2017-11-07

Haiku le Issa ón mbliain 1813

Cad a bhí ag titim amach sa bhliain 1813, seachas na gnáth-chogaí?
  • Rugadh an scríbhneoir Gearmánach Hebbel.
  • Rugadh an fealsamh Danmhargach Kierkegaard.
  • Rugadh Tomás Moriarty nó ‘Tomás an Éithigh’.
  • Rugadh an cumadóir ceoil Gearmánach Wagner.
  • Cailleadh Tecumseh, ceannaire Meirindiach.
  • Rugadh Verdi, cumadóir Iodálach.
  • Rugadh Büchner, scríbhneoir Gearmánach.
  • Rugadh Tomas Andrews, ceimiceoir Éireannach.

Cailleadh an sagart iontach Denis Taaffe faoina ndúradh an méid seo a leanas, 
‘And after alternately engaging in scenes of the grossest sensuality and the most abject poverty his powers were exhausted, he became debilitated in mind and body and after an illness of three weeks died a great penitent in August 1813 in the 56th year of his age, a melancholy mix of energy and weakness, of genius and profligacy.’

Agus sa bhliain 1813, chum Issa an haiku seo, i measc a lán eile:

 
ionad scíthe an phiasúin
an tráthnóna seo . . .
scrín bheag
 

.夕雉の寝所にしたる社哉


yû kiji no ne-doko ni shitaru yashiro kana

2017-11-04

Nirvana Shatakam


mano buddhi ahankara chittani naaham na cha shrotravjihve na cha ghraana netre na cha vyoma bhumir na tejo na vaayuhu chidananda rupah shivo'ham shivo'ham

Ní mé an aigne, an intleacht, an ego ná an chuimhne,
Ní mé na cluasa, an craiceann, an tsrón ná na súile,
Ní spás mé, ná talamh, ná tine, uisce ná gaoth:
Foirm an chomhfheasa agus na lúcháire mé,
Is mise Síve síoraí

na cha prana sangyo na vai pancha vayuhu na va sapta dhatur na va pancha koshah na vak pani-padam na chopastha payu chidananda rupah shivo'ham shivo'ham
Ní anáil mé, ná na cúig dúile,
Ní damhna mé, ná cúig thruaill an chomhfheasa
Ná ní urlabhra mé, ná lámha, ná na cosa:
Foirm an chomhfheasa agus na lúcháire mé,
Is mise Síve síoraí

na me dvesha ragau na me lobha mohau na me vai mado naiva matsarya bhavaha na dharmo na chartho na kamo na mokshaha chidananda rupah shivo'ham shivo'ham

Ní bhaineann ‘is maith-ní maith’ liom,
Ná saint ná seachrán,
Ní bhaineann mórtas liom ná éad,
Níl dualgas ar bith orm
Ná dúil sa mhaoin, sa drúis ná sa tsaoirse:
Foirm an chomhfheasa agus na lúcháire mé,
Is mise Síve síoraí

na punyam na papam na saukhyam na duhkham na mantro na tirtham na veda na yajnah aham bhojanam naiva bhojyam na bhokta chidananda rupah shivo'ham shivo'ham

Gan suáilce, gan duáilce, gan phléisiúr, gan phian,
Níl gá agam le mantra, le hoilithreacht,
Le scrioptúr, le deasghnáth,
Ní mé an t-eispéireas ná neach a raibh eispéireas aige:
Foirm an chomhfheasa agus na lúcháire mé,
Is mise Síve síoraí

na me mrtyu shanka na mejati bhedaha pita naiva me naiva mataa na janmaha na bandhur na mitram gurur naiva shishyaha chidananda rupah shivo'ham shivo'ham

Ní bhaineann eagla roimh bhás liom,
Sainaicme ná creideamh ar bith,
Níl athair agam ná máthair
Mar nár rugadh riamh mé,
Ní gaol le héinne mé, ná cara,
Ní oide ná dalta mé:
Foirm an chomhfheasa agus na lúcháire mé,
Is mise Síve síoraí

aham nirvikalpo nirakara rupo vibhut vatcha sarvatra sarvendriyanam na cha sangatham naiva muktir na meyaha chidananda rupah shivo'ham shivo'ham
Ní bhaineann déachas liom, éagruth é mo chruthsa,
Mairim gach áit, ar fud na gcéadfaí uile,
Níl ceangal orm, nílim saor ná i mo dhaor:
Foirm an chomhfheasa agus na lúcháire mé,
Is mise Síve síoraí

Adi Shankara

2017-11-03

Esta Muntanya D’enfrente

Féach ar an sliabh os mo chomhair


Féach ar an sliabh os mo chomhair
Soilsithe tá is tá sé á dhó:
Is ann a chailleas-sa mo ghrá
Im’ shuí atáim ag déanamh bróin.

Chuireas-sa crann, crann seasmaine
Chuireas an crann sin i mo ghairdín.
Chothaíos é is bhí sé ‘na sheasamh,
Pléisiúr á bhaint as ag cách.

Fanann mo shaol go léir ‘na rún
Rúin mo shaoil ina rúin,
Bíodh an spéir dom ina páipéar,
An mhuir bíodh ina dúch.

Is tá na crainn mar chleití dúigh,
Breacfaidh mise síos gach aon bhuairt,
Ní heol d’aon duine mé bheith i bpéin,
Ní thagann gaolta ar cuairt.
 

Esta Muntanya D’enfrente

Esta muntanya d'enfrente
S'asiende i va kemando.
Ayí pedrí al mi amor,
M'asento i vo yorando.

Arvoliko de yasimín,
Yo lo ensembrí en mi guerta.
Yo lo kresí, lo 'ngrandesí,
Otros s'están gozando.

Sekretos kero deskuvrir,
Sekretos de mi vida.
El sielo kero por papel,
La mar kero por tinta.

Los arvolés por pendolás,
Para eskrivir mis males,
No ay ken sepa mi dolor,
Ni ajenos ni parientes.

2017-11-02

Cloigíní Bhráisléad Murnáin

Balakrishna Bhagwant Borkar
Ba ar an lá úd a tháinig do chloigíní bhráisléad murnáin
Chugam agus a gcling bhog nach n-imeodh
Amach as an dorchadas athartha
Faoi bhun an chrainn bhainiain.

Thit ciúnas ar na coillte,
Chroith na duilleoga is d’fhan gan chorraí
Pé táimhe a bhí
Ar na seamaidí féir
Dhúisíodar go séimh.

Bhuail cloig an teampaill i gcéin
Mhaolaigh ar ghlugarnach na habhann
Ansin líon an dorchadas dlúth an t-aer
Le cumhracht
Tinte ealaíne na féile ag bláthú os ár gcionn
Lasadh gach póir dínn
Cuma rathúil ag teacht ar gach tuar
Is comhartha is ba neamhghnách gach uile cheann acu.

Lúcháir an tsonais ag éirí chun na scornaí
Arraing an bhróin ag sileadh ón tsúil
Deineadh seoda díobh is thosnaigh ag lonrú
Ba ansin tá a fhios agat
Gan fhios dúinn a d’fhásamar ina chéile mar aon.

Inár seasamh ansin le chéile
Agus caora bainiain anuas orainn
Ina gcith
Iompraíodh sinn go tír na n-iontas sa ré i gcéin
Éilísiam, Tír na nÓg.

Níl aon chuid de sin fágtha inniu
Tá mo shaol féin ag druidim chun deiridh
Ach ina dhiaidh sin is uile, go tobann
Cloisim na cloigíní bhráisléad murnáin.

Anois féin, braithim brúcht an ghrá
A chuireann freanga mhilis orm
Agus fiú anois dúisíonn an bhrionglóid mé.    
 

Balakrishna Bhagwant Borkar


ANKLET BELLS

(Paijana)


It was on that day that your anklet bells
With their soft, lingering jingle
Came to me from the fathering darkness
Under the banyan tree.

All the woods fell silent,
The leaves quivered and stood still
Over the blades of grass
In their drowsiness
There came a tender wakefulness.

Temple bells rang from afar
The river’s gurgle became subdued
The thickening darkness then
Filled the air with fragrance
Over us blossomed festive fireworks
Each pore was set aflame
Portents and omens all unusual
Started appearing auspicious.

