2017-04-28

Tirumoolar

Ní bhaineann siad amach na bochtáin
na bronntanais sin a thugtar don Tiarna sa teampall!
Ach na bronntanais sin a thugtar do na bochtáin
baineann siad amach an Tiarna sa teampall!

Tirumoolar 
Sacred Songs of India, VIII
V. K. Subramanian
lch 29

2017-04-27

SLIOCHT as an Ashtavakra Gita

Arsa Janaka, Rí:

Conas a thagann duine ar an Eolas? Conas Saoirse a bhaint amach? Conas teacht ar Shuaimhneas Intinne?
Abair liom an méid sin, a dhuine uasail.
1.1

Arsa Ashtavakra, saoi:

Más Saoirse atá uait, a mhic,
seachain mar a sheachnófá an nimh
gach a ndíríonn na céadfaí orthu
agus cothaigh caoinfhulaingt, macántacht,
atrua, soilíos, agus an fhírinne mar fhrithnimh. 1.2

Ní d’aon chuid de na dúile thú – cré, uisce, tine, aer
ná éitear fiú. Chun Saoirse a bhaint amach,
tuig gur tú an Comhfhios, an Finné orthu san. 1.3

Má fhanann tú ar do shuaimhneas sa Chomhfhios,
tú féin a fheiscint neamhspleách ar an gcolainn,
ansin, anois féin fiú, d’fhéadfá a bheith sona,
síochánta agus saor ó chuing. 1.4

Ní d’ardaicme ná de shainaicme ar bith thú,
ní ag aon staid ar leith thú, ná ní rud thú
a bhfuil radharc ag an tsúil air. Neamhcheangailte
gan chruth atá tú, i do Fhinné ar an uile ní,
mar sin bí sochma sona suairc. 1.5

Ceart is mícheart, pléisiúr is pian,
is den aigne iad, ní bhaineann siad leat.
Ní tú an gníomhaí, ní leat toradh an ghnímh,
tá tú saor. 1.6

Is tú an finné aonair air seo go léir
go hiomlán saor an t-am ar fad.
Fáth do dhaoirse nach léir duit sin. 1.7

Bhain nathair dhubh plaic asat
le ‘Mise an gníomhaí’;
Ól an fhrithnimh sin ‘Ní mé an gníomhaí’
is blais den sonas. 1.8

Cuir foraois an aineolais trí thine
leis an tuiscint gur tú an t-airdeall aonair;
bí sona agus saor ó bhuairt. 1.9

Is tú an Comhfhios gan teorainn,
lúcháir is ea thú agus ardríméad
ina nochtann an chruinne mar sheachmall –
an rópa a shamhlaítear ina nathair –
bí lán de shult. 1.10

 Is fíor a ndeirtear:
Is tú ábhar do chuid smaointe.
Smaoinigh go bhfuil ceangal ort is beidh ceangal ort.
Smaoinigh gur saor atá tú agus beidh tú saor. 1.11

Is tú an Féin – an Finné Aonair.
Foirfe atá tú, forleathan, i d’Aon.
Saor atá tú, gan dúil, de shíor gan chorraí.
Níl sa chruinne ionat ach an chuma atá ort.1.12

Machnaigh air seo, ‘Is mé an tAirdeall leis féin –
Aontacht iomlán.’
Éirigh as an nóisean gur duine scoite ar leith thú:
níl istigh ná amuigh ann. 1.13

Is fada thú ag smaoineamh:
‘Is pearsa mé.’
Lig don eolas seo, ‘Airdeall mé, sin uile’
a bheith mar chlaíomh a shaorfaidh thú. 1.14

Tá tú saor anois is go deo,
soilseach, trédhearcach, ciúin.
Coinneoidh an machnamh
i ngeimhle thú. 1.15

Is Comhfhios gan teimheal thú –
stuif na cruinne.
Istigh ionat atá an chruinne
ná bí caolaigeanta. 1.16

Tá tú neamhchoinníollaithe, gan athrú, gan chruth.
Soladach, dothomhaiste, socair.
Ná santaigh aon ní. Is Comhfhios thú.1.17

An rud a bhfuil cruth air, ní fíor é.
An rud gan chruth, é sin amháin atá buan.
Nuair a thuigtear sin, ní bhéarfaidh an bhréag
greim arís ort go deo. 1.18

Faoi mar ata scáthán laistigh agus lasmuigh
den íomhá atá á fhrithchaitheamh aige,
tá an tArd-Fhéin laistigh agus lasmuigh
den cholainn araon. 1.19

Faoi mar atá an spás céanna ann
laistigh agus lasmuigh den phróca,
maireann an tAon forleathan síoraí
ina Iomláine. 1.20

2017-04-26

Ghalib translated by Gulzar

Ah, Ghalib, the magic of your words and your ways with mystics!
you would have been a saint - if you were not addicted to drink.


