2017-07-31

Iníonacha an Éithigh

Is séimh iad ár gcuid nósanna
ach tá an tíogar ionainn.
Más mín í ár dteanga
tá oighear inár gcuid féitheacha:

stróicfimis an croí amach as an namhaid
mar a bhrisfí arán
nó dos leitíse a tharraingt.

Níl aithne ag éinne orainn,
iníonacha an éithigh.

I gcás chnámh spairne,
dhéanfadh an móinteán leaba dúinn
chomh maith le tocht ceadaithe ar bith.

Léirímid trócaire do chách
Is níl trua againn d’éinne.

Cé go luíonn siad linne
Agus go gcuimlíonn an craiceann caorach,
Ní fheiceann siad riamh an mac tíre.

San aigne agus sa chroí
atá na starrfhiacla agus an crobh,
ní spáráiltear éinne.

Súile an phocaire gaoithe atá againn
gaol againn leis an bhfiántas fliuch.

Tar, tá an féasta leata romhat.
Cothaigh tú féin orm

Ní bhlaisfidh tú go deo de m’fhírinne.

Tanya Mendonsa

 

The Daughters of the Lie

Our ways are mild
but we have tigers in the blood.
We speak them smooth
but ice runs in our veins:

we would tear the heart out of an enemy
as easily as we would break bread
or pull a lettuce.

Nobody knows us,
the daughters of the lie.

At a sticking point,
the heath is as good a bed for us
as any sanctioned mattress.

With mercy to all
we have pity for none.

Although they lie with us
and stroke the sheepskin,
they never see the wolf.

The fangs and claws
are in the mind and heart,
and nobody is spared.

We have kestrel's eyes
and our kin are the wildness and the wet.

Come, the feast is spread.
You can sate yourself on me

and never taste my truth.

Tanya Mendonsa

2017-07-30

Paidir de chuid an Ghúrú Nanak


ਤੂ ਠਾਕੁਰੁ ਤੁਮ ਪਹਿ ਅਰਦਾਸਿ ॥
तू ठाकुरु तुम पहि अरदासि ॥

Ŧū ṯẖākur ṯum pėh arḏās.

Tusa ár dTiarna is ár Máistir,
Duitse a ofrálaimse an phaidir seo.

ਜੀਉ ਪਿੰਡੁ ਸਭੁ ਤੇਰੀ ਰਾਸਿ ॥
जीउ पिंडु सभु तेरी रासि ॥

Jī▫o pind sabẖ ṯerī rās.

Is Leatsa an cholainn seo,
is Leatsa an t-anam seo.

ਤੁਮ ਮਾਤ ਪਿਤਾ ਹਮ ਬਾਰਿਕ ਤੇਰੇ ॥
तुम मात पिता हम बारिक तेरे ॥

Ŧum māṯ piṯā ham bārik ṯere.

Is Tusa ár máthair is ár n-athair,
sinne Do pháistí.

ਤੁਮਰੀ ਕ੍ਰਿਪਾ ਮਹਿ ਸੂਖ ਘਨੇਰੇ ॥
तुमरी क्रिपा महि सूख घनेरे ॥

Ŧumrī kirpā mėh sūkẖ gẖanere.

A liacht sin cúis áthais i Do Ghrásta!

ਕੋਇ ਨ ਜਾਨੈ ਤੁਮਰਾ ਅੰਤੁ ॥
कोइ न जानै तुमरा अंतु ॥

Ko▫e na jānai ṯumrā anṯ.

Níl léamh ag éinne ar D’fhairsinge.

ਊਚੇ ਤੇ ਊਚਾ ਭਗਵੰਤ ॥
ऊचे ते ऊचा भगवंत ॥

Ūcẖe ṯe ūcẖā bẖagvanṯ.

Is Tú an Té is Airde,
a Dhia na Féile.

ਸਗਲ ਸਮਗ੍ਰੀ ਤੁਮਰੈ ਸੂਤ੍ਰਿ ਧਾਰੀ ॥
सगल समग्री तुमरै सूत्रि धारी ॥

Sagal samagrī ṯumrai suṯir ḏẖārī.

Crochta ó do Shnáthsa atá an uile ní

ਤੁਮ ਤੇ ਹੋਇ ਸੁ ਆਗਿਆਕਾਰੀ ॥
तुम ते होइ सु आगिआकारी ॥

Ŧum ṯe ho▫e so āgi▫ākārī.

Faoi Do Cheannasaíocht atá an uile ní
a d’eascair Uait

ਤੁਮਰੀ ਗਤਿ ਮਿਤਿ ਤੁਮ ਹੀ ਜਾਨੀ ॥
तुमरी गति मिति तुम ही जानी ॥

Ŧumrī gaṯ miṯ ṯum hī jānī.

