2017-05-10

Tionscadal Brecht: Amhráin Ón Ré Dhorcha

Léiriú de chuid IMRAM, Féile Litríochta Gaeilge.

I gComhar le Féile Litríochta Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath

Tionscadal Brecht: Amhráin Ón Ré Dhorcha

Léiriú nua i nGaeilge arna sheiftiú agus arna léiriú ag Eric Fraad. Cuirfidh Caitríona O’Leary amhráin agus téacsanna de chuid Brecht inár láthair chun solas géar a chaitheamh ar an domhan polaitiúil agus sóisialta ina mairimid sa bhliain seo 2017.

Ar an gCéadaoin 24 Bealtaine 2017 cuirfidh Féile Litríochta Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath i gcomhar leis an bhFéile Litríochta Gaeilge IMRAM Tionscadal Brecht: Amhráin ón Ré Dhorcha /Songs from the Dark Times i láthair in Amharclann Smock Alley. Is é an stiúrthóir Meiriceánach amharclainne agus ceoldrámaíochta Eric Fraad a stiúrfaidh agus is í an t-amhránaí nótáilte Caitríona O’Leary atá mar stiúrthóir ceoil. Tarraingíonn an léiriú Gaeilge seo as monalóga, radhairc, amhráin, saothair éagsúla ceoil agus dánta a chum an file/drámadóir Bertolt Brecht agus na cumadóirí Kurt Weill agus Hanns Eisler d’fhonn comparáidí a dhéanamh idir na réimis fhaisisteacha a tháinig chun cinn sna 1930í agus sna 1940í agus an borradh atá faoi rialtais thiarnúla na heite deise lenár linn féin.

Ba é Brecht an file agus an drámadóir polaitiúil ba mhó a bhí againn san Iarthar sa chéad leath den fhichiú haois agus tá a shaothar chomh suntasach is a bhí riamh. Sna saothair réabhlóideacha aige ar nós Die Dreigroschenoper  agus Aufstieg und Fall der Stadt Mahagonny chuir Brecht agus Weill cor nua sa cheoldráma, san oratóir agus seánraí gaolmhara ceoil, thug brí nua pholaitiúil agus shóisialta dóibh chomh maith le nuálaíocht foirme. Is féidir an rud céanna a rá faoina chuid dánta agus drámaí ar saothar suaithinseach iad. Déanann Amhráin ón Ré Dhorcha ceiliúradh ar an oeuvre liteartha agus ceoil sin i nGaeilge ár linne do phobal ár linne, i dteanga nach minic ar stáitsí na hardchathrach í.

Is í Féile Idirnáisiúnta Litríochta Bhaile Átha Cliath príomhfhéile litríochta na tíre a thugann cuid de na scríbhneoirí is fearr ar domhan le chéile ar mhaithe le díospóireacht, spreagadh, siamsaíocht agus draíocht.
 

Tugann IMRAM lucht féachana agus léitheoirí ar aistear draíochta chun nualitríocht na Gaeilge agus an domhain a chur ina láthair. Bíonn samhlaíocht agus éagsúlacht i gcónaí le sonrú ar chlár na féile, agus meascán neamhghnách de na seánraí éagsúla litríochta, filíocht, prós, drámaíocht agus ceol.
 

Cliar Ealaíne agus Léirithe

Stiúrthóir Stáitse: Eric Fraad
Stiúrthóir Ceoil: Caitríona O’Leary
Cóiréagrafaíocht:  Justine Doswell
Seit & Dearadh Soilsithe: Kevin McFadden
Dearadh Cultacha: Monica Ennis
Dearadh Teilgthe: Margaret Lonergan

Traschruthú agus Aistriúcháin Ghaeilge: Gabriel Rosenstock, Aindrias Ó Cathasaigh

Oirfidigh

Amhránaí: Caitríona O’Leary
Aisteoirí: Seán T Ó Meallaigh, Gearóid Ó Mordha
Damhsóirí: Justine Doswell, Clodagh Farrell, Sarah Carey, Roisin Kearney
Méarchláir: Josh Johnston
Sacsafóin, Cnaguirlisí: Nick Roth
Cláirnéid: Deirdre O’Leary


Dáta: Dé Céadaoin 24 Bealtaine 2017
Am: 8:00 pm
Ionad: Amharclann Smock Alley
Praghas: €10 / €8


Amharclann Smock Alley
6-7 Sráid an Mhalartáin Íochtarach
Barra an Teampaill
BÁC 8, Éire


IMRAM go deo! Ceannaigh leabhar - agus deoch - do chara leat, nó duit féin.


TUILLEADH EOLAIS: Liam Carson 087-2912797; liamog62@mac.com