 
Á, a Ghalib, draíocht do chuid briathra is na slite a bhí agat le mistigh!
bhís id' naomh - murach an glincín sa ghrágán agat.

2017-04-23

Páiste Áiseach Ag Dul Isteach i Seomra Ranga Briotanach

Sular ghabh sí isteach sa seomra ranga:
bhain sí di cóta, miotóga agus chunni;
ina haigne bhain sí di a bróga
roimh dhul isteach di i dteampall mistéire tuata.

D’fhág sí leis ina diaidh:
teanga, ainm, féiniúlacht;
chuir uirthi masc deas na haonchineálachta,
d’ullmhaigh le haghaidh ceachtanna san anaithnideacht chultúrtha.

Debjani Chatterjee


An Asian Child Enters a British Classroom

Before she stepped into the classroom:
she removed coat, mittens and chunni;
mentally undid her shoes for entry
to a temple of secular mystery.

She also shed here:
language, name, identity;
donned the mask of neat conformity,
prepared for lessons in cultural anonymity.



Debjani Chatterjee

 

2017-04-22

Dán le Ashok Vajpeyi

Tar


Tar mar a thagann dorchadas chuig dorchadas
uisce ag bualadh le huisce
solas á leá sa solas

Tar
cuir umat mé,
mar a chaitheann crann a choirt
mar a chaitheann conair
féar glas

Tóg mé
mar a thógann an dorchadas fréamhacha
mar a thógann uisce an ghealach
mar a thógann an tsíoraíocht am

Ashok Vajpeyi


Agus agallamh spéisiúil leis an bhfile:
http://iias.asia/sites/default/files/IIAS_NL33_1819.pdf

2017-04-21

Haiga

Lisette Model
leanúint den damhsa...
fiú má stopann
an ceol
to go on dancing...
even when the music
has stopped

2017-04-20

as Véarsaí Cātu / from Cātu verses

Gan a Bheith go hIomlán faoi Cheilt


Gan a bheith go hiomlán faoi cheilt
ar nós cíocha ollmhóra mhná Ghujarat
agus gan a bheith le feiscint ag cách
ar nós chíocha na dTamalach,
ní hea ach súpláilte
ar nós chíocha leathnochta
na gcailíní Teileagúcha
gan a bheith ceilte ná nochta:
is mar sin is cóir dán a chumadh.
Aon rud eile
cúis mhagaidh a bheadh ann.

Not Entirely Hidden


Not entirely hidden,
like the enormous breasts of those Gujarati women,
and not open to view,
like a Tamil woman's breasts,
but rather
like the supple, half-uncovered breasts
of a Telugu girl,
neither concealed nor exposed:
that's how a poem should be composed.
Anything else
is a joke.



 

Classical Telugu Poetry

null

2017-04-19

Einst glaubte ich, als ich noch unschuldig war



Chreideas-sa tráth, nuair a bhíos im’ mhaighdean shéimh
(Is bhíos mar sin tráth, díreach mar thú)
B’fhéidir go mbeidh chughamsa duine éigin,
Cad a bheidh le déanamh, uch arú.
Agus más boc é,
Is é cineálta,
Is gan smál ar bith ar a léine fiú
Is fhios aige an tslí chun caitheamh le mná,
Bheadh ormsa diúltú.

Sin an uair is ceart an stuaim  ‘choinneáil,
Ar eagla do dhul amú!
Beidh an ghealach lonrach ins an spéir
Beidh an báidín beag sa chaladh ‘n oíche go léir
Ach ní féidir nithe a bhrú.
Sea, ní ceart go mbeadh ort díreach síneadh siar,
Sea, ní mór do dhuine a bheith fuar,
Sea, cá bhfios cad d’fhéadfadh dúinn tarlú
I ngach aon chás níl ann ach diúltú.