Tusa amháin a thuigeann
Do staid féin agus Do mhéid

ਨਾਨਕ ਦਾਸ ਸਦਾ ਕੁਰਬਾਨੀ ॥੮॥੪॥
नानक दास सदा कुरबानी ॥८॥४॥

Nānak ḏās saḏā kurbānī. ||8||4||

Beidh Nanak, Do dhaor,
ina íobairt Duit go deo

2017-07-29

Cérbh í?

Cérbh í, cérbh í
A bhain na geasa de chathair seo na dtaibhreamh
A d'athraigh gach corda de m'anamsa
A thréig mé in ucht an fholúis

Níorbh í an spéir gan taise í
Ná an rúnchara a éisteann lem' bhuairt
Níorbh í mo cholainn bhocht spíonta í
Cérbh í mar sin
Cérbh í?

Shahryar

2017-07-28

Dódh m'athair is mo sheanathair

Dódh m'athair is mo sheanathair

K. Siva Reddy

Dódh m'athair is mo sheanathair
díreach taobh leis an gconair deannaigh seo.
B'fhéidir gur dódh marbháin uile an tsráidbhaile
díreach taobh leis an gconair deannaigh seo.
Nuair a théimid ag siúl ar an gconair deannaigh
tagaimid fós ar photaí briste, seanchiseáin cháite
agus taiséadaí ar an bpailm dhátaí.

Tar éis achair fhada
táimid tagtha
agus ní féidir gan talamh créamtha a iompar ar na guaillí.
Más mian liom an t-ualach a aistriú chuig duine eile
tá talamh créamtha á iompar aige siúd leis -
tá duine á lorg agam nach bhfuil iompaithe ina thalamh créamtha.

They burnt my father and my grandfather

K. Siva Reddy

They burnt my father and my grandfather
just next to this dust track.
Perhaps they burnt all the dead people in the village
just next to this dust track.
When we go along the dust track
we can still find broken pots, old winnowing baskets
and shrouds on the nearby date-palm trees.

Coming this far
after so long
it’s become impossible not to shoulder a cremation ground.
If I wish to shift the burden on to another
he too is shouldering a cremation ground –
I am searching for one who hasn’t turned into a cremation ground.

© 2002, K. Siva Reddy
From: Antarjanam
Publisher: Jhari Poetry Circle, Hyderabad, 2002


© Translation: 2005, M. Sridhar and Alladi Uma
From: Mohana! Oh Mohana! and Other Poems
Publisher: Sahitya Akademi, New Delhi, 2005, ISBN 81-260-2162

2017-07-27

Masao Yamamoto

Masao Yamamoto
Fuji-san
há-há-há-há-há!
ní den saol seo é
Fuji-san
ha-ha-ha-ha-ha!
it is not of this world
το όρος Φούτζι
χα-χα-χα-χα-χα!
δεν είναι αυτού του κόσμου

Sarah Thilykou a chuir i nGréigis

2017-07-26

Graifití an Lae


Más dóigh leat go bhfuil an Chruinne seo go dona, ba cheart duit cuid de na cinn eile a fheiscint.

Philip K. Dick


The Penultimate Truth About Philip K. Dick: Documentary Explores the Mysterious Universe of PKD

Even readers not particularly well versed in science fiction know Philip K. Dick as the author of the stories that would become such cinematic visions of a troubled future as Blade Runner, Total Recall, Minority Report , and A Scanner Darkly.

2017-07-25

SPRINGSTEEN - An Tír Tairngire

Ar luasraon nathrach i ngaineamhlach Utah
Piocaim suas m’airgead is ar ais liom arís
Tiomáint liom thar Waynesboro, fógra glas,
Tá an raidió ar siúl, an t-am ag dul as
Garáiste dhaid, mé ag obair go dian
Tóir ar bhrionglóidí, ag tiomáint istoích’
Is gearr go mbeadsa féin i gceannas, a mhian.

Tá glam ó ghadhair na sráid’
Már dóibh siúd is léir
Dá bhféadfainnse nóiméad a choinneáil im’ lámh
Mister, ní garsún mé, táimse i m’fhear
Tír tairngire atá uaim go géar

Dheineas mo chion le bheith mar atáim
Éirímse gach aon mhaidin, ag sclábhaíocht gach lá,
Ach dalltar an tsúil is fuaraíonn an fhuil
Uaireanta bím chomh lag go bpléascfainn le fonn goil
Phléascfainn is an baile seo a lot
Scian im ghlac, an phian á stróiceadh ó m’ucht
’Bhfuil duine ar bith ann mar táimse anocht?


