Showing posts with label Leonard Cohen. Show all posts
Showing posts with label Leonard Cohen. Show all posts
2014-05-31
2013-10-22
Túr na nAmhrán: Tionscadal Cohen ar camchuairt/The Tower Of Song: The Cohen Project on tour
TÚR NA nAMHRÁN: TIONSCADAL COHEN
THE TOWER OF SONG: THE COHEN PROJECT
Iniúchann Leonard Cohen gach aon ghné de nádúr an duine. Tagann tréithe agus tionchair éagsúla le chéile sna hamhráin aige - an misteachas Giúdach, an tráchtaireacht shearbh ar chúrsaí polaitíochta, an t-earótachas séimh - faightear sin agus tuilleadh in amhráin ar nós 'Suzanne', 'Hallelujah' agus 'First we take Manhattan', cuir i gcás. Tá Gaeilge mhaisiúil mhíorúilteach curtha ar liricí Cohen ag na filí Liam Ó Muirthile agus Gabriel Rosenstock. Is iad na hoirfidigh a chuirfidh an saothar breá seo inár láthair Liam Ó Maonlaí, David Blake agus Hilary Bow agus ina dteannta beidh an Bradd Pitt Light Orchestra. Tá íomhánna scáileáin meallacacha cruthaithe ag Margaret Lonergan don seó.
Leonard Cohen explores the human condition in all its facets. Jewish mysticism, wry political commentary, tender eroticism - all meet in the potent lyricism of his songs, from ‘Suzanne’ to ‘Hallelujah’ to ‘First we take Manhattan’. Túr na nAmhrán features exquisite Irish language versions of Cohen’s songs, translated by poets Liam Ó Muirthile and Gabriel Rosenstock. They will be performed by Liam Ó Maonlaí, David Blake, and Hilary Bow, with support from the Brad Pitt Light Orchestra. Margaret Lonergan has created stunning screen projections of the lyrics.
Túr Na nAmhrán: Tionscadal Cohen ar camchuairt
The Tower Of Song: The Cohen Project on tour
A NASC tour in association with IMRAM Irish Language Literature Festival. Funded by the Arts Council.
10 October – 29 November
BOOKING INFORMATION
| Thursday 24 October | Dunamaise Arts Centre, Portlaoise | €20/16 | Box office 057 866 3355 www.dunamaise.ie |
| Friday 1 November | An Grianán, Letterkenny | €20/16 | Box office 074 91 20777 www.angrianan.com |
| Friday 15 November | Backstage Theatre, Longford | €18/16 | Box office 043 33 47888 www.backstage.ie |
| Saturday 16 November | Town Hall Theatre, Galway City | €20/16 | Box office 091 569777 www.tht.ie |
| Friday 22 November | Lime Tree Theatre, Limerick City | €20/16 | Box office 061 774774 www.limetreetheatre.ie |
| Saturday 23 November | Glór Theatre, Ennis, Co Clare | €20/16 | Box Office 065 684 3103 www.glor.ie |
| Friday 29 November | Siamsa Tíre, Tralee, Co Kerry | €20/16 | Box office 066 7123055 www.siamsatire.com |
2013-01-20
Suzanne
Suzanne cois na habhann
Greim láimhe ar a chéile
Is is clos na báid ag gluaiseacht
Beidh tú léi ar feadh na hoíche.
Agus tá sí leathchraiceáilte
Sin an fáth a bhfuil tú léithi:
Seo chugainn tae anois ’s oráistí
Ó chuanta na Síne
Is tú ar tí anois a rá léi
Nach bhfuil grá agat le tabhairt di
Ar a tonnfhad breá atá tú
Ag an abhainn atá an freagra:
Bhí tú riamh mar leannán aici:
Is ba mhaith leat taisteal léithi
Is ba mhaith leat taisteal dall
Mar tá muinín aici asat –
Is bhí d’aigne sáite riamh ina cabhail.
