le K. Satchidanandan
(Deasghnáth pioctha na gcnámh is brí leis an teideal. Tógann sé trí lá orthu go minic corp a chréamadh san India agus ar an tríú lá tógtar na cnámha amach as an mbreocharn le caitheamh san fharraige nó in abhainn bheannaithe).
Piocaim cnámha mo mháthar amach as an luaithreach
agus teas na colainne fós iontu
an cholainn a theannas lem' chroí is mé fá shuan im leanbh:
an uair seo deinim deimhin de nach ngortóidh mé í.
Tráth den saol, d'iompair na cnámha seo mise iontu.
Ghabh arraing tríothu chun aoi eile
a thabhairt gan chuireadh gan iarraidh
isteach sa saol solasmhar seo a bhí lán d'ocras.
Anseo, an duine nach réitíonn fós lena ghnáthóg ghlas
fiú i ndiaidh na gcianta, cuimhní bána
dá bhreith dhubh á bailiú aige.
Cnámh amháin ón gcloigeann:
gean pianmhar na baintrí seo a chuir
bláthanna deilgneacha ina blaosc istigh.
Cnámh amháin ón ngualainn:
ídíodh na slinneáin
agus an teaghlach á thógaint aici léi féin.
Cnámh amháin ón gcromán:
lúbadh cnámh a droma agus connadh á chnuasach aici
chun tine a lasadh sa chistin gach lá.
Ar chnámh seo an bhrollaigh a luigh meáchan
an domhain go léir is é ina coinne.
Bhí príosún ag preabadh istigh ann ag taibhreamh
faoi sciatháin órga ónar sceith bainne milis
dá leanaí óga, agus i gcreat seo na n-easnacha
bhí an t-ocras mífhoighneach ag siúl síos suas
ag liú os ard, a mhoing ina colgsheasamh.
Cnámh amháin as na troithe:
i ngach cnámh de na cosa seo bhí achair
nach bhféadfadh sí a chur di go deo.
Fuaraímse na cnámha seo anois iad glan-nite
ag tine ag bainne is ag grá.
A mhuir, a mháthair an uile ní,
glac léi i do chliabhán, can suantraí di
mar a chan don chéad bheatha ar domhan.
As na cnámha seo cruthaigh Éabha nua
le ceann neamhchromtha agus siúl gan scáth.
Líontar talamh is muir lena bainne cíche
agus lig do chine nua teacht ar an bhfód,
fear nua, bean nua,
a thuillfidh go maith gean ó Mháthair an Domhain
 |
| Albrecht Dürer |
Conas Duine Marbh a Thabhairt ar Ais ón mBás
le K. Satchidanandan
Téigh in aice na huaighe
Comhchruinnigh do chuid smaointe. Glaoigh air
as a ainm trí huaire.
Ríomh eachtraí an mharbháin
ina gceann is ina gceann.
Tarraing a phictiúr go mion ar leac dhubh
Leag do mhéara thar an bpictiúr,
píosa ar phíosa; déan faoi thrí é ó bhonn go baithis
Glaoigh ar an Domhan, lig liú asat.
Glaoigh ar ais ar aer uisce thine spéir
Is ansin mothóidh tú iad
á nochtadh ceann i ndiaidh a chéile
cnámha feoil craiceann
faoi do lámh útamála
Éireoidh do dhearnana teolaí
nuair a thosóidh an croí ag bualadh
Lig dod’ lámh dul go dtí an tsrón nua-fhoirmithe:
braitheann tú é ag análú
De réir a cheile éireoidh a cholainn
agus seasfaidh, greim láimhe aige ort
is siúlfaidh coiscéim nó dhó.
Bí cúramach nuair a thiocfaidh a chaint chuige:
d’fhéadfadh gur leathdhia atá ann
mar is mar sin a thagann na déithe ar ais leis.
Más i dteanga Dé a labhrann sé, tabhair bata is bóthar dó.
Níl sé deacair: déan dearmad air, sin uile
(Bíonn sé deacair dearmad a dhéanamh ar bhean, ar ndóigh)
Má leagann sé lámh ar ghualainn leat
agus má labhrann sé leat i do theanga féin,
tabhair cead a chos dó ach ní go dtí sin,
ar aghaidh leis
go lár an aonaigh, lomnocht.
Na filí i dteannta a chéile san India cúpla bliain ó shin nuair a bhronn Gabriel a chuid leaganacha Gaeilge de dhánta ‘Satchi’, Rogha Dánta, ar an bhfile mór as Kerala. Tá Gabriel ag obair ar eagrán méadaithe den leabhar sin faoi láthair.
Ar Feadh na Sráide is í Nuanite ag an mBáisteach
le K. Satchidanandan
An méid dem’ ríméadsa atá fágtha siúlann feadh na sráide
atá nuanite ag an mbáisteach.
Slogaim cumhracht na báistí nua
le paisean an té atá daortha chun báis
Pógaimse na blátha a thit faoin mbáisteach
is tugaim barróg theann do na crainn bháite.
Gabhann each bán nó gaoth tharam de rúid.
Eitlíonn uaim i bpreab na súl éan dearg nó amhrán.
An méid dem ríméadsa atá fágtha téann ag lorg
an luascáin i sráidbhaile m’óige agus cuimhne éigin
ag luascadh air faoi sciorta breac.
Ach sula mbainim ceann scríbe amach, clúdaíonn
an oíche m’aghaidh le masc dubh, tarraingíonn
an ghealach an rópa, an sealán ar mo mhuineál a fháscadh
ag solas na ré.
An ríméad a mhair im’ dhiaidh ag siúl leis féin
feadh na sráide atá nuanite ag an mbáisteach
agus tigh á lorg aige ina chuimhne
sa tóir ar cholainn nua a shaolófaí ann.
1994
Thuasluaite
Maoin uile an domhain
is leis an Té Atá Thuasluaite í.
An tigh, an talamh, an bhean, na páistí,
is leis an Té Atá Thuasluaite
an uile ní.
Rugadh an Té Atá Thuasluaite
mar an Té Atá Thuasluaite agus caillfear
mar an Té Atá Thuasluaite leis é.
Chonac taibhse an Té Atá Thuasluaite
inné: níl aon difríocht idir é
agus an Té Atá Thuasluaite
K. Satchidanandan
The Artist as Activist
Bhí na mílte filí ann a chum dánta
agus deineadh dearúd orthu.
Níor cuimhníodh ach ar dhuine amháin.
B'fhearr liom dá ndearúdfaí mé
i dteannta na mílte compánach
ná a bheith buanseasmhach i m'aonar.
K. Satchidanandan
Paperwall