|
|
||||
|
|
||||
|
Os mo chomhair amach ar an bhfuinneog cuileog gafa i líon damháin alla chomh soiléir le grian an mheán lae an líon nach mór dofheicthe cá bhfuil a thús a dheireadh ní fheicim ach streachailt na cuileoige cosa beaga ar mire sciatháin á ngreadadh go faon Cén fhaid a mhairfidh sé seo? Ar feadh na síoraíochta? |
Showing posts with label pictiúir. Show all posts
Showing posts with label pictiúir. Show all posts
2015-10-15
Gabriel @ Cló Draíochta IMRAM
Póstaer spreagtha ag an dán Gaza atá mar chuid den taispeántas Cló Draíochta 5 de chuid IMRAM. Gliogáil ar na pictiúr len iad a mhéadú.
2014-06-02
Bean?
Éan - ar an gcéad amharc! Féach arís. Bean lánphéinteáilte atá san íomhá seo, creid é nó ná creid. Johannes Stötter a rinne.
2014-03-13
Céimeanna
Céimeanna! Tá gach éinne ag iarraidh céim ollscoile a fháil, jab a fháil agus ansin ardú céime a fháil! Céimeanna! Ghlac an file Meiriceánach Bill Wolak grianghraf díom ar na céimeanna seo in Hyderabad. Rud suntasach mar gheall orthu: is cosúil nach bhfuil cuspóir ar bith leo. Níl siad ag dul aon áit. Téigh go dtí an barr agus níl romhat ach balla bán.
Tá bríonna éagsúla leis an bhfocal 'céim' sa Ghaeilge, ar ndóigh. Ceann acu, de réir an Duinnínigh is ea 'end' nó 'limit'. Tuigeadh dom ansin go raibh orm Hyderabad a bhaint amach chun brí iomlán an fhocail 'céim' a thabhairt liom i gceart.

2014-03-08
Grianghraif ó Áras na Scríbhneoirí
Ag seoladh HAIKU MÁS É DO THOIL É! le Gabriel Rosenstock (An Gúm)
At launch of HAIKU MÁS É DO THOIL É! by Gabriel Rosenstock (An Gúm)
At launch of HAIKU MÁS É DO THOIL É! by Gabriel Rosenstock (An Gúm)
Subscribe to:
Posts (Atom)