Showing posts with label krishnamurphy. Show all posts
Showing posts with label krishnamurphy. Show all posts

2017-08-10

Krishnamurphy agus Ashtavakra

Ainmnigh duine amháin
(seachas tú fein)
a chonaic an solas
arsa na deisceabail, go himpíoch.
Ashtavakra, arsa Krishnamurphy, gan smaoineamh.

Conas is féidir a bheith ar nós Ashtavakra
an cheist atá acu go léir.


Líontar Krishnamurphy le hatrua.
Le bheith cosúil leis siúd, ar sé,
ní mór daoibh a bheith cam –
chomh cam le hadharc reithe!

Cam?
Baineadh siar go mór as na deisceabail.

Tagann sibh anseo le bhur gcolainn fhoirfe
agus sibh ag súil leis an solas?
Le bheith ar nós Ashtavakra
ní mór daoibh a bheith níos caime na corcscriú!

 

Krishnamurphy and Ashtavakra

Name one enlightened person
(apart from yourself)
the disciples ask, pleadingly.
Ashtavakra! says Krishnamurphy, without thinking.

How do we become like Ashtavakra?
The question on everyone’s lips.

Krishnamurphy is filled with compassion.
To be like him, he says,
you must be crooked –
as crooked as a ram’s horn!

Crooked?
The disciples are aghast.

You come here with your perfect bodies
and expect to be enlightened?
To be like Ashtavakra you must be
crookeder than a corkscrew!

2017-08-09

A Ego Basctha ag Krishnamurphy

Tvuíteáil Krishnamurphy a chuid deisceabal:
Tá sé basctha agam!
Smidiriríní, a chairde ionúine!
Faic fágtha!

Fuair na meáin gaoth an fhocail
Is dhein cosán dearg go dtí a dhoras.

An fíor, a Krishnamurphy?
Tá d’ego basctha go hiomlán agat, an bhfuil?

D’fhéach Krishnamurphy orthu go nimhneach:
Nach bhfuil meas ar bith agaibh orm?!
Tugaigí Sri Sri Krishnamurphy-ji orm!
Sea, sea, sea: tá sé basctha agam!
Is d’at a ucht le bród.
 

Krishnamurphy Smashes His Ego

Krishnamurphy tweeted his disciples:
I have smashed it!
Smithereens, my beloved ones!
Nothing left!

The press got wind of it
And beat a path to his door.

Is it true,
Krishnamurphy?
You have completely smashed the ego?

Krishnamurphy looked at them with disgust:
Have you no respect?!
Call me Sri Sri Krishnamurphy-ji!
Yes, yes, yes: I have smashed it!
His chest swelling with pride.

2017-08-07

Krishnamurphy - cúpla dán

Krishnamurphy ar an ragairne

Sin é an t-ochtú pionta IPA ólta agat!
A fhógraíonn deisceabal.
Nach bhfuil eagla ort go mbeadh cloigeann ort
maidin amárach?

Cloigeann, ab ea? Cloigeann?
An é sin atá á theagasc agam?
Níl aon bhaint ag an gcloigeann leis seo.
Baint dá laghad!
Ná bí ag smaoineamh ar an gcloigeann!
 

Krishnamurphy goes on the batter


That’s your eighth pint of pale Indian ale!
Exclaims a disciple.
Aren’t you afraid you’re going to have a head
in the morning?

A head, is it? A head?
Is this what I have been teaching you?
It has nothing at all to do with the head!
Nothing whatsoever!
Stop thinking of the head!
 

Ar Strae agus Aimsithe Arís


Dúirt U.G. Krishnamurti
‘Ná lean mise. Táimse ar strae . . .’
An bhfuil tusa ar strae leis? arsa deisceabal.

Freagraíonn Krishnamurphy:
An Ghaeilge ar Lost and Found Office
Ná Oifig na nEarraí Caillte
Tuigeann tú an méid sin.
Cén fáth nach bhfuil ‘Aimsithe‘ ann?

Nuair a bheidh an freagra ar eolas agat
Tar ar ais chugam
Mar ní thuigimse beag ná mór é.
 

Lost and Found

U.G. Krishnamurti said:
‘Don’t follow me. I’m lost . . .’
Are you lost as well? asks a disciple.

Krishnamurphy replies:
The Irish for a Lost and Found Office
Is Oifig na nEarraí Caillte
Meaning: Office of Lost Things
Why do they not include ‘Found’?

When you find the answer
Let me know
Because it’s a complete mystery to me.
 

Aigne an Mhoncaí


‘Cuireadh an aigne i gcomparáid le moncaí,
Nár cuireadh, a Mháistir?
Guagach de shíor
Ag léim ó chraobh go craobh  . . .’