An chéad neach bhí chugam, ba dhuine é as Kent,
Bhí sé mar a d’iarrfá féin,
Bhí longa ag neach a dó amuigh sa chaladh
Is neach a trí ar nós seaimpéin.
Is ó bhí siad saibhir,
Is ó bhí cineálta,
Is gan smál ar a gcuid léinte fiú
Bhí ormsa diúltú.

B’in an uair ba cheart dom stuaim ‘choinneáil,
Ar eagla mo dhul amú!
Bhí an ghealach lonrach ins an spéir
Bhí an báidín beag sa chaladh ’n oíche go léir,
Is níorbh fhéidir nithe a bhrú.
Sea, ní ceart go mbeadh ort díreach síneadh siar,
Sea, ní mór do dhuine a bheith fuar,
Sea, cá bhfios cad d’fhéadfadh dúinn tarlú
I ngach aon chás níl ann ach diúltú.

Tháinig lá amháin (gorm bhí an lá)
An neach seo, gan faic a rá.
Is do chroch a hata donn ar an tairne a bhí im’ sheomra,
Is níor thuigeas an rud bhí dom chrá.
Is ó bhí sé féin daibhir
Is gan cineáltas ann,
Agus gan fhios aige
An tslí chun caitheamh le mná
Dó siúd ní fhéadfainn diúltú.

Níorbh in an uair ba cheart dom stuaim ’choinneáil
Ar eagla mo dhul amú!
Á, an ghealach lonrach insan spéir
An báidín beag ar fán an oíche go léir.
Is do b’fhéidir nithe a bhrú.
Sea, is ceart go mbeadh ort díreach síneadh siar
Sea, ní ceart go mbeadh do chroí istigh chomh fuar
Sea, cá bhfios cad d’fhéadfadh dúinn tarlú,
Sea, ní mór diúltú don diúltú.

Brecht

2017-04-18

Haiku

Jacob Riis (1849-1914), Mullen's Alley, 1888 (204.1982)
Caolsráid an Mhaolánaigh...
ag éirí aníos
i measc scáileanna
Mullen's Alley ...
growing up
among shadows

2017-04-17

Críoch

Ron Rosenstock
níl a bhfuil feicthe againn
ach taibhreamh …
blaosc i gCoill Shíofra
all we have seen
is a dream …
skull in Sheeffrey Wood

2017-04-16

Dán Cásca / A Poem for Eastertide


Agnus Dei


Uan ag damhsa ar thaobh cnoic i gCill Mhantáin. An féar
ag éisteacht leis an méileach lag
ar an leoithne imníoch; an t-uan seo, agnus dei,
a anáil le feiscint
a chluasa beaga trédhearcach nach mór i ngile
Feabhra; an t-uan seo
nach eol dó gur gríscín a bheidh ann
gríscín a ghearrfar ón easna, ón luan, ón ngualainn
gríscín in ollmhargadh i measc míreanna eile gan áireamh
i sochaí seo caipitlíoch tomhaltachais an duine.

Cad seo? Ta téarmeolaí i mBleá Cliath tar éis burgar uaineola
a chur lenár mbunachar focal.

Uan ag damhsa ar thaobh cnoic i gCill Mhantáin:
Sibhse! Búistéirí, baincéirí, filí, sagairt,
nach saorfadh sibh an t-uan?

Thit Máthair na mBuamaí Uile ar an Afganastáin.

Agnus Dei


A lamb is sporting on a Wicklow hillside. The grass
listens keenly to its tender bleat carried
on a fretful breeze; this lamb, this agnus dei,
its breath visible;
little ears almost translucent in the brightness
of February; this lamb
does not know why it must become a chop
cut from the rib, the loin or shoulder
a chop in a supermarket among countless other items
in man’s consumer-capitalist society.

What’s this? A terminologist in Dublin has just now
added burgar uaineola – lamb-burger – 
to our Irish-language word bank . . .

A lamb is sporting on a hillside in Wicklow:
butchers, bankers, poets, priests,
will you not free this lamb?

The Mother of All Bombs has fallen in Afghanistan.