The bliss of happiness surging to the throat
The pain of sorrow flowing from the eye
Turned into gems and started sparkling
It was then, you know
That all unawares we two grew into one.

As we stood there together
Exposed to the shower
Of banyan berries raining over us
We felt transported
To the charming world of the far-off moon
And the blissful field of Elysium.

Of all that, nothing remains today
My life itself is drawing to its close
Yet even now all of a sudden
I keep on hearing your anklet bells.

Even now I feel the flush of love
And a sweet shudder passes through me
Even now my very dream becomes my wide awakening.
 

(Translated by: Prof S. S. Kulkarni)

2017-11-01

Youngho Kang

lá eile
    guth eile
        haiku eile


            another day
    another voice
another haiku

2017-10-31

Graifítí an Lae: Kirkpatrick Sale

 Kirkpatrick Sale
Méadaíonn ar ainnise eacnamaíoch agus shóisialta i gcomhréir dhíreach le méid agus cumhacht rialtas láir an náisiúin nó an stáit.

2017-10-30

Stonehenge

Pete Turner (1934 -2017)
Stonehenge
is an ghealach . . .
comhrá ársa
Stonehenge
and moon . . .
ancient conversation
Το Στόουνχετζ
και το φεγγάρι...
αρχαία συνομιλία

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2017-10-29

dorchadas

Kon Markogiannis
sa dorchadas fiú
amhrán síoraí
an Fhéin
even in darkness
the endless song
of the Self
και στο σκοτάδι
τ' ατέλειωτο τραγούδι
του Εαυτού μας

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2017-10-28

Yorick

Kon Markogiannis (Thessaloniki)
fos ag déanamh grinn
gan amhras . . .
Yorick
still full of jest
no doubt . . .
Yorick
ακόμη κάνει αστεία
αναμφιβόλως ...
είναι ο Γιόρικ

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2017-10-27

Brúid Aisteach

Bagairt mé ar gach éinne a chastar orm

Ní luaithe san áit mé
ná go ndúntar doirse is fuinneoga
Nuair a fheiceann siad mé
iarrtar ar aíonna imeacht ar an dtoirt
Sleamhnaíonn siad óm' chaint
is féachann go himníoch ina dtimpeall
Titeann tost orthu
agus beartaíonn ar mé a ruaigeadh go grod

Gróigthe faoin mbord, seolann siad téacsanna
á rá le n'fheadar cé hé go bhfuilim tagtha
Glacann siad féiní im' theannta
is bailíonn leo
iad ag déanamh iontais dem' ghuth

Tá péire adharc péinteáilte ag duine éigin
os cionn mo bhlaoisce, is seó bóthair mé
Táim iompaithe im' bhrúid aisteach
ag duine éigin.

Perumal Murugan

2017-10-26

Gal is toit

níl sa saol
ach gal . . .
gal is toit
the world
is nothing . . .
a puff of smoke
le monde
n'est rien...
un souffle de fumée

Daniel Py a chuir i bhFraincis

2017-10-25

Dánta conspóideacha Vishnu Wagh, polaiteoir as Goa

Vishnu Surya Wagh

Sudhirsukt: Laoi na Sudhir

Vishnu Wagh

Sudhir mé
Balbhán ab ea mo sheanathair
Agus bhí allaíre ar m’athair
Is de bhunadh na tíre seo mé
A mbolg lán ag strainséirí
Agus ocras ormsa de shíor.
Ba cheart go mbeadh an tír seo
Ina scairdeán gaoise
Ina áit sin, sé Kashi an deiscirt é
Agus Parashuram faoi ndeara é . . .
Nuair a chloisimse an t-ainm sin
Tagann goimh orm
Eisean a thug péist na sainaicmí
Go Goa an chéad uair

XX
Is cosúil gur scaoil Parashuram saighead
Sa mhuir agus gur chúlaigh sí
Insíodh an scéal sin bliain i ndiaidh bliana
Agus cuireadh an dubh ina gheal ar an Bahujan Samaj
Leis an mbréag sin theastaigh uathu a chruthú
Gurb iadsan a chruthaigh an tír seo
A lucht an pheaca: más sibhse a bhí anseo ar dtús
Cérbh iad na Mahar, Bhandari, Kharvi, Pagi,
Gawda, Velip, Dhangar, Kunbi:
Cérbh iad?
Lena gcuid allais agus lena gcuid fola
A dheineadar torthúil an tír seo
Sea sea: sinne, na Sudhir

XX
Shábháil sibh ár mbeatha
Trí éisc na Saraswati a ithe
Chun tuilleadh iasc a ithe
Arbh éigin daoibh an tír seo Gomant a shlogadh?

XX
Chuir sibh deireadh
Leis an gcultúr bunaidh Airianach
Agus in áit na ndéithe neamhábhartha
Cuireadh isteach íola cloiche


XX
Bhí ar ár gcumas támhnéal a ruaigeadh
Is dul i dtámh, siúl trí thine
Labhairt aghaidh ar aghaidh
Le foirmeacha den dúlra a bhí beo
Ach sibhse le bhur nósanna Véideacha
Stróic sibh ár nasc srincne leis an timpeallacht
Dhíbir sibh
Na déithe is na bandéithe dúlra a d’adhramar
Is d’oscail teampaill
Na n-íol

XX
Pé dream a bhí i gcumhacht
Chuimil sibh mil leo
Agus nuair ba Kulkarni is Nadkarni sibh
Glanadh ár n-ainmneacha de na taifeadtaí
Agus le himeacht ama ba sibhse na tiarnaí talún
Agus sinne bhur searbhóntaí
Ó shin i leith is ag sclábhaíocht atáimid
Ar mhaithe libhse
Sea sea díreach é
Sinne, na Sudhir

XX
An snáth beannaithe ar bhur nguaillí
Timpeall ár mbásta a bhí an snáth seo againne
Ár bhfuinneamh caite againn
Ag bailiú bhur bpunann ríse
Agus d’itheamar go mall
An grán a thit, an fuílleach.
Mar shearbhóntaí bhíomar gan chumhacht
Ar thuarastal lae ba sclábhaithe sinn
Scuabamar bhur vearanda
Agus diamaint ag sileadh dár gclár éadain feadh an ama
Sea sea díreach é
Sinne na Sudhir úd

XX
Níl swami ar bith againne
Ná mainistir
Dúnta inár gcoinne atá sanctóir an teampaill
In bhur ndorn atá dia
Más éagsúil sibh is mar a chéile sibh
Bídís cothrománach nó ingearach
Is maith a oireann na comharthaí sainaicme
ar bhur gclár éadain do bhur stádas Mahajan
Sibh luite in aghaidh cholúin an teampaill
Fad is atá an rath á iompar ar na guaillí seo againne
Cead isteach agaibhse sa sanctum sanctorum
Is sinne ag crochadh thart lasmuigh
Libhse an prasad go léir ó cheart
Agus glúin i ndiaidh glúine
Gan faic ar an duilleog seo againne
Ach an fuílleach
Sea sea
Sinne na Sudhir

XX
Chuir sibh baracáidí thart ar dhaoine
Níor ith sibh ach éisc den scoth
Thaistil sibh ar bhóithre ríoga
Na bóithre seo againne lán de sclaigeanna
D’fhonn freastal ar na déithe
Dúirt sibh go dtógfadh sibh teampaill
Ach taobh leis na teampaill
Thóg sibh háraim
Iad siúd atá ag freastal ar na déithe
Iompaithe ina gcailíní rince agaibh
Cén cur amach atá ag an íol cloiche air seo go léir
Bhain sibh an-súp ar fad as an saol
Dhein cumhacht thiarnúil an reiligiúin
Chomh sotalach sin sibh
Gur chruthaigh sibh fiú amháin
Sochaí ab ísle fós ná na Sudhir
Ó, a aicme an mhí-áidh!
Tá an domhan athraithe.
Ar nós an fhéinics ón luaith
Is ag éirí atá siad anois
Mar sin féin braithim fós
Arraing uafásach im’ chroí
Ag smaoineamh dom ar bhur n-ainghníomhartha
Sea, sea
Is Sudhir sinn!

