2017-11-22

AN CAIPITLEACHAS A CHLOÍ? CONAS

Cé a scríobhfadh dán ag moladh an chaipitleachais? Sin í an cheist a ardaíonn John Curl thar ceann a chomh-eagarthóirí sa duanaire ilteangach Overthrowing Capitalism (Iml. 4), foilsithe ag an Revolutionary Poets Brigade agus Kallatumba Press.
 
Deir Curl gur tháinig an caipitleachas in áit an fheodachais agus na monarcachta agus b’fhacthas do dhaoine áirithe ag an am go mbeadh deireadh le cos ar bolg ach ní raibh sa chóras nua, a deir sé, ach slí eile chun struchtúr a thabhairt don éagóir shóisialta.
 
Sa lá ata inniu ann, a deir Curl, is é atá sa chaipitleachas ná córas domhanda chun dúshaothrú a dhéanamh ar a bhfuil d’acmhainní nádúrtha agus daonna ann ar mhaithe le maoin phríobháidithe a chruthú do na bodaigh mhóra atá i gceannas ar an gcruinne.

Abair é sin le daoine áirithe agus déarfaidh siad leat, ‘Bodaigh mhóra? Cé na bodaigh mhóra? Ná habair go ngéilleann tú do theoiricí comhcheilge?’ Géillim gan amhras. Go leor de na bodaigh mhóra ní chífeá in aon chor iad. Táid i bhfolach. Agus cúis mhaith acu!


Cé a scríobhfadh dán ar son an chórais sin ach turcaí éigin a vótálfadh ar son na Nollag. Seans go bhfuil cúpla turcaí i measc fhilí Gaeilge agus Béarla na tíre seo. Conas d’aithneofá iad? Féachann siad agus fuaimníonn siad beagán mar seo:





Buailimse le daoine áirithe ó am go chéile agus aontaíonn siad le tráchtas Curl thuas agus tá siad ar buile toisc go bhfuil an domhan seo scriosta ag na bodaigh mhóra thuasluaite ach deir siad, ‘Cad is féidir a dhéanamh? Tá buaite acu orainn.’ 


Bhuel, ní chreideann éinne a bhfuil saothar leis sa tsraith duanairí Overthrowing Capitalism go bhfuil an cath caillte ar fad. A mhalairt. Feiceann siad comharthaí soiléire gach áit go bhfuil deireadh ré ag druidim linn – ar ndóigh, tagann deireadh le gach ré. 

Tá Teamhair ina féar agus féach an Traí mar atá.  

An bealach chun an caipitleachas a chloí, dar le Curl agus a chairde, ná gabháil thar an gcaipitleachas, roghanna eile a shamhlú, modhanna eile, comhfhios réabhlóideach agus institiúidí réabhlóideacha a thógáil. Agus ná ceap nach bhfuil ról ag an bhfile san obair seo mar obair chultúrtha is ea é comhfhios a ardú agus dóchas a thabhairt do dhaoine. Cad eile a bhí ar siúl ag filí na hAislinge ach an pobal a mhúscailt agus saol eile seachas daorbhroid a shamhlú?
Tá dán anseo ag an bhfile Iaránach Mahnaz Badihian


Is san Fhairsis a scríobhadh an bundán agus té sé sa díolaim seo faoina theideal Béarla Like Never Before:

Dúirt mé leat nach féidir díreach
cúl a thabhairt
don ainnise agus don fhearg.
Tá siad os ár gcomhair amach
ar na sráideanna,
gar dár gcroí,
go domhain sa stair.

Ní féidir cúl a thabhairt dáiríre
don radharc sin, fir is mná
ina gcodladh ar asfalt fuar
oícheanta fuara in San Francisco, Tehran agus  . . .

Dúirt mé leat go ngoilleann sé orm
go bhfuil dul chun cinn déanta i ngach aon ní seachas sa daonnacht,
agus a fhios againn nach raibh riamh an oiread sin teifeach ann
i stair an chine dhaonna.
Fhios againn go bhfuil teaghlaigh ann ina milliúin agus clann óg orthu
Is gan aon áit acu is féidir baile a thabhairt air,
gan bhia, gan dóchas, gan todhchaí  . . .

D’fhéach tú ar mo shúile dorcha agus dúirt:
‘Nach maith go bhfuil croí ionat
a bhraitheann léan an duine eile!
Súile agat ar léir dóibh
Arraing an duine eile.’

Dúirt mé leat go bhfuil mo chroí ag éirí trom
lá i ndiaidh lae
nuair a chloisim faoi thíortha atá scriosta ag cogadh,
ag ocras, fiú i Meiriceá féin,
tír a chaitheann na billiúin ar airm
tír ina gceannaíonn Beyoncé
teach is fiú 54 milliún dollar!

Mar tá dlíthe nua ann anois in aghaidh iarrthóirí tearmainn
teaghlaigh a ndiúltaítear víosa dóibh
á seoladh ar ais chuig campaí teifeach chun bás a fháil!

Conas is féidir anáil a tharraingt
agus mo chroí chomh trom sin,
croí atá ag béicíl:
DEIREADH LE SAINT!
DEIREADH LEIS AN gCAIPITLEACHAS!
Beyoncé


Níl ansin ach sampla beag den saghas filíochta agus reitrice atá sa leabhar seo nach don bhord caife é agus críochnóidh mé le dán de chuid Joj Kastra, nó Georges Castera, sa Háitis:

Konsey

Si-w gen on miray devon-ou,
poze-l tout kalte kesyon dwol.
Si-l reponn,
kraze-l!

Comhairle

Má tá falla os do chomhair amach,
cuir ceisteanna aite de gach saghas air.
Mura dtugann sé freagra ort
leag é!