2018-02-22

Traigéid na nImirceach

Adeodato Barreto (1905-1937)

Do mhuintir Goa atá, mo dhála féin, ina gcónaí i bhfad óna dtír dhúchais, scaipthe gach áit

Gníomh a hAon

Tarraing aníos an t-ancaire, seol leat  . . .
agus as go brách leis an duine thar an mbarra.
Ar talamh, broinn thorrach agus bean
ag caoineadh . . .

Bailithe leis:
thug leis an solas ina shúile
a anam go léir ag cur thar maoil le solas . . .
bhí gaistí roimhe
ar an mbóthar fada achrannach
ach ní fhaca sé iad  . . .

Deirtear agus é ag imeacht
gur impigh an gort Ríse air:

Stad, ná himigh!
Nach gcuireann sé as duit
seisce mo bhroinne torthúla
a fheiscint?
Cén fáth aghaidh a thabhairt ar thíortha i gcéin
nuair d’fhéadfá an talamh tirim seo
a iompú
ina ghráinseach
le do lámh féin?

Agus faoi rún, chuir an Crann Cnó Cócó
leis sin, á rá go buartha:
Fan! Ná bíodh eagla ort!
Ó fhréamh go frainse
is stóras ollmhór mé
Nach n-éiríonn folamh riamh . . .

Táimse dúnta do na codlatáin
ach ofrálaim mé féin dóibh siúd
atá cruógach.
Caith uait do chuid smaointe seafóideacha!
Fan! Ná bíodh eagla ort!
Labhair an Abhainn leis chomh maith
go séimh:

Nach baoth dhuit slán a rá linn!
Is gearr go gcaithfidh an sruth seo
in aigéan na beatha thú!
Ar nós an-chuid eile – an-chuid go deo! –
is tú ag imeacht, dírithe ar sprioc, beag beann
ar m’áilleachtsa . . .
faraor nach bhfaighir i dtír do chuid aislingí –
tusa a bhfuil an Eachtraíocht
imithe sa cheann agat
beagán dá bhfuil
i mo chuidse íon-uiscí!

Ag Teach Solais Aguada
a dúradh slán den uair dheireanach
is é ag imeacht:

Ó, a Dhia
an chinniúint chruálach seo:
treoir a thabhairt dóibh siúd ar shlí a n-aimhleasa . . .
cuirimse na gaistí in iúl dóibh
agus dainséir na mara . . .
comhartha i ndiaidh comhartha
arís is arís eile . . .
Agus gabhann an taistealaí thar bráid:
Ní fhéachann a shúile ach
ar aigéin de bhaoite.
Ní thugann sracfhéachaint ormsa . . .
Taistealaí na n-aislingí,
meangadh ort is tú ag imeacht,
sa tóir ar Chiste,
an eol duit, seans, a dheacra is atá se
filleadh?

Níor fhreagair an duine: faoin dtráth sin
bhí sé imithe i bhfad thar an mbarra . . .

Ní fada
go n-imíonn as radharc seolta bána
Rámhlong dhána an Chiméara ina gceann is ina gceann . . .

…………………………………………………………
Tá an gníomh thart,
Titeann brat an cheo  . . .


Gníomh II

-    Siar libh . . .
Siar libh  . . .
Siar libh  . . .

Táim an-an-anseo . . .
-    Agus stop sé . . .

Cáis taistil, ualaí,

Fir, cáis taistil,
agus fir liatha
á n-ardú
is á n-iompar
ar chairteacha
de láimh . . .
Lámha garbha
cosa crua
cosa a shiúlann
ar nós cuma liom
ar sheile
ar an talamh  . . .

Seo iad an bhaicle
a mhaireann ar nithe a iompar
nó a bhrú go teann
féachaint cé d’fhostódh iad,
ag eascainí
go grusach
is iad i bhfad ón Tír atá ina gcroí,
i bhfad ón mBean a d’fháiscfeadh lena hucht iad . . .