XX
Cruinníodh le chéile inár ndaimh sinn
Is cuireadh cuing orainn
Agus nuair a tugadh an fómhar isteach
Cic sa tóin a fuaireamar
Allas á chur againn sna goirt
Sibhse ag comhaireamh an airgid
Is milis é bhur mún fiú amháin
Is searbh í ár bhfuilne!
Nach cliste a bhí sibh:
Ár mbréid gabhail á fhliuchadh againne
Is an thigur á ithe agaibhse!
Mar sin féin tháinig eagla oraibh
Go n-iompódh ár ndorn in bhur gcoinne
Mar sin ghearr sibh na féitheacha rosta dínn
Gan trua gan taise
Sea, sea
Is Sudhir sinn

XX
B’fhéidir gur shíl sibh
Gurbh amadáin iad ár sinsir
Is nach lasfaí tóirse
Ar chosán dorcha
Tháinig meirg orainn is sibh ag satailt orainn
Deineadh moirt dínn ar nós ón gcnó caisiú
Agus sú ár mbeatha á bheiriú agaibh
Driogadh biotáille asainn
Bhí rith an rása agaibh
Traidisiún an éadóchais
A bhain le seanathair balbh, athair is allaíre air
Ina luí inniu sa reilig
Cuireann sé sin flosc chun troda orainn
Sea, sea
Sudhir sinn

XX
Ár seanghiobail againn á stróiceadh
Athionchollú nua foirmithe againn inár gcroí
Meallta súl ina lampaí
Lasfaimid coinnle de sholas na gealaí
Maidneachan oscailte atá uainn
Táimid bréan bailithe de na hoícheanta dorcha seo!
Dúinne an mantra Shambhukalo
Scríbhinní Tukaram
Deineadh lampa den solas
Agus guth a fuarthas ó Bhim!
Táimid chun na shastras a réiteach
Tá liú le clos ó gach taobh
Táthar ag súil le cath mór
Sea, sea
Is Sudhir sinn



XX

Má ta de mhisneach ionaibh
Aghaidh a thabhairt orainn
Scoiltfimid bhur mblaosc
Agus náireofar os comhair an tsaoil sibh!
Den chéad uair leis na cianta
Tá an chosmhuintir suaite
Tá cúiteamh uathu
Agus tá siad ag bualadh ar an doras . . .
Tilka fola ar a gclár éadain acu
An dorchadas á dhó ag tine bheannaithe
Támhnéal orainn, táimid réidh
Mar a bheadh pir buile
Agus léireofar ár neart don Bhrámanachas
Os comhair an tsaoil mhóir . . .
Iad siúd atá linn
Feicfidh siad nach thíos atáimid a thuilleadh
Ní toisc gur Sudhir sinn
Ach toisc gur mian linn maireachtaint mar dhaoine  . . .
Díreach mar dhaoine
Sinne  . . . an dream is cróga ar domhan
Sudhir sinn!


An Difríocht
Itheann siadsan éisc
Ithimidne éisc.

XX
Ólann siadsan
Ólaimidne
XX
Focálann siadsan mná
Focálaimidne mná leis.

XX
Bíonn folcadh acusan
Bíonn folcadh againne.
XX   
Tar éis sinn féin a ní
Bíonn siadsan glan.
Fanaimidne truaillithe, áfach


XX
Nó conas a ligfí isteach sa seomra urnaí iad
Is lámh a leagan ar Dhia
Agus sinne ag breathnú ón dtaobh amuigh
Gan baint a bheith againn leis?
Tá difríocht
Eadrainn.

XXX

Tuata
Níor thuigeas ar dtús na cleasa a bhí acu
Chun sainaicme a aithint,
Lá amháin thugas cuairt ar thigh carad.
Bhí uncail liom ina shuí sa vearanda.
Cuireadh in aithne dá chéile sinn.

XX
Wagh? Duine againn féin mar sin, a mhic?
Arsa Uncail is dhein gáire beag cairdiúil.
Bhí mearbhall orm.
XX
Chun nach mbeadh aon amhras orm a thuilleadh
Ar seisean ansin –
‘Tá tú gaolta ní foláir leis na Kamat Waghs as Ribandar.’
‘Níl,’ a deirimse.
‘As Karwar duit mar sin.’
‘Ní hea. De bhunadh Goa sinn.’
‘Dáiríre? Cén áit?’
‘As Dongrim.’
‘Caithfidh gur mahajan thú den teampall Ram mar sin.’
‘Ní hea. Is sati í an bandia seo againne.’

XX
Tar éis dó an méid sin ar fad a rá
Ní raibh Uncail céad faoin gcéad cinnte – mar sin ar sé –
‘Tá go maith, cén dia a bhaineann le bhur bhfine, abair liom.’
‘Siddhanath!’ a d’fhreagair mé.
‘De Shiroda?’
‘Sea.’
‘Ní GSB sibh mar sin?’
‘Ní hea, a Uncail, is Bhandari sinn.’

XX
Gháir Uncail os ard. Thosnaigh sé ag rá –
‘Ná bí buartha. Níl ann ach fiosracht.
Ní ghéillimidne do shainaicmí ná do chreidimh.
Seo, bíodh braon tae agat.
Bhfuil fhios agat: tá Goa thíos leis go mór
De dheasca na ndeighiltí seo idir dhaoine.
Cé atá ina Bhráman? Cé atá ina Shudhir?
Cén bhrí a bhaineann leis na difríochtaí sainaicme is creidimh seo?
Ba chóir dúinn a bheith tuata.
Caithfidh sochaí gan sainaicmí a bheith againn, tá’s agat?

XX
D’fhan sé ag faire orm
Ag súil le freagra.
Bhí mo cheann cromtha agam.
Ach le linn dom mo chuid tae a ól
Ní fhéadfainn mo shúile a bhaint
Den snáth beannaithe
Ar ghualainn m’Uncail.





Sainaicmí
Ní fhiosraíonn éinne anseo
Faoi shainaicme an duine eile
Ach aithníonn ciaróg
Ciaróg eile.
XX
Gawda eisean, Bandari é siúd
Kharvi eisean, Chari é siúd,
Vani eisean, Gawli é siúd
Madval eisean, Kansar é siúd
Mhalo eisean, Kalaikar é siúd,
Maratha eisean, Satarkar é siúd,
Chamar eisean, Mahar é siúd
Shet eisean, Kumbhar é siúd,
Tá aithne ag gach éinne ar a chéile.



XX

Ní luafar
Go hoscailte é
Ach mar a bheadh nathair is dhá cheann uirthi
Fanann cuachta suas
San eireaball.


XX
Táimidne ceart go leor ar aon chuma
Tá ceastaí laistigh de cheastaí ina measc siúd
Cuid acu cothrománach
Cuid acu ingearach
Ar aon nós
Bíonn ballaí idir bhallaí
GSB an duine seo, Chitrapur é siúd, agus is Bardezkar é an duine eile.


XX

An saghas amháin iad na sagairt ar a laghad?
Ina measc siúd leis faightear Chitpavan
Dravid cuid acu, nó Padhe
Agus Kirvont a thuilleadh fós.

XX
Bíonn sainaicmí ag daoine
An mbíonn daoine ag sainaicmí?
Ní bhaineann sainaicme ar bith le hocras
An mbíonn ocras ar shainaicme?
Bíonn dúil éigin
Arraing éigin ag gach sainaicme
Ach an mbaineann sainaicme ar bith
Le dúil, le harraing?

XX
Moladh go deo leis an gcunús lofa
A chuir tús le sainaicmí
Agus a thóg fálta
Thart ar chorpáin.











Cúlra an scéil anseo agus anseo i nuachtán na hIndia

2017-10-24

Litir dheireanach Sultana Daku go dtí a Mhac

A mhic,
fad is a bhí an dé im' scamhóga
is ag robáil a bhíos
le triocha bliain anuas;
nuair d'éirigh an robáil ródheacair dom
sciobas chomh maith agus d'fhéadfainn;
nuair nach rabhas in ann sciobadh ná robáil níos mó
chuas le dúnmharú;
nuair a bhí deireadh leis sin
chaitheas sealán an chrochadóra;
ná dearmad, beidh do thurnsa agat
le himeacht ama.
Is dual do pháiste sé bliana d'aois
gairm a athar a fhoghlaim i dtús a shaoil
ach cuimhnigh, ná cuir olc ar pholaiteoirí
tosnaíonn a bpáistí siúd ag foghlaim agus iad cúig bliana d'aois!


