Showing posts with label ríomhleabhar. Show all posts
Showing posts with label ríomhleabhar. Show all posts

2014-06-06

Ar an Lá seo 6 Meitheamh

Ar an 6 Meitheamh, 1961, cailleadh Carl Jung.
Tá páirt aige san úrscéilín gairid liom Ríocht na Cailce. Is féidir é a íoslódáil saor in aisce anseo – ní Jung, atá i dTír na nÓg, ach an t-úrscéilín (mura bhfuil aon rud níos fearr le déanamh agat).

2014-06-03

Clann na nÉan

Úrscéilín gairid do dhéagóirí, Clann na nÉan, ar fáil anseo saor in aisce.

Bliain iomlán a chaith mé faoi thalamh. Sa séarach.
Níl teastas, dioplóma ná céim agam dá bharr. Tá rud
níos luachmhaire agam. Eochair na beatha.

2012-12-22

Guthanna Beannaithe: dhá ríomhleabhar saor in aisce

Tá Gabriel den tuairim le fada an lá gur cheart go mbeadh níos mó de litríocht an domhain ar fáil inár dteanga féin. Chomh maith leis sin, is dóigh leis gur cheart go mbeadh go leor den ábhar sin ar fáil saor in aisce!
Na focail seo thíos le Crowfoot (mar a thugtar air sa Bhéarla), cuir i gcás. Ba cheart go mbeadh teacht againn go léir ar a leithéid:

Fís Dheireanach
Splanc lampróige san oíche í an bheatha
Anáil an bhuabhaill sa gheimhreadh
Scáth beag a ritheann tríd an bhféar
Is é ag dul ar neamhní le fuineadh gréine

Tá dhá PDF leis seo, Guthanna Beannaithe an Domhain, le híoslódáil saor in aisce. Cuirfear ábhar eile ar fáil amach anseo.

 

2012-11-16

Petar Tchouhov: Bioráin Dhúnta

Daoine a bhfuil spéis acu i ndomhan mór an haiku idirnáisiúnta beidh trácht cloiste acu ar an mBulgárach, Petar Tchouhov. Is rac-cheoltóir é chomh maith. Níor bhuaileas riamh le héinne a dúirt liom nach dtaitníonn haiku Tchouhov leo mar sin bheartaíos go mba chóir dom cnuasach dátheangach dá shaothar a chur amach, i nGaeilge agus i mBulgáiris. Bhí sé féin an-sásta leis an bplean agus ligeas dó an clúdach a roghnú. Má thaitníonn na samplaí leat, ceannaigh an leabhar mar bhronntanas Nollag do Bhulgárach éigin!
нощна буря
мисля за куклите
на тавана

stoirm oíche
is mé ag smaoineamh
ar na bábóga san áiléar
свирка на влак
луната в локвата
се накъдря

fead na traenach
an ghealach sa lochán
ag cuilitheáil
детска играчка
до надгробния камък
есенен здрач

bréagán tréigthe
taobh leis an leac thuama
clapsholas fómhair
студена сутрин
две улични котки
в кучешката колибка

maidin fhuar
dhá chat strae
sa chonchró
задушница
отварям черния чадър
на баща ми

Lá Fhéile na Marbh
osclaím scáth fearthainne dubh
m’athar





Biorán Dhúnta
Petar Tchouhov
Aistrithe ag Gabriel Rosenstock
ISBN-13: 9781908817396
Original Writing

2012-11-05

Taoi Ionam/ You are in me

Brightest of beings
In sun-surprised February
Flower out of season
You illuminate the night
A falling star
Shower after shower
My sky is empty now
You are in me
           A bhé luisneach
A ghrian gan choinne i mí Feabhra
A bhth roimh am
Soilsíonn Tú an oíche
Titeann Tú Id réalta reatha
Sprais i ndiaidh spraise
Is tá mo spéirse anois lom
Taoi ionam

As/From:
Bliain an Bhandé
Year of the Goddess
Gabriel Rosenstock
ISBN 9781904556663
Dedalus 2007

Ríomhleabhar:eBook ó Original Writing

Munir Niazi: Gaotha ar Fán

Macalla

I bhfad ón domhan seo,
i bhfad ón bhfiabhras is ón gcallán,
tá croí ar fán
dála éagaoin na gaoithe.

I bhfad ón mbruach
an chéad liú cráite
ina chuilithín báite.
Macalla aonair ar fán

Baazgasht
Oíche Dhearóil

Os cionn na heoclaipe
I bhforaois fhairsing na réaltaí creathacha
Gabhann an ghealach ar fán léi féin go huaigneach.

Gustaí gaoithe ag monabhar
Is iad i ngleic le géaga fuara na heoclaipe.

Faoi bhun an chrainn,
Duilleoga feoite ar snámh san aer

Shab-i-Viran
Gaotha Ar Fán
Munir Niazi
Gabriel Rosenstock a chuir Gaeilge air.
Coiscéim 2006

rLeabhar (méadaithe) foilsithe i 2012 ag Original Writing.

2012-11-04

Bliain an Bhandé: Nóta

Ní chuimhnítear ar na bandéithe a thug a n-ainm naofa  d’Éirinn—Éire, Banba, Fódla—gan trácht ar na bandéithe eile a d’fhág a rian ar an tírdhreach, Danu agus an Dá Chích abair.
Bhakti a thugtar ar an bhfilíocht dheabhóideach san India, Mirabai ag glaoch ar a leannán diaga, Giridhar (Krishna), nó Muktabai a chanann as a drithliú féin. I ndeireadh na dála níl sa dia ná sa bhandia atá á adhradh ag an mbhakta ach an duine féin—breith ar ghile na gile síoraí is anam an uile dhuine againn.
Tá focail áirithe sa seicheamh dánta seo ‘scáthaithe’ agam chun léamh eile a dhéanamh ar líne, nó macalla éigin a chur inti, an mantra om, abair—cluiche a thaitníodh leis na Ceiltigh fadó.

One does not often think of the tripartite goddess who gave her blessed name to Ireland—Éire, Banba, Fódla—not to mention other goddesses who have left their trace on the landscape, Danu of the Paps of Danu for instance.
Devotional poetry in India goes by the name of bhakti. In the heel of the hunt, a bhakta does not really adore or pine for any god or goddess; as with Mirabai’s love affair with Giridhar (Krishna), or
Muktabai singing her own glistening Self; what is sought and what is praised is the brightness of eternal brightness, our shared Self, knowing neither birth nor death.
Some words in this poem sequence are ‘shaded’ to allow for another reading of a line, or a faint echo, a game much cherished by the Celtic poets of yore. Thus, the reader sees the word as the world
when written as world and encounters bhakti invocations such as ma (mother) hidden in the word mad!


As/From:
Bliain an Bhandé
Year of the Goddess
Gabriel Rosenstock
ISBN 9781904556663
Dedalus 2007

Ríomhleabhar:eBook ó Original Writing