“Patriotism, sir, is the last resort of scoundrels,”
arsa an Dr. Johnson. An frith-thírghráthóir is mó lenár linn féin, Leo Tolstoy, shainmhínigh seisean an tírghrá mar phrionsabal a sheasann le traenáil dúnmharfóirí ar scála mór; ceird a éilíonn trealamh níos fearr chun daoine a mharú ná chun riachtanais na beatha a dhéanamh, bróga cuir i gcás, éadach, agus tithe, ceird a gheallann brabús agus glóir níos mó ná mar a thuillfeadh gnáth-fhear oibre go deo.
Más ar thóir na fírinne dáiríre atá tú is gá duit ar a laghad uair amháin i do shaol, chomh fada agus is féidir, amhras a chur i ngach aon ní. Veritatem inquirenti, semel in vita de omnibus, quantum fieri potest, esse dubitandum
-René Descartes, fealsamh agus matamaiticeoir (31 Márta 1596-1650)
Ní dócha go mbeadh fonn ar mhic léinn a bhfuil fiacha troma orthu de
dheasca táillí ollscoile, ní dócha go smaoineoidís ar an tsochaí a
athrú. Nuair atá daoine gafa i gcóras fiach, níl am acu smaoineamh.
San Oirthear, caitear filí isteach i bpríosúin uaireanta - is moladh de shaghas é sin, mar cuireann sé in iúl go bhfuil rud éigin déanta ag an údar, ar nós gadaíocht a dhéanamh, éigniú nó réabhlóid. Anseo áfach, ligtear d'fhilí rud ar bith a fhoilsiú - saghas pionóis é sin dáiríre, príosún gan bhalla, gan mhacalla, gan bheatha inmhothaithe - ríocht scáthach an chló, nó na smaointeoireachta teibí - domhan gan phriacail, gan eros.
Ceann de na cumainn rúnda is tábhachtaí san fhichiú haois tugtar an Round Table air. Tá sé bunaithe sa Bhreatain agus brainsí aige ar fud na cruinne. I ndeireadh na dála is é an Round Table a bheartaíonn líonra an Ghrúpa Bilderberg, An Chomhairle um Ghnóthaí Eachtracha, an Coimisiún Tríthaobhach agus an Institiúid Ríoga um Ghnóthaí Idirnáisiúnta.
Feiceann an máistir a bhfuil lastall den domhan follasach. Feiceann sé an ní dofheicthe, braitheann an ní dobhraite, cloiseann an ní nach gcloistear. Féachann sé laistíos den dromchla agus lorgaíonn an rud atá ceilte agus tagann sa tslí sin ar mhórbhuille chroí na Cruinne. Gáireann sé, mar tá a fhios aige gurb é buille a chroí féin é, buille do chroíse, buille chroí an uile dhuine.
Ag éisteacht le ceol traidisiúnta na Sicile atáim le cúpla lá anuas, go háirithe leis na hamhránaithe.Cuireann siad a gcroí ar fad sna hamhráin. Is beag a cheileann siad. Labhrann siad amach go dána. Tá rud éigin folláin ag baint leis sin, dar liom. Agus macánta. Tugann siad linn sinn ar a n-aistir áthais is bhróin.
Braithim go bhfuil go leor le foghlaim uathu ag scríbhneoirí ár linne. Scríbhneoirí na linne seo caithfidh siad a bheith indíreach - agus iar-nua-aoiseach. Ní den phobal a thuilleadh iad agus tá an pobal tar éis iad a thréigean. Ní thugann siad linn sinn mar nach ar aistear ceart atá siad sa chéad ait. Cá raghfá ina dteannta? Ní treoraithe iad - ar strae atá siad féin.
Ar ndóigh, chantaí an fhilíocht fadó. An bhrí atá le 'liric' ná dán a chanfá le tionlacan ar an lir.
Pictiúr de chuid Henry Martin é seo, bean agus lir aici:
Má tá easpa ceoil ag baint leis an gcuid is mó den nuafhilíocht chomhaimseartha, is comhartha é sin go bhfuil comhfhios na bhfilí gan a bheith i dtiúin le ceol na sféar, le gnéithe spioradálta síoraí na beatha. Aigne an linbh, mar a dúirt an Ríordánach. Leanaí! Sea. Is leo ríocht neimhe. Ach caithfidh gach éinne a bheith fásta suas inniu, agus sofaisticiúil.
Éistim le hamhránaithe na Sicile agus deirim liom féin go bhfuil rud éigin acu atá caillte ag na filí, rud éigin barbartha, saonta, primitíbheach, ar shlí, eochair rúnda éigin a osclaíonn ... n'fheadar, eochair an ruda atá doráite! Mar a deir L. Kramer sa leabhar Music and Poetry: The Nineteenth Century and After (1984) is sa dán mar amhrán a thagaimid cóngarach do na mistéirí arda:
'through song, usually the song of a disincarnate voice or of a figure touched by divinity, language is represented as broaching the ineffable...'
Buail le d'Fhéin féin. Bí leat Féin, éist leis, géill dó, taisc é, tabhair do d'uídh is do d'aire i gcónaí é. Níl aon treoir eile uait. Fad is atá dúil san fhírinne ag dul i bhfeidhm ar do shaol laethúil, ní baol duit. Mair gan éinne a ghortú.
Sri Nisargadatta Maharaj
(Is féidir an clasaiceach spioradálta I AM THAT a léamh anseo):
Bhí arán agus leintilí á n-ithe chun suipéir ag an bhfealsamh Diogeinéas. Thug fealsamh eile Aristippas faoi deara é, fear a chuimlíodh mil leis an rí agus a bhí go maith as dá réir. Arsa Aristippas leis: 'Dá bhfoghlaimeofá conas a bheith géilliúil don rí, níor ghá dhuit brath ar leintilí.' Arsa Diogeinéas ar ais leis: 'Foghlaim conas brath ar leintilí agus ní bheidh ort a bheith géilliúil don rí.'