Tá glam ó ghadhair na sráid’
Már dóibh siúd is léir
Dá bhféadfainnse nóiméad a choinneáil im’ lámh
Mister, ní garsún mé, táimse i m’fhear
Tír tairngire atá uaim go géar

               ~     ~      ~
Bhuel tá néal dubh ag éirí ón ngaineamh aníos
Phacálas cás is tá m’aghaidh caol díreach ar an stoirm
Tornádó a bheidh ann is beidh gach rud ar lár
Nach seasfaidh an fód go teann más gá
Scaipfear an aisling a dhein tú a chloí
Scaipfear an aisling a bhris do chroí
Scaipfear na bréaga a d’fhág caillte thú, gan aon ní is bristechroíoch.

Tá glam ó ghadhair na sráid’
Már dóibh siúd is léir
Dá bhféadfainnse nóiméad a choinneáil im’ lámh
Mister, ní garsún mé, táimse i m’fhear
Tír tairngire atá uaim go géar
Tír tairngire atá uaim go géar
Tír tairngire atá uaim go géar
 


Bruce Springsteen

The Promised Land

On a rattlesnake speedway in the Utah desert
I pick up my money and head back into town
Driving cross the Waynesboro county line
I got the radio on and I'm just killing time
Working all day in my daddy's garage
Driving all night chasing some mirage
Pretty soon little girl I'm gonna take charge

The dogs on Main Street howl
'cause they understand
If I could take one moment into my hands
Mister I ain't a boy, no I'm a man
And I believe in a promised land

I've done my best to live the right way
I get up every morning and go to work each day
But your eyes go blind and your blood runs cold
Sometimes I feel so weak I just want to explode
Explode and tear this whole town apart
Take a knife and cut this pain from my heart
Find somebody itching for something to start

The dogs on Main Street howl
'cause they understand
If I could reach one moment into my hands
Mister I ain't a boy, no I'm a man
And I believe in a promised land

Hmm
Hmmm
Hmmmm

Well there's a dark cloud rising from the desert floor
I packed my bags and I'm heading straight into the storm
Gonna be a twister to blow everything down
That ain't got the faith to stand its ground
Blow away the dreams that tear you apart
Blow away the dreams that break your heart
Blow away the lies that leave you nothing but lost and brokenhearted

Well the dogs on Main Street howl
'cause they understand
If I could take one moment into my hands
Mister I ain't a boy, no I'm a man
And I believe in a promised land
And I believe in a promised land
And I believe in a promised land

2017-07-24

Liam Ó Duibhir

Liam Ó Duibhir, RIP
Ba é Liam Ó Duibhir a bhí ina mhúinteoir Gaeilge againn
i gColáiste Charraig an Tobair

Is cuimhin liom lá
gur ardaigh sé mo chóipleabhar:
Gaelge scríofa agamsa air faoi 'Ábhar'
seachas Gaeilge

Thug sé súil nimhneach orm -
Duine nach raibh in ann an focal Gaeilge féin a litriú!

Deirtear go bhfuil leigheas
sa nimh (beagán di)
Leigheasadh mé.

2017-07-23

Iris Darb Ainm Sargasso

Tá ábhar i mBéarla, Fraincis agus Gearmáinis sa chéad eagrán den iris Sargasso, prós, filíocht, grianghraif agus léaráidí. Ní rabhas ag súil le stápla ach sea, tá Sargasso stápláilte. 


San eagarfhocal spreagúil deirtear go bhfuil ‘spiorad an duine á nimhiú ag an eagla, ag an mbaois agus ag an tsaint’.

Bheadh ar dhuine ar bith – nach bhfuil cónaí air i  bpluais – teacht leis an anailís sin agus fiú má tá corrdhuine thall is abhus agus cónaí orthu i bpluais, an slán dóibh? Tá ailse aigne á leathadh ar fud na bhfud, dar le Sargasso.

Ní haon áibhéil a rá mar sin go bhfuil míshásamh ar eagarthóirí na hirise seo agus ar léitheoirí Sargasso trí chéile, glacaim leis. Má tá tusa breá sásta leis an saol, ní duitse Sargasso.

An bhfuil leigheas acu ar an ailse aigne seo? Tá, gan amhras! Tá siad chun seasamh suas. Tá siad chun troid i gcoinne mheath seo na sibhialtachta agus phríosúnacht an anama. Is foghlaithe mara tarchéimnitheacha iad, a fhógraítear san eagarfhocal, agus is trí smaointe beannaithe a mhalartú a chuirfear an résistance seo i gcrích. Smaointe beannaithe, sea. Féach air sin!

