Go bhfana sí socair mar scairp, ar siad,
glanfar do chuid peacaí go léir ón saol roimhe seo anocht, ar siad,
agus laghdóidh na pianta seo gach arraing
a fhulaingeoidh tú an chéad uair eile duit abhus.
An uile olc á mheá
sa saol neamhshubstaintiúil seo

I gcoinne an uile mhaitheasa
á laghdú ag do phiansa.
Go nglana an nimh do cholainn

De mhianta is d’uaillmhian
ar siad, agus shuíodar timpeall
ar an urlár, mo mháthair sa lár,
síth na tuisceana ar gach cuntanós.
Tuilleadh coinnle, tuilleadh laindéar, tuilleadh comharsan,
Tuilleadh feithidí, agus fearthainn gan stad.
Mo mháthair ar mhata
í lúbtha ar fad.
M’athair, sceipteach, réasúnaí,
triail á baint aige as gach mallacht is ortha,
púdar, meascán, an luibh is an hibrid.
Nár dhoirt sé fiú amháin braoinín pairifín
ar an méar choise phianmhar – agus las.
Mise ag breathnú ar an lasair ag ithe mo mháthar.
D’fhéachas ar an bhfear beannaithe agus a dheasghnátha a cheansódh an nimh le cantaireacht.
Tar éis ceithre huaire is fiche
mhaolaigh ar an gcealg

Ní dúirt mo mháthair ach
buíochas le Dia gur mise a roghnaíodh
is gur tháinig na páistí slán.


Nissim Ezekiel

2016-12-30

Bhí manach ann uair amháin darbh ainm Tonna

imíonn scamaill as radharc
gorm dorcha í an spéir ghlan
agus mé ag breathnú in airde, ámh,
imíonn an dath sin, leis,
á leá san fholús

Tonna (Manach: 1289 -1372)


τα νέφη φεύγουν
μπλε ουρανός προβάλλει,
ενώ κοιτώ όμως,
κι αυτό το χρώμα, σιγά
σιγά σβήνει στο κενό

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

 

2016-12-29

Haiku

Grianghraif Jason Symes
de lasair saolaithe . . .
imlínte na beatha
atá le teacht
born of flame . . .
the contours
of a future birth

2016-12-25

Is ciúin atá an ré 'g éirí

[Amhrán de chuid na ndaoine]
[Volkslied]

Verstohlen geht der Mond auf

Verstohlen geht der Mond auf,
Blau, blau Blümelein!
Durch Silberwölkchen führt sein Lauf;
Rosen im Tal, Mädel im Saal, o schönste Rosa!

Er steigt die blaue Luft hindurch,
Blau, blau Blümelein!
Bis daß er scheint auf Löwenburg;
Rosen im Tal, Mädel im Saal, o schönste Rosa!

O schaue Mond durchs Fensterlein,
Blau, blau Blümelein!
Schön Trude lock' mit deinem Schein;
Rosen im Tal, Mädel im Saal, o schönste Rosa!

Und siehst du mich und siehst du sie,
Blau, blau Blümelein!
Zwei treu're Herzen sahst du nie;
Rosen im Tal, Mädel im Saal, o schönste Rosa!

Is ciúin atá an ré 'g éirí

Is ciúin é éirí na ré
Gorm, gorm-bhláithín,
'Measc néalta airgid a svae
An rós sa ghleann, sa halla an bhé, a Róisín aoibhinn!

In airde léi sa spéir ghorm
Gorm, gorm-bhláithín,
Is tá a gile os Löwenburg
An rós sa ghleann, sa halla an bhé, a Róisín aoibhinn!

An léir duit mé, an léir duit í

Gorm, gorm-bhláithín,

Ní fhaca tú a leithéid riamh!

An rós sa ghleann, sa halla an bhé, a Róisín aoibhinn!

2016-12-24

Smaoineamh an Lae

Tá tús ann. Níl túsphointe ag an tús sin. Tá rud éigin ann. Níl aon rud ann  . . .

