2017-09-14

Cime Chugainn

Cime Chugainn

Tá an cime ag teacht chugainne
Is tá cimí eile léi.
Is ina measc siúd
Seo chugainn an cailín gléigeal
Níl ina lá geal, níl
Níl ina mhaidin bhán.
Canann an cailín gléigeal
Faoin mbuairt atá ina lár

Ó na goirt is glas iad
Ó na hológa gréine
Agus mo mháithrín Gracia
Amuigh ag ní ár gcuid éadaigh.
Ó, nach álainn an ghiúis sin
Mé féin agus m’fhear céile:
Luíomar ann gan dúiseacht
Inár gcodladh le pléisiúr.
Ó na tuamaí bána
Ó, tuamaí sin ár sinsir!
Eitlímse ar fán dom
I m’éan dom ar fud na síoraíochta . . .

Ya viene el cativo

Amhrán de chuid na ndaoine.

Spáinnis / Laidínis

Ya viene el cativo
con todas las cativas.
Dientro de ellas
esta la blanca niña.
Ni amanecía
ni era de día
cuando la blanca niña
cantava su manzia.

'O qué campos verdes
O campos de olivas
onde mi madre Gracia
lavava y espandía.
O, qué pino hermozo
onde con mi espozo
baxo su solombra
dormíamos con gozo.
O, qué tombas blancas,
o tombas de avuelos
Paso sobre ellas
como paxaro en su vuelo.