Gulzar

2017-10-23

Smaoineamh an Lae: Haidakhan Babaji

Haidakhan Babaji
Nuair a thagann leoin isteach san fhoraois, teitheann na hainmhithe eile. Mar a chéile, imeoidh gach drochsmaoineamh ach ainm an Tiarna a rá.

2017-10-22

Jason Symes

Jason Symes, Liffey skin
annalivia
abhainn na life . . .
sea
annalivia
abhainn na life . . .
yes

2017-10-21

Haiku le Issa ón mbliain 1824

sagart dall
is a bhabhla dearg  . . .
an ruaig á cur ar chuileog aige

.座頭坊や赤椀で蠅追ひながら

zato bô ya aka wan de hae oi-nagara

2017-10-20

Eistirín

(éist leis anseo)

Ár nEistirín, ní itheann feolta
Teach dá cuid féin teastaíonn óm’ stóirín

Ár nEistirín, Eistirín, Eistirín,
Eistirín, peata do mhamaí
Ná bí dána, ‘stóirín bán.

Chuaigh Eistirín ag triall ar uisce
Chun a grá geal féin a fheiscint
 
Ár nEistirín, Eistirín, Eistirín,
Eistirín, peata do mhamaí
Ná bí dana, ‘stóirín bán.
 
Chuaigh Eistirín ar an díon in airde
Cun radharc ‘fháil ar a stór ‘s a grá geal
  
Ár nEistirín, Eistirín, Eistirín,
Eistirín, peata do mhamaí
Ná bí dána, ‘stóirín bán.

Ár nEistirín chuir uirthi a cóta
Chun na hamharclainn’ léi is dócha!
  
Ár nEistirín, Eistirín, Eistirín,
Eistirín, peata do mhamaí
Ná bí dána, ‘stóirín bán.

Esturulu

Esturulu no kome karne,
porke kere kaza aparte.

Esturulu, 'sturulo, 'sturulo
Esturulu de la mama
no me tengaz dingun mal.

Esturulo se fue al pozo
para ver su bel hermozo.

Esturulu, 'sturulo, 'sturulo
Esturulu de la mama
no me tengaz dingun mal.

Esturulu se fue al tejado
para ver su enamorado.

Esturulu, 'sturulo, 'sturulo
Esturulu de la mama
no me tengaz dingun mal.

Esturulu se metio palto
para irse al teatro.

Esturulu, 'sturulo, 'sturulo
Esturulu de la mama
no me tengaz dingun mal

2017-10-19

Mar Éan a Eitlíonn sa Spéir




Mar éan a eitlíonn sa spéir,
Eitlíonn leis ó bhláth go bláth,
Dá mbeinnse fágtha liom féin
Ní bheadh eolas agam ar an ngrá.

Mar éan a eitlíonn sa spéir,
Eitlíonn leis ó bhláth go bláth,

Dá mbeinnse fágtha liom féin
Ní bheadh eolas agam ar an ngrá.

A shearc, a stóirín,
Ó mo shúile sileann deora.

Tá mo ghrá ina pheaca uafásach
Aingeal lonrach glé na háilleachta.


Tá do ghrá t’réis mé ‘dhó

Nuair a imíonn tú bím lán de bhrón.
A shearc, a stóirín,
Ó mo shúile sileann deora
Tá mo ghrá ina pheaca uafásach
Aingeal lonrach glé na háilleachta.


Tá do ghrá t’réis mé ‘dhó
Nuair a imíonn tú bím lán de bhrón.
 

Komo El Pasharó Ke Bola


Komo el pasharó ke bola,
I bola de flor en flor,
Si tú me deshavas sola,
No konosía yo el amor.

Komo el pasharó ke bola,
I bola d'en flor en flor,
Si tú me deshavas sola,
No konosía yo el amor.

T'amo, t'adoro
Yo por ti siempre yoro
Mi amor es pecado mizura
Andjel sos de la ermozura.

Tu amor m'enflamó
Yoro la tu despartisión.

T'amo, t'adoro
Yo por ti siempre yoro
Mi amor es pecado mizura
Andjel sos de la ermozura.

Tu amor m'enflamó
Yoro la tu despartisión.
 

2017-10-18

Graifítí an Lae: Leopold Kohr

Ní hamháin go réiteodh domhan mion-stát fadhbanna na brúidiúlachta sóisialta agus cogaidh, réiteodh sé fadhb an leatroim agus na tíorántachta. Réiteodh sé gach fadhb a eascraíonn as cumhacht.

2017-10-17

MÉ IÓNA / I AM JONAH


1
Is mé Ióna mac Aimití
cloisim guthanna
guthanna ón duibheagán
I am Jonah son of Amittai
I hear voices
voices from the deep

2
laistigh díom is lasmuigh
atá na guthanna seo
aithním iad is ní aithním

these voices are within
and without
familiar and strange

3
guthanna uisciúla ag glaoch orm
teangacha guairneáin
istigh ionam – beo!

watery voices calling to me
swirling tongues
alive – inside me

4
tostanna
nárbh eol dom cheana
ag leathnú amach go fíor na spéire i gcéin

silences
like I’ve never known before
extending to the far horizon

5
de chine eile mé . . .
dá réir sin
caithfear amach mé

of another race am I . . .
and therefore
I shall be cast out

6
cé hé an Tiarna
a chruthaigh na farraigí
agus an talamh tirim

who is the Lord
who made the seas
and dry land

7
guth faoileáin
ag gearradh tríom –
scréach bhreithe mo mháthar

the voice of a seagull
rips through me –
my mother’s birth cry

8
mise mise mise
faoi ndeara an stoirm mhór seo
mise amháin

it is I I I
I am the cause of this great storm
I alone

9
mise amháin a shuaimhneodh í
trí thumadh go domhain
i gcroí an dorchadais

only I can quieten it
by diving deep
into the heart of darkness

10
táim ag dul i laige
le giorra anála –
leanfad orm ag canadh

I grow weak
short of breath –
must go on singing

11
an dorchadas seo
cad é féin
an é m’athair é?

this darkness
what is it
is it my father?

12
an mise an dorchadas seo leis
an dorcha atáim
cá bhfuil colmán geal m’ainme

am I this darkness too
am I dark
where is the bright dove of my name

13
cad faoi ndeara don mhíol mór seo
trua a ghlacadh dom
is mé a shlogadh

why does this whale
take pity on me
and swallow me

14
an bolg seo an míol mór seo
cad . . . cé thú féin
an tú mo mháthair

this belly this whale
what… who are you
are you my mother

15
a mháithrín
mise atá ann – Ióna –
do choilmín

little mother
it is I – Jonah –
your little dove

16
an eitleoidh mé dhuit
a mháithrín dhil
an eitleoidh mé uait

shall I fly for you
dearest little mother
shall I fly away

17
féach, a mháithrín
táim ag eitilt
do mhíle súil ag breathnú orm

look, mother
I am flying
your thousand eyes watching me

18
tiarna na smugairlí róin
cad is ainm dó
a mháithrín, an eol duit

the lord of jellyfishes
what is his name
mother do you know it

19
an cuimhin leat, a mháithrín
mé ag snámh ionat
mo smig os cionn an aigéin chosmaigh

do you remember, mother
I swam in you
my chin above the cosmic ocean

20
cá bhfuilir anois
i measc na réalt
an léir duit mé led’ mhíle súil

where are you now
among stars
can you see me with a thousand eyes

21
cloisim thú
im’ bhuille croí féinig:
a Ióna a cholmáin, ar sé

I hear you
in my own heartbeat:
Jonah little dove, it says

22
fiú má éagann an ghrian
m’ainm á rá aige
m’ainm á rá

even though the sun may die
it says my name
says my name

23
Is mé Ióna mac Aimití
cloisim guthanna
guthanna ón duibheagán

I am Jonah son of Amittai
I hear voices
voices from the deep

 ~ críoch ~

2017-10-16

Cad is ea ár saol ar fad ach anáil?

Cad is ea ár saol ar fad ach anáil
i bhfochair an Leannáin

Abu-Said Abil-Kheir
(967 - 1049)


The sum total of our life is a breath

The sum total of our life is a breath
spent in the company of the Beloved.


Leagan Béarla Vraje Abramian

- as Nobody, Son of Nobody: Poems of Shaikh Abu-Saeed Abil-Kheir, Translated by Vraje Abramian

2017-10-15

Cá bhfuilimid?