Ní dóigh liom féin go gcreideann mórán daoine in Éirinn go bhfuil na healaíona in ann rud ar bith a athrú ach fógraíonn na Saragassóirí go bhfuil cumhacht ag an bhfocal, ag an íomhá, ag an bhfilíocht agus feidhmeoidh an iris acu ina peinicillin a mharóidh víreas na sainte.

An éireoidh leo? Cur chuige traschultúrtha idirnáisiúnta atá acu, rud atá le moladh. Duine de na heagarthóirí, M.A. Littler, tá seisean bainteach leis an gcomhlacht scannánaíochta Slowboat Films a bheidh ag scannánú in Éirinn amach anseo:

Cé hiad na daoine seo mar sin? An ainrialaithe iad?  Ar shlí is ea, is dócha, agus ní locht ar bith é sin orthu ach a mhalairt. Le hanord tagann deis chun athruithe a dhéanamh, athruithe a shamhlú. Ord éigin a shamhlú nach ord é atá ag teacht anuas chugainn mar orduithe ach an t-ord sin a shamhlaímid sa chroí nach bhfuil ailse air.

Braithim go bhfuil an art brut mar fhoinse inspioráide acu, is é sin le rá na healaíona sin atá ar an imeall, lasmuigh de na paraiméadair oifigiúla.
 
Domhan atá Díolta an teideal atá ar dhán le M.A. Littler, a fheictear anseo ar dheis i dteannta a chomheagarthóra D.H. Ottn.



Domhan atá Díolta
Olagón na gaoithe
   Pus ar an lucht linseála
I ndomhan atá díolta

   Níl faic le cailliúint
Mura bhfuil faic le buachan
   I ndomhan atá díolta

Socraíonn seanóirí
   Cá n-éagfaidh na fir óga
I ndomhan atá díolta


    Snaga breaca is daoine
Meallta ag nithe lonracha
    I ndomhan atá díolta

    Coróin spíona
Agus spéir chraorag
    I ndomhan atá díolta

        Corrán gealaí
Agus miodóg
   I ndomhan atá díolta


   Réalta Dháiví
    Agus siúl tuisleach meisceora
I ndomhan atá díolta

      Cá bhfuil an phictiúrlann?
Cé atá mar uiséir?
    Cé a phuinseálann an ticéad?

      Is eol dúinn an teideal:
“Domhan atá díolta”



2017-07-22

Mantra (Ocht nUaire is Céad) a Dhíbreoidh Fuinneamh Diúltach



Om Mahadevaya Vidmahe Rudramurtaye Dhimahi
Tannah Shivah Prachodayat॥

ॐ महादेवाय विद्महे रुद्रमूर्तये धीमहि
तन्नः शिवः प्रचोदयात्॥

Om, lig dom machnamh ar an Tiarna mór,
Ó, a Dhia uilechumhachtaigh, bronn ardintleacht orm,
Is go soilse Síve m'aigne

2017-07-19

Roberto Kusterle

Roberto Kusterle
níl siad ar eolas
ag éinne níos mó . . .
paidreacha ar son báistí
nobody knows them
any more . . .
prayers for rain

RÉALTNEACH: TIONSCADAL DAVID BOWIE - IN BELFAST - CÉADAOIN 26 IÚIL | WED. 26TH JULY

SSMR 2017 | CÉADAOIN 26 IÚIL | WED. 26TH JULY
Áras Mhic Reachtain, 283 - 289 Antrim Road, Belfast

RÉALTNEACH: TIONSCADAL DAVID BOWIE
STARMAN: THE DAVID BOWIE PROJECT
DOIRSE 8:30IN | DOORS 8:30PM


Suíocháin gan cur in áirithe | Unreserved seating

'Táimid ann sa mhóimint dhraíochtach seo
Sin é an stuif as a bhfitear brionglóidí...'

É féin a athchruthú de shíor, ba é sin misean is stampa David Bowie. I measc na bpearsan stáitse a chruthaigh sé bhí Ziggy Stardust - ba da stuif na réaltaí riamh é - agus Aladdin Sane. Chuimsigh a chuid stíleanna ceoil sól plaisteach na Young Americans; ceol draíochta na n-uirlisí ag Low; pop glan Let's Dance agus an léim sa doirchadas a bhí san albam deireanach dá chuid, Blackstar.