Is bhí Íosa ina loingseoir
Nuair a shiúil Sé ar an uisce
Is bhí feitheamh fada fuar ann
Óna thúr adhmaid uaigneach,
Is nuair tuigeadh Dó gan bhréag
Nach mbeadh radharc Air ach san éag:
‘Bíodh gach éinne ina loingseoir
Go saorfaidh an mhuir mhór iad.’
Ach bhí Sé briste brúite
Sula n-osclódh na spéartha,
É tréigthe, nach mór daonna,
Bádh faoi do ghaois-se É mar chloch.
Is ba mhaith leat taisteal Leisean
Is ba mhaith leat taisteal dall
Ba mhaith leat É a thrustáil –
Bhí A aigne sáite ionat riamh anall.
Tá do lámh ag Suzanne
Agus seo libh chun na habhann
Lena ceirteacha is cleití
Ó Naomh Uinseann bocht de Pól
Tá an ghrian ag doirteadh meala
Ar ár maighdean ’tá sa chuan.
Agus deir sí ‘Féach arú
I measc an bhruscair is na mbláth.
Tá na Fianna san fheamainn
Is tá leanaí ann ar maidin.
Táid ag síneadh chun an ghrá
Agus is amhlaidh a bheidh choíche.’
Ag Suzanne ’tá an scáthán:
Is ba mhaith leat taisteal léithi
Is ba mhaith leat taisteal dall
Mar tá muinín aici asat –
Is bhí d’aigne sáite riamh ina cabhail.
Greim láimhe ar a chéile
Is is clos na báid ag gluaiseacht
Beidh tú léi ar feadh na hoíche.
Agus tá sí leathchraiceáilte
Sin an fáth a bhfuil tú léithi:
Seo chugainn tae anois ’s oráistí
Ó chuanta na Síne
Is tú ar tí anois a rá léi
Nach bhfuil grá agat le tabhairt di
Ar a tonnfhad breá atá tú
Ag an abhainn atá an freagra:
Bhí tú riamh mar leannán aici:
Is ba mhaith leat taisteal léithi
Is ba mhaith leat taisteal dall
Mar tá muinín aici asat –
Is bhí d’aigne sáite riamh ina cabhail.
Is bhí Íosa ina loingseoir
Nuair a shiúil Sé ar an uisce
Is bhí feitheamh fada fuar ann
Óna thúr adhmaid uaigneach,
Is nuair tuigeadh Dó gan bhréag
Nach mbeadh radharc Air ach san éag:
‘Bíodh gach éinne ina loingseoir
Go saorfaidh an mhuir mhór iad.’
Ach bhí Sé briste brúite
Sula n-osclódh na spéartha,
É tréigthe, nach mór daonna,
Bádh faoi do ghaois-se É mar chloch.
Is ba mhaith leat taisteal Leisean
Is ba mhaith leat taisteal dall
Ba mhaith leat É a thrustáil –
Bhí A aigne sáite ionat riamh anall.
Tá do lámh ag Suzanne
Agus seo libh chun na habhann
Lena ceirteacha is cleití
Ó Naomh Uinseann bocht de Pól
Tá an ghrian ag doirteadh meala
Ar ár maighdean ’tá sa chuan.
Agus deir sí ‘Féach arú
I measc an bhruscair is na mbláth.
Tá na Fianna san fheamainn
Is tá leanaí ann ar maidin.
Táid ag síneadh chun an ghrá
Agus is amhlaidh a bheidh choíche.’
Ag Suzanne ’tá an scáthán:
Is ba mhaith leat taisteal léithi
Is ba mhaith leat taisteal dall
Mar tá muinín aici asat –
Is bhí d’aigne sáite riamh ina cabhail.