Dán le Thomas A. Clark is ea The Hidden Place. Ní gnáthdhán é. I bhfoirm léarscáil na hAlban atá an dán seo agus in áit na logainmneacha tá frásaí mínithe a léiríonn cad is brí leis an logainm áirithe sin.

Feicimid fógraí bóthair ar fud na hÉireann anois agus uimhreacha orthu agus is gearr nach mbeidh cuimhne níos mó ar ainmneacha na mbailte fearainn, gan trácht ar a mbrí agus an stair a bhaineann leo. Ionsaí ar an stair, ionsaí ar an oidhreacht is ea a leithéid sin agus is ceart cur ina aghaidh go tréan.

Ní in Éirinn agus in Albain amháin atá filí buartha faoin meath seo. Duine de mhórfhilí na hIndia ab ea Dilip Chitre a dúirt an méid seo a leanas:

Ní mór dúinne filí ár n-éiceolaíocht agus ár ngnáthóg a bhrath i dtéarmaí teanga de agus gach a dtugann cothú don teanga. Ba chóir go mbeadh alltacht orainn faoin gcreimeadh atá ar siúl ar cháilíochtaí áitiúla agus réigiúnacha, bás na gcanúintí, traidisiúin béil ag meath agus an béaloideas ag dul i léig.
I gcás na hAlban de, is mósáic cheart í stair na logainmneacha: chaithfeá tús áite a thabhairt do Ghaeilge na hAlban, ar ndóigh, ach gan dearmad a dhéanamh ar na dreamanna a chuaigh rompu, na Cruithnigh, abair, chomh maith leis na teangacha eile a d’fhág a lorg ina ndiaidh, Lochlainnis, Fraincis, Laidin agus Béarla na hAlban.

Creideann Clark gur cuid dá dhualgas mar fhile é a fháil amach cá bhfuilimid go díreach agus gan a bheith inár zombaithe i dtírdhreach aineoil.

Chun a cheart a thabhairt do Wikipedia, má lorgaíonn tú eolas ar bhailte na hAlban, tabharfaidh siad an bunleagan duit chomh maith leis an leagan Gallda: Airdrie, cuir I gcás:

(/ˈɛərdri/; Scottish Gaelic: An t-Àrd Ruigh).

Níl an sampla sin ródheacair ach cad faoi Lanark? Deir Wikipedia: Lanark (/ˈlænərk/; Scottish Gaelic: Lannraig,[2] Scots: Lanrik)[3] is a small town in the central belt of Scotland. The name is believed to come from the Cumbric Lanerc meaning "clear space, glade". Agus is é is brí le Pollockshaws ná lochán beag sna coillte.



Is togra mór é The Hidden Place – ní dán amháin é -  agus ba mhaith leis an bhfile a chuir tús leis an togra, Thomas A. Clark, comharthaí bóthair a chur á dtógáil ar fud na hAlban a inseoidh don taistealaí cá bhfuil sé go díreach agus an cúlra iontach a bhaineann leis an logainm.

Is léir ón dán seo leis (a d’aistríos ón mBéarla) gur foinse inspioráide dá chuid filíochta leis iad na logainmneacha:

coire fhionn lochan

Thomas A. Clark


slaparnach na dtonnán
Thomas A .Clark
[Grianghraf: Scottish Poetry Library)

briseadh na dtonnán
leathnú na dtonnán
díomhaointeas na dtonnán

lapadaíl na dtonnán
síothlú na dtonnán
cruinniú na dtonnán
borradh na dtonnán

crith na dtonnán
damhsa na dtonnán
sos na dtonnán
claon na dtonnán

léim na dtonnán
scriobláil na dtonnán
portaireacht na dtonnán
glioscarnach na dtonnán

preab na dtonnán
fánaíocht na dtonnán
rith na dtonnán
splais na dtonnán

2017-10-13

Is tú mo rós


Is tú mo rós

Is tú mo rós, is tú mo rós,
bláthaíonn i mo chuid smaointe,
an ghealach éiríonn an-dorcha
an mhuir is dubh ar fad í.

Labhair liom a chailín, labhair le grá,
Is féach, sa tine seo a stóirín
Tá buachaill óg chun bás a fháil
Níor dhein aon rud riamh a bhí fónta.

Is deirimse ‘mallacht ar ghrá’
Mar nach bhfuil sé uaim níos mó,
Tá mé tuirseach bréan den morena
Is in áit an ghrá níl ann ach brón
 

Kondja mia

Kondja mia, kondja mia,
chichek de mi kavesa,
la luna me s'eskoresio
la mar se izo preta.

Avlame ninya kon amor,
mira k'esto en el fuego,
se va muerir un mansevo
ke no vido nada de bueno

Yo djurava i dezia
ke non i mas el amor,
fue kavzante una morena
ke a mi me izo enflamar
 

2017-10-12

An Mahamantra (Mantra Mór)


Ar chloisteáil fhliúit Sri Krishna dóibh, gluaiseann tairbh, bólacht agus fianna Vrindavana faoina dhéin. Níl siad in ann an féar a chuireadar ina mbéal a shlogadh, seasann siad go ciúin, a gcluasa ar bior agus iad ar nós ainmhithe i bpictiúr. 

Srimad-Bhagavatam 10.35.5


An toradh atá ar chantaireacht ná go ndúisítear grá do Krishna ionainn agus blaisimid den lúcháir tarchéimnitheach. Sa deireadh, i gcomhar le Krishna a bhímid agus ag freastal Air go deabhóideach ar nós a bheith tumtha i móraigéan grá. 

Sri Caitanya

2017-10-11

AN CHATALÓIN/ CATALONIA

catalonia…
one must take a stand…
now
an chatalóin…
caithfear seasamh a ghlacadh…
anois

as an Muttollayiram


Féach ar dhoirse na sráide seo!
Insí ídithe orthu go léir.
Máithreacha á síordhúnadh
iníonacha á síoroscailt.
Tarlaíonn sé sin
aon uair a dtagann an prionsa Kothai,
bláthfhleasca úra á gcaitheamh aige,
ar muin capaill láidir:
síos an tsráid leis
is na cailíní sceitimíneacha
amach leo chun radharc a fháil air.


 

2017-10-10

Thugas liom an pocán íobartha

Thugas liom an pocán íobartha
Go dtí an carn féir, duilleog is coirte

Dearmad déanta aige ar an dícheannadh deireanach
Ach mar bhláthfhleasc fós tá marc ar a mhuineál.

Joy Goswami


2017-10-09

Mantra scriosta an ego


Gan ar mo chumas achainí a dhéanamh, gan ar mo chumas tabhairt uaim.

Gan ar mo chumas a bheith beo, gan ar mo chumas bás a fháil.

Gan ar mo chumas rialú, le maoin is le cumhachtaí rúnda aigne.

Gan ar mo chumas tuiscint iomasach a fháil, gaois spioradálta ná machnamh a dhéanamh.

Gan ar mo chumas an bealach a aimsiú chun éalú ón saol.

Eisean amháin atá in ann. É ag faire ar an uile ní.

2017-10-08

Graifítí an Lae

Tuig nach bhfuil éinne in ann saoirse a bhronnadh ort.
Ciste is ea saoirse a chaithfear a ghoid.

Mark. L. Mirabello


2017-10-07

Seanfhocail Choncáinise

1. Aang udkan nitodd, mon sottan nitodd.
Uisce a ghlanann an cholainn, fírinne a ghlanann an aigne.

2. Ambuss khaleale golleant karchata.
 Ith bia searbh, beidh tochas i do scornach.

3. Bhikareache kottent kavllo haglo.
Thit cac préacháin i mbabhla an bhacaigh. 

4. Boil sanddleleachea kanant vaztat ghantti.
An té a chaill tarbh, cloiseann sé cloigíní bó.

5. Chorachea monant channecho dubav.
Bíonn an gadaí amhrasach faoi sholas na gealaí.

6. Fest korta ganv, prisdentichem nanv.
Féile ag an mbaile, bualadh bos don mhéara.

7. Ghor-mogreak pormoll na.
Níl boladh ón tseasmain i do ghairdín féin.

8. Girest soro pielear alegr, gorib pielear bebdo.
Má ólann fear saibhir, is duine uasal é.
Má ólann fear bocht, is meisceoir é.

