Showing posts with label Rabindranath Tagore. Show all posts
Showing posts with label Rabindranath Tagore. Show all posts

2017-06-29

Feitheamh

Agus tú fá shuan,
ar thairseach do chuid brionglóidí,
mé ag feitheamh is ag stánadh go ciúin ar do ghnúis
nuair a nochtann réalt na maidine ar dtús ag d'fhuinneog.
Mar a chéile, cois cladaigh,
an t-aiséiteach tumtha sa mhachnamh,
is é ag stánadh Soir -
a bhigil fhada caite aige in eacstais gan néal,
is é ag súil le breacadh an lae
á fholcadh.

Ólfadsa lem' dhá shúil
an chéad mheangadh
a bhláthóidh ar do liopaí leathoscailte
mar bhachlóg -
a mhian.

Rabindranath Tagore

Awaiting


In your sleep,
At the threshold of your dreams,
I wait and gaze silently on your face
As the morning star first appears at your window.
In the same way, by the seashore,
The ascetic plunged in meditation
Gazes towards the East -
His hours of vigil pass away in sleepless ecstasy,
As he looks forward to his immersion
In the first light of morning.

With mine eyes,
I shall drink the first smile
That blooms on your half-opened lips
Like a flower-bud -
This is my wish.

 Later Poems of Tagore (Orient Paperbacks, New Delhi)

2017-01-01

Áit a bhfuil an Aigne gan Uamhan



Áit a bhfuil an aigne gan uamhan agus an ceann á choinneáil in airde
Áit a bhfuil an t-eolas saor
Áit nach bhfuil an domhan briste ina bhloghanna
Ag fallaí cúnga an tí
Áit a dtagann briathra amach as broinn na fírinne
An dícheall is a ghéaga sínte de shíor i dtreo na foirfeachta
Áit nach bhfuil sruth glé an réasúin imithe amú
Isteach i ngaineamhlach leamh marbh na nósmhaireachta
An aigne á treorú agatsa ar aghaidh
Go dtí an smaoineamh is an gníomh gan teorainn
Go ndúisí mo thírse, a Athair, i bhflaitheas sin na saoirse

Rabindranath Tagore

2016-02-07

Ná coinnigh chugat féin é


Ná coinnigh chugat féin é

le Rabindranath Tagore (1861-1941)


Ná coinnigh chugat féin é, rún do chroí
a mhaoin!
Abairse liomsa é, mise amháin, faoi rún.
A aoibh shéimh
abair liom i gcogar sámh,
mo chroíse a chloisfidh
is ní mo chluasa.

Tá an oíche seo dorcha
an tigh breá ciúin
nead na n-éan faoi bhrat an tsuain.
Labhair liom
idir dhá dheoir
idir dhá mheangadh gáire
trí náire mhilis is trí arraing –
nocht rún do chroí!

2016-02-04

TAGORE: Lá i ndiaidh lae, a Thiarna an Domhain

 

Lá i ndiaidh lae, a Thiarna an Domhain,
an seasfaidh mé romhatsa aghaidh ar aghaidh?
Mo lámha fillte, a Rí na nDúl,
an seasfaidh mé romhatsa aghaidh ar aghaidh?

Faoid’ spéirse fhairsing i m’aonar is i dtost,
is le croí umhal
an seasfaidh mé romhatsa aghaidh ar aghaidh?

Sa domhan a chruthaís lán de bhroid
ag streachailt de shíor leis an gcruatan,
i measc sluaite go leor
an seasfaidh mé romhatsa aghaidh ar aghaidh?

Is nuair ‘bheidh mo shaotharsa curtha i gcrích
a Dhé,’Ardrí,
an seasfaidh mé romhatsa aghaidh ar aghaidh?

2016-01-30

Chuala go luath sa lá faoi rún



Chuala go luath sa lá faoi rún
Go mbeimisne beirt i mbád, ár ndís amháin,
Is gan fhios ag éinne ar domhan
Go rabhamar ar oilithreacht
Gan tír ar bith againn mar chríoch

Ar aigéan sin gan bhruach
Tú ag éisteacht led’ mheangadh ciúin
D’imeodh mo chuid laoithe ina srúill
Saor mar thonn, gan briathra á gcur in iúl

Nár tháinig fós an t-am?
Bhfuil dán nó dhó le scríobh?
Féach, an iarnóin tagtha síos go dtí an trá,
An solas lag ag éag
Éin ag filleadh abhaile ar a nead

Cathain a bheidh na slabhraí di
Is an bád ar nós lasairín na gréine
Slogtha ag an oích’?

File: Rabindranath Tagore
Cumadóir: David Leisner

2016-01-21

TAGORE: Megher pore megh





Néal carntha ar néal, éiríonn sé dorcha.
A ghrá geal, cén fáth a bhfuilim ag feitheamh
lasmuigh den doras i m’aonar?

Le linn bhroid an mheán lae
i measc an phlóid a bhím, ach an lá gruama seo
ag tnúth leat féin amháin atáim.

Más ceilte orm do ghnúis
más caite mé i leataobh
conas a chuirfidh mé isteach
uaireanta fada seo na báistí?

Mé ag stánadh de shíor ar dhuairceas na spéire
gabhann mo chroí ar fán is ag caí
leis an ngaoth ghuagach

2015-03-20

On many an idle day have I grieved over lost time (as Gitanjali)

le Rabindranath Tagore
(1861 - 1941)

An file féin a chuir Béarla air

On many an idle day have I grieved over lost time. But it is never lost, my lord. Thou hast taken every moment of my life in thine own hands.
Hidden in the heart of things thou art nourishing seeds into sprouts, buds into blossoms, and ripening flowers into fruitfulness.
I was tired and sleeping on my idle bed and imagined all work had ceased. In the morning I woke up and found my garden full with wonders of flowers.


Is iomaí lá díomhaoin nuair a chaoineas an t-am a cailleadh. Ach ní chailltear riamh é, a Thiarna. Tá gach nóiméad dem shaolsa tógtha agatsa i do dhá lámh.
I bhfolach i gcroí nithe, tá síolta á gcothú agat ina bpéaca, bachlóga ina mblátha, agus aibíonn bláthanna ina dtorthaí.
Bhí tuirse orm is mé i mo luí ar leaba dhíomhaoin agus samhlaíodh dom go raibh an saothar go léir thart. Dhúisíos ar maidin agus fuaireas romham garraí lán de bhláthanna na n-iontas.

2014-05-07

Ar an lá seo 7 Bealtaine

Ar an lá seo 7 Bealtaine, 1861, rugadh Rabindranath Tagore.
Is féidir leabhar neamhghnách leis Éanlaith Strae a cheannach anseo nó a íoslódáil anseo.