2017-11-07

Haiku le Issa ón mbliain 1813

Cad a bhí ag titim amach sa bhliain 1813, seachas na gnáth-chogaí?
  • Rugadh an scríbhneoir Gearmánach Hebbel.
  • Rugadh an fealsamh Danmhargach Kierkegaard.
  • Rugadh Tomás Moriarty nó ‘Tomás an Éithigh’.
  • Rugadh an cumadóir ceoil Gearmánach Wagner.
  • Cailleadh Tecumseh, ceannaire Meirindiach.
  • Rugadh Verdi, cumadóir Iodálach.
  • Rugadh Büchner, scríbhneoir Gearmánach.
  • Rugadh Tomas Andrews, ceimiceoir Éireannach.

Cailleadh an sagart iontach Denis Taaffe faoina ndúradh an méid seo a leanas, 
‘And after alternately engaging in scenes of the grossest sensuality and the most abject poverty his powers were exhausted, he became debilitated in mind and body and after an illness of three weeks died a great penitent in August 1813 in the 56th year of his age, a melancholy mix of energy and weakness, of genius and profligacy.’

Agus sa bhliain 1813, chum Issa an haiku seo, i measc a lán eile:

 
ionad scíthe an phiasúin
an tráthnóna seo . . .
scrín bheag
 

.夕雉の寝所にしたる社哉


yû kiji no ne-doko ni shitaru yashiro kana

2017-11-04

Nirvana Shatakam


mano buddhi ahankara chittani naaham na cha shrotravjihve na cha ghraana netre na cha vyoma bhumir na tejo na vaayuhu chidananda rupah shivo'ham shivo'ham

Ní mé an aigne, an intleacht, an ego ná an chuimhne,
Ní mé na cluasa, an craiceann, an tsrón ná na súile,
Ní spás mé, ná talamh, ná tine, uisce ná gaoth:
Foirm an chomhfheasa agus na lúcháire mé,
Is mise Síve síoraí

na cha prana sangyo na vai pancha vayuhu na va sapta dhatur na va pancha koshah na vak pani-padam na chopastha payu chidananda rupah shivo'ham shivo'ham
Ní anáil mé, ná na cúig dúile,
Ní damhna mé, ná cúig thruaill an chomhfheasa
Ná ní urlabhra mé, ná lámha, ná na cosa:
Foirm an chomhfheasa agus na lúcháire mé,
Is mise Síve síoraí

na me dvesha ragau na me lobha mohau na me vai mado naiva matsarya bhavaha na dharmo na chartho na kamo na mokshaha chidananda rupah shivo'ham shivo'ham

Ní bhaineann ‘is maith-ní maith’ liom,
Ná saint ná seachrán,
Ní bhaineann mórtas liom ná éad,
Níl dualgas ar bith orm
Ná dúil sa mhaoin, sa drúis ná sa tsaoirse:
Foirm an chomhfheasa agus na lúcháire mé,
Is mise Síve síoraí

na punyam na papam na saukhyam na duhkham na mantro na tirtham na veda na yajnah aham bhojanam naiva bhojyam na bhokta chidananda rupah shivo'ham shivo'ham

Gan suáilce, gan duáilce, gan phléisiúr, gan phian,
Níl gá agam le mantra, le hoilithreacht,
Le scrioptúr, le deasghnáth,
Ní mé an t-eispéireas ná neach a raibh eispéireas aige:
Foirm an chomhfheasa agus na lúcháire mé,
Is mise Síve síoraí

na me mrtyu shanka na mejati bhedaha pita naiva me naiva mataa na janmaha na bandhur na mitram gurur naiva shishyaha chidananda rupah shivo'ham shivo'ham

Ní bhaineann eagla roimh bhás liom,
Sainaicme ná creideamh ar bith,
Níl athair agam ná máthair
Mar nár rugadh riamh mé,
Ní gaol le héinne mé, ná cara,
Ní oide ná dalta mé:
Foirm an chomhfheasa agus na lúcháire mé,
Is mise Síve síoraí

aham nirvikalpo nirakara rupo vibhut vatcha sarvatra sarvendriyanam na cha sangatham naiva muktir na meyaha chidananda rupah shivo'ham shivo'ham
Ní bhaineann déachas liom, éagruth é mo chruthsa,
Mairim gach áit, ar fud na gcéadfaí uile,
Níl ceangal orm, nílim saor ná i mo dhaor:
Foirm an chomhfheasa agus na lúcháire mé,
Is mise Síve síoraí

Adi Shankara

2017-11-03

Esta Muntanya D’enfrente

Féach ar an sliabh os mo chomhair


Féach ar an sliabh os mo chomhair
Soilsithe tá is tá sé á dhó:
Is ann a chailleas-sa mo ghrá
Im’ shuí atáim ag déanamh bróin.