9. Hagrea fuddem vagrem khainchem?
An té a bhfuil a mhún air, is cuma leis má tá tíogar ar na gaobhair.

10. Handdir asa cheddo, sodta soglo vaddo.
Tá a maicín ar a cromán agus é á lorg ar fud an bhaile aici.

11. Undrachea ragan ghorak uzo lailo.
Chun ceacht a mhúineadh don luch, dhóigh sé an tigh go talamh.

13. Mov mellta thuim konnui khonddta.
D’fhéadfadh éinne bogach a thochailt.

14. Padricho sermao vhoneik nhoi.
Ní bhaineann seanmóir an tsagairt lena dheirfiúr chéile.

5. Thevoiachem ghor soddanch ponvta.
Bíonn an braon anuas i dtigh an tsiúinéara.

16. Xennantlo kiddo xennantuch urta?
An phéist sa bhualtrach, an mbeidh sí mar sin go deo?

17. Zango dakhoun faleam korop.
Leannán a chur abhaile le bánú an lae is gan ach na ceathrúna feicthe aige.


(Buíochas le Jose Lourenco)

2017-10-06

Tanka

Rogier van der Weyden
an smaoiníonn tusa ormsa anois
mar a smaoinímse ortsa
gan focal a rá sa chiúnas
atá tarraingthe agat
eadrainn
are you thinking of me now
as I think of you
wordlessly in the silence
you have drawn
between us
penses-tu à moi maintenant
comme je pense à toi
sans mots dans le silence
que tu as tiré
entre nous

Leagan Fraincise: Daniel Py

2017-10-05

William Turner

William Turner
camhaoir dhearg na saoirse!
parlaimint na breataine
ar bharr lasrach


aube rouge de la liberté!
le parlement britannique
s'enflamme

Leagan Fraincise: Daniel Py

2017-10-04

Don Hong Oai

Don Hong Oai
ná fág rian…ar bith
id' dhiaidh… rian
ar bith
leave no trace
behind… no trace
nothing
ίχνος σου μην αφήνεις
πίσω... τίποτα
ίχνος κανένα

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2017-10-03

Cé hé féin?

Laxmanrao Sardessai (1904 -1986)
Cé hé féin, athraíonn páirtithe
Mar a athraíonn caimileon a dhath, grabhróga aráin
Á lorg aige ó na rialaitheoirí
Agus é ag seanmóireacht faoina bhfuil i ndán do Goa?
Tírghráthóir é an rógaire sin!


Cé hé féin
Agus cuma gheilitíneach air,
In airde ansin i gcónaí
Ar nós Gobharnóra ón am atá thart,
Agus súp á bhaint ag a anam
As brocamas na gcarn aoiligh,
É beo ar bhuanna a pháirtí
An pobal a scanraíonn é á sheachaint aige de shíor?
Polaiteoir tírghrách é siúd!

Cé hé siúd, é ag caint ar an sóisialachas,
Ag teacht i dtír ar na hoibrithe sna mianaigh aige
Agus a thuilleann in aon lá amháin
Níos mó ná mar a thuilleann na hoibrithe go léir in aghaidh na bliana?
Is sóisialaí é siúd!




Cé hé siúd agus é ag caint ar shaoltacht
Agus é lán de ghothaí
A mhaslaíonn
A dheartháireacha Críostaí?
Daonlathaí saolta é siúd!

Cé hé siúd agus é ag caint
Leis an bpobal is leis na gnáthdhaoine
Nach bhféachann riamh orthu
Agus a chaitheann a chuid ama i mbun siamsaíochta le toscaireachtaí?
Ceannasaí an pháirtí é siúd, a léitheoir!

Ce hé siúd, an t-ainbhiosán,
Ag spraoi le paisin pholaitíochta,
Is le pobaldachas fiú is córas na sainaicmí,
Is fanaiceacht chreidimh,
Agus a íslíonn a mhuintir féin?

Sin é an tabharthóir is mó atá agat, a chara,
Agus le himeascadh is gearr go mbronnfaidh sé
Na flaithis orainn!

 

Who is That?

- Who is that, changing parties
   Like a chameleon changes color, begging
   The rulers for breadcrumbs
   And philosophizing about Goa's destiny?
– That scoundrel is a patriot!

– Who is that, with
   A gelatinous expression,
   Always hanging over us
   Like a Governor from the old days,
   While his spirit delights
   In the filth of dung heaps,
   And who subsists on his party's glories
   And always fears and avoids the people?
– That is a patriotic politician!

– Who is that, who speaks of socialism
   And exploits those who work in his mines
   And earns, in one day,
   More than all the workers do in a year?
– That is a socialist!

– Who is that, who speaks and gestures
   When dealing with secularism
   And throws buckets of insults
   Over his Christian brothers?
– That is a secular democrat!

– Who is that, who while speaking to
   The people and the masses
   Never looks at them
   And spends his time entertaining delegations?
– That is your party's chief, reader!

– Who is that, who, being ignorant,
   In politics plays with passions,
   And even communalism and the caste system,
   And religious fanaticism,
   And degrades his people?

– That, friend, is your greatest benefactor
   And with integration, he will soon
   Be the bearer of paradise!

(D. A. Smith a chuir Béarla air)

2017-10-02

Erin Trieb

Grianghraf: Erin Trieb
tá róisín buí
in Texas…
is táim chun í a fheiscint
there's a yellow rose
in Texas…
that I'm gonna see

2017-10-01

Boladh an Dúlra

Boladh an Dúlra

R. S. Bhaskar


Boladh cré
Ón mbáisteach
I mí Ashad

Boladh ríse
Ó na tonnta
I mí Bhadrapad

Boladh torthaí
Ón ngaoth
I mí Vaishak

Boladh an dóchais
Ó allas
An fheirmeora
I gcónaí.
 

THE SMELL OF NATURE                                         

R. S. BHASKAR (Saimacho Vas )


In Ashad 1
The rains
Smell of earth

In Bhadrapad 2
The waves
Smell of paddy

In Vaishak 3
The wind
Smells of fruits

The sweat
Of the farmer
Smells of hope
Always.

[1,2,3: Míonna ón tréimhse Sakha era]

( R. S. Sriniwas a chuir i mBéarla)

2017-09-30

Gairm ó Dhia

GOTTES RUF


Gott ruft mich
Ich sage, schrei mich nicht an
Gott schreit mich an
Ich kann es nicht hören
Ich höre es nicht
Und ob es zu laut ist
das kann ich nicht wissen
Das weiβ ich nicht
Drum bin ich ohne Ruf
Und gehe taub durch diese Welt
Mit offenen Ohren
in die nichts hineinweht
Eine Leere, die ich spazieren führe
durch dieses Leben
Ein Eimer ohne Boden

D.H. OTTN



Gairm ó Dhia

Glaonn Dia orm
Arsa mise, ná béic orm
Béiceann Dia orm
Nílim in ann é a chlos
Ní chloisim é
Má tá sé ró-ard
Ní bheidh fhios agam
Níl fhios agam
Táim gan ghairm dá réir sin
Agus imím liom im’ bhodhrán
Mo chluasa ar oscailt agam
Is faic ag séideadh tríothu
Folús a thugaim liom ag siúl
Tríd  an saol seo
Buicéad gan tóin

D.H. OTTN
https://www.sargasso-magazine.com/issues/ii-2017/


2017-09-29

Mantra Rúnda na Misteach

Om Puurnnam-Adah Puurnnam-Idam Puurnnaat-Purnnam-Udacyate Puurnnasya Puurnnam-Aadaaya Puurnnam-Eva-Avashissyate |

OM, is Purna (lán den Chomhfhios Diaga)

É Sin (An Domhan Seachtrach):

Is Purna leis é Seo (An Domhan Inmheánach)

As Purna a eascraíonn Purna

2017-09-28

A Naofacht, an Pápa/ His Holiness, the Pope

A Naofacht, an Pápa Vúdú Houngwe Towakon Guedehoungu

Beannaigh mé
lena bhfuil agat
fuil an choiligh!
táimse ullamh
agus beannaigh mo charasa, Derry,
a bhfuil sólás de dhíth air
Áiméan
 

His Holiness, Voodo Pope Houngwe Towakon Guedehoungu

Bless me,
with whatever you’ve got
the blood of a cockerel!
I am ready
and bless my friend, Derry,
who is in need of comfort
Amen

2017-09-27

Ar Thraein

Bhí jab agam, is bhí cailín
Bhí rud éigin agam, mister, i mo shaol
Chailleas mo jab sa chlós adhmaid faraor
Shearg ár ngrá, bhí sé dian
Oibrím anois ag ní gluaisteán
Agus uisce de shíor ón spéir
Is nach mothaíonn tú mar phaisinéir leat féin ar thraein.

