2017-04-27

SLIOCHT as an Ashtavakra Gita

Arsa Janaka, Rí:

Conas a thagann duine ar an Eolas? Conas Saoirse a bhaint amach? Conas teacht ar Shuaimhneas Intinne?
Abair liom an méid sin, a dhuine uasail.
1.1

Arsa Ashtavakra, saoi:

Más Saoirse atá uait, a mhic,
seachain mar a sheachnófá an nimh
gach a ndíríonn na céadfaí orthu
agus cothaigh caoinfhulaingt, macántacht,
atrua, soilíos, agus an fhírinne mar fhrithnimh. 1.2

Ní d’aon chuid de na dúile thú – cré, uisce, tine, aer
ná éitear fiú. Chun Saoirse a bhaint amach,
tuig gur tú an Comhfhios, an Finné orthu san. 1.3

Má fhanann tú ar do shuaimhneas sa Chomhfhios,
tú féin a fheiscint neamhspleách ar an gcolainn,
ansin, anois féin fiú, d’fhéadfá a bheith sona,
síochánta agus saor ó chuing. 1.4

Ní d’ardaicme ná de shainaicme ar bith thú,
ní ag aon staid ar leith thú, ná ní rud thú
a bhfuil radharc ag an tsúil air. Neamhcheangailte
gan chruth atá tú, i do Fhinné ar an uile ní,
mar sin bí sochma sona suairc. 1.5

Ceart is mícheart, pléisiúr is pian,
is den aigne iad, ní bhaineann siad leat.
Ní tú an gníomhaí, ní leat toradh an ghnímh,
tá tú saor. 1.6

Is tú an finné aonair air seo go léir
go hiomlán saor an t-am ar fad.
Fáth do dhaoirse nach léir duit sin. 1.7

Bhain nathair dhubh plaic asat
le ‘Mise an gníomhaí’;
Ól an fhrithnimh sin ‘Ní mé an gníomhaí’
is blais den sonas. 1.8

Cuir foraois an aineolais trí thine
leis an tuiscint gur tú an t-airdeall aonair;
bí sona agus saor ó bhuairt. 1.9

Is tú an Comhfhios gan teorainn,
lúcháir is ea thú agus ardríméad
ina nochtann an chruinne mar sheachmall –
an rópa a shamhlaítear ina nathair –
bí lán de shult. 1.10

 Is fíor a ndeirtear:
Is tú ábhar do chuid smaointe.
Smaoinigh go bhfuil ceangal ort is beidh ceangal ort.
Smaoinigh gur saor atá tú agus beidh tú saor. 1.11

Is tú an Féin – an Finné Aonair.
Foirfe atá tú, forleathan, i d’Aon.
Saor atá tú, gan dúil, de shíor gan chorraí.
Níl sa chruinne ionat ach an chuma atá ort.1.12

Machnaigh air seo, ‘Is mé an tAirdeall leis féin –
Aontacht iomlán.’
Éirigh as an nóisean gur duine scoite ar leith thú:
níl istigh ná amuigh ann. 1.13

Is fada thú ag smaoineamh:
‘Is pearsa mé.’
Lig don eolas seo, ‘Airdeall mé, sin uile’
a bheith mar chlaíomh a shaorfaidh thú. 1.14

Tá tú saor anois is go deo,
soilseach, trédhearcach, ciúin.
Coinneoidh an machnamh
i ngeimhle thú. 1.15

Is Comhfhios gan teimheal thú –
stuif na cruinne.
Istigh ionat atá an chruinne
ná bí caolaigeanta. 1.16

Tá tú neamhchoinníollaithe, gan athrú, gan chruth.
Soladach, dothomhaiste, socair.
Ná santaigh aon ní. Is Comhfhios thú.1.17

An rud a bhfuil cruth air, ní fíor é.
An rud gan chruth, é sin amháin atá buan.
Nuair a thuigtear sin, ní bhéarfaidh an bhréag
greim arís ort go deo. 1.18

Faoi mar ata scáthán laistigh agus lasmuigh
den íomhá atá á fhrithchaitheamh aige,
tá an tArd-Fhéin laistigh agus lasmuigh
den cholainn araon. 1.19

Faoi mar atá an spás céanna ann
laistigh agus lasmuigh den phróca,
maireann an tAon forleathan síoraí
ina Iomláine. 1.20