Showing posts with label van morrison. Show all posts
Showing posts with label van morrison. Show all posts

2014-08-31

Ar an lá seo 31 Lúnasa

Ar an lá seo 31 Lúnasa, 1945, rugadh Van Morrison

Sa Ghairdín


Bíonn na sráideanna fliuch de shíor:
Tar éis chith shamhraidh nuair a chonac id sheasamh thú
Sa ghairdín sea, sa ghairdín sea, fliuch de shíor

Chuimil tú deora ded shúil is tú gruama
Is d’fhéachamar ar pheitil ina luí
Agus i mo shuí in aice leat bhí
Buairt go trom an lá sin sa ghairdín

Agus ansin tháinig tú chugainn
Is ba dhuine thú lán de ríméad
Is bhí d’anam a’d mar rún
Agus d’oscail tú ansin is tú ar ais sa ghairdín

Bhí seanleoithne ar do chuntanós
Bhí solas Dé le feiceáil ar do ghrua gheal go glé
Is ba gheall le sailchuach a bhí ionat
I do shuí le d’athair is do mháthair, sea sa ghairdín.

Is bhí leoithne an tsamhraidh ar d’aghaidh
Istigh sa tsailchuach taisctear na briathra gréine
Is bhíos ar ballchrith ó mo mhuineál síos go droim
Do m’adhaint i lár an lae ghil is an dúlra sa ghairdín

Agus bhí tú sna flaithis
An aisling leanbaí ’bhí chomh mín
Is chualamar na cloig sa teampall
Ó, a ansacht
Is bhí an óige inár láthair
Samhradh síoraí a bhí sa ghairdín.

Agus chuimil sé led ghrua
Is luisnigh tú san athbhreith agus chuimil mé do ghrua
Is bhraitheamar ’inár láthair an Críost
Agus d’iompaíos chugat is ar mé:
“Gan ghúrú, gan mhodh is gan oide,
Tusa, mise, an dúlra
Agus an t-athair sa ghairdín.”

Gan ghúrú, gan mhodh is gan oide
Tusa, mise, an dúlra
Is an tAthair is an
Mac agus an Naomhspiorad
Sa ghairdín sea, fliuch de shíor

Gan ghúrú, gan mhodh is gan oide
Tusa, mise, an dúlra agus an Naomhspiorad
Sea sa ghairdín, sea sa ghairdín, fliuch de shíor
Gan ghúrú, gan mhodh is gan oide
Tusa, mise, an dúlra
Agus an tAthair sa ghairdín.

2014-08-12

Ar an lá seo 12 Lúnasa

Ar an lá seo 12 Lúnasa, 1827, cailleadh William Blake

LIG DON DAOR …

Lig don daor, ’s é ag meilt go mín, rith amach sa pháirc ghlas
Lig dó féachaint suas sna flaithis, le gáire, sa ghile
Lig don anam bocht, faoi ghlas sa dorchadas go faon
Aghaidh nár las le gáire le breis is tríocha éigin bliain
Féachaint amach; níl slabhraí air; tá an doras ar leathadh;
Is lig dá bhean is páistí teacht abhaile ón súiste géar
Féachann siad siar ar gach coiscéim, is dóigh leo gur brionglóid é
Á rá: d’fhág an ghrian an doircheacht agus d’aimsigh an mhaidin úr
Agus is geal leis an ngealaigh an oíche spéirghealaí
Tá an impireacht ar lár – an Mac Tíre is an Leon ar ball.
Is beannaithe an uile ní beo
Is beannaithe an uile ní beo
Is beannaithe an uile ní beo
Is beannaithe an uile ní beo

Cén praghas atá ar chiall cheannaithe? An gceannófá í mar rann?
Nó an ghaois le haghaidh rince ar shráid?
Ní hea, ceannaítear an chiall
Le gach a bhfuil aige, a theach, a bhean, a mhuirear
Díoltar an ghaois sa mhargadh dearóil sin gan ceannaitheoir ann
Agus sa pháirc dhreoite áit a dtreabhann an feirmeoir go duairc:
Is fuirist an bua a fháil is an dea-shíon mar ba mhian leat
Istigh sa bhfíonghort is canadh os ard ar vaigín lán d’arbhar
Is fuirist ‘foighne’ a rá leis an té atá i gcruachás
Is fuirist ‘stuaim’ a rá leis an bhfánaí atá gan dídean
Éisteacht leis an bhfiach dubh agus ocras air sa gheimhreadh bán
An fhuil is í lán d’fhíontaibh is de smúsach na n-uan
Is fuirist gáire a dhéanamh in aghaidh na gaoithe géire
Éisteacht le tafann an mhadra sa bhfuacht, ong an daimh istigh sa seamlas;
Dia éigin i ngach leoithne agus beannacht i ngach cuaifeach
Siosarnach an ghrá sa stoirm thoirní, an stoirm a leagfadh tigh ár naimhde;
Gairdeas a dhéanamh faoin dubh ar a ghort san
Is an galar a mharaíonn a leanaí