Ar sise, ‘Jó, slán leat go fóill
An rud ‘bhí ann, níl sé eadrainn níos mó’
Bhíos-sa fágtha ‘na diaidh im’ chadhan
Cheannaigh sí ticéad ar an Central Line
Is mé fá shuan, gabhann feadaíl i mo chluasa
Mothaím a póg ina ceo ón spéir
Is mothaímse i mo phaisinéir liom féin ar thraein

Aréir do chual’ do ghuth
Tú ag caoineadh, caoineadh, tú leat féin go deo,
Á rá nár shearg riamh do ghrá
Is tú ag feitheamh liom, a stór
Chuireas orm seaicéad, ritheas tríd an gcoill
Ritheas is mheasas go bpléascfainn faoi dhó
Is faoin ngealach, ár dteach ag lonrú
B’eo mé tríd an gclós, tríd an doras do réab,
Mo cheann lán de phian, an staighre liom suas,
An seomra dubh, an leaba folamh
Ansin chuala fead ag geonaíl
Ar mo ghlúine do thit, chrom mo cheann is chaoin.

Ag luascadh oird a bhímse leis an iarnród
Trascheangail á leagan, is uisce ón spéir
Is nach mothaíonn tú mar phaisinéir leat féin ar thraein.


Downbound Train

I had a job, I had a girl
I had something going mister in this world
I got laid off down at the lumber yard
Our love went bad, times got hard
Now I work down at the carwash
Where all it ever does is rain
Don't you feel like you're a rider on a downbound train

She just said "Joe I gotta go
We had it once we ain't got it any more"
She packed her bags left me behind
She bought a ticket on the Central Line
Nights as I sleep, I hear that whistle whining
I feel her kiss in the misty rain
And I feel like I'm a rider on a downbound train

Last night I heard your voice
You were crying, crying, you were so alone
You said your love had never died
You were waiting for me at home
Put on my jacket, I ran through the woods
I ran till I thought my chest would explode
There in the clearing, beyond the highway
In the moonlight, our wedding house shone
I rushed through the yard, I burst through the front door
My head pounding hard, up the stairs I climbed
The room was dark, our bed was empty
Then I heard that long whistle whine
And I dropped to my knees, hung my head and cried

Now I swing a sledge hammer on a railroad gang
Knocking down them cross ties, working in the rain
Now don't it feel like you're a rider on a downbound train

2017-09-26

Nebraska


Chonac í ar an bhfaiche tosaigh
A baitín ’na roithleán
Chuamar beirt, ag marcaíocht, sir
Is fuair deichniúr gan pheaca bás.

D’fhágamarna Lincoln, Nebraska
Agus gunna teasctha ar mo ghlúin
Go dtí na drochthailte, Wyoming,
Dheineas slad agus mór-mharú.

Níl aon chathú orm ná brón
As an méid ‘tá curtha i gcrích
Ar a laghad ar feadh tamaillín
Le bheith fíor bhí sé lán de spraoi.

An bhreith a tugadh ná go rabhamar ciontach
Is dúirt an breitheamh go bhfaighinnse bás
Meán oíche i stóras príosúin
Is strapaí leathair orm á bhfásc’.

Sheriff, ag nóiméad na fírinne
Mo mhuineál snaptha siar
Le do thoil bíodh m’ainnir ghleoite
Ar mo dhá ghlúin bhocht’ ina suí.
Ní don saol seo mé dar leosan
San fholús ollmhór beidh m’anamsa ar ball:
Cén fáth a ndearna mé gach a ndearna mé
Bhuel, sir, is suarach an saol é ‘ndeireadh thiar thall.


Nebraska

I saw her standing on her front lawn
Just twirling her baton
Me and her went for a ride, sir
And ten innocent people died

From the town of Lincoln, Nebraska
With a sawed off .410 on my lap
Through to the badlands of Wyoming
I killed everything in my path

I can't say that I'm sorry
For the things that we done
At least for a little while, sir
Me and her we had us some fun

Now the jury brought in a guilty verdict
And the judge he sentenced me to death
Midnight in a prison storeroom
With leather straps across my chest

Sheriff, when the man pulls that switch, sir
And snaps my poor head back
You make sure my pretty baby
Is sitting right there on my lap

They declared me unfit to live
Said into that great void my soul'd be hurled
They wanted to know why I did what I did
Well sir I guess there's just a meanness in this world

2017-09-25

Saolaíodh chun Reatha Sinn (Born to Run)

Rith an lae sea bíonn an t-allas te linn is an bhrionglóid Mheiriceánach ar strae,
Istoíche bímse in árais na glóire, meaisín auto da fé
Ag léim as cás ar Highway 9, cróm-roth, gás go béal is ag seasamh amach thar lín’
Whoah, béibí, san áit seo stróictear cnámh ón droim, tá an bás chugainn, tá nó féinmharú, ní mór dúinn éalú is sinn óg,
Is bacaigh sinn, is saolaíodh chun reatha sinn,
Ó sea, a stór

Wendy, le do thoil, is mian liom bheith mór leat, is do chuid físeanna a chosaint,
Cuir do chosa thar an gciumhais veilbhit, do lámha figh thar mo chuid inneall,
Le chéile d’fhéadfaimis éaló, chun reatha gan stad, béibí,  gan filleadh go deo,
Whoah, tar is siúil liom amuigh ar an sreang
Mar, béibí, níl ionam ach tiománaí uaigneach, ach tá an mothúchán sin uaim,
’Fháil amach an fiáin atá grá, béibí, bhfuil sé fíor mar atá á rá,
Ó an léireofá –
Anois!

Lastall den Phálás, ladrainn ag béicíl síos an búlbhard,
Cailíní ag cíoradh gruaige i scáthán, is buachaillí mar Gheingis Cán,
An pháirc siamsaíochta ag éirí go lom, páistí gróigthe ar an trá, i gceobhrán,
Is mian liom bás ‘fháil leat, Wendy, ar an tsráid anocht i bpóg a mhairfidh go brách.
Huth!

Aon, dó, trí, ceathair!

Laochra briste ar an mbealach mór, seans eile acu bheith i gcumhacht,
Gach éinne amuigh ar an raon anocht, ach féach thart níl aon éalú
Le chéile, Wendy, beimid beo ar an uaigneas, beidh grá agam duit le gealtachas m’anama
Whoa, lá éigin, n’fheadar cathain,
Táimid chun a bheith san áit sin is mian linn a bheith ann, agus siúl ann faoin ngréin
Go dtí sinn, bacaigh sinn, béib, saolaíodh chun reatha sinn
Á, stóirín, bacaigh sinn, saolaíodh chun reatha sinn
Seo leat, Wendy, bacaigh sinn, béib, saolaíodh chun reatha sinn

Whoah whoah whoah-whoah
Hmm hmm hmm-hmm
Ó-ó ó whoah whoah whoah-whoah
Whoah ó ó ó whoah
Hmm hmm hmm-hmm
Whoah whoah whoah-whoah
Whoah whoah whoah-whoah
Whoah ó ó ó whoah

2017-09-24

Durme Durme Mi Andjeliko

Codail codail, a aingilín liom


Codail codail, a aingilín liom
 a mhaicín bhídeach de shliocht do thír’
Créatúirín beag de Shíón
Taithí níl agat ar phian.

Cén fáth m’ainm ag teastáil uait
Cén fáth nach gcanaim duit
Á, ghearradar mo chuid sciathán
Is chuir mo ghlór ina thost.
Á, an domhan seo lán de bhrón.


Codail codail, a aingilín liom
a mhaicín bhídeach de shliocht do thír’
Créatúirín beag de Shíón
Taithí níl agat ar phian.

