2017-07-16

Roghnaítear Teanga

I

Is neamhgháifeach é an leacht i gcuimhne
ar Phetrarca ag Fontain de Vaucluse agus an sliabh
fós i réim ar na huiscí a ligeann sé dóibh rith
óna bhéal. Meaisíní sliotán ag insint scéal na háite,
an file agus a ghrá buile, i mBéarla, Fraincis agus Gearmáinis.
Roghnaítear teanga, cuirtear an t-airgead isteach
agus sin sin. Breá soiléir, neamhchostasach.

II

Agus mé ocht mbliana d’aois i mBombay
cuireadh aibítir an Bhéarla, A le haghaidh Apple, os mo chomhair.
Mé ag stadaireacht, is ag cogaint almóinní mar leigheas.
Mo theanga ag cur in aghaidh urlabhra, teanga nua
roghnaithe in áit mo theanga féin.
Dheineas aithris i m’aonar ar thuin cainte
saighdiúirí Sasanacha, idir airde agus ton.
B’iadsan na teangacha dom’ bhéal-mhicreafón.

III

Chuir an ghaoth na tithe trína chéile ag
Gordes, ach cén fáth a bhfuil Les Baux chomh sceirdiúil?
Athraíonn an aimsir, nó cúinsí tráchtála:
imíonn daoine áit éigin eile, foghlaimíonn teanga
iasachta chun gairm nua a chleachtadh; teifigh
uile ón ngannchuid. Is turasóir mé i measc na bhfothrach
seo. Treoirleabhar Michelin im’ lámh
léimse faoin domhan so, tuigim fios gach fáth’.

IV

Ar ais ar an mbád, dhá bhruach á cheangal
ag muir gan stát i measc scéilíní
agus biotáille saor ó dhleacht, faic le rá agam
mise nach ndúirt mórán idir Dunkerque agus Marseille.
Siúd thall Sasana, a dtugann m’fhoclóir is m’aineolas
mé ar ais ann. Cúpla léamh filíochta
agus ag an deireadh (chun spéis a léiriú) fiafraítear
cé mhéad teanga Indiach atá agam go líofa.

Zulfikar Ghose