2017-10-25

Dánta conspóideacha Vishnu Wagh, polaiteoir as Goa

Vishnu Surya Wagh

Sudhirsukt: Laoi na Sudhir

Vishnu Wagh

Sudhir mé
Balbhán ab ea mo sheanathair
Agus bhí allaíre ar m’athair
Is de bhunadh na tíre seo mé
A mbolg lán ag strainséirí
Agus ocras ormsa de shíor.
Ba cheart go mbeadh an tír seo
Ina scairdeán gaoise
Ina áit sin, sé Kashi an deiscirt é
Agus Parashuram faoi ndeara é . . .
Nuair a chloisimse an t-ainm sin
Tagann goimh orm
Eisean a thug péist na sainaicmí
Go Goa an chéad uair

XX
Is cosúil gur scaoil Parashuram saighead
Sa mhuir agus gur chúlaigh sí
Insíodh an scéal sin bliain i ndiaidh bliana
Agus cuireadh an dubh ina gheal ar an Bahujan Samaj
Leis an mbréag sin theastaigh uathu a chruthú
Gurb iadsan a chruthaigh an tír seo
A lucht an pheaca: más sibhse a bhí anseo ar dtús
Cérbh iad na Mahar, Bhandari, Kharvi, Pagi,
Gawda, Velip, Dhangar, Kunbi:
Cérbh iad?
Lena gcuid allais agus lena gcuid fola
A dheineadar torthúil an tír seo
Sea sea: sinne, na Sudhir

XX
Shábháil sibh ár mbeatha
Trí éisc na Saraswati a ithe
Chun tuilleadh iasc a ithe
Arbh éigin daoibh an tír seo Gomant a shlogadh?

XX
Chuir sibh deireadh
Leis an gcultúr bunaidh Airianach
Agus in áit na ndéithe neamhábhartha
Cuireadh isteach íola cloiche


XX
Bhí ar ár gcumas támhnéal a ruaigeadh
Is dul i dtámh, siúl trí thine
Labhairt aghaidh ar aghaidh
Le foirmeacha den dúlra a bhí beo
Ach sibhse le bhur nósanna Véideacha
Stróic sibh ár nasc srincne leis an timpeallacht
Dhíbir sibh
Na déithe is na bandéithe dúlra a d’adhramar
Is d’oscail teampaill
Na n-íol

XX
Pé dream a bhí i gcumhacht
Chuimil sibh mil leo
Agus nuair ba Kulkarni is Nadkarni sibh
Glanadh ár n-ainmneacha de na taifeadtaí
Agus le himeacht ama ba sibhse na tiarnaí talún
Agus sinne bhur searbhóntaí
Ó shin i leith is ag sclábhaíocht atáimid
Ar mhaithe libhse
Sea sea díreach é
Sinne, na Sudhir

XX
An snáth beannaithe ar bhur nguaillí
Timpeall ár mbásta a bhí an snáth seo againne
Ár bhfuinneamh caite againn
Ag bailiú bhur bpunann ríse
Agus d’itheamar go mall
An grán a thit, an fuílleach.
Mar shearbhóntaí bhíomar gan chumhacht
Ar thuarastal lae ba sclábhaithe sinn
Scuabamar bhur vearanda
Agus diamaint ag sileadh dár gclár éadain feadh an ama
Sea sea díreach é
Sinne na Sudhir úd

XX
Níl swami ar bith againne
Ná mainistir
Dúnta inár gcoinne atá sanctóir an teampaill
In bhur ndorn atá dia
Más éagsúil sibh is mar a chéile sibh
Bídís cothrománach nó ingearach
Is maith a oireann na comharthaí sainaicme
ar bhur gclár éadain do bhur stádas Mahajan
Sibh luite in aghaidh cholúin an teampaill
Fad is atá an rath á iompar ar na guaillí seo againne
Cead isteach agaibhse sa sanctum sanctorum
Is sinne ag crochadh thart lasmuigh
Libhse an prasad go léir ó cheart
Agus glúin i ndiaidh glúine
Gan faic ar an duilleog seo againne
Ach an fuílleach
Sea sea
Sinne na Sudhir