Cén fáth m’ainm ag teastáil uait
Cén fáth nach gcanaim duit
Á, ghearradar mo chuid sciathán
Is chuir mo ghlór ina thost.
Á, an domhan seo lán de bhrón.

Codail, codail
Créatúirín beag de Shíón.

Durme Durme Mi Andjeliko

Durme durme mi andjeliko
Ijiko chico de tu nasion
Kriatura de Tsion
No konoses la dolor

Porke nombre a me demandas
Porke no kanto yo
Ah, kortaron las mis alas
I mi boz amudesio
Ah, el mundo de dolor

Durme durme mi andjeliko
Ijiko chico de tu nasion
Kriatura de Tsion
No konoses la dolor

Porke no me demandas
Porke no kanto yo
Ah, kortaron las mis alas
I mi boz amudesio
Ah, el mundo de dolor

Durme, durme...
Kriatura de Tsion

2017-09-23

TÍR TAIRNGIRE: TIONSCADAL BRUCE SPRINGSTEEN THE PROMISED LAND: THE BRUCE SPRINGSTEEN PROJECT

Tá cáil i bhfad agus i ngearr ar Bruce Springsteen. Tá clú ar a bheoléirithe paiseanta agus is cumadóir amhrán thar na bearta é. Baineann sé leas as ceol rithim agus gormacha, snagcheol, luath-racanról, ceol tíre agus soul. Cruthaíonn a chuid liricí rómánsacha fileata íomhánna dúinn de shaol na cosmhuintire, tírdhreacha uirbeacha New Jersey agus réigiúin láir Mheiriceá.

Tabharfaidh TÍR TAIRNGIRE:TIONSCADAL BRUCE SPRINGSTEEN ar aistear sinn, ar imram, go dtí 'tír tairngire' an amhránaí chun na físeanna aige a bhlaiseadh ó albaim ar nós Darkness on the Edge of Town, Nebraska agus The Ghost of Tom Joad. Is iad na hoirfidigh atá i mbun an aistir seo ná Liam Ó Maonlaí, guth agus pianó; Steve Cooney ar ghiotár, Nick Roth ar shacs; Robbie Perry i mbun cnaguirlisí agus Trevor Hutchinson ar dhord. Gabriel Rosenstock  a thraschruthaigh na liricí. Margaret Lonergan a theilgfidh a cuid íomhánna agus na focail ar scáileán. Arna léiriú ag IMRAM Féile Litríochta Gaeilge.

Bruce Springsteen is legendary. Famed for his passionate live performances, he is a songwriter par excellence. His work taps into rhythm and blues, jazz, early rock 'n' roll, folk and soul. His romantic, poetic lyrics evoke the lives of working people, the urban landscapes of New Jersey, and the heartlands of contemporary America.

THE PROMISED LAND: THE BRUCE SPRINGSTEEN PROJECT takes us on a voyage to the 'promised land' of Springsteen's vision, drawing on albums such as Darkness on the Edge of Town, Nebraska and The Ghost of Tom Joad. The line-up features Liam Ó Maonlaí on vocals and piano; Steve Cooney on guitar; Nick Roth on saxophone; Robbie Perry on percussion and Trevor Hutchinson on bass. The lyrics have been translated into Irish by Gabriel Rosenstock. Screen projections by Margaret Lonergan. Produced by IMRAM Irish Literature Festival.


DÉ CEADAOIN 11 DEIREADH FÓMHAIR
Wednesday 11 October 8.00pm
PAVILION THEATRE, Dún Laoghaire
Cead isteach/admission: €22/20
Booking (01) 231 2929
or www.paviliontheatre.ie

Bímis Dlúth (Cneas re Cneas)


Bímis Dlúth (Cneas re Cneas)

Táim ag faire ort ‘feadh i bhfad
Cén t-am ab fhearr cén áit, dar leat
Sinn ag teannadh linn ‘nois gan stad
Agus d’fhéadfaimis seans a bheith cneas re cneas

Ní fios an dtiocfaidh an seans arís
Níl craic ar bith amuigh ansin gan a chríoch
Ní fios an dtiocfaidh an seans arís
Níl craic ar bith nach n-imeoidh i ndísc
Bímis dlúth, dlúth le chéile, [a] mhian.

Sea táimid éagsúil, tá a ghrá
Ní hionann é ár leagan siúil
Is stair a bhfuil laistiar dínn caithfear a rá
Yé, cuir focal i mo chluas.

Ní fios an dtiocfaidh an seans arís
Níl craic ar bith amuigh ansin gan a chríoch
Ní fios an dtiocfaidh an seans arís
Níl craic ar bith nach n-imeoidh i ndísc
Bímis dlúth, dlúth le chéile, [a] mhian.

Dú, dú dú dúú dú dú dú dúú
Dú, dú dú dúú dú dú dú du dúú
Dú, dú dú dúú dú dú dú dúú
Bímis dlúth
Dú, dú dú dúú dú dú dú dúú
Dú, dú dú dúú dú dú dú dúú
Bímis dlúth . . .

Bhuel tá caint go leor mar gheall ort
Lig dóibh labhairt, níl éinne eile ach tú
Tá ballaí go leor le leagan fós
D’fhéadfaimisne iad a leagan, ceann ar cheann.

Ní fios an dtiocfaidh an seans arís
Níl craic ar bith amuigh ansin gan a chríoch
Ní fios an dtiocfaidh an seans arís
Níl craic ar bith nach n-imeoidh i ndísc
Bímis dlúth, dlúth le chéile, [a] mhian.

Let's Be Friends (Skin to Skin)

I been watchin' you a long time
Trying to figure out where and when
We been moving down that same line
Time is now maybe we could get skin to skin

Don't know when this chance might come again
Good times got a way of comin' to an end
Don't know when this chance might come again
Good times got a way of slippin' a-way
Let's be friends, baby let's be friends

I know we're different you and me
Got a different way of walkin'
The time has come to let the past be history
Yeah if we could just start talkin'

Don't know when this chance might come again
Good things got a way of comin' to an end
Don't know when this chance might come again
Good things got a way of slippin' away
Let's be friends, baby let's be friends

Do, do do doo do do do doo
Do, do do doo do do do do doo
Do, do do doo do do do doo
Let's be friends
Do, do do doo do do do doo
Do, do do doo do do do doo
Let's be friends

There's a lot of talk going 'round you
Let them talk you know you're the only one
There's a lot of walls need tearing down
Together we could take them down one by one

Don't know when this chance might come again
Good times got a way of comin' to an end
Don't know when this chance might come again
Good times got a way of slippin' away
Let's be friends, baby let's be friends

2017-09-22

Deich nDán Zen le Ramesh Bhagvant Veluskar

1.
Braonta báistí
Ata
Ar theagmhaigh an spéir leo
Seo ag rince anuas iad
Báite
Ar nós
Páistí dána


2.
Eitleog
Bheag bhídeach
Ag an mbuaic ghorm
An fhirmimint
Ar cóimheá aici ar a cabhail
Ar nós faic na fríde
Eitleog



3.
Catsúil
Á leá i gcatsúil
Cumhracht uaithi
Ar nós gáire . . .
Ar dhlaoithe deataigh
Ceangailte le gungrúnna*
Ina gcaise
Slogtha ag raga ornáideach

 

[* bráisléad rúitín ceolmhar ar rinceoir]


5.
An chéad uair
A theagmhaíos leat
Scuabadh
Chun siúil

Ar
Nós
Súnámaí



7.
Déanann grágaíl
An phréacháin cá cá
An dorchadas
A scoilteadh
Roimh mhaidneachan


8.
Mhuirnigh
An spéirling mé
Istigh is amuigh
Agus
Ní raibh póir díom
Gan brí nua



9
Néalta ag spraoi
Agus ina gceann
Is ina gceann is ina gceann
Bhuail duilleoga na foraoise
A gcuid ciombal clingeach


11.
Ise
Nathair
Chomh haoibhinn
Le nóta
Taan*
Na fliúite
Casta
Meisciúil
Ríméadach
Mistiúil
 

[* teicníc amhránaíochta]




21.
Braon drúchta
Tréshoilseach
Athraonta isteach
Im mhóimintse


22.
D’fhiafraigh an spéir di féin,
“An
Beith


Neamhbheith?


 

Bunteanga: Concáinis

[ó Bhéarla Augusto Pinto]

Breis faoin bhfile: