File: Matthias Claudius
Cumadóir: Franz Schubert |
Der Tod und das MädchenDas MädchenVorüber! Ach, vorüber! Geh wilder Knochenmann! Ich bin noch jung, geh Lieber! Und rühre mich nicht an. Der Tod Gib deine Hand, Du schön und zart Gebild! Bin Freund, und komme nicht, zu strafen. Sey gutes Muths! ich bin nicht wild, Sollst sanft in meinen Armen schlafen! |
An Ainnir:
An deireadh! Uch, an deireadh! Ná fan a fhir na gcnámh! Is óg dom fós, a stóirín! Is coinnigh uaim do lámh. An Bás: Tabhair dom do lámh, a chraobh is milse bláth! Táim séimh, ní mian liom tú a mhilleadh. Bíodh ort lúcháir! Ní fiáin atáim, Is sámh a chodlóimidne choíche. |
Showing posts with label Lieder. Show all posts
Showing posts with label Lieder. Show all posts
2017-09-09
An Bás agus an Ainnir
2017-04-19
Einst glaubte ich, als ich noch unschuldig war
Chreideas-sa tráth, nuair a bhíos im’ mhaighdean shéimh
(Is bhíos mar sin tráth, díreach mar thú)
B’fhéidir go mbeidh chughamsa duine éigin,
Cad a bheidh le déanamh, uch arú.
Agus más boc é,
Is é cineálta,
Is gan smál ar bith ar a léine fiú
Is fhios aige an tslí chun caitheamh le mná,
Bheadh ormsa diúltú.
Sin an uair is ceart an stuaim ‘choinneáil,
Ar eagla do dhul amú!
Beidh an ghealach lonrach ins an spéir
Beidh an báidín beag sa chaladh ‘n oíche go léir
Ach ní féidir nithe a bhrú.
Sea, ní ceart go mbeadh ort díreach síneadh siar,
Sea, ní mór do dhuine a bheith fuar,
Sea, cá bhfios cad d’fhéadfadh dúinn tarlú
I ngach aon chás níl ann ach diúltú.
An chéad neach bhí chugam, ba dhuine é as Kent,
Bhí sé mar a d’iarrfá féin,
Bhí longa ag neach a dó amuigh sa chaladh
Is neach a trí ar nós seaimpéin.
Is ó bhí siad saibhir,
Is ó bhí cineálta,
Is gan smál ar a gcuid léinte fiú
Bhí ormsa diúltú.
B’in an uair ba cheart dom stuaim ‘choinneáil,
Ar eagla mo dhul amú!
Bhí an ghealach lonrach ins an spéir
Bhí an báidín beag sa chaladh ’n oíche go léir,
Is níorbh fhéidir nithe a bhrú.
Sea, ní ceart go mbeadh ort díreach síneadh siar,
Sea, ní mór do dhuine a bheith fuar,
Sea, cá bhfios cad d’fhéadfadh dúinn tarlú
I ngach aon chás níl ann ach diúltú.
Tháinig lá amháin (gorm bhí an lá)
An neach seo, gan faic a rá.
Is do chroch a hata donn ar an tairne a bhí im’ sheomra,
Is níor thuigeas an rud bhí dom chrá.
Is ó bhí sé féin daibhir
Is gan cineáltas ann,
Agus gan fhios aige
An tslí chun caitheamh le mná
Dó siúd ní fhéadfainn diúltú.
Níorbh in an uair ba cheart dom stuaim ’choinneáil
Ar eagla mo dhul amú!
Á, an ghealach lonrach insan spéir
An báidín beag ar fán an oíche go léir.
Is do b’fhéidir nithe a bhrú.
Sea, is ceart go mbeadh ort díreach síneadh siar
Sea, ní ceart go mbeadh do chroí istigh chomh fuar
Sea, cá bhfios cad d’fhéadfadh dúinn tarlú,
Sea, ní mór diúltú don diúltú.