Féasóga fada,
is geall le baird iad,
colainneacha téagartha ach crom
faoina n-ualaí . . .
guthanna duairce
garbha,
a mheabhródh fógra i gcéin duit –
seanaisling atá marbh anois . . .
Súile Chríost sa Ghairdín
i bhfíor Bharabas . . .
Curfá bhrónach istoíche
a chanann laoi a bhféindíbeartha,
an aisling bhréagach á caoineadh,
is iad gan ghrá ina ndílleachtaí.
Ar urlár fuar an ghairéid
in andúil rúnda an mhanaigh
a n-útamáil is a dtóraíocht – gan mhaith –
is faide ná riamh í
an nead theolaí ata fágtha acu ina ndiaidh . . .

Cloíte, tosnaíd ag srannadh,
beithígh bhochta iompair! –
is titeann chun tromshuain . . .
…………………
…………………
Is ar an traigéide ghoirt seo
titeann an brat arís.

Gníomh III

Seo chugainn
Bóthar na Cinniúna aniar
An t-oilithreach fáin:

Caol,
cnaíte,
níl maide
ná gurd oilithrigh aige:
mheabhródh sé
Críost cráite dhuit
é tagtha anuas ó chros éigin
ag iarraidh na cosa a thabhairt leis
ó na gadhair . . .

Máithreacha
ag sciobadh a gcuid páistí
ó na conairí
a shiúlann sé . . .

Má shnapann an mongral air
is plaic a bhaint as
gáirfidh an seanaoire, a úinéir,
gan faic a rá.
Is féidir cheana féin na coilm air a chomhaireamh
ar nós laethanta
an aistir aige  . . .

Siúlann sé go balbh
ag déanamh a mharana:
muc ar gach mala aige
ar nós scamaill dhubha
ó oibseisiún dorcha –
seantaibhreamh atá marbh anois . . .

Is seo chugainn ag siúl é,
an fánaí:
siúlann sé go balbh
ag déanamh a mharana:
muc ar gach mala aige
ar nós scamaill dhubha
ó oibseisiún dorcha –
seantaibhreamh atá marbh anois . . .

Is seo chugainn ag siúl é,
an fánaí:
caol,
cnaíte,
níl maide
ná gurd oilithrigh aige:
mheabhródh sé
Críost cráite dhuit
é tagtha anuas óna chros . . .

……………………………….

Cé hé?
duine éigin . . .
Duine Éigin nach duine éigin níos mó é  . . .
is nach Éinne anois é  . . .

Rí mór i mbrionglóid mhór b’fhéidir.
Laoch mór b’fhéidir i meabhalscáil,
Gealt b’fhéidir nó aiséiteach, nó aithríoch
Á! Is cinnte nach é
an t-ógfhear gealgháireach é
a ghabh amach i rámhlong
maidin cheoch
agus misneach ina chroí . . .

Cé hé?
Cá bhfios?
Duine den slua sin
a shiúlann an domhan,
gan aige ach ón lámh go dtí an béal:
Na daoine sin, anam Chríost
agus aghaidh chantalach
Iúdáis,
na daoine sin a bhfuil dúchas ropairí iontu
in éide naomh,
iad go léir seargtha
ag an ocras.

A n-ainm?
-    “Cloíte” –
Taibhse,
íomhá lag
d’aisling i dtaibhreamh
faoi thaibhse
a chonacthas i meabhalscáil;
Cad atá fágtha inniu? Faic!
Cad atá fágtha den limistéar órga sin
ar chuir tú fios ina thaobh uair amháin,
d’anam ag ceiliúradh
mar mhairnéalach misniúil,
cad atá fágtha?
Gal!

An Abhainn, an Teach Solais cairdiúil
an gort Ríse is an Crann Cnó Cócó
chonaiceadar eachtránaí cróga ag imeacht
agus bacach ag teacht  . . .

Agus an mháthair leis an mbroinn thorrach
sí an duine céanna í a sciobann
an páiste
ód’ chonairse . . .
……
……..
……..

Féach, siúd ag imeacht an bacach-oilithreach
ar bhóthar na Cinniúna,
féach, siúd ag imeacht, siúd ag imeacht é,
foscadh éigin á lorg aige
áit a bhfaighidh sé tearmann.

……..
Sioscann an ghaoth  . . . feadaíl …
…….
…….
Ar an dráma dearóil seo
titeann brat na hoíche.

(Ajustrel, An Phortaingéal,  5ú Bealtaine 1935)