2017-05-26

Bailéid na Foraoise

Tar éis gach drochstoirme
tuirlingíonn tost ar an gcnoc go léir.
Mearbhall ar an éanlaith bhuartha!
An cóir dóibh filleadh ar an nead scriosta
nó dul sa tóir ar bhia?
Maidin bhreá éigin
bhuail géarchéim féiniúlachta iad.
Níor chualathas cheana an t-ainm a bhí in úsáid
chun iad a aithint.

Bhí díospóireacht mhór le déanaí faoina bhféiniúlacht is a gcearta
a chuir comhdháil sa Ghinéiv trína chéile.
Bhí tagairtí go leor ann do na Véidí.
Cuireadh seanteoiricí stálaithe na leathnóirí chun cinn
le gustaí móra.
Ach níor thug na rannpháirtithe riamh
faoi bhailéid na foraoise
a thuiscint.

Niranjan Chakma