Leaganacha Gaeilge atá againn in RÉALTNEACH den chuid is fearr d'amhráin Bowie, traschruthaithe i nGaeilge ag Gabriel Rosenstock agus á gcur i láthair ag Liam Ó Maonlaí, Hilary Bow agus The Brad Pitt Light Orchestra. Beidh íomhánna á dteilgean ar scáileán ag Margaret Lonergan i gcaitheamh an tseó. Léirithe ag IMRAM Féile Litríochta Gaeilge.

Bígí linn ar aistear chun na réaltaí.

David Bowie was defined by constant reinvention. His stage personas included Ziggy Stardust and Aladdin Sane. His musical styles included the 'plastic soul' of Young Americans; the haunting instrumentals of Low; the pure pop of Let's Dance; and the beguiling experimentation of his final album Blackstar.

STARMAN features Irish language versions of Bowie's very best songs, transcreated by Gabriel Rosenstock, performed by Liam Ó Maonlaí, Hilary Bow and The Brad Pitt Light Orchestra. The show includes screen projections by Margaret Lonergan. Produced by IMRAM Irish Language Literature Festival.

Faigh ticéid ar an nasc thíos| Get tickets on link below:

https://www.eventbrite.co.uk/e/realtneach-tionscadal-david-bowie-liam-o-maonlai-the-brad-pitt-light-orchestra-tickets-34469733902

Guthán: (028) 90 749688
Ríomhphost: daithi@mhicreachtain.com

2017-07-18

Athrú

Má bhaineann eisint le rud éigin –
Ní iompóidh sé go deo
Ina rud eile.

Ní athraíonn nithe mar sin –
Ní thagann aois ar an óige,
Ní thagann aois ar an aois.

Dá n-athródh rud amháin go rud eile –
Bheadh bainne ina im
Nó ní bainne a bheadh san im.

Dá mbeadh lorg rud éigin ann,
Bheadh lorg an fholúis ann.
Mura mbeadh lorg aon ní ann,
Ní bheadh lorg an fholúis ann.

Is é a deir na Búdaí ná éirí as tuairimí
a bheith agat, sin is folús ann.
Níl leigheas in ann dóibh siúd
A chreideann san fholús.


Nagarjuna

Change

If something has an essence--
How can it ever change
Into anything else?

A thing doesn't change into something else--
Youth does not age,
Age does not age.

If something changed into something else--
Milk would be butter
Or butter would not be milk.

Were there a trace of something,
There would be a trace of emptiness.
Were there no trace of anything,
There would be no trace of emptiness.

Buddhas say emptiness
Is relinquishing opinions.
Believers in emptiness
Are incurable

Nagarjuna


English version by Stephen Batchelor
Original Language Sanskrit
from Verses from the Center: A Buddhist Vision of the Sublime, by Nagarjuna / Translated by Stephen Batchelor

2017-07-17

As an Chauraspanchasika

Fiú anois
Casann an gearrthóir crann is an t-iascaire abhaile,
Ar an tua aige an ghealach agus sa líontán silteach
Tá solas buí na gealaí gafa. Lasair chorcra na tine
Ag glaoch orthu chun suain is chun seirce. Ón mbaile gréine
Gabhann an té a chumann amhráin scáinte ar mhaithe le harán
Ar fán chun luí faoin gcleimeatas lena chailín.
Solas na gealaí ar a cíocha, is ní mór domsa bás a fháil...

Fiú anois
Is cuimhin liom gur gheal liom cufróga is rósanna,
Na sléibhte móra arda is na cnocáin bheaga liatha,
Glór na mara. Faoi sholas an lae ghléigil
Is iomaí súil aisteach a chonacsa agus lámha mar fhéileacáin;
D’eitlídís domsa ar maidin fuiseoga as an tím
Is thagadh páistí chun snámh sna srutháin...

Fiú anois
Is cuimhin liom tús m’aislinge am tite na mbláthanna
Is thiteas-sa sa saol fiáin is i ngrá lem’ bhé;
Ba ansin a doirteadh eisint a háilleachta
Anuas ar mo laethanta a fhanfaidh go deo liom,
Ní raghaidh in éag, fíneáilte agus úr, dhein cumhra
An lá sin is na laethanta a lean is an lá inniu féin...

Bilhana (11ú haois)

http://www.sacred-texts.com/hin/bilhana/bil01.htm

2017-07-16

Roghnaítear Teanga

I

Is neamhgháifeach é an leacht i gcuimhne
ar Phetrarca ag Fontain de Vaucluse agus an sliabh
fós i réim ar na huiscí a ligeann sé dóibh rith
óna bhéal. Meaisíní sliotán ag insint scéal na háite,
an file agus a ghrá buile, i mBéarla, Fraincis agus Gearmáinis.
Roghnaítear teanga, cuirtear an t-airgead isteach
agus sin sin. Breá soiléir, neamhchostasach.

