Showing posts with label pogues. Show all posts
Showing posts with label pogues. Show all posts

2015-08-18

The Pogues: A Rainy Night in Soho/ Oíche Bháistí in Sóhó


Thugas grá duit ’nois le fada
Grá buan daingean le fada an lá
Is bhíos suaite is tú i dtrioblóid
Is bhí gáire againn, a ghrá

Is d’fhás ár gcairde suas ’nár dteannta
Bhíomar ann nuair bhíodar thíos
Cuid acu a chuaigh sna Flaithis
Thit a thuilleadh in Ifreann síos.

Chuas ar foscadh ón gcith tobann
Chuas isteach id’ bhaclainn shéimh
Oíche bháistí úd in Sóhó
Is feadaíl mhealltach úr ón ngaoth.

Chanas duit mo bhuairt iomlán
D’inis tusa do ríméad
Is cad a tharla don amhrán sin
Na leanaí uile a chuaigh in éag.

Dúisím ar uairibh teacht na maid’ne
An bheainín rua ar na gaobhair
Clóca tosta mór á clúdach
Is tusa ag labhairt ionam le faobhar.

Ní don todhchaí táimse ag canadh
Ná ag taibhreamh faoi inné
Ní ag caint atáim faoin gcéad uair
Ní smaoiním riamh faoi dheireadh ré.

Tá an t-amhrán nach mór ráite
Is seans nach dtuigimid fós a bhrí
Ach féach tá solas romham i gcónaí
Is tú croí na n-aislingí
 Tusa croí na n-aislingí.

2015-08-17

The Pogues: Turkish Song of the Damned/ Amhrán Turcach Lucht an Diabhail



As Ifreann tháinig mé anocht
An taoide lofa bhí
Tá na tairní ón gcros
Is an fhuil ó Chríost
Gan mhaith duitse gan bhrí

Tá fiacha ort a deir na mairbh id chluas
Is seasann siad sa chlós
Táid romhat, an slua

’Rabhais ag faire amach do ghaoth an mharbháin
Nó an bhfeacaís an bhean ina lámh gheal an chíor
Ag caoineadh go géar ar bhalla na trá
Is tú ag damhsa d’amhrán Turcach an diabhail

’Cuimhin leat an long ag dul go tóin poill
Mé fágtha ansin liom féin
Do léim an captaen marbh
Is d’fháisc sé mé go rabhas i bpéin
Is tá sé orm, á iompar ina cheaist
Is fiacha é seo nach féidir ’íoc ambaist.


 Is mé im’ shuí ag comhrá leat tá d’aghaidh á hiompú bán
An rud atá agam ar mo dhroim
Ní cleas ’tá ann ná scáil
Is gearr go mbeidh sé saor anois, an mua,
Tá fiacha ort, a deir na mairbh id’ chluas.

2015-08-16

The Pogues: Suantraí Londan



Ba ghnáth mé ’siúl le ciumhais na habhann
Tráthnónta is an t-aer go húr
Is chuala amhrán
Ón am fadó
Á shéideadh ag an ngaoth aduaidh.

Cé nach gcloistear riamh an traonach garg
 An brón is an t-áthas tríd
Bíonn callán ón gcarr
Agus liú ón mbeár
Agus troid is an scairt gháirí.

Is na taibhsí bhíonn
Lán de ghlór istoích’
Go raibh siad i bhfad ód’ shuan
Agus codladh sámh
Dóibh i measc na gcnámh
Nó ar leac na bpian go buan.

Do shiúlas liom is mo chroí go trom
Is bhí cloch ag rinc’ ar toinn
Bhí an t-amhrán ann
Is an solas fann
Is an ghaoth aduaidh do chaoin

Is bhí leoithne úr ag séideadh anoir
A phóg an bruach faoi thrí
 Is a pháistín fionn bí go sámh id’ shuan
Mar is duitse an suantraí

Is an ghaoth ’tá ’teacht ón gcillín fuar
Ná raibh aon dearóile léi
Ach gach aingeal docht
Led’ thaobh anocht
Id’ shuan go breacadh an lae.

2015-08-15

The Pogues: Sally Mac Lennane




Sheinn Jimí an t-orgán béil insan tábhairne a rugadh mé
Ó lár na hoíche sheinn sé é go fáinne geal an lae
Do sheinn sé dos na gealtaibh é chun iad a dhéanamh séimh
Is bhí cuma shásta orthu teacht na maid’ne.

Bhí Jimí saghas míshásta leis an áit bhí aige sa saol Má bhí an iomarca Powers ag an ‘elephant man’
Bhí gach aon mhuineál i mbaol
Mo léan bhí daoine ag caoineadh mar ní bheadh sé ann Dé hAoine
Agus bhuail sé bóthar éigin teacht na maid’ne.

Do thugamar é faoin mbáisteach ‘dtí an traein
Is phógamar faoi dhó é, ó mo léan,
Is do chanamar amhrán le croí mór lán
Cé go bhfeicfimis arís é mar sin féin
(‘bhfad i gcéin) Ó mo léan ní mór dom dul i gcéin
Tá beoir is fuisce uaimse tá mo thriall i bhfad i gcéin [‘bhfad i gcéin)
Ba bhreá liom filleadh abhaile agus mé ag dul thar meán
Ar an tábhairne is fearr sa chruinne is ar Sally Mac Lennane.

Is d’fhás mé suas is tharla ana-athruithe ar a lán
Is d’éirigh mé níos ceanúla ar Sally Mac Lennane
Do chuas thar fóir is d’ólas beoir gur gheal orm an lá
Is bhíos i m’fhear an bheáir teacht na maid’ne.

I bhfeighil na dí is eascainí, an fuisce is uisce tríd,
Ag caint le fir faoi striapacha is capaill lán de bhrí
Do chuala fhéin go raibh Jimí ‘déanamh cairn mhóir i gcéin
Is chuaigh slua chun na bhflaitheas gan foláireamh.

Do thugamar iad faoin mbáisteach ‘dtí an traein
Is phógamar faoi dhó iad ó mo léan,
Is do chanamar amhrán le croí mór lán
Cé go bhfeicfimis arís iad mar sin féin
(‘bhfad i gcéin) Ó mo léan ní mór dom dul i gcéin
Tá beoir is fuisce uaimse tá mo thriall i bhfad i gcéin [‘bhfad i gcéin)
Ba bhreá liom filleadh abhaile agus mé ag dul thar meán –
Ar an tábhairne is fearr sa chruinne is ar Sally Mac Lennane.

Bhí Jimí tagtha abhaile ach cá raibh an chóip go léir
Is d’fhiafraigh díom cá rabhadar, ar imíodar ar an dtraein
Bíonn daoine scanraithe roimh an mbás ach d’ól ár Jimí an t-uafás
Is bhuail ar gheataí neimhe teacht na maid’ne.

Do thugamar é faoin mbáisteach ‘dtí an traein
Is phógamar faoi dhó é, ó mo léan,
Is do chanamar amhrán le croí mór lán
Cé go bhfeicfimis arís é mar sin féin
(‘bhfad i gcéin) Ó mo léan ní mór dom dul i gcéin
Tá beoir is fuisce uaimse, tá mo thriall i bhfad i gcéin [‘bhfad i gcéin)
Ba bhreá liom filleadh abhaile agus mé ag dul thar meán
Ar an tábhairne is fearr sa chruinne is ar Sally Mac Lennane.

2015-08-10

Pogues: Dirty Old Town/ Seanbhaile Bréan


Seanbhaile Bréan


Cois balla bhí an spéirbhean án
Brionglóidí is an tseanchanáil
Phógas bé cois na monarchan
Seanbhaile bréan
Seanbhaile bréan

Tá na scamaill os comhair na ré
Cait amuigh ar a gcamachuairt
Cailín tá san earrach istoích’
Seanbhaile bréan
Seanbhaile bréan

Ó na dugaí bhúir bonnán
Bhí an traein ina luisne bhuí
Tús na bliana, deatach is gaoth
Seanbhaile bréan
Seanbhaile bréan

Is táim chun tua breá géar a shnoí
Cuirfead faghairt ann le tine bhreá
Is leagfad thú mar a leagfainn crann
Seanbhaile bréan
Seanbhaile bréan

Cois balla bhí an spéirbhean án
Brionglóidí is an tseanchanáil
Phógas bé cois na monarchan
Seanbhaile bréan
Seanbhaile bréan

"Dirty Old Town"


I met my love by the gas works wall
Dreamed a dream by the old canal
Kissed a girl by the factory wall
Dirty old town
Dirty old town

Clouds a drifting across the moon
Cats a prowling on their beat
Spring's a girl in the street at night
Dirty old town
Dirty old town

Heard a siren from the docks
Saw a train set the night on fire
Smelled the spring on the smoky wind
Dirty old town
Dirty old town

I'm going to make me a good sharp axe
Shining steel tempered in the fire
Will chop you down like an old dead tree
Dirty old town
Dirty old town

I met my love by the gas works wall
Dreamed a dream by the old canal
Kissed a girl by the factory wall
Dirty old town
Dirty old town
Dirty old town
Dirty old town