Chuireas-sa crann, crann seasmaine
Chuireas an crann sin i mo ghairdín.
Chothaíos é is bhí sé ‘na sheasamh,
Pléisiúr á bhaint as ag cách.

Fanann mo shaol go léir ‘na rún
Rúin mo shaoil ina rúin,
Bíodh an spéir dom ina páipéar,
An mhuir bíodh ina dúch.

Is tá na crainn mar chleití dúigh,
Breacfaidh mise síos gach aon bhuairt,
Ní heol d’aon duine mé bheith i bpéin,
Ní thagann gaolta ar cuairt.
 

Esta Muntanya D’enfrente

Esta muntanya d'enfrente
S'asiende i va kemando.
Ayí pedrí al mi amor,
M'asento i vo yorando.

Arvoliko de yasimín,
Yo lo ensembrí en mi guerta.
Yo lo kresí, lo 'ngrandesí,
Otros s'están gozando.

Sekretos kero deskuvrir,
Sekretos de mi vida.
El sielo kero por papel,
La mar kero por tinta.

Los arvolés por pendolás,
Para eskrivir mis males,
No ay ken sepa mi dolor,
Ni ajenos ni parientes.

2017-11-02

Cloigíní Bhráisléad Murnáin

Balakrishna Bhagwant Borkar
Ba ar an lá úd a tháinig do chloigíní bhráisléad murnáin
Chugam agus a gcling bhog nach n-imeodh
Amach as an dorchadas athartha
Faoi bhun an chrainn bhainiain.

Thit ciúnas ar na coillte,
Chroith na duilleoga is d’fhan gan chorraí
Pé táimhe a bhí
Ar na seamaidí féir
Dhúisíodar go séimh.

Bhuail cloig an teampaill i gcéin
Mhaolaigh ar ghlugarnach na habhann
Ansin líon an dorchadas dlúth an t-aer
Le cumhracht
Tinte ealaíne na féile ag bláthú os ár gcionn
Lasadh gach póir dínn
Cuma rathúil ag teacht ar gach tuar
Is comhartha is ba neamhghnách gach uile cheann acu.

Lúcháir an tsonais ag éirí chun na scornaí
Arraing an bhróin ag sileadh ón tsúil
Deineadh seoda díobh is thosnaigh ag lonrú
Ba ansin tá a fhios agat
Gan fhios dúinn a d’fhásamar ina chéile mar aon.

Inár seasamh ansin le chéile
Agus caora bainiain anuas orainn
Ina gcith
Iompraíodh sinn go tír na n-iontas sa ré i gcéin
Éilísiam, Tír na nÓg.

Níl aon chuid de sin fágtha inniu
Tá mo shaol féin ag druidim chun deiridh
Ach ina dhiaidh sin is uile, go tobann
Cloisim na cloigíní bhráisléad murnáin.

Anois féin, braithim brúcht an ghrá
A chuireann freanga mhilis orm
Agus fiú anois dúisíonn an bhrionglóid mé.    
 

Balakrishna Bhagwant Borkar


ANKLET BELLS

(Paijana)


It was on that day that your anklet bells
With their soft, lingering jingle
Came to me from the fathering darkness
Under the banyan tree.

All the woods fell silent,
The leaves quivered and stood still
Over the blades of grass
In their drowsiness
There came a tender wakefulness.

Temple bells rang from afar
The river’s gurgle became subdued
The thickening darkness then
Filled the air with fragrance
Over us blossomed festive fireworks
Each pore was set aflame
Portents and omens all unusual
Started appearing auspicious.

The bliss of happiness surging to the throat
The pain of sorrow flowing from the eye
Turned into gems and started sparkling
It was then, you know
That all unawares we two grew into one.

As we stood there together
Exposed to the shower
Of banyan berries raining over us
We felt transported
To the charming world of the far-off moon
And the blissful field of Elysium.

Of all that, nothing remains today
My life itself is drawing to its close
Yet even now all of a sudden
I keep on hearing your anklet bells.

Even now I feel the flush of love
And a sweet shudder passes through me
Even now my very dream becomes my wide awakening.
 

(Translated by: Prof S. S. Kulkarni)

2017-11-01

Youngho Kang

lá eile
    guth eile
        haiku eile


            another day
    another voice
another haiku