II

Agus mé ocht mbliana d’aois i mBombay
cuireadh aibítir an Bhéarla, A le haghaidh Apple, os mo chomhair.
Mé ag stadaireacht, is ag cogaint almóinní mar leigheas.
Mo theanga ag cur in aghaidh urlabhra, teanga nua
roghnaithe in áit mo theanga féin.
Dheineas aithris i m’aonar ar thuin cainte
saighdiúirí Sasanacha, idir airde agus ton.
B’iadsan na teangacha dom’ bhéal-mhicreafón.

III

Chuir an ghaoth na tithe trína chéile ag
Gordes, ach cén fáth a bhfuil Les Baux chomh sceirdiúil?
Athraíonn an aimsir, nó cúinsí tráchtála:
imíonn daoine áit éigin eile, foghlaimíonn teanga
iasachta chun gairm nua a chleachtadh; teifigh
uile ón ngannchuid. Is turasóir mé i measc na bhfothrach
seo. Treoirleabhar Michelin im’ lámh
léimse faoin domhan so, tuigim fios gach fáth’.

IV

Ar ais ar an mbád, dhá bhruach á cheangal
ag muir gan stát i measc scéilíní
agus biotáille saor ó dhleacht, faic le rá agam
mise nach ndúirt mórán idir Dunkerque agus Marseille.
Siúd thall Sasana, a dtugann m’fhoclóir is m’aineolas
mé ar ais ann. Cúpla léamh filíochta
agus ag an deireadh (chun spéis a léiriú) fiafraítear
cé mhéad teanga Indiach atá agam go líofa.

Zulfikar Ghose


2017-07-15

Dánta Tráthnóna

Tá dánta tráthnóna
ar nós fuinneoga caocha i dtithe folmha
is gan éinne iontu a lasfadh solas go neamhchúiseach
ar a shlí tríd an seomra tosaigh
féachaint an raibh an doras faoi ghlas.
stánann siad sa dorchadas
lampaí sráide á léiriú acu ar phánaí gloine
macallaí ag baint preab astu ina gciúnas féin
ag súil go marbhánta le teacht an dóchais
i gclúdach donn
ina mbeadh glaoch chun agallaimh nó cuireadh chun bainise
is ar a bhfuil seoladh Mr Ker nach gcónaíonn anseo níos mó. 

Lakshmi Arya


Evening Poems

Evening poems are like
blind windows of empty houses
where no-one indifferently turns on a light
while passing through the
front room to check if the door is locked.
they stare in the dark
reflecting street lamps on glass panes
and startle at echoes in their own silences
waiting vacantly for hope to arrive
in brown envelopes
bearing interview calls or wedding invitations
addressed to Mr. Kar who no longer lives here.

http://pratilipi.in/evening-poems-lakshmi-arya/

2017-07-14

Haiku

uch, an lámh!
an lámh a cuireadh ina bhás féin...
Theobald Wolfe Tone
oh, the hand!
the hand that took his own life...
Theobald Wolf Tone

2017-07-13

Guairneán Gaoithe

Tar éis dom folcadh a ghlacadh
chuimlíos mé féin
le cumhracht na ngort glas.
Ligeas fead is láithreach
léim ba isteach
tríd an bhfuinneog,
gile ghrian na maidine
ar a n-adharca;

léim buabhaill isteach,
slim sleamhain
ó uiscí an locha,
bréantas éisc;

léim gabhair isteach,
bhí bóithríní uaigneacha
imill lábacha na mbealaí móra,
páirceanna tréigthe
agus cleití péacóige
ina gcuid súl;

léimeas féin isteach,
guairneán gaoithe ar fud an tí.

Ravji Patel

 

2017-07-12

Lá Amháin, Ar Nós Gregor Samsa

Lá amháin, ar nós Gregor Samsa, ar maidin  .. .
Féach, féach an claochló atá tagtha ar do shaol,
ar an domhan. Á,
ar shíl tú go deo go bhféadfadh sé tarlú,
go dtarlódh sé!
Ar shíl tú riamh go scaoilfí
naisc saoil chomh héasca, chomh simplí sin!

Féach anois chomh héadrom is atá idir chos is lámh,
leáigh na heasnacha is iad chomh bog le cadás,
mar pháipéar caol tanaí iad na matáin,
b'fhuirist iad a stróiceadh.
      Sáigh anois mé
       ní dhoirfí braon fola.