Leonard Cohen a chum
sa bhliain 1966. Scéal a chumtha anseo: Bunleagan anseo:
Gabriel Rosenstock a
d’aistrigh sa bhliain 2011
2013-01-09
Cohen: Hallelujah
Do chuala mé faoin gcorda rúin
A sheinn Dáiví is é i dtiúin
Ach níl an oiread spéis' i gceol agatsa
Mar seo a théann
Le sians is séan
Is leath an ceol i bhfad i gcéin
An rí is é ag cumadh Hallelujah
Hallelujah, Hallelujah
Hallelujah, Hallelujah
Do chreideamh teann agus d’anam íon
Is í sa bhfolcadh ar an díon
Do chuir a háilleacht mearbhall ort is ionadh
Do cheangail sí de chathoir thú
Is briseadh thú, a Dháiví ariú
Is ó do bheoladh mealladh Hallelujah
Hallelujah, Hallelujah
Hallelujah, Hallelujah
Bhíos cheana anseo a stór, a rún
Aithním é seo, an t-urlár fúm
I m’aonar a bhíos gur tháinig mise chugatsa
D’aithníos do bhrat ar an marmar fuar
Ó níl an grá ina mháirseáil bua
Is briste atá is is fuar-Hallelujah
Hallelujah, Hallelujah
Hallelujah, Hallelujah
Do bhí an t-am ann ach b’in fadó
Nuair labhar tú liom gan aon agó
An rud bhí oscailte anois á dhúnadh?
Is cuimhnigh nuair a bhíos id chroíse
Do ghluais an colm naofa trínn
Gach siolla uainn ansin ’na Hallelujah
Hallelujah, Hallelujah
Hallelujah, Hallelujah
D’fhéadfadh go bhfuil Dia ann
Is d’fhéadfadh go bhfuil grá an-ghann
An fúinne atá, cé eile murach fúinne?
Ní chloistear éamh an ghrá istoíche
An grá ní léifear go deo ná choíche
Is briste atá is is fuar-Hallelujah.
Hallelujah, Hallelujah
Hallelujah, Hallelujah
Ar thugas-sa an t-ainm gan fáth
Cén t-ainm sin a mhíle grá
Má thugas féin, bhuel aba-ababúna!
Tá léaró solais i ngach aon dán
An rud ’tá folamh tá sé lán
Más briste nó a mhalairt - Hallelujah
Hallelujah, Hallelujah
Hallelujah, Hallelujah
Mo dhícheall dheineas dar liom féin
Mothú i gceart cé go rabhas i bpéin
An fhírinne ghlan, ní rabhas ag magadh fútsa
Is bíodh gur tubaisteach mo scéal
Is clos don Tiarna ó mo bhéal
Na siollaí seanda sin, Ó Hallelujah
Hallelujah, Hallelujah
Hallelujah, Hallelujah
Hallelujah, Hallelujah
Hallelujah, Hallelujah
Hallelujah, Hallelujah
Hallelujah, Hallelujah
Hallelujah, Hallelujah
Hallelujah, Hallelujah
Hallelujah
A sheinn Dáiví is é i dtiúin
Ach níl an oiread spéis' i gceol agatsa
Mar seo a théann
Le sians is séan
Is leath an ceol i bhfad i gcéin
An rí is é ag cumadh Hallelujah
Hallelujah, Hallelujah
Hallelujah, Hallelujah
Do chreideamh teann agus d’anam íon
Is í sa bhfolcadh ar an díon
Do chuir a háilleacht mearbhall ort is ionadh
Do cheangail sí de chathoir thú
Is briseadh thú, a Dháiví ariú
Is ó do bheoladh mealladh Hallelujah
Hallelujah, Hallelujah
Hallelujah, Hallelujah
Bhíos cheana anseo a stór, a rún
Aithním é seo, an t-urlár fúm
I m’aonar a bhíos gur tháinig mise chugatsa
D’aithníos do bhrat ar an marmar fuar
Ó níl an grá ina mháirseáil bua
Is briste atá is is fuar-Hallelujah
Hallelujah, Hallelujah
Hallelujah, Hallelujah
Do bhí an t-am ann ach b’in fadó
Nuair labhar tú liom gan aon agó
An rud bhí oscailte anois á dhúnadh?
