Showing posts with label Strauss. Show all posts
Showing posts with label Strauss. Show all posts

2016-01-03

September

File: Hermann Hesse
Cumadóir: Richard Strauss
Der Garten trauert,
kühl sinkt in die Blumen der Regen.
Der Sommer schauert
still seinem Ende entgegen.

Golden tropft Blatt um Blatt
nieder vom hohen Akazienbaum.
Sommer lächelt erstaunt und matt
in den sterbenden Gartentraum.

Lange noch bei den Rosen
bleibt er stehen, sehnt sich nach Ruh.
Langsam tut er die großen
müdgewordnen Augen zu.

Meán Fómhair

An gairdín ag caí,
Fuar insna blátha an bháisteach.
An samhradh ar crith
Mar ní bheidh sé ann amárach

Braonta óir ón gcrann ard
Duilleog anuas ar na duilleoga.
Iontas ar an samhradh sámh
Is gearr go mbeidh gach ní ómra.

Seasann taobh leis an róisín
Tamall eile, santaíonn sé scíth.
Dúntar na súile móra,
Tá siad traochta, dúnann siad.

2015-11-02

Stiller Gang/ Siúlóid Chiúin

Dehmel le linn an Chéad Cogadh Dhomhanda
File: Richard Dehmel
Cumadóir: Richard Strauss
Der Abend graut, Herbstfeuer brennen.
Über den Stoppeln geht der Rauch entzwei.
Kaum ist mein Weg noch zu erkennen.
Bald kommt die Nacht; ich muß mich trennen.
Ein Käfer surrt an meinem Ohr vorbei.
Vorbei

Siúlóid Chiúin

Tráthnóna chugainn, an fómhar trí thine.
Trasna an choinligh téann deatach ar fán.
N’fheadar an léir dom an tslí ‘thuilleadh.
Tá ina oich’; b’fhearra dhom filleadh.
An ciaróigín ar a bhealach thar bráid.
Thar bráid.