An ológ, an fhíniúin go meidhreach sa tairseach
Torthaí is blátha ag ár leanaí

Dearúdtar ansin an osna is an dobrón
An daor is é ag meilt go mín
Is an cime faoi ghlas is an bochtán sa charcair

Is an saighdiúir ar an má
An chnámh leonta a d’fhág ag osnaíl é i measc na marbh suairc.
Is fuirist gairdeas a dhéanamh i bpubaill gheala an rachmais;
Chanfainnse amhlaidh gan amhras: sea, ní suairc domsa áfach.


2013-08-21

Van Morrison: Súile an Mháistir

Nuair a scal ga, ga ón Máistir
Nuair a scal ga, ga ón Máistir
Nuair a scal ga ó shúile an Mháistir.

Nó mar a scal fíor, fíor ón Máistir
Mar a scal fíor, fíor ón Máistir
Mar a scal fíor ó shúile an Mháistir.

Cén fáth nár fágadh sinn sa samhradh agus sinn ar fán
Cén fáth nár fágadh sinn sa samhradh, gan ann ach samhradh amháin.

Agus freagraíodh mo cheisteanna
Nuair a scal  ga, ga ón Máistir
Nuair a scal ga, ó shúile an Mháistir.

Ó shúile an Mháistir. Ó, nuair a scal ga ...              [etc]

2013-08-20

Van Morrison: The Slave/An Daor

Lig don daor, ‘s é ag meilt go mín, rith amach sa pháirc ghlas
Lig dó féachaint suas sna flaithis, le gáire, sa ghile
Lig don anam bocht, faoi ghlas sa dorchadas go faon
Aghaidh nár las le gáire le breis is tríocha éigin bliain
Féachaint amach; níl slabhraí air; tá an doras ar leathadh;
Is lig dá bhean is páistí teacht abhaile ón súiste géar
Féachann siad siar ar gach coiscéim, is dóigh leo gur brionglóid é
Á rá: d’fhág an ghrian an doircheacht agus d’aimsigh an mhaidin úr
Agus is geal leis an ngealaigh an oíche spéirghealaí
Tá an impireacht ar lár –  an Mac Tíre is an Leon ar ball.

Is beannaithe an uile ní beo
Is beannaithe an uile ní beo
Is beannaithe an uile ní  beo
Is beannaithe an uile ní beo

Cén praghas atá ar chiall cheannaithe? An gceannófá í mar rann?
Nó an ghaois le haghaidh rince ar shráid?
Ní hea, ceannaítear an chiall
Le gach a bhfuil aige, a theach, a bhean, a mhuirear
Díoltar an ghaois sa mhargadh dearóil sin gan ceannaitheoir ann
Agus sa pháirc dhreoite áit a dtreabhann an feirmeoir go duairc:
Is fuirist an bua a fháil is an dea-shíon mar ba mhian leat
Istigh sa bhfíonghort is canadh os ard ar vaigín lán d’arbhar
Is fuirist ‘foighne’ a rá leis an té atá i gcruachás
Is fuirist ‘stuaim’ a rá leis an bhfánaí atá gan dídean
Éisteacht leis an bhfiach dubh agus ocras air sa gheimhreadh bán
An fhuil is í lán d’fhíontaibh is de smúsach na n-uan
Is fuirist gáire a dhéanamh in aghaidh na gaoithe géire
Éisteacht le tafann an mhadra sa bhfuacht, ong an daimh istigh sa seamlas;
Dia éigin i ngach leoithne agus beannacht i ngach cuaifeach
Siosarnach an ghrá sa stoirm thoirní, an stoirm a leagfadh tigh ár naimhde;
Gairdeas a dhéanamh faoin dubh ar a ghort san
Is an galar a mharaíonn a leanaí

An ológ, an fhíniúin go meidhreach sa tairseach
Torthaí is blátha ag ár leanaí

Dearúdtar ansin an osna is an dobrón
An daor is é ag meilt go mín
Is an cime faoi ghlas is an bochtán sa charcair

Is an saighdiúir ar an má
An chnámh leonta a d’fhág ag osnaíl é i measc na marbh suairc.
Is fuirist gairdeas a dhéanamh i bpubaill gheala an rachmais;
Chanfainnse amhlaidh gan amhras: sea, ní suairc domsa áfach.

2013-07-05

Van Morrison: Mil na mBeach


Mil na mBeach

Tóg a bhfuil acu de thae sa tSín
Cuir isteach é i mála páipéir
Seol ansin thar na farraigí
Caith isteach ansin é san aigéan
Ó is milse í ná mil na mbeach
Mil órga na mbeach bhfiain
Ó is milse í ná mil na mbeach
Ó is aingeal í, dar fia.

Níl aon stop linn ar bhóthar na saoirse
Níl aon bhac orainn ná ar ár bhfís
Tá na saoithe ar an mbóthar
Cead an bhealaigh ag na ridirí
Ó is milse í ná mil na mbeach
Mil órga na mbeach bhfiain
Ó is milse í ná mil na mbeach
Ó is aingeal í, dar fia.

Níl aon stop linn ar bhóthar na saoirse
Níl aon bhac orainn ná ar ár bhfís
Tá na saoithe ar an mbóthar
Tá cead an bhealaigh ag na ridirí
Ó is milse í ná mil na mbeach
Mil órga na mbeach bhfiain
Ó is milse í ná mil na mbeach
Ó is aingeal í, dar fia.

Is tá sí thar barr
Tá sí thar barr dar fia
Thar barr, yé, tá’s agat is aingeal í.

Tóg a bhfuil acu de thae sa tSín
Cuir isteach é i mála páipéir
Seol ansin thar na farraigí
Caith isteach ansin é i gceartlár an aigéin
Mar sea is milse í ná mil na mbeach
Mil órga na mbeach bhfiain
Ó is milse í ná mil na mbeach
Ó is aingeal í, dar fia.

Ó is milse í ná mil na mbeach
Mil órga na mbeach bhfiain
Ó is milse í ná mil na mbeach
Ó is aingeal í, aingeal, dar fia.

Sí mo bháb dheas í, tá sí thar barr …
Van Morrison: Tupelo Honey

2013-07-04

Van Morrison: Ré-Dhamhsa


Ré-Dhamhsa

Bhuel, saroíche do ré-dhamhsa, a stóirín,
Is na réaltaí in airde id shúil’,
Oíche ana oiriúnach do phóigín
Agus neartaíonn na spéartha mo dhúil.
Féach ag titim na duilleoga órga
Is na leoithní ag séideadh go sámh
Is mé ag éisteacht led chroí istigh leoga
Ceol aoibhinn a chorraíonn mé, a bháb
Is draíocht seo na hoíche ag labhairt linn faoi rún
Is solas na gealaí ar do ghrua ag lonrú.


Ré-dhamhsa amháin eile, leatsa, a stóirín-ó
Ré-dhamhsa amháin eile leatsa, a stoirín-ó

Bhuel, beidh an bheirt againn le chéile anocht
Ag suirí leatsa go breacadh lae
Tá mo ghrá sa go daingean go docht
Is tú mo chreideamh agus mo chré
Is le do theacht beidh mo chroí ag feitheamh
Is leat féin ní bheidh tusa go deo
Is tú m’aisling is is tú mo chinniúint
Beidh tú liom fad atá mise beo

Nuair a leagaimse méar ort bíonn gach cuid díot ar crith
Agus tá mise uaitse seachas neach ar bith

[Cúrfá]

[Céad Véarsa arís]

Ré-Dhamhsa eile leatsa faoin ngealaigh
Oíche lán de dhraíocht
Lá la lá ó faoin ngealaigh
Oíche lán de dhraíocht
Damhsa amháin eile leatsa, a stóirín …

Van Morrison: Moondance

2013-07-03

Van Morrison: Ar Aistear Imram


Ar Aistear Imram

Roimh an ghaoth a saolaíodh sinn
Sea, níos óige ná an ghrian
Sular sheol an bád ar toinn agus sinn ar aistear imram.
Éist, na loingseoirí ag éamh,
Goirt an mhuir is gorm an spéir
Lig do d’anam dul i gcéin ar aistear imram

Is séid, a bhonnáin cheo, is fillfead ar an ród,
Is séid, a bhonnáin cheo, is séid im chluasa
Ní bheidh mise buartha

Racálfaidh mé d’anam, a ghiofóg
Mar a dheineamarna beirt fadó
Is go hollásach beimid ar snámh ar aistear imram.

Is séid is séid, a bhonnáin cheo, is fillfead ar an ród
Is séid is séid, a bhonnáin cheo, is séid im chluasa
Ní bheidh mise buartha

Racálfaidh mé d’anam, a ghiofóg
Mar a dheineamarna beirt fadó
Le chéile is sinn ar snámh ar aistear imram
Seo, a stór

Ní tráth moille é…
Van Morrison: Into the Mystic

2013-07-02

Van Morrison: I mo chónaí ar an tairseach



I mo chónaí ar an tairseach 

I mo chónaí ar an tairseach
I mo sheasamh os do chomhair
Is tá gach aon ní an-dorcha
Is ní fhanfaidh mé níos mó.

Agus bhí mo shaol gan aisling
Duine eile mé i gcéin
Ní mór tochailt tríd an íomhá
Is aithne a chur orm féin.

I mo chónaí ar an tairseach
I mo sheasamh os do chomhair
Is tá gach aon ní an-dorcha
Is ní fhanfaidh mé níos mó.

Braith an t-aingeal ‘tá id láthair
Insan lasair-chriostal geal
Ardaigh mé is scrios an scáil
Lig dom bheith in airde seal.

I mo chónaí ar an tairseach
Is na breo-chairn ar gach taobh
Lig dom dul síos ’dtí an t-uisce
Is na seachmaill ’dul fé.

I mo chónaí ar an tairseach
I mo sheasamh os do chomhair
Is tá gach aon ní an-dorcha
Is ní fhanfaidh mé níos mó.

Táim chun éisteacht leis an siansa ar
A dtugtar ceol na sféar
Ardaigh mé is scrios an scáil
Is an oíche lonrach géar.

Agus siúlfad as an duifean
Agus beidh an solas ann
Agus canfad laoi na laoithe
Agus beidh an oíche fann


I mo chónaí ar an tairseach
I mo sheasamh os do chomhair
Is tá gach aon ní an-dorcha
Is ní fhanfaidh mé níos mó.

I mo chónaí ar an tairseach
Is na breo-chairn ar gach taobh
Lig dom dul síos ’dtí an t-uisce
Is na seachmaill ’dul fé.

I mo chónaí ar an tairseach
I mo sheasamh os do chomhair
Is tá gach aon ní an-dorcha
Is ní fhanfaidh mé níos mó.

I mo chónaí ar an tairseach
’Chónaí ar an tairseach
I mo chónaí ar an tairseach
I mo chónaí ar an tairseach

Van Morrison, Dweller on the Threshold

2013-07-01

Van Morrison: taobh na gréin’ den ród


Ó thaobh dorcha na sráid’
Go dtí taobh na gréin’ den ród
Inar leannáin dúinn arís ach bheith
Taobh na gréin’ den ród.


Is, a thaisce gabh i leith
Agus iompair cuid dem bhrón
Ó thaobh dorcha na sráid’
Go dtí taobh na gréin’ den ród.

Tugtar an bheatha dúinn
Is ní heol dúinn, a stór, cén fáth,
Is imíonn an t-am ar eite
Is imíonn an saol mar lá.

An gcabhrófá le m’amhrán
Bainimis sult as mar is cóir
Ó thaobh dorcha na sráid’
Go dtí taobh na gréin’ den ród.


Ó thaobh dorcha na sráid’
Go dtí taobh na gréin’ den ród
Inár leannáin dúinn arís
Is sinn taobh na gréin’ den ród.

Inár leannáin dúinn arís is sinn taobh na gréin’ den ród.
Van Morrison, Bright Side of the Road

2013-06-30

Van Morrison agus Aigne an Tosaitheora

Is trua nach bhfuil níos mó amhrán nua againn i nGaeilge. Dá mbeadh ionad ar leith ann ina gcanfaí amhráin nua - caife, nó tábhairne, abair - ba spreagadh éigin do chumadóirí a leithéid sin, cinnte. An rud céanna i gcás na ndrámaí. Caithfidh ionad dá gcuid féin a bheith ag lucht na drámaíochta Gaeilge (scríbhneoirí, aisteoirí, stiúrthóirí, dearthóirí etc) nó ní bheidh aon rath ar chúrsaí. Ní féidir a bheith ag brath ar an amharclann 'náisiúnta'. Lárionad mór amháin, an réiteach. Ina gcuirfí ealaíona éagsúla chun cinn, amhráin, drámaí, scannáin, seónna ilmheán, cuir i gcas, seónna idirnáisiúnta ina measc..

Idir an dá linn, an fiú leithéidí Van Morrison a aistriú go Gaeilge? Thugas faoi ar na mallaibh. Dréachtaí is ea iad. Faoin amhránaí a chanfadh iad a bheadh sé siolla breise a lorg nó siolla a fhágáil ar lár nó gutaí a bhá is focail a chiorrú is a leithéid sin.

Tagraíonn an Máistir Zen  Shunryu Suzuki d'Aigne an Tosaitheora agus nuair a thugann tú faoi dhán a chumadh nó faoi amhrán a aistriú, abair, le hAigne an Tosaitheora, bíonn gach aon ní nua.

Inné, bhíos in aghaidh an Anglasféir. Baineann Van Morrison leis an Anglasféar, Béal Feirsteach agus canúint Mheiriceánach aige ina chuid amhrán. Ach inniu, agus mé á aistriú le hAigne an Tosaitheora, níl an claonadh sin nó an chlaontacht sin i m'aigne a thuilleadh. Níl an tAnglasféar ann a thuilleadh.

Níl ann ach an Folús. San Fholús sin tá saoirse agam chun mo rogha rud a aistriú. Níl dubh is bán ann a thuilleadh. San aigne amháin atá an tAnglasféar.

Is cinnte go dtiocfaidh an tAnglasféar ar ais agus go mbeidh mé ag labhairt amach ina choinne, fiú ag troid ina choinne, ach inniu agus Cyprus Avenue, Into the Mystic agus na hamhráin eile de chuid Van á n-aistriú agam, Aigne an Tosaitheora atá i mbun na hoibre, aigne atá saor ó thruailliú an Anglasféir is ó gach sféar eile (más féidir a leithéid a shamhlú!).   

CYPRUS AVENUE


Táim gafa uair eile
Thuas ar Cyprus Avenue
Táim gafa uair eile
Thuas ar Cyprus Avenue
Táimse cloíte i suíochán cairr
Táimse sáite anseo inniu
Raghad as mo mheabhair
Os comhair an árais ar an gcnoc
Raghad as mo mheabhair
Os comhair an árais ar an gcnoc
Ach is ag rásaíocht ’tá mo chroí
Níl mo chosa in ann stop.
Is tá deilín ag na girseacha
’Teacht ón scoil dóibh san iarnóin
Is tá deilín ag na girseacha
’Teacht ón scoil dóibh san iarnóin
Is na duilleoga ag titim síos
Amadán is ea an fómhar.
Seasann focail i mo bhéal
Gach aon uair is mian liom rud a rá
Balbh, a ghrá,
Nuair is mian liom rud a rá,
Is bím ar crith istigh mar dhuilleog ghlas ar chrann
Is siúlóidh mé cois abhann le fíon silíní, fíon silíní
Ag gabháil thar an stáisiún is na tiománaithe ag caoineadh
Is fanacht tamall, nochtann chugam mo spéirbhean
Féach na ribíní ina gruaig
Nochtar chugam mo spéirbhean
Sé each bhána is carráiste
’S í ag teacht ón aonach chugainn
A théagair, a théagair
Mar táim gafa uair eile
Thuas ar Cypress Avenue
Mar táim gafa uair eile
Thuas ar Cypress Avenue
Is táim cloíte i suíochán cairr
Táim ag féachaint i do shúil’
Thuas ansin, thuas ansin, thuas ansin …
Thuas ar ascaill na gcrann
Lean ort ag siúl
Sa ghaoth is faoin mbáisteach, a stór.
Lean tú ort ag siúl is an ghrian i measc na gcrann
Níl éinne, éinne a thiocfaidh idir mise is tusa, a théagair
Óg is fiáin, ceithre bliana déag
A théagair, a théagair
Ú-íí!