Is cuimhnigh nuair a bhíos id chroíse
Do ghluais an colm naofa trínn
Gach siolla uainn ansin ’na Hallelujah
Hallelujah, Hallelujah
Hallelujah, Hallelujah
D’fhéadfadh go bhfuil Dia ann
Is d’fhéadfadh go bhfuil grá an-ghann
An fúinne atá, cé eile murach fúinne?
Ní chloistear éamh an ghrá istoíche
An grá ní léifear go deo ná choíche
Is briste atá is is fuar-Hallelujah.
Hallelujah, Hallelujah
Hallelujah, Hallelujah
Ar thugas-sa an t-ainm gan fáth
Cén t-ainm sin a mhíle grá
Má thugas féin, bhuel aba-ababúna!
Tá léaró solais i ngach aon dán
An rud ’tá folamh tá sé lán
Más briste nó a mhalairt - Hallelujah
Hallelujah, Hallelujah
Hallelujah, Hallelujah
Mo dhícheall dheineas dar liom féin
Mothú i gceart cé go rabhas i bpéin
An fhírinne ghlan, ní rabhas ag magadh fútsa
Is bíodh gur tubaisteach mo scéal
Is clos don Tiarna ó mo bhéal
Na siollaí seanda sin, Ó Hallelujah
Hallelujah, Hallelujah
Hallelujah, Hallelujah
Hallelujah, Hallelujah
Hallelujah, Hallelujah
Hallelujah, Hallelujah
Hallelujah, Hallelujah
Hallelujah, Hallelujah
Hallelujah, Hallelujah
Hallelujah
Hallelujah Leonard Cohen aistrithe d'IMRAM ag Gabriel Rosenstock
2012-11-16
Leonard Cohen: Aintiún
| Do sholáthar Gabriel aistriúcháin ar shaothar Leonard Cohen don Tionscadal Cohen de chuid IMRAM. Seo thíos ceann acu sin. Do chan na héin ag breacadh an lae "Ba chóir daoibh tabhairt faoi nua-ré! Ná smaoinígí ar an lá inné ná ar a bhfuil i ndán." Á, troidfear cogaí arís 's arís an colmán beidh sí i gcás arís díolfar í arís 's arís is daor é an colm bán. Buail na cloig ag a bhfuil an chling Déan dearmad ar an íobairt íon Tá scoilt, tá scoilt san uile ní A ligeann solas tríd. Bhí comharthaí uainn is bhí siad ann an feall sa bhreith an pósadh fann Sea, ba bhaintreach é gach uile rialtas cam - ba léir é do chách Ní thig liom níos mó a bheith leis an slua is boic mhóra, marfóirí, is iad ag guí, monuar! Ach do ghair siad, ghair siad chucu an scamall fuar agus cloisfidh siad m'amhrán: Buail na cloig ina bhfuil an chling Déan dearmad ar an íobairt íon Tá scoilt, tá scoilt san uile ní A ligeann solas tríd. Níl in aon chuid den pháirt ach cuid den iomlán d'fhéadfá dul ag máirseáil gan druma ann aimseoidh gach uile chroí mór-rún an ghrá – mar theifeach 's é ar fán. Buail na cloig ina bhfuil an chling Déan dearmad ar an íobairt íon Tá scoilt, tá scoilt san uile ní A ligeann solas tríd. Buail na cloig ina bhfuil an chling Déan dearmad ar an íobairt íon Tá scoilt, tá scoilt san uile ní A ligeann solas tríd. A ligeann solas tríd. A ligeann solas tríd. |
Anthem, le Leonard Cohen, aistrithe ag Gabriel Rosenstock.
Subscribe to:
Posts (Atom)
