Faoi Gabriel Rosenstock

Údar/ aistritheoir breis is 160 leabhar é Gabriel Rosenstock, dánta, haiku, úrscéalta, leabhair do dhaoine óga, drámaí, gearrscéalta, aistí agus eile ina measc. 

Is ball d’Aosdána é agus aithníonn sé nach bhfuil dóthain scríbhneoirí Gaeilge san eagraíocht sin. Conas a bheadh, ar seisean, nuair nach bhfuil formhór na mball eile (na vótóirí) in ann an Ghaeilge a léamh! Is gá aistriúcháin a chur ar fáil dóibh agus is gá tacaíocht a fháil ó leithéidí Fhoras na Gaeilge agus Idirmhalartán Litríocht Éireann/ Ireland Literature Exchange chomh maith leis an gComhairle Ealaíon chun réimse leathan de nualitríocht na Gaeilge a thiontú go Béarla agus teangacha eile an domhain.

Dochtúir leighis ó Schleswig-Holstein ab ea a athair; scríbhneoir ab ea é chomh maith. Irische Gezeiten ceann dá leabhar filíochta agus úrscéal gearr is ea Paradies der Armen. Banaltra as Cnocán Íomhair, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe, ab ea a mháthair agus Hello, Is It All Over? an teideal atá ar a cuimhní cinn. 

Chum Raiftearaí dán do dhuine dá muintir: 
Tar éis na Nollag le cónamh Chríosta ní chodlód choíche má mhairim beo/ 
Go dté mé siar go Cnocán Íomhair mar is áit bhreá shaoithiúil é nach dtiteann ceo.
I gCill Fhíonáin, Co. Luimnigh, a tháinig Gabriel ar an saol agus is Gabriel a thug a mháthair air toisc gur rugadh ar bhuille Chlog an Aingil é. Cainteoir dúchais ó Bhaile Bhuirne, a  tSr Celsus, an chéad mhúinteoir a bhí aige agus thug sé taitneamh don Ghaeilge ón gcéad lá riamh. Is dóigh leis go bhfuil galar meabhrach ar dhaoine ar fuath leo an Ghaeilge. 

 Chaith Gabriel seal i Vín ag múineadh haiku sa Schule für Dichtung agus is ball bunaidh é den Haiku Foundation. Dhá leabhar uaidh i mBéarla ar haiku mar chonair spioradálta, Haiku Enlightenment agus Haiku, the Gentle Art of Disappearing.  Cambridge Scholars Publishing thall i sean-Sasana a d’fhoilsigh. Géaga Trí Thine is teideal dá rogha haiku i nGaeilge agus Where Light Begins an teideal atá ar na haiku Béarla, go leor acu aistrithe on mbun-Ghaeilge.

 I measc na bhfilí atá aistrithe go Gaeilge aige tá Francisco X. Alarcón, Seamus Heaney, Rabindranath Tagore, Günter Grass, W M  Roggeman, Said, Zhang Ye, Michele Ranchetti, Michael Augustin, Peter Huchel, Georg Trakl, Georg Heym, Hansjörg Schertenleib, Hilde Domin, Johann P. Tammen, Munir Niazi, Ko Un, Günter Kunert, Iqbal, Michael Krüger, Kristiina Ehin, Nikola Madzirov, Agnar Artúvertin, Walter Helmut Fritz, K. Satchidanandan, Elke Schmitter, Hemant Divate, Dileep Jhaveri and Matthias Politycki agus haiku clasaicacha agus comhaimseartha le le John W. Sexton (Éire), J W Hackett (SAM), Andres Ehin (an Eastóin), Petar Tchouhov (an Bhulgáir) agus Janak Sapkota (Neipeal). I measc na ngradam a bronnadh air tá an bonn Tamgha-I-Kidmat ó Rialtas na Pacastáine.

Scata leabhar do dhaoine óga scríofa agus aistrithe aige agus CD déanta aige de go leor díobh sin. Bíonn sé ag aistriú ó Ghaeilge go Béarla chomh maith, scéalta le Dara Ó Conaola agus Pádraic Breathnach, cuir i gcás, agus sa bhliain 2013 feicfear a chuid aistriúchán ar dhánta le Liam Ó Muirthile. Bhí sé bainteach leis an bhféile IMRAM ó lá a bhunaithe agus is tríd an bhféile sin a tháinig a chuid aistriúchán ar liricí Leonard Cohen is Bob Dylan ar an bhfód chomh maith le dánta Beckett.

Leabhar taistil leis is ea Ólann mo Mhiúil as an nGainséis (CIC) agus tá fáil ar leagan Béarla de sin anois, My Mule Drinks from the Ganges, aistrithe ag Mícheál Ó hAodha.  Academica Press, California, na foilsitheoirí.

Is spéis leis cultúr na hIndia agus traidisiúin spioradálta an Oirthir trí chéile, mar is léir ó na díolamaí Guthanna Beannaithe an Domhain (Coiscéim), agus an dialann idirghníomhach Dialann Anama (Coiscéim). Leabhar do dhaoine fásta (an-fhásta) ar chúrsaí spioradálta is ea The Pleasantries of Krishnamurphy: Revelations from an Irish Ashram (Non-Duality Press).

Gearrscéal leis sa díolaim Best European Fiction 2012 ón Dalkey Archive Press. Suite i gCiarraí atá an t-úrscéal bleachtaireachta leis i mBéarla, My Head is Missing (2012). Liosta cuibheasach cuimsitheach dá chuid foilseachán ar an suíomh seo: http://www.worldcat.org/