Um thráthnóna, scuabfaidh an glantóir páirtaimseartha
an fheithid mharbh
sa bhosca bruscair.

Nabaneeta Deb Sen

 

 

2017-07-11

Uair an Choráiste

Ar thaobh na láimhe deise dár gcnoc
Tá tobar
ag glioscarnach, ag cur thar maoil.
Chlúdaigh samhradh na bliana anuraidh é
Le bláthanna glasa an mhangó.
Mealladh lao ann
Thit isteach is bádh é.
Ó shin i leith
Níor ól éinne
As an dtobar sin.
Téimse ag snámh ann istoíche
Mar ghadaí.
Cuachaim mo lámha is ólaim
Ach ní mhúchtar an tart
Ní shásaítear an grá.
I nduibheagán an tobair
Tá scáthanna tnúthánacha ag feitheamh
Leis na maighdeana a chroch
Rópa ar an tairne
Ach nár tháinig riamh ar ais ag triall ar uisce.
Bíonn duibheagán an tobair ag súil
Le huair an choráiste
Nuair a shínfidh mo lámha amach
I bhfianaise cách
Chun deoch a ól.

Padma Sachdev

 

2017-07-10

Mo Gháire

Tá mo gháire caillte agam
     N’fheadar cén áit.


Chuireadh mo gháire mé ag doirteadh caife orm féin
Thosnaínn ag sraothartach, seile á spraeáil agam, deora
liom is strainc orm
Dhíríodh mo gháire orm
daoine ag stánadh orm go fiosrach ón slua
Bhí sé tógálach, fiú ar an nguthán
Gan cúis ar bith thagadh sé chugam de ruathar
is mé a bhaint as mo sheasamh
mar a bheadh gaoth ag bogadh os cionn bláthanna féir
nó mhoillíodh go suaimhneach ar nós sholas na gréine
i mí na Nollag ar phánaí fuinneoige.

Conas a chuirfinn síos air?
Coinín i dtor?
Féileacán os comhair scátháin?
Srutháinín ag rith thar phúróga?
Gráinní gainimh ag glioscarnach i ndiaidh tonnáin tráite?
Deilfeanna ag princeam?
Lonrú an arbhair scilte?
Braonta báistí? Réaltaí?

An gorméan a bhí ann?
eascann leictreach?
scornlus?
arietta?
splanc neoin?
páirc feileastram?
criosantamam?
astaróideach?
siorcón?
braon dúigh?
siosarnach páipéir?
script folaigh?

Ar cheil an sneachta é?
Ar bascadh faoi ghluaisteáin ar luas tríd an ngreallach é?
Ar stop comharthaí é?
Ar scanraigh bitseach é is an oíche ina dúiseacht aici?
Ar chuir fia-chailleach i gcás é?
Ar chuir an clog ina thost é?

Cá raghainn sa tóir ar mo gháire caillte
anois nuair atá bodhaire is daille is pairilis
sa mhullach orm?
Níl ionam ach anáil thais
carn cnámh i ngeimhle
gearradh domhain gan fuil
neascóid gan phian
fréamh gan ghas
macalla gan liú

An lá ag dul ó léas is níl na lampaí sráide lasta
abair liom, duine éigin!
An nochtfaidh an chamhaoir é nuair a bháfar an ceo?
An taibhreamh a bhí ann? An bhfuilim im’ dhúiseacht anois?
An foláireamh a bhí ann? An bhfuilim slán anois?
An gealtacht a bhí ann? An slán dom anois?

Dileep Jhaveri

My Laughter

I have lost my laughter
     I do not know where

Laughter used to make coffee spill over my lap
I would start sneezing and spray spit – with tears streaming from screwed up eyes
It used to point at me
quizzical faces from the crowd would stare at me
It was infectious even on the telephone
Without any reason it used to come rushing
and joggle me
like wind moving over grass flowers
Languidly it used to linger
like December sunlight over windowpanes

How can I describe it?
A rabbit in the bush?
A butterfly before a mirror?
A streamlet leaping over pebbles?
Glistening sand grains after a wave ripples away?
Gamboling dolphins?
Corn gleaming beneath shucks?
Raindrops? Stars?

Was it a bluebird?
an electric eel?
a bellflower?
an arietta?
a neon spark?
an iris park?
a chrysanthemum?
an asteroid?
a zircon?
an ink drop?
a rustling paper?
an invisible script?

Did the snow bury it?
Did cars speeding in the slush crush it?
Did signals halt it?
Did the bitch keeping awake the whole night frighten it?
Did a witch encage it?
Did the clock silence it?