2017-04-15

An Ind fadó/ ancient India

i láthair a tuismitheoirí
níor lig sí faic uirthi
nuair a ghabhais thar bráid,
ach an deoir a chloígh lena cuid fabhraí
do thit ar dhúnadh na súl di

in front of her parents
she showed no emotion
when you passed by,
but a tear that clung to her lashes
fell when she closed her eyes

nach méanar dóibh siúd a chónaíonn
i sráidbhaile sléibhe
is iad ag déanamh suirí
gan aon chur isteach orthu
faoi sceach dhuilleogach
nó sa leaba luachra
a lúbann is a luascann sa ghaoth


lucky are they who live
in a mountain village
where one can make love
undisturbed
beneath a leafy hedge
or in deep thickets of reeds
that bend and sway in the wind



ná cuir do chuid ama amú
le bláthanna cumhra, a amadáin
tarraing an sciorta dem chromáin.
cé air a nglaofainnse sa choill seo?
tá an sráidbhaile i bhfad uainn
is táimse liom féin

why waste your time with sweetwood flowers,
you silly?
just pull the skirt from my hips.
whom can I call to in this wood?
the village is a long way off
and I am all by myself



toisc go bhfuil fúithi bualadh lena leannán anocht
agus an oíche an-dorcha
suas síos an t-urlár léi
agus a súile druidte go docht

because even on this dark night
she intends to meet her lover,
the girl paces up and down indoors
with her eyes tightly shut


http://www.sunypress.edu/p-4756-poems-on-life-and-love-in-ancie.aspx

2017-04-14

Iomann na Milseachta

Milis dúinne na gaotha aoibhne
Aoibhneas ag teacht chugainn ó na farraigí
Aoibhneas chugainn ón arbhar sa ghort
Aoibhneas chugainn ón bplanda is ón luibh
Go dtuga ár mbólacht aoibhneas dúinn
Ár nAthair atá ar Neamh caith linn go haoibhinn!
Deannach an domhain féin tá sé lán d’aoibhneas
Aoibhneas é ar fad – aoibhneas ar fad – aoibhneas

 http://www.culturalindia.net/reformers/vivekananda.html

The Hymn of Sweetness

(from The Upanishads)


The blissful winds are sweet to us
The seas are showering bliss on us
May the corn in our fields bring bliss to us
May the plants and herbs bring bliss to us
May the cattle give us bliss
O Father in Heaven be thou blissful to us!
The very dust of the earth is full of bliss
It is all bliss – all bliss – all bliss

       (Trans. Swami Vivekananda)

2017-04-13

The Walkers

 In the dead of night I hear them
  walkers on their rounds,
  I see them not, know them not
  Only hear their sounds.

 In the very heart of darkness
  when all are fast asleep
  I hear them all advancing
  out of the vast deep.

  Who are they, those restless ones,
  souls in a quandary?
  Are they, unhappy with their lot,
 doomed to wandering?

 In the very heart of the dark night
  when all are wrapped in sleep
  I hear the walkers trudging
  out of the vast deep.

Gabriel Rosenstock

 ( translated from the Irish Na Coisithe by L.S. Gógan)

"There must be something going on down there too..."

Lisette Model (1901-1983), Running Legs, New York, 1940-41 (119.1993) Lisette Model (1901-1983), Running Legs, New York, 1940-41 (83.1993) Lisette Model (1901-1983), Running Legs, New York, 1940-41 (96.1993) Lisette Model (1901-1983), Running Legs, New York, 1940-41 (97.1993) Lisette Model (1901-1983), Running Legs, New York, 1940-41 (126.1993) Lisette Model speaking at ICP on November 17, 1977 about...

2017-04-11

Nuair a Bhionn sé ag Cur Báistí in Dharamshala

Nuair a bhíonn sé ag cur báistí in Dharamshala
caitheann braonta báistí lámhainní dornálaíochta,
na mílte díobh
ina ruathar
agus tugann bascadh dom’ sheomrasa.
Faoin díon stáin
tosnaíonn mo sheomra ag caoineadh go géar goirt
agus fliuchann mo leaba, mo chuid páipéar.

Uaireanta tagann an bháisteach ghlic
aniar aduaidh orm,
ardaíonn na fallaí fealltacha
na sála acu agus ligeann tuile bheag
isteach sa seomra.