     

CHUANG-TSÚ

2016-12-23

Haiku le Issa ón mbliain 1813

drithlíní fuachta
le mo dhroim  . . .
drúcht ag titim anuas


.後からぞつとするぞよ露時雨

ushiro kara zotto suru zo yo tsuyu shigure

2016-12-22

Graifítí an Lae

An sásaítear ár gcuid mianta nó nach sásaítear, ní hin í an fhadhb. An fhadhb ná cá bhfios dúinn cad is mian linn?


Slavoj Žižek

2016-12-21

Urlicht

Volkslied
Ceol: Gustav Mahler

Urlicht

O Röschen rot,
Der Mensch liegt in größter Not,
Der Mensch liegt in größter Pein,
Je lieber möcht' ich im Himmel sein.
Da kam ich auf einem breiten Weg,
Da kam ein Engelein und wollt' mich abweisen.
Ach nein, ich ließ mich nicht abweisen!
Ich bin von Gott und will wieder zu Gott,
Der liebe Gott wird mir ein Lichtchen geben,
Wird leuchten mir bis [in]1 das ewig selig' Leben!

Úrléas

A dhearg-róis,
tá gach neach i ngarbhghuais,
tá gach neach abhus i bpéin,
na flaithis gheala sea b'fhearr liom féin.
Do tharla dom ar an mbealach mór
tháinig an t-aingilín chun mise a ruaigeadh:
ní hea, ní ligfinn dó mé 'ruaigeadh!
De Dhia mé is fillfidh mé air,
is gheobhaidh mé léas ó Dhia sé mo ghrá é
is lasfaidh sé an tslí go dtí a áras naofa.

2016-12-20

Leabhair de chuid OSHO

Scata mór leabhar de chuid Osho anseo.
B'fhiú do dhuine tamall a chaitheamh leo chun léargas eile a fháil ar an mBúda, cuir i gcás, ar Íosa, Heraclitus, Lao Tzú, Nasrúidín agus a thuilleadh nach iad.


http://www.oshoworld.com/e-books/eng_discourses.asp

2016-12-19

El Jadida

Íomhá Ron Rosenstock
ní théann briathra ach fad áirithe . . .
éist éist
le teanga an tsolais
words can only go so far...
listen listen
to the language of light

2016-12-18

Haiku le Issa ón mbliain 1824

Bhí grá as cuimse aige d'fheithidí de gach sórt. Is ag tabhairt amach mar gheall ar Edo (Tóiceo ar ball) atá sé dáiríre.

is dána iad
muiscítí Edo -
an-dána

.江戸の蚊の気が強いぞよ強いぞよ

edo no ka no ki ga tsuyoi zo yo tsuyoi zo yo

2016-12-17

smaoineamh an lae

Ní dócha go mbeadh fonn ar mhic léinn a bhfuil fiacha troma orthu de dheasca táillí ollscoile, ní dócha go smaoineoidís ar an tsochaí a athrú. Nuair atá daoine gafa i gcóras fiach, níl am acu smaoineamh.

 - Noam Chomsky a rugadh ar an 7 Nollaig 1928

2016-12-16

An Oíche a Phóg'mar, a Stóirín

File: Adelbert von Chamisso
Cumadóir: Volkslied



An oíche a phóg'mar, a stóirín
gan finné ar bith ar an scéal.
Na réaltaí 'na seasamh sna flaithis
is chreideamar iontu gach réalt.

Bhí réalt amháin is thit sí
is dhein leis an muir gearán,
d'inis an mhuir é don stiúir
tá an scéal ag captaen an bháid.

Is d'inis an captaen céanna
an scéal dá shearcleannán
is is clos ar shráid is ar mhargadh
ag[e] madraí an bhaile an gearán.

Da nachts wir uns küßten, o Mädchen,
hat keiner uns zugeschaut.
Die Sterne, die standen am Himmel,
wir haben den Sternen getraut.

Es ist ein Stern gefallen,
der hat dem Meer uns verklagt,
da hat das Meer es dem Ruder,
das Ruder dem Schiffer gesagt.

Da sang der selbige Schiffer
es seiner Liebsten vor.
Nun singen's auf Straßen und Märkten
die Knaben und Mädchen im Chor.

2016-12-15

Haiku le Suzuki Masajo (1906 - 2003)

usumono ya hito kanashimasu koi o shite


cimeonó éadrom síoda
cumann a dhéanann
duine eile míshona

 yuku haru ya kaze no oto sae kikenu roji

an t-earrach ag imeacht –
lána beag nach gcloistear fiú
fuaim na gaoithe ann


utsu-semi ya kono mi hitotsu ni ku wo atsume

blaosc ciocáda –
sa cholainn seo
pianta ag dul i méid


koi shita ya ichigo hito-tsubu kuchi ni ire

ag súil go dtitfinn i ngrá
cuirim sú talún
im’ bhéal

             
biiru kumu dakaruru koto no naki hito to

ag doirteadh beorach dá chéile
na fir seo
nach luífidh mé go deo leo


mozu-takane on-na no tsukusu makoto kana

éamh scréacháin –
an grá dílis atá ag mná
d’fhearaibh

nyotai hiyu shiireshi uo no sore yorimo

éiríonn corp mná fuar
níos fuaire ná an t-iasc
a cheannaíos

2016-12-14

FEARTLAOI ISSA

Cad a fhágfaidh mé i mo dhiaidh?
spéartha folmha
goirt
caisearbháin
scaipeadh na mionéan
aghaidheanna, aghaidheanna
caille orthu go léir
iad go léir ina scáthán
ar Aghaidh na n-aghaidheanna.
Slán  . . .
lámha ag sméideadh sa cheo.


Maidir le hIssa, féach seo

2016-12-13

Obair ealaíne: Vasily Vereshchagin
scaoil an gunna
seolfaidh mo chloigeann
daichead troigh san aer
mo ghéaga ar dheis is ar chlé
go dtitfidh siad céad slat uait
fire the gun
let my head soar forty feet in the air
my arms fly off left and right
and fall a hundred yards
from you
ανοίξατε πυρ
ας εκτιναχθεί το κεφάλι μου σαράντα πόδια στον αέρα
τα χέρια μου ας πετάξουν αριστερά και δεξιά
και ας πέσω εκατό γιάρδες
μακριά από εσένα

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2016-12-12

The Day After Fidel Castro Died, readings and discussion

2016-12-11

Dá mbeadh fhios ag na blátha / Und wüßten's die Blumen

File: Heinrich Heine
Cumadóir: Robert Schumann
Dá mbeadh fhios ag na blátha bídeach’
Na pianta atá im’ chliabh,
Bheidís liomsa ag caoineadh:
Íocshláinte do mo chroí.

Dá mbeadh fhios ag an bhfiliméala
Go bhfuilim i bpéin, faoi bhrón
Do chanfadh os ard dea-scéala
Mo leigheas bheadh ann gan ghó.

Dá dtuigfidís mo chás-sa
Na réilthíní beaga óir
Do bheidís chugam ó na flaithis
Ní bheinn arís faoi bhrón.

Ní thuigeann éinne acu mo chrása
Ag duine amháin atá fhios
Í siúd ar thugas mo ghrá di
Ba ise a dhein an scrios
Und wüßten's die Blumen, die kleinen,
Wie tief verwundet mein Herz,
Sie würden mit mir weinen,
Zu heilen meinen Schmerz.

Und wüßten's die Nachtigallen,
Wie ich so traurig und krank,
Sie ließen fröhlich erschallen
Erquickenden Gesang.

Und wüßten sie mein Wehe,
Die goldnen Sternelein,
Sie kämen aus ihrer Höhe,
Und sprächen Trost mir ein.

Die alle können's nicht wissen,
Nur eine kennt meinen Schmerz;
Sie hat ja selbst zerrissen,
Zerrissen mir das Herz.

2016-12-10

Dán le Birgitta Jónsdóttir

FreedOM


Má fhiafraíonn tú díom faoi chreideamh
Déarfaidh mé leat gur creideamh gan ainm é
Ní bhainimse le heaglais ná le reiligiún ar bith
Ionad adhartha domsa é
Gach aon bhall sa chruinne
Ainmneacha uile na ndéithe an t-ainm atá ar dhia
Lastall de gach ainm
Is mar sin atá sé

Fiafraigh díom cad as a dtagaimse
Agus neosfaidh mé dhuit gur rugadh ar oileán mé
Ach bainimse le gach cine ar Domhan
Agus táim sa bhaile in áiteanna éagsúla an Domhain seo

Braithimse saoirse sna freagraí sin
Nílimse teanntaithe ag náisiúntacht níos mó
Ná ag reiligiún ná polaitíocht

M’áit dhúchais-se an pláinéad seo
Agus foinse mo chreidimh í an chruinne.

Féach For Icelanders, Poetry Is King

FreedOM

Wenn Sie mich fragen, nach dem Glauben
Ich werde Ihnen sagen, dass der Glaube anonym ist.
Ich benutze keine Kirche oder irgendeine Religion
Ort der Anbetung für mich
Ist Jede Wesenheit im Universum
Namen aller Götter des Namens Gottes
Steht hinter jedem Namen
So ist es

Fragen Sie mich, woher ich  komme.
Und ich will dir sagen, dass ich auf der Insel geboren wurde
Aber ich zu jedem  Volk auf der Erde gehöre,
Und ich bin zu Hause in verschiedenen Teilen der Welt

Spüren Sie die Freiheit dieser Antworten
Ich bin nicht nach Nationalitäten gefangen mehr
Nicht von der Religion oder Politik

Dieser Planet ist meine Heimat,
Und mein Glaube ist die Quelle des Universums.

Leagan Gearmáinise le Khalsa Singh

2016-12-09

Góstdamhsa


 

Góstdamhsa

le Sara Littlecrow-Russell

Cailleadh dhá chéad seachtó
Góstdamhsóir agus iad á shamhlú
Go mbáfaí an cine daonna
Faoi thuile peacaí Geala.

Ansan gheobhadh an domhan athnuaite
An chathair is an baile ar ais,
Is ní bheadh fágtha ach na Góstdamhsóirí
Agus iad siúd a mhaireann de réir an nádúir.

Deir na leabhair staire nach baol go dtarlódh sé.
Cailleadh an Góstdamhsa i dteannta na sinsear –
Scriosadh Wovoka
Agus a aisling bheannaithe.

Aon uair a mbíonn báisteach air
Amach liom ar an gcosán,
Áit a bhfuil an choincréit briste
Ag fréamhacha na gcrann
Is mé ag éisteacht le cogarnaíl an uisce:

“Ní fada uainn anois é.”

Ghost Dance

Sara Littlecrow-Russell

Two hundred seventy
Ghost Dancers died dreaming
That humanity would drown
In a flood of White sins.

Then the renewed earth
Would reclaim city and town,
Leaving only Ghost Dancers
And those who lived by nature’s laws.

History books say the threat is gone.
The Ghost Dance died with the ancestors—
Wovoka and his sacred dream
Were destroyed.

Each time it rains,
I go out to the sidewalk,
Where the tree roots
Have broken the concrete
Listening to the water’s whispering:

“It is coming soon.”

Χορός των Πνευμάτων


Διακόσιοι εβδομήντα
Χορευτές των Πνευμάτων πέθαναν με το όνειρο
Πως η ανθρωπότητα θα πνιγόταν
Σε έναν κατακλυσμό Λευκών αμαρτημάτων.

Έπειτα η αναγεννημένη γη
Θα ανακτούσε την πόλη και το κράτος
Αφήνοντας μόνο τους Χορευτές των Πνευμάτων
Και όσους έζησαν σύμφωνα με τους νόμους της φύσης.

Tα βιβλία της ιστορίας λένε πως ο κίνδυνος πέρασε.
O Xορός των Πνευμάτων πέθανε μαζί με τους προγόνους --
Ο Γουοβόκα και το ιερό του όνειρο
Είχαν καταστραφεί.

Κάθε φορά όταν βρέχει,
Βγαίνω έξω στο πεζοδρόμιο,
Όπου οι ρίζες των δέντρων
'Εχουν σπάσει το τσιμέντο
Aκούγοντας το σφύριγμα του νερού:

"Έρχεται γρήγορα"

Leagan Gréigise le Sarah Thilykou

Sara Littlecrow-Russell

 

2016-12-08

Haiku le Atsushi Azumi

Ceann de na téamaí is láidre i gcorpas ollmhór haiku na Seapáine agus an domhain mhóir is ea neamhbhuaine an tsaoil agus neamhbhuaine gach saghas feiniméin, téama a théann go croí ionainn mar go bhfreagraíonn sé dár gcónaí sealadach féin abhus.


冬の虹消えむとしたるとき気づく  安住 敦

fuyu no niji kientoshitaru toki kizuku
bogha ceatha geimhridh
tugtha faoi ndeara
is é ar tí dul as amharc

Atsushi Azumi

2016-12-07

Haiku le Issa ón mbliain 1818

gort á threabhadh...
bláthanna plumaí
brúite basctha

.畠打や足にてなぶる梅の花

hata uchi ya ashi nite naburu ume [no] hana


2016-12-06

É seo amháin

This Only

A valley and above it forests in autumn colors.
A voyager arrives, a map leads him there.
Or perhaps memory. Once long ago in the sun,
When snow first fell, riding this way
He felt joy, strong, without reason,
Joy of the eyes. Everything was the rhythm
Of shifting trees, of a bird in flight,
Of a train on the viaduct, a feast in motion.
He returns years later, has no demands.
He wants only one, most precious thing:
To see, purely and simply, without name,
Without expectations, fears, or hopes,
At the edge where there is no I or not-I.
 

Czesław Miłosz


É seo amháin

Gleann agus os a chionn foraoisí faoi dhathanna an fhómhair.
Tagann taistealaí, mapa a thugann ann é.
Nó cuimhne éigin seans. Tráth dá raibh faoin ngrian
Nuair a thit an chéad sneachta, is é ag marcaíocht sa treo seo
Bhraith sé ríméad, neart, gan chúis,
Ríméad na súl. Rithim na gcrann luaineach
Ab ea gach aon ní, éan ar eite,
Traein ar an tarbhealach, féasta gluaiseachta.
Filleann sé ar an áit tamall maith ina dhiaidh sin
Gan d’éileamh aige ach aon ní fíorluachmhar amháin:
Radharc simplí a fháil, gan ainm,
Gan tnúth, gan eagla ná dóchas,
Ar an imeall gan mise ná neamh-mhise ann.

 

(The Collected Poems, 1931-1987, trans. by Robert Hass)



Aυτό μόνο

Mια κοιλάδα και πάνω της δάση σε χρώματα φθινοπώρου.
Ένας ταξιδιώτης καταφθάνει, ένας χάρτης τον οδηγεί εκεί.
Ή ίσως η μνήμη. Μια φορά πριν από καιρό στον ήλιο,
όταν χιόνι έπεσε πρώτη φορά, προχωρώντας σε αυτόν τον δρόμο
αισθάνθηκε χαρούμενος, δυνατός, χωρίς αιτία,
Χάρμα οφθαλμών. Όλα ήταν ρυθμός
των δέντρων που εναλλάσονταν, ενός πουλιού σε πτήση
ενός τραίνου στην οδογέφυρα, μία κινούμενη πανδαισία.
Επιστρέφει χρόνια μετά, δεν έχει απαιτήσεις.
Θέλει μόνον ένα, το πιο πολύτιμο  πράγμα:
Να δει, καθαρά και απλά, χωρίς όνομα,
Χωρίς προσδοκίες, φόβους ή ελπίδες,
Στo όριο όπου δεν υπάρχει εγώ ή μη-εγώ.
  

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2016-12-05

Die Stadt/ An Chathair

File: Heinrich Heine
Cumadóir: Franz Schubert
Ar fhíor na spéire i gcéin
á nocht' mar radharc i gceo
an chathair 's a cuid túr ard
is an clapsholas ann mar dhreo

Corraíonn an leoithne úr-thais
an cúrsa uisce léith;
le rithimí gruama rámhaíonn
an bádóir mé 'dtí an ché

An ghrian ag éirí arís di
ag soilsiú aníos athuair
is léiríonn domsa an áit úd
ar imigh mo ghrá bán uaim.

Die Stadt

Am fernen Horizonte
Erscheint, wie ein Nebelbild,
Die Stadt mit ihren Türmen,
In Abenddämmrung gehüllt.

Ein feuchter Windzug kräuselt
Die graue Wasserbahn;
Mit traurigem Takte rudert
Der Schiffer in meinem Kahn.

Die Sonne hebt sich noch einmal
Leuchtend vom Boden empor
Und zeigt mir jene Stelle,
Wo ich das Liebste verlor

2016-12-04

Caoineadh

Ar an 4 Nollaig 1980, thánthas ar chorp Jean Donovan in uaigh gharbh gar do San Salvador agus ina teannta bhí triúr ban rialta, Maria Clarke, Ita Forde agus Dorothy Kazel. Éigníodh agus maraíodh go brúidiúil iad.
 
Dhein Adele Kenny caoineadh ar an uafás sa leabhar haiku Between Hail Marys (Muse Pie Press).

is fada é
a éamh sa bhrothall
éan trópaiceach

an chéad urchar
greadadh obann
sciathán

scal
ghréine
ar chroisín airgid

idir dha Áivé
blas
fola

as an uaigh
éiríonn
luan ceo

http://lens.blogs.nytimes.com/2014/11/15/deporting-human-rights-abusers/?_r=0

2016-12-03

Mantra chun an chonair a aimsiú


ਮੰਨੈ ਮਾਰਗਿ ਠਾਕ ਨ ਪਾਇ ॥
Mannai mārag ṯẖāk na pāe.
Má chreidimid ionainn féin, ní bheidh aon ní sa bhealach orainn

ਮੰਨੈ ਪਤਿ ਸਿਉ ਪਰਗਟੁ ਜਾਇ ॥
Mannai paṯ sio pargat jāe.
Nuair a chreidimid ionainn féin, tugaimid onóir dúinn féin

ਮੰਨੈ ਮਗੁ ਨ ਚਲੈ ਪੰਥੁ ॥
Mannai mag na cẖalai panth.
Nuair a chreidimid ionainn féin, ní bhíonn gá againn le deasghnátha creidimh beagmhaitheasa

ਮੰਨੈ ਧਰਮ ਸੇਤੀ ਸਨਬੰਧੁ ॥
Mannai ḏẖaram seṯī sanbanḏẖ.
Beidh creideamh ionainn féin mar fhíor-reiligiún againn

ਐਸਾ ਨਾਮੁ ਨਿਰੰਜਨੁ ਹੋਇ ॥
Aisā nām niranjan hoe.
Sin agaibh Ainm an Tiarna gan Smál

ਜੇ ਕੋ ਮੰਨਿ ਜਾਣੈ ਮਨਿ ਕੋਇ ॥੧੪॥
Je ko man jāṇai man koe.

An té a bhfuil creideamh aige agus eisean amháin a thuigeann an staid aigne sin

2016-12-02

Haiku le Issa ón mbliain 1819

Paul Villinski, féileacán déanta as cannaí beorach basctha

féileacán ag scinneadh thart -
gach orlach dem' bhothán
iniúchta aige


.蝶ひらひら庵の隅々見とどける

chô hira-hira io no sumi-zumi mitodokeru