Brecht
2017-04-10
Amhrán na Moldau
File: Bertholt Brecht
Cumadóir: Hans Eisler |
Amhrán na MoldauAr ghrinneall na Moldau, púróga ’g corraílTá impirí breátha faoin bhfód thall i bPrág Ní fhanfaidh an mór tréan, an beag ní bheidh bídeach - Dá fhaid í an oíche, sea tiocfaidh an lá sea, tiocfaidh an lá. Sea athraíonn gach faisean. Is cuma cén scéim é Beidh taoisigh is ceannairí uile faoin bhfód. Mar chearca gan chloigeann anois iad na créatúir, Sea athraíonn gach faisean, ní fiú é an bród ní fiú é an bród Ar ghrinneall na Moldau, púróga ’g corraíl Tá impirí breátha faoin bhfód thall i bPrág Ní fhanfaidh an mór tréan, an beag ní bheidh bídeach Dá fhaid í an oíche, sea tiocfaidh an lá, sea, tiocfaidh an lá. |
Das Lied von der MoldauAm Grunde der Moldau wandern die SteineEs liegen drei Kaiser begraben in Prag. Das Große bleibt groß nicht und klein nicht das Kleine. Die Nacht hat zwölf Stunden, dann kommt schon der Tag. Es wechseln die Zeiten. Die riesigen Pläne Der Mächtigen kommen am Ende zum Halt. Und gehn sie einher auch wie blutige Hähne Es wechseln die Zeiten, da hilft kein Gewalt. Am Grunde der Moldau wandern die Steine Es liegen drei Kaiser begraben in Prag. Das Große bleibt groß nicht und klein nicht das Kleine. Die Nacht hat zwölf Stunden, dann kommt schon der Tag. |
2016-12-25
Is ciúin atá an ré 'g éirí
[Amhrán de chuid na ndaoine]
[Volkslied] |
Verstohlen geht der Mond aufVerstohlen geht der Mond auf,Blau, blau Blümelein! Durch Silberwölkchen führt sein Lauf; Rosen im Tal, Mädel im Saal, o schönste Rosa! Er steigt die blaue Luft hindurch, Blau, blau Blümelein! Bis daß er scheint auf Löwenburg; Rosen im Tal, Mädel im Saal, o schönste Rosa! O schaue Mond durchs Fensterlein, Blau, blau Blümelein! Schön Trude lock' mit deinem Schein; Rosen im Tal, Mädel im Saal, o schönste Rosa! Und siehst du mich und siehst du sie, Blau, blau Blümelein! Zwei treu're Herzen sahst du nie; Rosen im Tal, Mädel im Saal, o schönste Rosa! |
Is ciúin atá an ré 'g éiríIs ciúin é éirí na réGorm, gorm-bhláithín, 'Measc néalta airgid a svae An rós sa ghleann, sa halla an bhé, a Róisín aoibhinn! In airde léi sa spéir ghorm Gorm, gorm-bhláithín, Is tá a gile os Löwenburg An rós sa ghleann, sa halla an bhé, a Róisín aoibhinn! An léir duit mé, an léir duit í Gorm, gorm-bhláithín, Ní fhaca tú a leithéid riamh! An rós sa ghleann, sa halla an bhé, a Róisín aoibhinn! |
2016-12-21
Urlicht
Volkslied
Ceol: Gustav Mahler |
UrlichtO Röschen rot,Der Mensch liegt in größter Not, Der Mensch liegt in größter Pein, Je lieber möcht' ich im Himmel sein. Da kam ich auf einem breiten Weg, Da kam ein Engelein und wollt' mich abweisen. Ach nein, ich ließ mich nicht abweisen! Ich bin von Gott und will wieder zu Gott, Der liebe Gott wird mir ein Lichtchen geben, Wird leuchten mir bis [in]1 das ewig selig' Leben! |
ÚrléasA dhearg-róis,tá gach neach i ngarbhghuais, tá gach neach abhus i bpéin, na flaithis gheala sea b'fhearr liom féin. Do tharla dom ar an mbealach mór tháinig an t-aingilín chun mise a ruaigeadh: ní hea, ní ligfinn dó mé 'ruaigeadh! De Dhia mé is fillfidh mé air, is gheobhaidh mé léas ó Dhia sé mo ghrá é is lasfaidh sé an tslí go dtí a áras naofa. |
