2017-10-24

Litir dheireanach Sultana Daku go dtí a Mhac

A mhic,
fad is a bhí an dé im' scamhóga
is ag robáil a bhíos
le triocha bliain anuas;
nuair d'éirigh an robáil ródheacair dom
sciobas chomh maith agus d'fhéadfainn;
nuair nach rabhas in ann sciobadh ná robáil níos mó
chuas le dúnmharú;
nuair a bhí deireadh leis sin
chaitheas sealán an chrochadóra;
ná dearmad, beidh do thurnsa agat
le himeacht ama.
Is dual do pháiste sé bliana d'aois
gairm a athar a fhoghlaim i dtús a shaoil
ach cuimhnigh, ná cuir olc ar pholaiteoirí
tosnaíonn a bpáistí siúd ag foghlaim agus iad cúig bliana d'aois!


Gulzar