XX
Chuir sibh baracáidí thart ar dhaoine
Níor ith sibh ach éisc den scoth
Thaistil sibh ar bhóithre ríoga
Na bóithre seo againne lán de sclaigeanna
D’fhonn freastal ar na déithe
Dúirt sibh go dtógfadh sibh teampaill
Ach taobh leis na teampaill
Thóg sibh háraim
Iad siúd atá ag freastal ar na déithe
Iompaithe ina gcailíní rince agaibh
Cén cur amach atá ag an íol cloiche air seo go léir
Bhain sibh an-súp ar fad as an saol
Dhein cumhacht thiarnúil an reiligiúin
Chomh sotalach sin sibh
Gur chruthaigh sibh fiú amháin
Sochaí ab ísle fós ná na Sudhir
Ó, a aicme an mhí-áidh!
Tá an domhan athraithe.
Ar nós an fhéinics ón luaith
Is ag éirí atá siad anois
Mar sin féin braithim fós
Arraing uafásach im’ chroí
Ag smaoineamh dom ar bhur n-ainghníomhartha
Sea, sea
Is Sudhir sinn!

XX
Cruinníodh le chéile inár ndaimh sinn
Is cuireadh cuing orainn
Agus nuair a tugadh an fómhar isteach
Cic sa tóin a fuaireamar
Allas á chur againn sna goirt
Sibhse ag comhaireamh an airgid
Is milis é bhur mún fiú amháin
Is searbh í ár bhfuilne!
Nach cliste a bhí sibh:
Ár mbréid gabhail á fhliuchadh againne
Is an thigur á ithe agaibhse!
Mar sin féin tháinig eagla oraibh
Go n-iompódh ár ndorn in bhur gcoinne
Mar sin ghearr sibh na féitheacha rosta dínn
Gan trua gan taise
Sea, sea
Is Sudhir sinn

XX
B’fhéidir gur shíl sibh
Gurbh amadáin iad ár sinsir
Is nach lasfaí tóirse
Ar chosán dorcha
Tháinig meirg orainn is sibh ag satailt orainn
Deineadh moirt dínn ar nós ón gcnó caisiú
Agus sú ár mbeatha á bheiriú agaibh
Driogadh biotáille asainn
Bhí rith an rása agaibh
Traidisiún an éadóchais
A bhain le seanathair balbh, athair is allaíre air
Ina luí inniu sa reilig
Cuireann sé sin flosc chun troda orainn
Sea, sea
Sudhir sinn

XX
Ár seanghiobail againn á stróiceadh
Athionchollú nua foirmithe againn inár gcroí
Meallta súl ina lampaí
Lasfaimid coinnle de sholas na gealaí
Maidneachan oscailte atá uainn
Táimid bréan bailithe de na hoícheanta dorcha seo!
Dúinne an mantra Shambhukalo
Scríbhinní Tukaram
Deineadh lampa den solas
Agus guth a fuarthas ó Bhim!
Táimid chun na shastras a réiteach
Tá liú le clos ó gach taobh
Táthar ag súil le cath mór
Sea, sea
Is Sudhir sinn



XX

Má ta de mhisneach ionaibh
Aghaidh a thabhairt orainn
Scoiltfimid bhur mblaosc
Agus náireofar os comhair an tsaoil sibh!
Den chéad uair leis na cianta
Tá an chosmhuintir suaite
Tá cúiteamh uathu
Agus tá siad ag bualadh ar an doras . . .
Tilka fola ar a gclár éadain acu
An dorchadas á dhó ag tine bheannaithe
Támhnéal orainn, táimid réidh
Mar a bheadh pir buile
Agus léireofar ár neart don Bhrámanachas
Os comhair an tsaoil mhóir . . .
Iad siúd atá linn
Feicfidh siad nach thíos atáimid a thuilleadh
Ní toisc gur Sudhir sinn
Ach toisc gur mian linn maireachtaint mar dhaoine  . . .
Díreach mar dhaoine
Sinne  . . . an dream is cróga ar domhan
Sudhir sinn!


An Difríocht
Itheann siadsan éisc
Ithimidne éisc.

XX
Ólann siadsan
Ólaimidne
XX
Focálann siadsan mná
Focálaimidne mná leis.

XX
Bíonn folcadh acusan
Bíonn folcadh againne.
XX   
Tar éis sinn féin a ní
Bíonn siadsan glan.
Fanaimidne truaillithe, áfach


XX
Nó conas a ligfí isteach sa seomra urnaí iad
Is lámh a leagan ar Dhia
Agus sinne ag breathnú ón dtaobh amuigh
Gan baint a bheith againn leis?
Tá difríocht
Eadrainn.

XXX

Tuata
Níor thuigeas ar dtús na cleasa a bhí acu
Chun sainaicme a aithint,
Lá amháin thugas cuairt ar thigh carad.
Bhí uncail liom ina shuí sa vearanda.
Cuireadh in aithne dá chéile sinn.

XX
Wagh? Duine againn féin mar sin, a mhic?
Arsa Uncail is dhein gáire beag cairdiúil.
Bhí mearbhall orm.
XX
Chun nach mbeadh aon amhras orm a thuilleadh
Ar seisean ansin –
‘Tá tú gaolta ní foláir leis na Kamat Waghs as Ribandar.’
‘Níl,’ a deirimse.
‘As Karwar duit mar sin.’
‘Ní hea. De bhunadh Goa sinn.’
‘Dáiríre? Cén áit?’
‘As Dongrim.’
‘Caithfidh gur mahajan thú den teampall Ram mar sin.’
‘Ní hea. Is sati í an bandia seo againne.’

XX
Tar éis dó an méid sin ar fad a rá
Ní raibh Uncail céad faoin gcéad cinnte – mar sin ar sé –
‘Tá go maith, cén dia a bhaineann le bhur bhfine, abair liom.’
‘Siddhanath!’ a d’fhreagair mé.
‘De Shiroda?’
‘Sea.’
‘Ní GSB sibh mar sin?’
‘Ní hea, a Uncail, is Bhandari sinn.’

XX
Gháir Uncail os ard. Thosnaigh sé ag rá –
‘Ná bí buartha. Níl ann ach fiosracht.
Ní ghéillimidne do shainaicmí ná do chreidimh.
Seo, bíodh braon tae agat.
Bhfuil fhios agat: tá Goa thíos leis go mór
De dheasca na ndeighiltí seo idir dhaoine.
Cé atá ina Bhráman? Cé atá ina Shudhir?
Cén bhrí a bhaineann leis na difríochtaí sainaicme is creidimh seo?
Ba chóir dúinn a bheith tuata.
Caithfidh sochaí gan sainaicmí a bheith againn, tá’s agat?

XX
D’fhan sé ag faire orm
Ag súil le freagra.
Bhí mo cheann cromtha agam.
Ach le linn dom mo chuid tae a ól
Ní fhéadfainn mo shúile a bhaint
Den snáth beannaithe
Ar ghualainn m’Uncail.





Sainaicmí
Ní fhiosraíonn éinne anseo
Faoi shainaicme an duine eile
Ach aithníonn ciaróg
Ciaróg eile.
XX
Gawda eisean, Bandari é siúd
Kharvi eisean, Chari é siúd,
Vani eisean, Gawli é siúd
Madval eisean, Kansar é siúd
Mhalo eisean, Kalaikar é siúd,
Maratha eisean, Satarkar é siúd,
Chamar eisean, Mahar é siúd
Shet eisean, Kumbhar é siúd,
Tá aithne ag gach éinne ar a chéile.



XX

Ní luafar
Go hoscailte é
Ach mar a bheadh nathair is dhá cheann uirthi
Fanann cuachta suas
San eireaball.


XX
Táimidne ceart go leor ar aon chuma
Tá ceastaí laistigh de cheastaí ina measc siúd
Cuid acu cothrománach
Cuid acu ingearach
Ar aon nós
Bíonn ballaí idir bhallaí
GSB an duine seo, Chitrapur é siúd, agus is Bardezkar é an duine eile.


XX

An saghas amháin iad na sagairt ar a laghad?
Ina measc siúd leis faightear Chitpavan
Dravid cuid acu, nó Padhe
Agus Kirvont a thuilleadh fós.

XX
Bíonn sainaicmí ag daoine
An mbíonn daoine ag sainaicmí?
Ní bhaineann sainaicme ar bith le hocras
An mbíonn ocras ar shainaicme?
Bíonn dúil éigin
Arraing éigin ag gach sainaicme
Ach an mbaineann sainaicme ar bith
Le dúil, le harraing?

XX
Moladh go deo leis an gcunús lofa
A chuir tús le sainaicmí
Agus a thóg fálta
Thart ar chorpáin.











Cúlra an scéil anseo agus anseo i nuachtán na hIndia