Showing posts with label Subodh Sarkar. Show all posts
Showing posts with label Subodh Sarkar. Show all posts

2014-03-02

Dhá Thine

Dhá Thine

San áit seo tá eagla ar pháistí dul amach ag spraoi
San áit seo tá nead philéardhíonach ag na hioraí
San áit seo is mian leis na seanóirí lámh a chur ina mbás féin
Níl aon  difríocht idir saighdiúir agus sibhialtach
Níl aon difríocht idir an marfóir is an té atá marbh
Táid araon beo bocht, ocras orthu, céastar iad araon.

A fhilí na hIndia, bhfuil sibh in ann siúl idir dhá thine?
 

Two Fires

Here, every child is scared to play
Here, every squirrel has a bullet-proof home
Here, every old man wants to commit suicide
There is no difference between a soldier and a man
No difference between the killer and the killed
Both are poor, both are hungry, both are tortured.

Poets of India, can you walk between two fires?

Subodh Sarkar
Translation from the Bengali
By the poet

2014-02-20

Dán le Subodh Sarkar

Dán le Subodh Sarkar, file agus ollamh. Is fiú go mór  an t-agallamh leis anseo a léamh.

M’Athair

le Subodh Sarkar
Teifeach ab ea m’athair teifeach ab ea mo mháthair
Ach rugadh mise saor san India.
Theith m’athair óna bhaile dúchais i dteannta mo mháthar
Mo dheirfiúracha is mo dheartháireacha.
Theith m’athair
Ón sráidbhaile a raibh a chroí ann
Theith m’athair ón abhainn
A bhí láimh leis
Theith m’athair ón scoil
Inar mhúin sé.

Ní raibh pas aige san India
Eachtrannach dleathach ab ea é
Bhí cárta  ciondála aige
A theanga mar víosa aige
Ina imirceach ó Bheangál go Beangál

Cailleadh d’ailse é, aois 55, in Krishnagar, Dst. Nodia, W.Bengal, an India
Ach chreid sé gur cailleadh i bhfad roimhe sin é
Agus é ag rith, ag rith, ag rith
A bhean óg ag rith is mise ina broinn
Nach iontach gur ritheas an méid sin sular rugadh mé
Beangál go Beangál
An India go dtí an India
Agus sa deireadh ón India go dtí an Comhlathas.
Níor thug sé riamh oiread is bonn airgid amhain dó
An ainm ar ospidéal é comhlathas?
Nó seicphointe míleata? Níl tuairim agam,
An bhféadfá a rá liom, a dhuine uasail?

2014-02-09

Subodh Sarkar, an 'Monostich' agus Briathar an Oracail


Im theannta taobh le scrín in Ashram Vinoba san India tá Subodh Sarkar, file agus ollamh as Beangál. D'aistrigh mé dán aon líne leis go Gaeilge:

agus an ghealach i do sheomra leapa, deineadh solas dínn araon

Dála an haiku, is dóigh le daoine áirithe nach bhfuil faic sa dán aon líne nó go bhféadfadh duine ar bith dán aon líne a chumadh gan dua. Ní thagaim leo. Tá an-mheas agam ar an dán aon líne, nó an 'monostich' mar a thugtar sa Bhéarla air, agus bíonn an-éifeacht leis má chumtar i gceart é.
Faightear an dán aon líne i litríocht na gCeilteach agus i ráitis Oracal Dheilfe.
Comhairle uaithi:

"Bíodh do nádúr féin seachas comhairle ó éinne eile mar threoir agat."

Sin é Briathar an Oracail.