Showing posts with label Mouth on Fire. Show all posts
Showing posts with label Mouth on Fire. Show all posts

2017-03-10

Ireland’s Greatest: Yeats - Rí-Éigeas Éireann: Yeats

Arna léiriú ag an gCompántas Amharclainne Mouth on Fire

An Amharclann Nua - The New Theatre Baile Átha Cliath  14 & 15 Márta 2017 -  1pm

- An Cat agus an Ghealach
- Purgadóir (An Chéad Taibhiú, traschruthaithe i nGaeilge ag Gabriel Rosenstock)
- Filíocht agus Amhráin
Cuirfidh Mouth on Fire, compántas a bhfuil gradaim idirnáisiúnta buaite aige, dhá mhórdhráma le William Butler Yeats i láthair le linn Sheachtain na Gaeilge, chomh maith le dorn dánta leis á n-aithris agus á gcanadh. Beidh cuid de mhóraisteoirí na hÉireann páirteach san iarnóin ardsiamsaíochta seo.

Páirteach ann tá Donncha Crowley (a raibh ról aige in King Arthur, Father Ted, Angela’s Ashes agus Kings) Micheál Ó Gruagáin (Grabbers, Killinascully, Corp agus Anam), an dís sin in An Cat agus an Ghealach (The Cat and the Moon), agus Macdara Ó Fátharta, tábhairneoir Ros na Rún, i bpáirt an Ghutha.

Ina dhiaidh sin, beidh deis ag an lucht féachana an chéad léiriú riamh a fheiceáil den dráma is fearr de chuid an Yeatsaigh dar lena lán, is é sin Purgadóir.

Páirteach ann tá Donncha Crowley agus Eddie Mullarkey. Gabriel Rosenstock, an file nótáilte, a chuir na haistriúcháin bhinne Ghaeilge ar fáil.

Cloisfear chomh maith roinnt de dhánta iontacha an Yeatsaigh á gcur i láthair ag Cathal Quinn agus á gcanadh ag Enda Reilly.

International Award winning theatre-company Mouth on Fire presents two of William Butler Yeats’s greatest plays for Seachtain na Gaeilge 2017 - together with a selection of Yeats’s poems sung and spoken in an afternoon of great entertainment, starring some of Ireland’s best known actors.

Donncha Crowley (best known for King Arthur, Father Ted, Angela’s Ashes and Kings) pairs with veteran actor Micheál Ó Gruagáin (Grabbers, Killinascully, Corp agus Anam) in An Cat agus an Ghealach (The Cat and the Moon), while Macdara Ó Fátharta, Ros na Rún’s most famous bar man, features as the Voice.

This is followed by the World Premiere of Purgadóir - of what many consider Yeats’s best play, Purgatory - starring Donncha Crowley and Eddie Mullarkey.  Wonderfully translated by the internationally renowned poet Gabriel Rosenstock.

The plays will be interspersed with some of Yeats’s greatest poetry - Easter 1916, The Song of Wandering Aengus, The Lake Isle of Innisfree – performed by Cathal Quinn and sung by musician Enda Reilly.


An Cliar/Cast:  Micheál Ó Gruagáin, Donncha Crowley, Macdara Ó Fátharta, Eddie Mullarkey, Cathal Quinn, Enda Reilly.

Dátaí/Dates: Dé Máirt, 14ú & Dé Céadaoin 15ú Márta 2017
Am/Time: 1pm     
Ticéid: €12.50 & €10

#SNAG17

The New Theatre/ An Amharclann Nua, 43 Sráid Essex Thoir, Barra an Teampaill, BÁC 2

Áirithint/Booking:  info@thenewtheatre.com     Guthán: (01) 670 3361

Arna léiriú ag Mouth on Fire Theatre Company   www.mouthonfire.ie

2015-05-26

Saints and Sinners Trí dhráma le W.B. YEATS

Saints and Sinners
Trí dhráma le W.B. YEATS

The Pot of Broth
An Cat agus an Ghealach                                                                                                                                                                                  (An chéad léiriú domhanda den dráma The Cat and the Moon sa Ghaeilge. Gabriel Rosenstock a thraschruthaigh)
Purgatory
Cuireann Mouth on Fire, an compántas a bhfuil gradaim idirnáisiúnta bronnta air, trí dhráma os comhair an phobail in am tráth don cheiliúradh 150 bliain ar bhreith an fhile. Sároíche siamsaíochta geallta le cuid de na haisteoirí is mó a bhfuil gnaoi an phobail orthu.
Tá aithne mhaith ar Dhonncha Crowley ó King Arthur, Father Ted, Angela’s Ashes agus Kings. Ina theannta beidh Micheál Ó Gruagáin (Grabbers, Killinascully, Corp agus Anam); agus tábhairneoir cráite Ros na Rún Macdara Ó Fátharta, an triúr acu páirteach sa chéad taibhiú den dráma An Cat agus an Ghealach. An file nótáilte Gabriel Rosenstock a thraschruthaigh i nGaeilge.

Páirteach sa dráma The Pot of Broth Rory Corcoran, nuachéimí de chuid an Lir (é i bpáirt Chadwick in Punk Rock sa Lyric), Neill Fleming (The Hit Producer, Game of Thrones) agus Deborah Wiseman (Situations Vacant, 8.5 Hours). Cuirfidh an triúr seo an-ghreann ar fáil sa dráma seo ina bhfuil bacach bóthair is gan aige ina phóca ach cloch, ach éiríonn leis dallamullóg a chur ar sprionlóir mná leis an gcloch chéanna.
Cuirfear clabhsúr ar an oíche le Purgatory, dráma véarsaíochta, ceann de na saothair a scríobh an Yeatsach i mblianta deireanacha a shaoil; tá codarsnacht bhreá idir na drámaí seo a léiríonn buanna iontacha an scríbhneora agus is fuinniúil fórsúil iad an bheirt aisteoirí a chuireann Purgatory inár láthair, Rory Corcoran agus Neill Fleming.
Tá ról lárnach ag an gceol sa léiriú seo. Chuaigh Mouth on Fire i gcomhar le Dara Yeates, ilionstraimí agus cumadóir, chun taipéis cheoil a chruthú, ceol a bhraithfear ón tús go dtí deireadh na hoíche.
Deir an Stiúrthóir Ealaíne Cathal Quinn: ‘Tá an-chluas ag Dara agus éiríonn leis croí agus anam gach dráma a thabhairt leis go seoigh. Tá cáil an chruinnis ar an gcompántas seo againne agus tá polasaí againn chomh maith an chuid is fearr de scríbhneoireacht na tíre seo a roinnt le cách.’
Deir an Léiritheoir Melissa Nolan go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an gcur chuige dátheangach atá ag an gcompántas: ‘Thacaigh Yeats leis an nGaeilge agus thaitneodh sé go mór leis go bhfuil aistriúchán fileata déanta ar dhánta agus ar dhrámaí leis. 150 bliain i ndiaidh a bháis agus táimid fós ag caint ar chúrsaí teanga agus ar athbheochan náisiúnta. Ní lucht na Gaeilge amháin a chuirfidh spéis sa léiriú ar An Cat agus an Ghealach ach éinne ar spéis leis saothar an Yeatsaigh agus a smaoiníonn ar cad is drámaíocht na hÉireann ann.’
Arsa Cathal: ‘Táimid ag tnúth go mór le hoíche an 13ú Meitheamh, an lá a rugadh W.B. Yeats 150 bliain ó shin. Táimid thar a bheith buíoch dár lucht tacaíochta, UNESCO, Foras na Gaeilge, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus An Amharclann Nua/ The New Theatre.’

Cliar: Donncha Crowley, Rory Corcoran, Neill Fleming, Micheál Ó Gruagáin, Macdara Ó Fátharta,  Deborah Wiseman,
Macdara Yeates.
Stiúrthóir Cathal Quinn, Léiritheoir Melissa Nolan, Ceol le Macdara Yeates
Soilsiú & Dearadh Zia Holly, Cultacha le Rowena Cunningham
Luan 8ú – SATHARN 20ú Meitheamh 2015 @7.30pm

(Réamhléiriú: Luan 8ú Meitheamh)  (Oscailt: Máirt 9ú Meitheamh) Ticéid: €10 - €15   (grúpa €10, lamháltas €12, lán €15)
Ní bheidh sos ar bith ann. Maireann an seó thart ar uair an chloig agus cúig nóiméad déag.
Tacaíocht ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Foras na Gaeilge & UNESCO.

2015-01-09

Aisteoir Charlie (RTÉ 1) páirteach sa seó Men Like Us

Léireofar 

Men Like Us 

i Scoil na mBuachaillí, Scabhat Smock, BÁC, Ean. 15-17, 8.p.m.,
agus nóinléiriú ar an Satharn, 17 Ean., ar 3.p.m.

Is é atá sa seó trí mhír de chuid Beckett agus iad fite le chéile le lúba dordveidhle.

Matalang

Leagan Gaeilge den ghearrdhráma ‘Catastrophe’ de chuid Beckett.

The End

Rough for Theatre II


Agus mionsonraí Men Like Us á bhfógairt ag Cathal Quinn, Stiúrthóir Ealaíne Mouth on Fire, dúirt sé go raibh ríméad ar an gcompántas drámaíochta agus go mba mhór an onóir é, go deimhin, tuilleadh drámaí leis an máistir a chur i láthair an phobail." Tá a fhios ag an saol mór go bhfuil Eastát Beckett an-scrupallach maidir le cáil an drámadóra a chosaint - agus an ceart ar fad acu," arsa Quinn.

"Is cuid dár bpolasaí é mar chompántas drámaí Beckett a chur i láthair dreamanna éagsúla agus luíonn sé go deas leis an bpolasaí sin go bhfuil drámaí leis á léiriú i nGaeilge againn. Is mian linn go mbeadh deis ag gach éinne, go háirithe daoine nach bhfaca Beckett cheana ar stáitse, an saothar a chloisteáil, a fheiceáil, a thuiscint agus sult a bhaint as. Chloisfeá uaireanta daoine á rá gur saothar deacair é saothar Beckett nó go gcuirfeadh sé blianta ort agus ba mhaith linne an tuairim sin a bhréagnú."

"Beidh fotheidil againn le haghaidh Matalang; níor mhaith linn éinne a fhágáil amuigh san fhuacht," arsa Quinn. "Is é Gabriel Rosenstock, file, údar agus aistritheoir nótáilte, a thraschruthaigh an dráma dúinn."  Is mar chuid den léiriú ensemble a chuirfear i láthair é.

Is é Marcus Lamb (i bpáirt Dheasúin Uí Mháille sa dráma Charlie ar RTÉ 1) a chuirfidh The End i láthair, píosa próis an-cháiliúil de chuid Beckett. Tá Marcus ag obair le Mouth on Fire le ceithre bliana anuas agus thaistil sé i dteannta an chompántais chun na Breataine agus chun na Seapáine. Is Nua-Eabhracach í Kim V Porcelli agus is máistir ar scata uirlisí ceoil í. Is í Kim agus a dordveidhil an snáth idir na míreanna éagsúla. Is é seo an dara huair di a bheith le Mouth on Fire. Thiar sa bhliain 2013 a cuireadh tús leis an léiriú seo sa Cheoláras Náisiúnta.

Oirfidigh eile a ghlacfaidh páirt sa seó is ea na daoine a leanas: Melissa Nolan, Colm O’Brien, Shadaan Felfeli, Ray Yeates agus Cathal Quinn.

Mouth on Fire   

Melissa Nolan & Cathal Quinn

www.mouthonfire.ie
Tel: 086 8928648

Facebook mouthonfire
Twitter @mouthonfire1906