‘Hoips! Is beag nár thit sé ansin!’
Gáire ó gach éinne.

‘Tá cathú orm! Do cheist?’

‘Conas aigne an mhoncaí a cheansú.’

‘Ceist neamhbhailí.
Níl aon mhoncaithe againn in Éirinn.
An chéad cheist eile?’              

 

Monkey Mind

‘The mind has been compared to a monkey,
Has it not, Master?
Ever restless
Jumping from branch to branch . . .’

‘Ooops! It nearly fell there!’ says Krishnamurphy.
Laughter all round.

‘I’m sorry! Your question?’

‘How to still the monkey mind’.

‘Not a valid question.
No monkeys in Ireland.
Next question?’
 

Tohi Mohi

Bímis ag cantaireacht! arsa K.:
Tohi Mohi, Mohi Tohi
Antar Kaisa
Tusa mise – mise Tusa
Cén difríocht atá eadrainn?
Sin é, dáiríre!
Cad eile atá ann?
Níl i ngach rud eile ach  . . .
Bímis ag cantaireacht!
Tohi Mohi, Mohi Tohi
Antar Kaisa
Tohi Mohi, Mohi Tohi
Antar Kaisa

Tohi Mohi, Mohi Tohi
Antar Kaisa

Tohi Mohi, Mohi Tohi

Tohi Mohi

Let’s chant! says K.:
Tohi Mohi, Mohi Tohi
Antar Kaisa
You are me – I am You
What’s the difference between us?
That’s it, really!
What eile is there?
Everything else is . . .
Let’s chant!
Tohi Mohi, Mohi Tohi
Antar Kaisa
Tohi Mohi, Mohi Tohi
Antar Kaisa

Tohi Mohi, Mohi Tohi
Antar Kaisa
Tohi Mohi, Mohi Tohi
Antar Kaisa

 

2014-10-18

Preasráiteas ó Krishnamurphy

'Sin iad na rudaí!' arsa Krishnamurphy i bpreasráiteas inné nuair a chuir sé  cruth leictreonach air féin.

2013-07-14

Missa Krishnamurphy

Is ait an bheirt iad Derek Ball agus Gabriel Rosenstock gan aon agó. Níl a fhios ag éinne cathain a casadh ar a chéile ar dtús iad. 'Ba é an tráth úd é,' arsa Derek, 'nuair a casadh na cnoic ar a
chéile, measaim.'
Ar aon chuma, tá ceol curtha ag Derek le hAifreann Krishnamurphy. Téacs beannaithe. Téacs damanta.Is deacair a rá.
Beidh an chéad léiriú domhanda den Aifreann seo ag Féile Nua-Cheoil Bhaile na gCros, Co. na hIarmhí, Dé Sathairn, 20 Iúil, agus an t-amhránaí mór le rá Liz Hilliard i bpáirt an Bhansagairt.
Derek Ball and Gabriel Rosenstock have been at it again. Don't miss 'Aifreann Krishnamurphy' (Krishnamurphy Mass) at the Hilltown New Music Festival in Castlepollard, Co Westmeath on Saturday 20th July.
Hilltown is one of the most surprising and stimulating experiences you could possibly have in several lifetimes, and the Aifreann promises both comic and cosmic treats, standing up, sitting down, enlightenment, and much more.
The great Liz Hilliard is your Priestess for this unmissable occasion.

Tuilleadh eolais: www.hilltown.ie

Tá an Leabhar Aifrinn ar fáil anseo/ The Missal can be found here:

2012-11-27

Krishnamurphy

Tá trí leabhar filíochta scríofa ag Gabriel ina bhfuil Krishnamurphy mar chuid den teideal, Eachtraí Krishnamurphy, Krishnamurphy Ambaist! agus Tuairiscíonn Krishnamurphy ó Bhagdad. Coiscéim a d'fhoilsigh. Tá leabhar Béarla, leis, aige dar teideal The Pleasantries of Krishnamurphy a foilsíodh thall i sean-Sasana. Persona dá chuid is ea Krishnamurphy a ligeann dó rudaí a rá nach ndéarfadh sé féin, a deir sé, sa ghnáthshlí. Imeartas focail ar Krishnamurti is ea an t-ainm Krishnamurphy, ar ndóigh. Bhí beirt mhaistrí den ainm sin ann, Jiddu Krishnamurti agus UG Krishnamurti. D'fhógair UG Krishnamurti nach raibh aon chóipcheart ar aon rud a scríobh sé. "B'ait an mac é, " arsa Gabriel. "D'fhoghlaimíos a lán uaidh. Deir daoine go raibh sé glan as a mheabhair ach mhaígh sé féin nach raibh aon mheabhair aige."