2016-12-16
An Oíche a Phóg'mar, a Stóirín
File: Adelbert von Chamisso
Cumadóir: Volkslied |
An oíche a phóg'mar, a stóirín gan finné ar bith ar an scéal. Na réaltaí 'na seasamh sna flaithis is chreideamar iontu gach réalt. Bhí réalt amháin is thit sí is dhein leis an muir gearán, d'inis an mhuir é don stiúir tá an scéal ag captaen an bháid. Is d'inis an captaen céanna an scéal dá shearcleannán is is clos ar shráid is ar mhargadh ag[e] madraí an bhaile an gearán. |
Da nachts wir uns küßten, o Mädchen,
hat keiner uns zugeschaut. Die Sterne, die standen am Himmel, wir haben den Sternen getraut. Es ist ein Stern gefallen, der hat dem Meer uns verklagt, da hat das Meer es dem Ruder, das Ruder dem Schiffer gesagt. Da sang der selbige Schiffer es seiner Liebsten vor. Nun singen's auf Straßen und Märkten die Knaben und Mädchen im Chor. |
2016-12-05
Die Stadt/ An Chathair
File: Heinrich Heine
Cumadóir: Franz Schubert |
Ar fhíor na spéire i gcéin
á nocht' mar radharc i gceo an chathair 's a cuid túr ard is an clapsholas ann mar dhreo Corraíonn an leoithne úr-thais an cúrsa uisce léith; le rithimí gruama rámhaíonn an bádóir mé 'dtí an ché An ghrian ag éirí arís di ag soilsiú aníos athuair is léiríonn domsa an áit úd ar imigh mo ghrá bán uaim. |
Die StadtAm fernen HorizonteErscheint, wie ein Nebelbild, Die Stadt mit ihren Türmen, In Abenddämmrung gehüllt. Ein feuchter Windzug kräuselt Die graue Wasserbahn; Mit traurigem Takte rudert Der Schiffer in meinem Kahn. Die Sonne hebt sich noch einmal Leuchtend vom Boden empor Und zeigt mir jene Stelle, Wo ich das Liebste verlor |
2016-07-24
Slán beo agus oíche mhaith
Volkslied/ Amhrán de chuid na ndaoine
|
Slán beo agus oíche mhaithSlán beo agus oíche mhaith Tá mise ag imeacht Sé críoch an scéil é. Sa samhradh, bíonn seamair ann Sa gheimhreadh, bíonn sneachta ann Beidh mise arís chugat Sa samhradh, bíonn seamair ann Sa gheimhreadh, bíonn sneachta ann Beidh mise arís chugat! Is duairc iad gach sliabh go beann Is duairc duairc an uile ghleann A mbíodh mo shiúl Sé d’áilleacht faoi ndeara é A líon mé le grá, a bhé Táim cráite ag dúil Sé d’áilleacht faoi ndeara é A líon mé le grá, a bhé Táim cráite ag dúil! An sruthán síos le fán Faoin sceach úd uair amháin Do shuímis le chéile Glór clog ón séipéal Sinne béal le béal Ní cuimhin leat, a réilthín! Glór clog ón séipéal Sinne béal le béal Ní cuimhin leat, a réilthín! Gach cailín breá sa tír Níos caime na pinginí Níl éinne dílis! Slán beo agus oíche mhaith Tá mise ag imeacht Sé críoch an scéil é. Slán beo agus oíche mhaith Tá mise ag imeacht Sé críoch an scéil é. |
Adé zur guten NachtAdé nun zur guten Nacht –Jetzt wird der Schluss gemacht Dass ich muss scheiden! Im Sommer, da wächst der Klee Im Winter, da schneit's den Schnee Da komme ich wieder! Im Sommer, da wächst der Klee Im Winter, da schneit's den Schnee Da komme ich wieder! Es trauern Berg und Tal Wo ich soviel tausendmal Bin drüber gangen! Das hat deine Schönheit gemacht Die hat mich zum Lieben gebracht Mit großem Verlangen! Das hat deine Schönheit gemacht Die hat mich zum Lieben gebracht Mit großem Verlangen! Das Brünnlein rinnt und rauscht Wohl unterm Holderstrauch Wo wir gesessen! So manchen Glockenschlag Da Herz bei Herzen lag Das hast du vergessen! So manchen Glockenschlag Da Herz bei Herzen lag Das hast du vergessen! Die Mädchen auf dieser Welt Sind falscher als das Geld Mit ihrem Lieben! Ade nun zur guten Nacht – Jetzt wird der Schluss gemacht Dass ich muss scheiden! Adé nun zur guten Nacht – Jetzt wird der Schluss gemacht Dass ich muss scheiden! |
2016-06-01
Im' chodladh, im' dhúiseacht
File: Franz Kafka
Cumadóir: György Kurtág |
Im' chodladh, im' dhúiseacht, im' chodladh, im' dhúiseacht,
ainnis an saol é. |
Geschlafen, aufgewacht, geschlafen, aufgewacht,
elendes Leben. |
2016-03-06
Shy one, shy one,
File: William Butler Yeats
Cumadóir: Rebecca Clarke |
Cúthail, cúthailCúthail, cúthailCúthail í mo stór I solas na tine Lei féin go deo. Iompraíonn sí isteach na gréithe Go néata á leagan síos Chuig oileáinín san uisce A raghainnse lem’ ghéis. Iompraíonn sí isteach na coinnle Is tá mar bheadh ‘na lá, Cúthail sa doras Is cúthail sa scáil; Is cúthail mar choinín Cúthail is lách. Ar oileán léi san uisce A d’fhanfainn go brách. |
Shy one, shy oneShy one, shy one,Shy one of my heart, She moves in the firelight Pensively apart. She carries in the dishes, And lays them in a row. To an isle in the water With her would I go. She carries in the candles, And lights the curtained room, Shy in the doorway And shy in the gloom; And shy as a rabbit, Helpful and shy. To an isle in the water, With her would I fly. |
Blate yin, blate yinBlate yin, blate yin,Blate yin o ma hert, Muivin i the firelicht Pensefu an apairt. She feshes in the dishes, An liggs thaim in a raw. Tae yon isle i the watter Wi her a'd fleet awa. She carries in the caunles, An lichts the curtained derk, Blate i the door-sole An blate i the mirk; An blate as a mappie, Helpfou an bleet. Tae yon isle i the watter Wi her wid a fleet. Leagan Béarla na hAlban: John McDonald |
2016-02-06
Mein Herz ist wie ein See so weit/Chomh leathan leis an loch mo chroí
File: Nietzsche
Reacaire: Fritz Stavenhagen (Tá ceol curtha ag Carl Orff leis seo, ach níl teacht ar ar líne) |
Mein Herz ist wie ein See so weitMein Herz ist wie ein See so weit,Drin lacht dein Antlitz sonnenlicht In tiefer süßer Einsamkeit, Wo leise Well' an Well' sich bricht. Ist's Nacht, ist's Tag? Ich weiß es nicht, Lacht doch auf mich so lieb und lind Dein sonnenlichtes Angesicht Und selig bin ich wie ein Kind. |
Chomh leathan leis an loch mo chroíChomh leathan leis an loch mo chroí,Is gáireann ann do ghrian-ghnúis In uaigneas milis domhain síoraí Is tonn ar tonn ag teacht go ciúin. An oíche, lá? Ní heol dom é, Ní heol dom ach do gháire geal Ag taitneamh ormsa go séimh – Nach sona atáim im pháiste seal. |
2016-01-26
A mháistreás liom, cá bhfuil do shiúl uaim?/ O mistress mine, where are you roaming?
Twelfth Night, Gníomh II,
Radharc III O mistress mine, where are you roaming?William Shakespeare, 1564 - 1616An tAbhlóir ag canadh |
O Mistress mine, where are you roaming?
O stay and hear! your true-love’s coming That can sing both high and low; Trip no further, pretty sweeting, Journeys end in lovers’ meeting— Every wise man’s son doth know. What is love? ’tis not hereafter; Present mirth hath present laughter; What’s to come is still unsure: In delay there lies no plenty,— Then come kiss me, Sweet-and-twenty, Youth’s a stuff will not endure. |
A Mháistreás liom, cá bhfuil do shiúl uaim,
Ó fan is éist! Mar tá mé chugatsa. Canaim íseal, canaim ard; Stop den fhánaíocht, fan a ghrá dhil Deireadh an aistir tú i ndáil linn – Rud é sin is léir do chách. Níl aon ghrá ann ‘s tú sa chré Gáir inniu, ní hann do inné; Cá bhfios dúinn cad tá i ndán: Níl aon mhaith sa mhoill, a thaisce Póg mé ar mo bheola taise Níl san óige ach lá amháin. |
2016-01-20
Tá mo chroíse ag tnúth leat!
File: Antonio Machado
Cumadóir: Carlos Pedrell |
Amada, el aura diceAmada, el aura dice tu pura veste blanca... No te verán mis ojos; ¡mi corazón te aguarda! El viento me ha traído tu nombre en la mañana; el eco de tus pasos repite la montaña . . . No te verán mis ojos; ¡mi corazón te aguarda! En las sombrías torres repican las campanas... No te verán mis ojos; ¡mi corazón te aguarda! Los golpes del martillo dicen la negra caja; y el sitio de la fosa, los golpes de la azada... No te verán mis ojos; ¡mi corazón te aguarda! |
Tá mo chroíse ag tnúth leat!A mhaoineach, fógraíonn an lá bán do thaiséadach álainn úr . . . Ní fheicfidh mo shúile thú; tá mo chroíse ag tnúth leat! Thug an ghaoth léi ar maidin d’ainmse os na harda chugam, macalla do choiscéime ag clingeadh ar fud na bhfud . . . Ní fheicfidh mo shúile thú; tá mo chroíse ag tnúth leat! Nach gruama atá an túr úd is glór na gclog go dúr ann Ní fheicfidh mo shúile thú; tá mo chroíse ag tnúth leat! Le buillí trom’ an chasúir fógraítear do chónra dhubh is le buillí trom’ na speile fógraítear cá bhfuil an uaigh. Ní fheicfidh mo shúile thú; tá mo chroíse ag tnúth leat! |
2016-01-16
Trost/Sólás
File: Gustav Falke (1853 – 1916)
Cumadóir: Max Reger |
TrostStill, still! 'S ist nur ein Traum,'S geht alles vorbei, Was es auch sei. Spürest es kaum, 'S ist nur ein Hauch, Wie du auch. |
SólásFuist, fuist! Brionglóid atá ann:nach n-imeoidh gach ní! cuma, cén bhrí. Rud atá fann: níl ann ach an dé do nós féin |
2016-01-03
September
File: Hermann Hesse
Cumadóir: Richard Strauss |
Der Garten trauert,
kühl sinkt in die Blumen der Regen. Der Sommer schauert still seinem Ende entgegen. Golden tropft Blatt um Blatt nieder vom hohen Akazienbaum. Sommer lächelt erstaunt und matt in den sterbenden Gartentraum. Lange noch bei den Rosen bleibt er stehen, sehnt sich nach Ruh. Langsam tut er die großen müdgewordnen Augen zu. |
Meán FómhairAn gairdín ag caí,Fuar insna blátha an bháisteach. An samhradh ar crith Mar ní bheidh sé ann amárach Braonta óir ón gcrann ard Duilleog anuas ar na duilleoga. Iontas ar an samhradh sámh Is gearr go mbeidh gach ní ómra. Seasann taobh leis an róisín Tamall eile, santaíonn sé scíth. Dúntar na súile móra, Tá siad traochta, dúnann siad. |
2015-12-22
Cois Loch Laomainn
The Bonnie Banks of Loch Lomond
Cois Loch Laomainn
Ar na bruach’ úd thall agus taobh leis an ard
Is an ghrian sa spéir os Loch Laomainn
Ba gheal le mo ghrása is mé féin a bheith gach lá
Sinn ag fálróid dúinn féin cois Loch Laomainn.
Curfá
An mórbhóthar duitse is an bóithrín dom féinig
Is beidh mise romhatsa in Albain,
Ach mise is mo ghrá geal ní fheicfear sinn arís
Sinn ag fálróid dúinn féin cois Loch Laomainn.
I ngleann úd na scáile scaras léi monuar
Faoi learga géara Bheann Laomainn,
An fraoch is é faoi bhláth, an ghealach ana fhuar
An croí i mo chliabhsa ar caorthainn.
Curfá
Is canann na héin, tá na goirt faoi bhláth
Is an ghrian sna huiscí fá shuan:
Ach earrach níl i ndán don té atá ar fán
Ar fud an domhain mhóir go buan.
Curfá
By yon bonnie banks and by yon bonnie braes,
Where the sun shines bright on Loch Lomond,
Where me and my true love were ever wont to gae,
On the bonnie, bonnie banks of Loch Lomond.
Chorus:
O ye'll take the high road, and I'll take the low road,
And I'll be in Scotland afore ye,
but me and my true love will never meet again,
On the bonnie, bonnie banks of Loch Lomond.
'Twas there that we parted, in yon shady glen,
On the steep, steep sides of Ben Lomond,
Where, in purple hue, the highland hills we view,
And the moon coming out in the gloaming.
Chorus
The wee birdies sing and the wild flowers spring,
And in sunshine waters lie sleeping.
But the broken heart it kens, nae second spring again,
Though the waeful may cease frae their greeting.
2015-11-17
Wie Melodien zieht es mir/ Mar cheolta sí ag teacht chugam
File: Klaus Groth
Cumadóir: Johannes Brahms |
Wie Melodien zieht es
Mir leise durch den Sinn, Wie Frühlingsblumen blüht es, Und schwebt wie Duft dahin. Doch kommt das Wort und faßt es Und führt es vor das Aug', Wie Nebelgrau erblaßt es Und schwindet wie ein Hauch. Und dennoch ruht im Reime Verborgen wohl ein Duft, Den mild aus stillem Keime Ein feuchtes Auge ruft. |
Mar cheolta sí ag teacht chugamMar cheolta sí ag teacht chugamI m’aignese go séimh, Mar bhlátha earraigh úra Go cumhra tríd an aer. An briathar beireann greim air Is tugtar é don tsúil, Is imíonn is gan feidhm leis Mar anáil nó mar dhrúcht. Fós féin sa dán tá fáil air Mar chumhracht ina rún, Ag éalú as na blátha Ar ghlaoch ón deoir sa tsúil. |
2015-11-16
Vergiftet sind meine Lieder
File: Heinrich Heine
Cumadóir: Franz Liszt |
Vergiftet sind meine Lieder -
Wie könnt es anders sein? Du hast mir ja Gift gegossen Ins blühende Leben hinein. Vergiftet sind meine Lieder - Wie könnt es anders sein? Ich trag' im Herzen viel Schlangen, Und dich, Geliebte mein! |
Lán nimhe iad mo chuid AmhránLán nimhe iad mo chuid amhrán –Cén t-iontas é mar scéal? ‘ndiaidh duit an nimh a dhoirteadh Ar úr-bhlátha uile an tsaoil. Lán nimhe iad mo chuid amhrán – Cén t-iontas é mar scéal? Tá nathracha fós im’ chroíse A ghlac mé ó do bhéal! |
2015-11-11
Waldseligkeit/ Aoibhneas sna Coillte
File: Richard Dehmel
Cumadóir: Joseph Marx |
Der Wald beginnt zu rauschen,
den Bäumen naht die Nacht, als ob sie selig lauschen, berühren sie sich sacht. Und unter ihren Zweigen, da bin ich ganz allein, da bin ich ganz mein eigen: ganz nur Dein! |
Aoibhneas sna CoillteTá siosarnach sna coillteAn oíche ‘measc na gcrann, Ag éisteacht leo go haoibhinn Nach méanar di bheith ann. Is seasaim faoi na géaga, Is mé ar fad liom féin Is cé gur mé mé féinig: Leatsa mé! |
2015-11-02
Stiller Gang/ Siúlóid Chiúin
Subscribe to:
Posts (Atom)
