2017-08-22

Mo Chuid Dánta

Baineann mo chuid dánta le scata rudaí.
Baineann mo chuid dánta le féilte filíochta.
Scríobhadh mo chuid dánta do dhaoine ar do nós féin.
Tógann mo chuid dánta aicearra. Bíonn mo chuid dánta ar muin cúlsruthanna.
Tá mo chuid dánta ar an ngannchuid.
Is mian le mo chuid dánta go dtaitneoidís leat.
Éilíonn mo chuid dánta go gcuirfeá de ghlan mheabhair iad.
Tá duaiseanna ó mo chuid dánta.
Ní chuirfidh mo chuid dánta isteach ar chomórtais.
Tá duaiseanna ó mo chuid dánta ar a shon san.
Is mian le mo chuid dánta a bheith ar an siollabas agus ar an gcuraclam.
Is mian le mo chuid dánta go n-aistreofaí iad go Hiondúis, Maraitis,
Tamailis, Teileagúis, Gúisearáitis, Gearmáinis, Fraincis, Iodáilis, Polainnis,
 Afracáinis agus Meiriceánais.
 Tá díolúine thaidhleoireachta ag teastáil ó mo chuid dánta.
Tá víosa ó mo chuid dánta ar theacht isteach dóibh.
Is mian le mo chuid dánta go ndófaí go poiblí iad ach fir a bheith ann a chaitheann an saghas ceart éadaigh chuige.
Is mian le mo chuid dánta nach n-áireofaí mar chuid den chanóin iad, go fóill.
Ba mhaith le mo chuid dánta go dtiocfaidh an chéad Eliot eile orthu.
Tiocfaidh mo chuid dánta ar an gcéad Eliot eile. Aithneofar é ar mo chuid dánta a athaimsiú.
Is mian le mo chuid dánta a bheith ina n-eipeagraif.
Is mian le mo chuid dánta a bheith ina ngrianghraif d’fhionnmhná broinnfhairsinge a bhfuil nithe míne síodúla acu.
Tugann mo chuid dánta dúshlán don réaltacht fhíorúil.
Is ceannlínte beo agus bunlínte dearga iad mo chuid dánta.
Is mian le mo chuid dánta go suífeá aniar agus éisteacht leis an tost ollmhór nó tiocfaidh siad sa tóir ort.
Tarraingítear mo chuid dánta as na hinní agus as an gcroí agus as an amagdala agus as an drólann shiogmóideach.
Is síolta a cuireadh i do cheann iad mo chuid dánta; péacfaidh siad nuair a chaillfear thú.
Is víris iad mo chuid dánta; athchruthóidh siad iad féin mar nithe beo bíodh is gur nithe neamhbheo iad mar tá siad in ann iompú ina gcriostal.
Cláir is ea mo chuid dánta; scriosfaidh siad do thiomántán crua agus imphléascfaidh siad.
Tá mo chuid dánta dainséarach; aosaigh amháin atá in ann iad a cheannach, aosaigh a bhfuil teastas neamhlitearthachta acu.
Tá mo chuid dánta á gcosaint ag Amnesty International ach má mheabhraíonn tú é sin dóibh ní chloisfidh tú uathu ach gáire bréagach.
Tá mo chuid dánta á lorg ag Interpol.
Tá lorg mo chuid dánta á leanúint ag an FBI.
Nílimse cosúil le mo chuid dánta in aon chor.


Jerry Pinto