Suímse ar mo leaba – oileán-náisiún –
agus féachaim ar mo thír faoi uisce,
nótaí mar gheall ar shaoirse,
cuimhní cinn ar laethanta i bpríosún,
litreacha ó chairde a bhí sa choláiste liom,
grabhróga aráin
agus núdail Maggi
ag éirí go beoga go dtí an dromchla
ar nós cuimhne a cailleadh
is a tháinig ar ais gan choinne.

Trí mhí de chéasadh,
monsún i measc na ngiúiseanna is a gcuid spíonta
na Himáilithe glanta ag lonrú
faoi sholas an tráthnóna.
Go dtí go suaimhneoidh an bháisteach
is go n-éireoidh as an seomra a bhascadh
is gá dom sólás a thabhairt don díon stáin
atá ar diúité
ó aimsir Raj na Breataine.
Is iomaí duine gan dídean
a fuair bheith istigh sa seomra seo.

Tá sé gafa anois ag an mongús,
ag an luch, an laghairt is an damhán alla,
ar páirt-chíos agamsa.
Téann sé go croí ionam gur seomra ar cíos
is baile dom.
Níl bean an tí ar Caismíreach í –
ceithre scór bliain d’aois – in ann dul abhaile.
Is minic sinn ag argóint cé acu is áille
an Chaismír nó an Tibéid.

Fillimse gach aon tráthnóna
ar mo sheomra ar cíos;
ach ní mar seo a chaillfear mé.
Caithfidh go bhfuil slí éigin
amach as an áit seo.
Nílimse in ann caoineadh mar a chaoineann mo sheomra.
Ghoileas mo dhóthain
i bpríosúin agus
le linn babhtaí beaga éadóchais.
Caithfidh go bhfuil slí éigin
amach as an áit seo.
Nílimse in ann caoineadh
tá mo sheomra fliuch go leor cheana féin.


Tenzin Tsundue


When it rains in Dharamshala


When it rains in Dharamshala
raindrops wear boxing gloves,
thousands of them
come crashing down
and beat my room.
Under its tin roof
my room cries from inside
and wets my bed, my papers.

Sometimes the clever rain comes
from behind my room,
the treacherous walls lift
their heels and allow
a small flood into my room.

I sit on my island-nation bed
and watch my country in flood,
notes on freedom,
memoirs of my prison days,
letters from college friends,
crumbs of bread
and Maggi noodles
rise sprightly to the surface
like a sudden recovery
of a forgotten memory.

Three months of torture,
monsoon in the needle-leafed pines
Himalaya rinsed clean
glistens in the evening sun.
Until the rain calms down
and stops beating my room
I need to console my tin roof
who has been on duty
from the British Raj.
This room has sheltered
many homeless people.

Now captured by mongooses
and mice, lizards and spiders,
and partly rented by me.
A rented room for home
is a humbling existence.
My Kashmiri landlady
at eighty cannot return home.
We often compete for beauty
Kashmir or Tibet.

Every evening,
I return to my rented room;
but I am not going to die this way.
There has got to be
some way out of here.
I cannot cry like my room
I have cried enough
in prisons and
in small moments of despair.

There has got to be
some way out of here.
I cannot cry,
my room is wet enough.


Tenzin Tsundue


 

https://www.tenzintsundue.com/poems/when-it-rains-in-dharamshala/

 

2017-04-10

Amhrán na Moldau

File: Bertholt Brecht
Cumadóir: Hans Eisler

Amhrán na Moldau

Ar ghrinneall na Moldau, púróga ’g corraíl
Tá impirí breátha faoin bhfód thall i bPrág
Ní fhanfaidh an mór tréan, an beag ní bheidh bídeach -
Dá fhaid í an oíche, sea tiocfaidh an lá
                             sea, tiocfaidh an lá.

Sea athraíonn gach faisean. Is cuma cén scéim é
Beidh taoisigh is ceannairí uile faoin bhfód.
Mar chearca gan chloigeann anois iad na créatúir,
Sea athraíonn gach faisean, ní fiú é an bród
                                         ní fiú é an bród

Ar ghrinneall na Moldau, púróga ’g corraíl
Tá impirí breátha faoin bhfód thall i bPrág
Ní fhanfaidh an mór tréan, an beag ní bheidh bídeach
Dá fhaid í an oíche, sea tiocfaidh an lá,
                             sea, tiocfaidh an lá.

Das Lied von der Moldau

Am Grunde der Moldau wandern die Steine
Es liegen drei Kaiser begraben in Prag.
Das Große bleibt groß nicht und klein nicht das Kleine.
Die Nacht hat zwölf Stunden, dann kommt schon der Tag.


Es wechseln die Zeiten. Die riesigen Pläne
Der Mächtigen kommen am Ende zum Halt.
Und gehn sie einher auch wie blutige Hähne
Es wechseln die Zeiten, da hilft kein Gewalt.


Am Grunde der Moldau wandern die Steine
Es liegen drei Kaiser begraben in Prag.
Das Große bleibt groß nicht und klein nicht das Kleine.
Die Nacht hat zwölf Stunden, dann kommt schon der Tag.

2017-04-09

Haiku le Issa: ní fios bliain a chumtha

tuirlingíonn géanna -
giolcach ársa
ionad saoire nótáilte

.雁おりよ昔の芦の名所也

kari ori yo mukashi no ashi no meisho nari


2017-04-08

Tá mac tugtha agam ar an saol

(Amhrán breithe ó mháthair den treibh Bhil)

A ghealbhain dhil, a chroí, beir scéala uaim chun mo mhuintire:
Abair le m’athair go bhfuil mac tugtha agam ar an saol
Abair le mo mháthair go bhfuil mac tugtha agam ar an saol
Iarr ar m’athair sáraí nua a thabhairt dom
Iarr blús ildaite ar mo mháthair
Abair le mo dheartháir go bhfuil mac agam
Abair leis siúd sáraí a thabhairt dom chomh maith
Inis do m’uncail go bhfuil mac tugtha agam ar an saol
Iarr air teacht is blús ildaite a bhreith leis


I have given birth to a son

(Tribal birth song by a Bhil mother)


Dear sweet sparrow, deliver this message for me:
Tell my father that I have given birth to a son
Tell my mother that I have given birth to a son
Ask my father to give me a new sari
Ask my mother for a blouse of many colours
Tell my brother that I have a son
Ask him to give me a sari too
Tell my uncle that I have given birth to a son
Ask him to bring me a blouse of many colours




The Absent Traveller: Prakrit Love Poetry from the Gathasaptasati of Satavahana Hala

2017-04-07

Whakarewarewa!

Ron Rosenstock
fiú gan lucht féachana aige
cruthaíonn an sean-ghéasar
go maith
even when no one's around
the old geyser
puts on a good show

2017-04-06

Is measa é ná an bás/ Worse than death


A Mháithrín, dá mba thar sáile a bhí sé
   D'fhulaingeoinn an scarúint
Is mé ag feitheamh leis,
   Ach sinn a bheith i dtithe ar leith
Sa bhaile céanna
    Is measa é ná an bás


Mother, were he abroad
   I'd bear the separation
Waiting for him,
   But to live in separate houses
In the same village
   Is worse than death


The Absent Traveller: Prakrit Love Poetry from the Gathasaptasati of Satavahana Hala

2017-04-05

Tanka

Les Falaises Noires à Thurso en Écosse: Maxime Maufra
gach rian den aigne
á scrios go caoin aige . . .
Inbhir Theòrsa:
     tar, beir leat d’aigne
     anseo
gently destroying
all vestiges of the mind . . .
Thurso:
     come, bring your mind
     here

2017-04-04

haiku + photo


ná caoinigí, a fheithidí
tiocfaidh feabhas ar an saol
in am tráth

(Issa, 1825)


.鳴な虫直る時には世が直る

naku na mushi naoru toki ni wa yo ga naoru


insects, cry not!
the world will improve
all in good time

2017-04-03

Cill Chaoi/Kilkee

Ron Rosenstock
burgairí Chill Chaoi
ag breathnú ar Netflix…
cé a chloiseann an stoirm
burghers of Kilkee
watching Netflix -
who hears the storm

2017-04-02

Dlúite Lem’ Leannán

coc-a-dúdal-dú arsa an coileach   leis sin
léim mo chroí saonta   chrith le heagla
dlúite lem’ leannán   gualainn le gualainn
an maidneachan mar chlaíomh   ár scaradh óna chéile

Allur Nanmullayar

2017-04-01

leannán / lover

Ron Rosenstock
chneasaigh sí sean-chréachtaí
d'oscail créachtaí nua…
sin é an saol
she healed old wounds
and opened new ones…
the way of the world