Where will I search for my lost laughter,
now when deafness and blindness and paralysis
have piled on me?
I am merely a moist breath
a heap of shackled bones
a laceration without blood
abscess without pain
root without stem
echo without a cry

Daylight is gone and street lamps unlit
tell me, someone!
Will it emerge at dawn after mist drowns at dusk?
Was it a dream? Am I awake now?
Was it a warning? Am I safe now?
Was it madness? Am I cured now?

Dileep Jhaveri [Trans. Bill Wolak]

 

2017-07-09

An Corpán

Tá corp duine éigin ina luí ar an tsráid gan chorraí
timpeallaithe ag daoine.
Cuid acu siúlann thairis, sin uile,
cuid eile nach bhfuil in ann an radharc a sheasamh;
duine eile ar tí stad, duine eile fós ina thost,
duine eile agus dúnann a shúile go docht.

Gabhann duine thairis agus mantraí á n-aithris aige;
cé dó a phioc an páiste seo bláthanna?
Cé a gháir anseo,
cé a shín amach a lámha
chun stop a chur leis an am,
agus ar cailleadh a liúnna
ar an tsráid thréigthe.

Fuadar an tsolais in aghaidh an tsrutha
agus cailleadh duine ar an slí; a liacht sin
brionglóid meilte ina luaithreach.
Osnaíonn duine éigin go trom.
Déanann duine an bheatha a thomhas
le coinneal lasta,
agus duine eile ag déanamh a bhealaigh
sa leathsholas.

Tá na daoine go léir bailithe leo;
an tsráid folamh; gáire múchta
sa spás gan teorainn.
Luíonn an corpán i gcónaí i lár na sráide,
agus mise i mo chodladh go sámh ar oileáinín uaigneach.

J. P. Das

 

 

2017-07-08

Dong Hong-Oai

Dong Hong-Oai
na nóiméid
na soicindí…
ag feitheamh leis na corra
the minutes
the seconds…
waiting for the cranes
λεπτά της ώρας
δευτερόλεπτα…
προσμένοντας γερανούς

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2017-07-07

Frank Benson

Frank Benson
corra ar eite...
uaigneas an lae inniu
sa duilleog bháite
herons in flight...
today's loneliness
in a water lily
σμήνος ερωδιών...
η μοναξιά σήμερα
σ' ένα νούφαρο

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2017-07-06

Aubade

Rugadh i gcríochaibh teo sinn gar d'abhainn
Ar dhath sciatháin gealbhain atá fillte faoi dhraoib.

Ar charraig gar don abhainn tá scríofa:
Ordaímse, Priyadarshi, is ansa leis na Déithe, an méid seo

Sa ríocht seo bíodh gach fear, bean, páiste,
Fia, éan, is gach neach beo saor ó dhochar.

Cá mbaileoidh na mairbh le chéile - i bpoill deataigh?
Páláis de scamaill á dtolladh ag cruach?

Phóg tú mo shúile ag breacadh an lae,
Is chuimil tú mo chosa chun go mbuailfinn an ród.

Féara ag síolú cois carraige is lilí faoi bhláth
Agus tá ina thuile - abhainn ceo is ama

Ola tríthi, fuil ar a barr, sciatháin os a cionn,
Dlúth le draoib, teacht abhaile


Meena Alexander

2017-07-04

Smaoineamh an lae

Cad is tírghrá ann? 
“Patriotism, sir, is the last resort of scoundrels,” 
arsa an Dr. Johnson. An frith-thírghráthóir is mó lenár linn féin, Leo Tolstoy, shainmhínigh seisean an tírghrá mar phrionsabal a sheasann le traenáil dúnmharfóirí ar scála mór; ceird a éilíonn trealamh níos fearr chun daoine a mharú ná chun riachtanais na beatha a dhéanamh, bróga cuir i gcás, éadach, agus tithe, ceird a gheallann brabús agus glóir níos mó ná mar a thuillfeadh gnáth-fhear oibre go deo.

Emma Goldman

2017-07-03

Clifford Coffin

Clifford Coffin
a scáil féin -
(fiú ag an bhfíor-iógaí)
ag gach éinne
everyone -
(even a true yogi)
has a shadow

2017-07-02

William Klein

William Klein
sea… sea…
ó sea… sea…
a stóirín bán is a ansacht
yes… yes…
oh yes… yes…
my precious, precious baby

2017-07-01

Don Hong-Oai

Don Hong-Oai
scaraid óna chéile
ach an fíor dáiríre?
corr agus giúis
they part from one another
but is it so?
heron and pine
τα δυο χωρίζουν
αλλά είν' έτσι;
ερωδιός και πεύκο

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou