Agus aird
an domhain arís ar an gCóiré, féachaimis ar roinnt dánta le Máistrí Soen (Zen)
a scríobadh in aimsir síochána agus in aimsir chogaidh.
Dúiseacht
le Wongam (1226-1292), Teagascóir
Náisiúnta na Cóiré
Is lom iad
géaga an fhómhair
agus is lag é taitneamh na gréine
Is ciúin
iad na sléibhte
agus iad cumhdaithe le sioc geal
Tá an doras
dúnta, mé i mo shuí,
i mo chodladh is mé ag taibhreamh
Is dúisím
de phreib
ar chloisint na bpréachán dom sa choill
Dílleachta
le Cheongheodang (1520- 1604)
Tá do mháthair
imithe, a phréacháin bhig
Is coscrach
í do ghrágaíl ghoil
Cad is
féidir a rá le héan?
Smaoineamh
is ea é sin a rith liom inniu
Crann sa Chlós
le Cheongheodang
Fuaim na
báistí istoíche ar an sliabh
músclaítear
an fánaí as a thaibhreamh
osclaíonn
sé an fhuinneog is feiceann an crann sa chlós
míle
duilleog is aon fhuaim amháin an fhómhair
Ceoltóir
le Cheongheodang
Tháinig tú
an tráthnóna earraigh seo
chun an liúit
a sheinm dom.
Éanlaith ag
canadh san áit ina dtiteann na bláthanna.
Bun os
cionn, scáil an tsléibhe san abhainn.
Cuairt ar an Seanfhód
le Cheongheodang
Cailleadh mo
thuismitheoirí agus mé an-óg agus d’fhágas an baile agus mé deich mbliana
d’aois. In aois a cúig bliana is tríocha dom, d’fhilleas ar an sráidbhaile is
ní raibh comharsa ar bith le feiceáil, theas ná thuaidh. Bhí an talamh treafa,
an crann maoildeirge agus an eorna is iad ag luascadh sa ghaoth anoir. Bhuail
cumha mé agus scríobhas an véarsa seo ar bhalla fothraigh. D’fhanas oíche
amháin ann agus d’fhilleas ansin ar an sliabh
Seo ar ais
mé, sa bhaile, tar éis tríocha bliain.
Tá daoine
imithe ar shlí na fírinne, tithe ina bhfothraigh, an sráidbhaile bánaithe.
Na sléibhte
glasa an tráthnóna earraigh seo, balbh.
An gcloisim
cuach aonair áit éigin ag glaoch?
Agus mé ag
siúl thar bráid, tá buachaillí is cailíní
ag
gliúcaíocht trí na fuinneoga páipéir,
seanóirí
agus a gcuid gruaige ar nós an ghrúis ag fiafraí cé leis mé,
deora leo
nuair a chloiseann siad an t-ainm a bhí orm san áit seo.
Agus amach
san oíche bhí an ghealach ar crochadh sa spéir mhuir-dhorcha.
Lá Lomtha mo chuid Gruaige
le Cheongheodang
Scór bliain
ó shin, buachaill a raibh lé aige leis an staidéar
chinn sé ar
rud ait a dhéanamh
nuair a
tuigeadh dó nach raibh sa chruinne go léir ach folús
agus nach
raibh sa cholainn ach seachmall
Scór bliain
ó shin is ar snámh a bhí sé i bhfarraige ghoirt an tsaoil
clú agus
maoin á santú aige.
Oíche amháin
thug sé cluas do bhriathra Zen
agus an
mhaidin dár gcionn thug a fholt dubh don lann airgid.
Ag Teacht Ón Sliabh Anuas
leis an Máistir Cheongnae (1548 -1623)
Nuair a
thugas an sliabh orm féin bhí na spruitíní ann,
Anois tá mo
shúile lán de chrainn scarlóideacha.
An t-am i
láthair agus an t-am d’imigh tharainn, roinntear an saol eatarthu.
Ná codail
dhá oíche faoin gcrann céanna
An
foláireamh a thug mo Bhúda-sa dom.
Bhíodh grús
aonair i bhfeighil na mainistreach
Seo anois
ar eite é is an gleann ar fad a fhágáil aige ina dhiaidh.
Sólás don Domhan
leis an Máistir Cheongnae
Seo chugainn
isteach fear buile
Is deir sé
go bhfuil an domhan i dtrioblóid.
Tá spiorad
an áir ar fud an tsráidbhaile,
Na goirt ag
cur thar maoil leo siúd a cailleadh den ocras.
Coimhlint
armtha ag éirí níos measa in aghaidh an lae,
Gaolta fiú
is gan atrua acu dá chéile.
Dualgais corvée níos troime in aghaidh na bliana
Scaipeadh
na mionéan ar mhná is ar pháistí.
Im Chónaí ar an Sliabh
le Heobaekdang (1593-1661)
Sléibhte,
aibhneacha, neamh is talamh, an ghealach,
Seo is
siúd: is cuma leo go léir mar gheall ar a chéile.
Tá an scéal
amuigh go bhfuil an t-earrach ann,
Caitíní
sailí scaipthe ar fud na háite.
Ar an Iargúil
le Wolbong (1624 - ?)
Is fada mé
beo i measc ceo is néalta
Luibheanna
agam á n-ithe – beagán de bhlas an domhain.
Im leaba
fhuar, is eol dom an ceobhrán tais,
Is eol dom
an clós is é sleamhain faoin gcaonach.
An ré
alpach ag taitneamh go glé ar mo bhothán.
Níl gradam
ar bith ar an iargúil
Ach ní
raibh uaim riamh ach m’ainm a cheilt.